|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Foireann an Bhoird.) | Ar Aghaidh (CUID VII. An Great Northern Railway Company (Ireland) d'Fhorceannadh.) |
ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1953
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VI. Feidhm Achtachán. | |
| [EN] |
Seasamh an Bhoird mar chuideachta iarnróid. |
42. —Beidh ag an mBord, chun críche aon achtacháin, an seasamh céanna a bhí ag an gCuideachta roimh an dáta bunuithe mar chuideachta iarnróid. |
| [EN] |
Feidhm na n Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 agus 1933. |
43. —(1) Chun críocha alt 28 agus 30 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , measfar gur cuideachta lena mbaineann Cuid III den Acht sin an Bord. |
| [EN] | (2) Measfar, chun críocha an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), gur cuideachta údaraithe chun marsantas d'iompar agus cuideachta údaraithe chun paisnéirí d'iompar an Bord. | |
| [EN] |
Modhnú ar an Public Authorities Protection Act, 1893. |
44. —Bainfidh an Public Authorities Protection Act, 1893, leis an mBord faoi réir na modhnuithe go gcuirfear tagairt do dhá mhí dhéag in ionad aon tagairtí do shé mhí i mír (a) d'alt 1 de agus nach mbeidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) den alt sin (a dhéanas foráil speisialta maidir le costais). |
| [EN] |
Gan feidhm a bheith ag achtacháin áirithe maidir leis an mBord. |
45. —Ní bheidh feidhm maidir leis an mBord ag na hachtacháin a luaitear sa Chúigiú Sceideal. |