An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Cleachtais Neamichóra Trádála.)

14 1953

AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953

AN CHEAD SCEIDEAL.

An Coimisiún Cóir-Thrádála.

Alt 2.

Comhdhéanamh.

1.—(1) Is iad buan-chomhaltaí a bheas ar an gCoimisiún cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile ar a laghad agus ceathrar comhaltaí eile ar a mhéid. Is é an tAire a cheapfas iad.

(2) Aon uair a chífear don Aire go bhfuil buan-chomhalta éagumasach go sealadach ar a dhualgais a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire comhalta sealadach a cheapadh chun gníomhú ina ionad ar feadh an éagumais sin nó ar feadh pé tréimhse is giorra ná sin is cuí leis an Aire.

(3) Féadfaidh an tAire comhaltaí sealadacha breise a cheapadh freisin.

Comhaltaí.

2.—(1) Socróidh an tAire téarma oifige buan-chomhalta nuair a bheas sé á cheapadh agus ní bheidh an téarma sin níos sia ná cúig bliana.

(2) Féadfar buan-chomhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

(3) Sealbhóidh gach comhalta a oifig ar pé coinníollacha a shocrós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(4) Féadfar pé luach saothair a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le comhalta.

(5) Ní bhainfidh Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le hoifig chomhalta.

Srian le duine leasmhar do ghníomhú mar chomhalta.

3.—Má bhíonn leas pearsanta ag comhalta i ní áirithe atá á phlé ag an gCoimisiún, cuirfidh sé sin in iúl don Aire agus ní ghníomhóidh sé mar chomhalta le linn an ní sin a bheith á bhreithniú mura ndéanfaidh an tAire, ar bheith dhó ar an tuairim nach bhfuil an leas atá aige ann de shaghas a chuirfeadh isteach ar chomhlíonadh neamhchlaon a dhualgas, údaras a thabhairt dó gníomhú amhlaidh.

Cur as oifig, éirí as oifig agus dícháiliú.

4.—(1) Féadfaidh an tAire comhalta a chur as oifig má éiríonn sé éagumasach de dheasca easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtach nó má chítear don Aire gur gá é a chur as oifig ar mhaithe le comhlíonadh éifeachtach eacnamúil feidhmeanna an Choimisiúin.

(2) Má chuireann an tAire comhalta as oifig leagfaidh sé faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas i scríbhinn ag lua na bhfáth a bhí aige lena chur as oifig.

(3) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig.

(4) Má thagann comhalta den Choimisiún chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(5) Aon duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(6) Beidh comhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh se de bheith, i seilbh oifige má breithnítear ina fhéimhí é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó má dhaorann cúirt dlínse inniúla chun príosúntachta nó piantseirbhíse é nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Nós imeachta.

5.—(1) Beirt bhuan-chomhalta is córam ag cruinniú den Choimisiún mura dtreoróidh an tAire a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntas ina gcomhaltas.

(3) Féadfaidh an Coimisiún a nós imeachta féin a rialú.

Cumhacht an Choimisiúin chun finnéithe a thoghairm, etc.

6.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, chun críocha a bhfeidhmeanna, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) finnéithe a thoghairm chun teacht os a gcomhair,

(b) na finnéithe a thiocfas os a gcomhair a cheistniú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo do gach comhalta finnéithe a chur faoi mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choimisiún.

(2) Beidh teideal ag finné os comhair an Choimisiúin chun na saoirsí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(3) Ní foláir toghairm a bheith sínithe ag comhalta amháin ar a laghad.

(4) Duine ar bith—

(a) a toghairmfear go cuí mar fhinné os comhair an Choimisiúin agus a mhainneos teacht i láthair, nó

(b) a bheas i láthair mar fhinné agus a dhiúltós mionn a thabhairt a cheanglós an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist d'fhreagairt a cheanglós an Coimisiún air go dlíthiúil d'fhreagairt, nó

(c) a dhéanfas aon ní eile a bheadh, dá mba chúirt bhreithiúnais ag a raibh cumhacht chimithe mar gheall ar dhísbeagadh cúirte an Coimisiún, ina dhísbeagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh an Coimisiún cion an duine sin a dheimhniú faoina lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an chúirt, tar éis pé fiosrúcháin is cuí léi a dhéanamh, an duine sin a phionósú, nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú, amhail agus dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh ar an gcúirt sin.

(5) Sa mhír seo forléireofar tagairtí don Choimisiún mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chomhalta nó do chomhaltaí a bheas ag déanamh fiosrúcháin faoi alt 7.

Fógra i dtaobh fiosrúcháin agus aighneachta ó dhaoine leasmhara.

7.—(1) Bhéarfaidh an Coimisiún go bhfoilseofar, i pé slí is oiriúnach leo, fógra go bhfuil beartaithe acu fiosrúchán a dhéanamh.

(2) Féadfaidh duine ar bith aighneacht a chur faoi bhráid an Choimisiúin, sa tslí a hordófar lena rialacha, maidir le hábhar fiosrúcháin.

Aitribh d'iniúchadh agus eolas d'fháil.

8.—(1) Sa mhír seo, ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a bheas údaraithe i scríbhinn ag an gCoimisiún chun críocha na míre seo.

(2) Ineosfar in údarás oifigigh údaraithe na nithe a bhféadfaidh sé gníomhú ina leith faoin mír seo.

(3) D'fhonn an t-eolas d'fháil is gá chun an tAire nó an Coimisiún d'fheidhmiú aon fheidhme faoin Acht seo, údaraítear leis seo d'oifigeach údaraithe, ar é do thaispeáint a údaráis, má hiarrtar sin ar—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina bhfuil aon ghníomhacht ar siúl i ndáil le gnó soláthair nó imdhála earraí nó i ndáil le heagrú daoine, nó le cúnamh a thabhairt do dhaoine, atá ag gabháil d'aon ghnó den tsórt sin agus an t-áitreabh d'iniúchadh;

(b) a cheangal ar an duine a bhfuil an ghníomhacht sin ar siúl aige, agus ar aon duine atá fostaithe i ndáil léi, aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineas leis an ngníomhacht sin agus atá ar chumas nó faoi urláimh an duine sin a thabairt ar aird don oifigeach agus pé eolas a thabhairt dó a theastós uaidh do réir réasúin i dtaobh aon nithe a taifeadadh sna leabhair, sna doiciméid agus sna taifid sin;

(c) na leabhair, na doiciméid agus na taifid sin d'iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógaint astu;

(d) a cheangal ar dhuine den tsórt sin aon eolas a thabhairt don oifigeach a theastós uaidh maidir leis na daoine a bhfuil an ghníomhacht sin ar siúl acu (lena n-áirítear, go sonrach, i gcás comhluchta neamhchorpraithe daoine, eolas maidir le comhaltas an chomhluchta sin agus a choiste bhainistí nó a údaráis rialuithe eile) nó atá fostaithe i ndáil leis an ngníomhacht sin;

(e) a cheangal ar dhuine den tsórt sin aon eolas a thabhairt don oifigeach a theastós do réir réasúin ón oifigeach maidir leis an ngníomhacht sin.

(4) Aon duine a bhacfas nó a choiscfeas oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta faoin alt seo, nó nach ndéanfaidh do réir ceanglais faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc le heolas rúnda a nochtadh.

9.—(1) Ní nochtfaidh duine ar bith eolas a bhí ar fáil aige de bhuaidh na gcumhacht chun eolas d'fháil a bheirtear leis an Acht seo nó trína bheith i láthair ag cruinniú den Choimisiún a comóradh go príobháideach.

(2) Ní bhaineann fo-mhír (1) den mhír seo—

(a) le scéala ó chomhalta den Choimisiún nó ó oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a dhualgas dó faoin Acht seo, ná

(b) le nochtadh eolais i dtuarascáil ón gCoimisiún nó chun críche imeacht dlíthiúla faoin Acht seo.

(3) Má sháraíonn duine ar bith an mhír seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná sé mhí nó, de roghain na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Oifigigh agus seirbhísigh.

10.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cuidiú leis an gCoimisiún i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

(2) Na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar amhlaidh, sealbhóid oifig ar pé téarmaí agus gheobhaid pé luach saothair a chinnfeas an tAire Airgeadais.

Tuarascáil bhliantúil.

11.—A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, bhéarfaidh an Coimisiún tuarascáil don Aire ar a n-imeachta i gcaitheamh na bliana agus leagfaidh an tAire an tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.