An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. An Coimisiún Cóir-Thrádála.)

14 1953

AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953

AN DARA SCEIDEAL.

Cleachtais Neamichóra Trádála.

Alt 3.

Bearta, rialacha, comhaontuithe nó gníomhartha ar bith a bhfuil éifeacht á tabhairt dóibh, nó le tabhairt dóibh, ag duine ina aonar nó i gcomhar nó faoi chomhaontú, sainráite nó intuighte, le daoine eile nó trí chomhdhlús, ollchuing, cairteal, monaplacht nó meán nó sás eile d'aon tsórt agus—

(a) a bhfuil d'éifeacht acu, nó ar dóigh é a bheith d'éifeacht acu, tórainn nó srian neamhréasúnach a chur le saoirse chóir iomaíochta, nó

(b) a chuireas srian neamhréasúnach le trádáil, nó

(c) a bhfuil d'éifeacht acu, nó ar dóigh é a bheith d'éifeacht acu, iomaitheoir trádála a chur go míchóir ó iomaíocht, nó

(d) a ardaíos go míchóir luach earraí, nó a chuireas go neamhchóir le tairbhe soláthróirí nó imdálaithe earraí, chun éadairbhe an phobail, nó

(e) a thugas faoi urlámhas, nó ar dóigh go dtabharfaidh siad faoi urlámhas, go substainteach nó go hiomlán, soláthar nó imdháil earraí nó aon aicme earraí, go neamhchóir nó contrártha do leas an phobail, nó

(f) a dhéanas, gan chúis chóir, toirmeasc nó srianadh ar sholáthar earraí d'aon duine nó d'aon aicme dhaoine nó fábhar a thabhairt maidir le soláthar earraí nó maidir le horduithe a thabhairt chun earraí a sholáthar, nó

(g) a chuireas, nó ar dóigh go gcuirfid, srian mhíchóir le feidhmiú saoirse roghan ag duine ar bith i dtaobh na n-earraí a sholáthrós nó a imdháilfeas sé nó i dtaobh an cheantair ina soláthróidh nó ina n-imdháilfidh sé a chuid earraí, nó

(h) a fhorchuireas coinníollacha míchóra nó neamh-réasúnacha maidir le soláthar nó imdháil earraí, nó

(i) a choinníos, nó ar dóigh go gcoinneoid, gan chúis mhaith, daoine ó ghabháil le haon trádáil nó tionscal, nó

(j) a dhéanas, nó ar dóigh go ndéanfaid, go míchóir, margaí a roinnt do réir cheantar idir daoine áirithe nó aicmí áirithe daoine agus daoine eile d'eisiamh, nó

(k) atá, in aon tslí eile, in aghaidh leasa an phobail nó ar neamhréir le buntreora an cheartais chomhdhaonnaigh.