35 1953


Uimhir 35 de 1953.


AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945 . [18ú Nollaig, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) .

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Leasú ar alt 5 (1) den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht trí “agus go bhfuil sé ar fáil” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an duine” i bhfo-mhír (i) de mhír (a) agus trí “nó mura bhfuil sé ar fáil” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an duine” i bhfomhír (ii) den mhír sin.

Feidhmiú nó comhlíonadh cumhacht agus dualgas áirithe.

3. —(1) Féadfaidh aon dochtúir oifigiúil eile d'ospidéal meabhairghalar ceantair a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás ospidéil mheabhair-ghalar a chothabhálas an foras cumhacht nó dualgas faoin bPríomh-Acht de chuid príomh-dhochtúra chónaithigh, príomh-dhochtúra oifigiúil nó feighilteora an fhorais d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh aon dochtúir oifigiúil eile d'fhoras meabhairghalar seachas ospidéal meabhair-ghalar ceantair a bheas údaraithe chuige sin ag feighilteoir an fhorais cumhacht nó dualgas faoin bPríomh-Acht de chuid príomh-dhochtúra oifigiúil an fhorais d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh aon oifigeach d'fhoras meabhair-ghalar seachas ospidéal meabhair-ghalar ceantair a bheas údaraithe chuige sin ag an bhfeighilteoir cumhacht nó dualgas faoin bPríomh-Acht de chuid feighilteora an fhorais d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(4) I gcás—

(a) ordú (dá ngairmtear an t-ordú bunaidh sa bhfo-alt seo) chun duine (dá ngairmtear an t-othar sa bhfo-alt seo, a ghlacadh agus a choinneáil mar othar sealadach agus mar othar inmhuirir nó mar othar príobháideach i bhforas ceadaithe a shíniú roimh an Acht seo a rith,

(b) an duine a shínigh an t-ordú bunaidh a bheith an uair sin ina oifigeach don fhoras ach gan é a bheith an uair sin ina fheighilteoir ar an bhforas,

(c) an t-othar a ghlacadh agus a choinneáil, roimh an Acht seo a rith, mar othar sealadach agus mar othar inmhuirir nó mar othar príobháideach sa bhforas de bhun an orduithe bhunaidh, agus

(d) ar an Acht seo a rith, an t-othar a bheith fós á choinneáil (de bhun an orduithe bhunaidh amháin nó de bhun an orduithe bhunaidh agus ordú nó orduithe ón Aire i leith an orduithe bhunaidh chun fad a chur leis an tréimhse choinneála) mar othar sealadach agus mar othar inmhuirir nó mar othar príobháideach sa bhforas,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(I) measfar gurbh é feighilteoir an fhorais a rinne an t-ordú bunaidh agus a shínigh é, agus measfar gur chun an fheighilteora sin a rinneadh an t-iarratas ar an ordú bunaidh, agus

(II) i gcás ordú nó orduithe a bheith déanta mar adúradh ag an Aire—

(i) measfar gur i leith an orduithe bhunaidh mar measfar sin a bheith déanta, sínithe agus iarrtha mar adúradh a rinneadh an t-ordú nó na horduithe,

(ii) más rud é, i gcás an orduithe nó aon cheann de na horduithe, gurb oifigeach don fhoras seachas feighilteoir an fhorais d'iarr é, measfar gurb é an feighilteoir sin d'iarr é, agus

(iii) más rud é, i gcás an orduithe nó aon cheann de na horduithe, gur dhochtúir oifigiúil don fhoras seachas príomh-dhochtúir oifigiúil an fhorais an duine a tháinig ar an tuairim nach mbeadh téarnaithe ag an othar i gceann na tréimhse coinneála, measfar gurb é an príomh-dhochtúir oifigiúil an duine sin.

(5) I gcás duine a bheith á choinneáil, ar an Acht seo a rith, i bhforas ceadaithe de bhun orduithe (dá ngairmtear an t-ordú bunaidh sa bhfo-alt seo) ar ordú glactha othair inmhuirir shealadaigh nó ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh é agus de bhun ordú nó orduithe ón Aire i leith an orduithe bhunaidh chun fad a chur leis an tréimhse choinneála—

(a) más rud é, i gcás an orduithe nó aon cheann de na horduithe, gurb oifigeach don fhoras seachas feighilteoir an fhorais d'iarr é, measfar gurb é an feighilteoir sin d'iarr é, agus

(b) más rud é, i gcás an orduithe nó aon cheann de na horduithe, gur dhochtúir oifigiúil don fhoras seachas príomh-dhochtúir oifigiúil an fhorais an duine a tháinig ar an tuairim nach mbeadh téarnaithe ag an othar i gceann na tréimhse coinneála, measfar gurbh é an príomh-dhochtúir oifigiúil an duine sin.

Cásanna práinne, etc. (Caibidil III Cuid XIV den Phríomh-Acht).

4. —Más rud é—

(a) gur mian, i gcás práinne, go nglacfaí agus go gcoinneofaí duine mar othar sealadach agus mar othar inmhuirir i bhforas ceadaithe a chothabhálas an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar don cheantar ospidéil mheabhair-galar ina bhfuil sé de thuras na huaire agus nach gcónaíonn sé de ghnáth sa cheantar ospidéil mheabhair-ghalar sin, nó

(b) gur mian, i gcás nach féidir a fháil amach go réidh cén ceantar ospidéil mheabhair-ghalar ina gcónaíonn duine de ghnáth, go nglacfaí agus go gcoinneofaí an duine sin mar othar sealadach agus mar othar inmhuirir i bhforas ceadaithe a chothabhálas an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar don cheantar ospidéil mheabhair-ghalar ina bhfuil sé de thuras na huaire,

beidh feidhm ag Caibidil III de Chuid XIV den Phríomh-Acht, gan dochar d'alt 108 den Phríomh-Acht, chun críche an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil amhlaidh amhail mar bheadh feidhm aici dá gcónaíodh sé de ghnáth sa cheantar ospidéil mheabhair-ghalar agus sa cheantar íclainne ina bhfuil sé de thuras na huaire,

Daoine a thógaint, d'iomlua agus a choinneáil i i gcásanna áirithe.

5. —(1) Más rud é, i gcás iarratais faoi alt 184 nó faoi alt 185 den Phríomh-Acht, gur tugadh deimhniú dochtúra faoin alt, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) féadfaidh an t-iarratasóir nó aon duine a bheas údaraithe aige, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis dáta an scrúduithe, an duine lena mbaineann an t-iarratas a thógaint agus é d'iomlua go dtí an foras inar mian é a ghlacadh agus a choinneáil;

(b) má feidhmítear an chumhacht a bheirtear le mír (a) den fho-alt seo—

(i) féadfaidh aon duine de na daoine a sonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo an duine lena mbaineann an t-iarratas a ghlacadh agus a thógaint faoina chúram agus é a choinneáil go ceann tréimhse dhá uair déag an chloig nó, má géilltear nó má diúltaítear don iarratas i rith na tréimhse sin, go dtí go ngéillfear nó go ndiúltófar dó, agus

(ii) má géilltear don iarratas, ní bheidh feidhm ag an méid d'fho-alt (1) d'alt 186 den Phríomh-Acht a bhaineas le tógaint agus iomlua an duine lena mbaineann an t-iarratas go dtí an foras ceadaithe agus lena ghlacadh ann.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn “dáta an scrúduithe”—

(a) i gcás iarratais faoi alt 184 den Phríomh-Acht, dáta an scrúduithe mar bheas sonraithe sa deimhniú dochtúra iomchuí, agus

(b) i gcás iarratais faoi alt 185 den Phríomh-Acht—

(i) más ar an dáta céanna a rinneadh na scrúduithe lena mbaineann an deimhniú dochtúra iomchuí, an dáta sin, agus

(ii) más ar dhátaí éagsúla a rinneadh na scrúduithe lena mbaineann an deimhniú dochtúra iomchuí, an dáta is luaithe díobh.

(3) (a) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, ma tugadh deimhniú dochtúra faoi alt 184 den Phríomh-Acht agus go mbeartaítear an chumhacht a bheirtear le mír (a) den fho-alt sin d'fheidhmiú—

(i) sara bhfeidhmeoidh sé an chumhacht sin, cuirfidh an t-iarratasóir brí an deimhnithe dhochtúra in iúl don duine lena mbaineann an t-iarratas agus cuirfidh in iúl dó freisin go bhféadfaidh sé an dara scrúdú dochtúra d'iarraidh, agus

(ii) má hiarrtar an dara scrúdú dochtúra, ní feidhmeofar an chumhacht sin go dtí go mbeidh an dara scrúdú dochtúra sin déanta agus go mbeidh curtha in iúl i scríbhinn ag an an lia-chleachtóir cláraithe a rinne é go n-aontaíonn sé leis an deimhniú dochtúra.

(b) Ní chuirfidh lia-chleachtóir cláraithe in iúl faoin bhfo-alt seo go n-aontaíonn sé le deimhniú dochtúra i gcás duine más é atá sa chleachtóir sin fear céile nó bean chéile, athair, leas-athair nó athair céile, máthair, leas-mháthair nó máthair chéile, mac, leas-mhac nó cliamhain, iníon, leas-iníon nó bain-chliamhain, deartháir, leas-deartháir nó deartháir cliamhnachta, deirfiúr, leas-deirfiúr nó deirfiúr chliamhnachta nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine.

(4) Is iad daoine a bheas i dteideal duine a ghlacadh agus a thógaint faoina gcúram faoin alt seo feighilteoir an fhorais cheadaithe inar mian go nglacfaí agus go gcoinneofaí an duine sin, agus a chuid oifigeach, cúntóirí agus seirbhíseach agus aon dochtúir oifigiúil don fhoras sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1953 . a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 agus 1953, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.