An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1953) Ar Aghaidh (CUID II. Mál.)

21 1953

AN tACHT AIRGEADAIS, 1953

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1953-54.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forchám don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1953, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar alt 32 den Income Tax Act, 1918.

2. —Más rud é go ndéanfaidh duine ar bith, tar éis an 21ú lá de Bhealtaine, 1953—

(a) árachas a chur ar a shaol féin nó ar shaol a mhná céile, nó

(b) conradh a cheangal i gcóir aon bhlianachta iarchurtha ar a shaol féin nó ar shaol a mhná céile,

le haon chuideachta árachais nó cara-chumann, is cuideachta nó cumann atá cláraithe sa Stát, agus á bhainistí agus á rialú ann, cinnfear méid aon fhaoisimh a bhfuil sé ina theideal faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, maidir leis an árachas nó an conradh sin, amhail is dá mbeadh na focail “two-thirds of the standard rate of tax” curtha i gClásal (A) de mhír (i) d'fho-alt (1) agus i gclásal (A) d'fho-mhír (i) de mhír (e) d'fho-alt (3) den alt sin in ionad na bhfocal “half the standard rate of tax”.

Faoiseamh i gcásanna áirithe.

3. —(1) Más rud é, i gcás aon duine lena mbaineadh forála ailt 2 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941)

(a) go bhfuil ioncam ag an duine sin as tír lasmuigh den Stát agus lasmuigh den Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann a dtugtaí faoiseamh ina leith de bhuaidh na bhforál sin, agus

(b) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh an ioncaim sin gur mó an cháin iomlán, is é sin, cáin na hÉireann (lena n-áirítear forcháin) i leith an ioncaim, maraon le cáin chomhréire na tíre sin, ná méid na cánach comhréire sin dá ríomhtaí í ar an bhforas go raibh cáin inghearrtha, i leith ioncaim ó bhunaidh sa tír sin, ar an duine sin mar dhuine a raibh a aon-chónaí sa tír sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh nach mó ná méid na breise sin a thabhairt.

(2) Measfar an t-alt seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán 1952, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.