24 1953


Uimhir 24 de 1953.


ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ TUARASTAIL AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH. [12ú Lúnasa, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tuarastal an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a mhéadú.

1. —Méadófar go dtí dhá mhíle ceithre chéad punt sa bhliain an tuarastal is iníoctha leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 ( Uimh. 1 de 1923 ), arna leasú le halt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1947 ( Uimh. 19 de 1947 .)

Dámhachtaint aoisliúntais don duine a bhí ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an 1ú Aibreán, 1953.

2. —Más rud é, i gcás an duine a bhí ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an lú lá d'Aibreán, 1953, go ndeonfar, de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 ( Uimh. 19 de 1944 ), dámhachtaint faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, is do réir an tuarastail a ceaptar le halt 1 den Acht seo a déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchta sin, aon ríomh chun críocha na dámhachtana.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

3. —(1) Féadfar Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1953, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

(3) Féadfar Achta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1953, a ghairm d'Achta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1947, agus den Acht seo le chéile.