2 1954


Uimhir 2 de 1954.


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN CIONROINNT A DHÉANAMH AR CHÍOS FAOI CHUID III DEN ACHT SRIANTA CÍOSA, 1946 , AGUS CHUN CRÍOCHA EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [25ú Feabhra, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1946.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1946” an t Acht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) .

Breitheamh Dúiche do chionroinnt cíosa.

2. —(1) Más rud é, i gcás iarratais a tarchuirfear chun Breithimh Dhúiche faoi alt 28 d'Acht 1946, go bhfeicfear don Bhreitheamh íocaíochtaí i leith aon ní dá dtagartar i mír (f) d'fho-alt (2) d'alt 3 den Acht sin a bheith ar áireamh i gcíos na háite cónaithe, féadfaidh an Breitheamh, leis an ordú sealadach, an cíos a chionroinnt go sealadach chun críocha an Achta sin.

(2) Dá réir sin, folóidh tagairtí don Chúirt i mír (f) d'fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1946 tagairtí don Bhreitheamh Dúiche a bheas ag breithniú iarratais faoi alt 28 den Acht sin.

(3) Measfar fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a theacht i ngníomh ar dháta thosach feidhme Coda III d'Acht 1946 agus beidh éifeacht acu amhail ar an dáta sin agus uaidh sin amach.

(4) Ní oibreoidh an t-alt seo chun bailíocht a thabhairt d'aon ordú sealadach a neamhníodh le hordú certiorari a daingníodh roimh dháta an Achta seo a rith.

An nós imeachta maidir le hiarratais áirithe faoi alt 28 d'Acht 1946.

3. —Más rud é, roimh dháta an Achta seo a rith—

(a) go ndearna tionónta aon áitribh iarratas faoi alt 28 d'Acht 1946, agus

(b) i gcás an iarratais sin, gur airbheartaigh an Breitheamh Dúiche ordú sealadach a dhéanamh i leith an áitribh, agus

(c) gur neamhníodh an t-ordú sin le hordú daingean certiorari, raghaidh an Breitheamh Dúiche iomchuí ar aghaidh leis an iarratas.

Riaráiste cíosa a ghnóthú i gcásanna áirithe.

4. —(1) I gcás ordú sealadach i leith aon áitribh a neamhniú le hordú certiorari a daingníodh roimh dháta an Achta seo a rith agus aon riaráiste cíosa a bheith dlite i leith an áitribh nach mbeadh dlite dá mbeadh an t-ordú sealadach sin bailí, beidh éifeacht ag forála an ailt seo.

(2) Má thugann an chúirt breithiúnas le haghaidh íoc aon tsuime airgid i leith an riaráiste sin nó le haghaidh seilbhe mar gheall ar an riaráiste sin agus gur deimhin leis an gcúirt gur rud réasúnach le dhéanamh é, féadfaidh an chúirt forghníomhú an bhreithiúnais a bhac go ceann pé tréimhse agus ar pé coinníollacha is cuí leis an gcúirt.

(3) Is cead go mbeadh ar na coinníollacha sin coinníoll go n-íocfaidh an féichiúnaí an tsuim sin agus na costais i pé tráthchoda agus pé trátha a cheapfas an chúirt agus, ó am go ham, féadfaidh an chúirt na coinníollacha sin d'athrú, pé acu tharla nó nár tharla imthosca a thug deireadh leis an mbac ar fhorghníomhú an bhreithiúnais, agus féadfaidh bac eile a chur ar a fhorghníomhú.

(4) Ní eiseoidh aon ordú ná barántas forghníomhuithe má sáraíodh aon choinníoll ar ar bacadh faoin alt seo forghníomhú an bhreithiúnais, ach amháin le hordú a dhéanfas an chúirt ar fhógra a thabhairt don tionónta tar éis an tsáruithe sin.

(5) San alt seo folaíonn “breithiúnas” ordú agus foraithne.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Srianta Cíosa, 1946 go 1954, a ghairm de na h Achta Srianta Cíosa, 1946 go 1953, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na h Achta Srianta Cíosa, 1946 go 1953, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.