An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1953) Ar Aghaidh (CUID II. Luach Saothair, Caiteachais Agus Pinsin.)

32 1953

AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1953

CUID I.

Réamhráiteach agus GinearÁlta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1924” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) ;

ciallaíonn “Acht 1926” an t Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926) ;

ciallaíonn “Acht 1936” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936) ;

ciallaíonn “Acht 1946” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 (Uimh. 21 de 1946) ;

ciallaíonn “na hAchta” na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1949;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

Athghairm.

3. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gCuid I den Sceideal d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3).

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a sonraítear i gCuid II den Sceideal d'athghairm, a mhéid a sonraítear i gcolún (3), le héifeacht ó thosach feidhme an orduithe a déanfar faoi alt 16 den Acht seo.

(3) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gCuid III den Sceideal d'athghairm, a mhéid a sonraítear i gcolún (3), le héifeacht ó thosach feidhme na n-orduithe a déanfar faoi alt 21 agus alt 22 den Acht seo.