3 1954


Uimhir 3 de 1954.


ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA, 1935 GO 1953. [2ú Márta, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as eiste na n-iasacht áitiúla.

1. —Athghairmtear leis seo alt 1 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1953 ( Uimh. 3 de 1953 ), agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasacht áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIas acht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , thar suim nócha milliún punt.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1954, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1953, agus den Acht seo le chéile.