An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Luacháil a Laghdú go Sealadach (Bun Crannaighe).)

8 1954

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1954

CUID II.

Luachail a Laghdu go Sealadach chun Criocha Ratuchain.

Léiriú (Cuid II).

3. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “an Coimisinéir” an Coimisinéir Luachála;

ciallaíonn “an tréimhse ordaithe” an tréimhse dár tosach an 27ú lá d'Iúil, 1953, agus dár críoch an 26ú lá d'Iúil, 1956;

ciallaíonn “liosta luachála athscrúdaithe” liosta luachála athscrúdaithe faoi na hAchta Luachála;

ciallaíonn “luacháil” luacháil faoi na hAchta Luachála.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do mhéadú ar luacháil tionóntáin ina bhfuil foirgint nó cuid d'fhorgint, forléireofar í, i gcás tionóntáin ar a bhfuil luacháil a sanntar páirt di d'fhoirgintí, mar thagairt do mhéadú ar an bpáirt sin.

(3) Measfar nach bhfuil feidhm ag an gCuid seo den Acht seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) tógáil foirginte i gcás inarb é atá sa bhfoirgint iostán a cuireadh ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, nó teach a cuireadh ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952,

(b) tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás deontas nó faoiseamh ó rátaí a thabhairt, faoi Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1953, i leith na tógála, an fhairsingithe nó an fheabhsuithe,

(c) tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás deontas nó faoiseamh ó rátaí a thabhairt, faoi Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952, Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) , Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950) , nó Acht na dTithe (Leasú), 1952 (Uimh. 16 de 1952) , i leith na tógála, an fhairsingithe nó an fheabhsuithe,

(d) fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás inar iostán a cuireadh ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, nó teach a cuireadh ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, a fhoirgint agus gur le húdarás áitiúil í,

(e) fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás an fhoirgint a bheith ann i dtosach na tréimhse ordaithe agus an fairsingiú nó an feabhsú a theacht d'obair athruithe, leathnuithe, deisithe nó athnuachana nach fiú d'áireamh,

(f) tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás feidhm a bheith ag alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852, i leith na tógála, an fhairsingithe nó an fheabhsuithe,

(g) tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás faoiseamh ó rátaí a thabhairt, faoi alt 9 den Acht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ( Uimh. 1 de 1952 ), i leith na tógála, an fhairsingithe nó an fheabhsuithe,

agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo déanfar “tógáil”, “fairsingiú” agus “feabhsú” d'fhorléiriú dá réir sin.

(4) Déanfar aon tagairt i bhfo-alt (3) den alt seo do shreath Acht nó d'Acht d'fhorléiriú mar thagairt d'aon Acht (arna rith roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) ag leasú nó ag leathnú na sreatha Acht nó an Achta sin.

Luacháil a laghdú go sealadach chun críocha rátúcháin.

4. —(1) I gcás tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte a thosnú agus a chríochnú i rith na tréimhse ordaithe agus méadú ar luacháil tionóntáin ina bhfuil an fhoirgint nó cuid den fhoirgint a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach mar gheall ar an tógáil, an fairsingiú nó an feabhsú sin, measfar luacháil an tionóntáin a bheith, chun críocha rátúcháin, arna laghdú dhá dtrian an mhéaduithe.

(2) San alt seo ciallaíonn “críocha rátúcháin” na críocha seo a leanas (agus na críocha sin amháin), is é sin le rá, measúnú agus tobhach aon ráta a chruinneos údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla a thosnós díreach tar éis tógáil, fairsingiú nó feabhsú na foirginte a chríochnú nó chun seirbhíse na sé bliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht forál fo-ailt (2) den alt seo a shrianas brí “críocha rátúcháin”, achtaítear go sonrach leis seo, d'ainneoin go measfar faoin alt seo luacháil tionóntáin (dá ngairmtear an lán-luacháil sa bhfo-alt seo) a bheith arna laghdú maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, go ndéanfar gach ríomh chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, agus gach ríomh chun críche na dleachta ar aon cheadúnas máil a muirearaítear do réir luachála, amhail agus dá mbeadh an lán-luacháil i bhfeidhm chun gach críche maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin.

Breitheanna ag an gCoimisinéir agus achomhairc ina gcoinne.

5. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha ailt 4 den Acht seo:

(a) cinnfidh an Coimisinéir cé acu rinneadh nó nach ndearnadh aon mhéadú ar luacháil tionóntáin go hiomlán nó go páirteach mar gheall ar thógáil, fairsingiú nó feabhsú, a tosnaíodh agus a críochnaíodh i rith na tréimhse ordaithe, i gcás foirginte atá, nó a bhfuil cuid di, sa tionóntán;

(b) má chinneann an Coimisinéir go ndearnadh an méadú go hiomlán nó go páirteach mar gheall ar thógáil, fairsingiú nó feabhsú, a tosnaíodh agus a críochnaíodh i rith na tréimhse ordaithe, i gcás foirginte atá, nó a bhfuil cuid di, sa tionóntán, cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl ar an liosta luachála athscrúdaithe iomchuí;

(c) mura mbeidh cinneadh den tsórt sin curtha in iúl ar an liosta luachála athscrúdaithe iomchuí, measfar gur léiriú é sin ón gCoimisinéir gur chinn sé nach ndearnadh an méadú sin go hiomlán ná go páirteach mar gheall ar thógáil, fairsingniú nó feabhsú, a tosnaíodh agus a críochnaíodh i rith na tréimhse ordaithe, i gcás foirginte atá, nó a bhfuil cuid di, sa tionóntán;

(d) más rud é, le linn aon luachála d'athscrúdú laistigh de sheacht mbliana tar éis an tógáil, an fairsingniú nó an feabhsú a chríochnú, go bhfaighfear dhá thionóntán nua nó níos mó a bheith in ionad an tseantionóntáin nó na sean-tionóntán ina raibh an fhoirgint, cinnfidh an Coimisinéir i gcás gach ceann de na tionóntáin nua an méid a fhreagraíos don mhéadú luachála a rinneadh go hiomlán nó go páirteach mar gheall ar an tógáil, an fairsingiú nó an feabhsú agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl ar an liosta luachála athscrúdaithe iomchuí;

(e) féadfaidh aon duine ar cúis mhíshásaimh leis cinneadh a rinne an Coimisinéir faoin alt seo achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnte amhail mar d'fhéadfadh, agus faoi réir na dtórann faoina bhféadfadh, duine ar cúis mhíshasaimh leis luacháil tionóntáin mar bheadh sin luaite sa liosta luachála athscrúdaithe iomchuí achomharc a dhéanamh faoi na hAchta Luachála i gcoinne na luachála sin.