|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1954. | ||
[EN] |
AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL (LEASÚ), 1954. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946 . [10ú Márta, 1954.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1946” an t Acht Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 (Uimh. 25 de 1946) ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1946 mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Sonraíochtaí caighdeánacha. |
2. —(1) Déanfaidh an Institiúid sonraíochtaí d'fhoirmliú do pé earraí, próiseanna agus cleachta a iarrfas an tAire ó am go ham. |
[EN] | (2) Nuair a bheas sonraíochtaí á bhfoirmliú ag an Institiúid, comhlíonfaidh sí treoracha an Aire. | |
[EN] | (3) Ar an Institiúid d'fhoirmliú sonraíochta, féadfaidh sí, le toiliú an Aire, a dhearbhú gur sonraíocht chaighdeánach í don earra, don phróis nó don chleacht lena mbaineann sí. | |
[EN] | (4) I gcás ina n-údaraítear d'aon Aire Stáit, faoi aon achtachán eile, sonraíocht nó caighdeán cáilíochta d'ordú d'aon earra, próis nó cleacht, nó ceadúnais d'eisiúint chun aon earra a dhíol nó d'fhógairt, ní thoileoidh an tAire le sonraíocht chaighdeánach a dhearbhú ina leith sin ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire, sonraíocht chaighdeánach a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (6) Leanfaidh sonraíochtaí caighdeánacha a dearbhaíodh le hordú faoi alt 20 d'Acht 1946 de bheith i bhfeidhm tar éis an tAcht seo a rith agus féadfar iad a chúlghairm nó a leasú amhail is dá mba faoin alt seo a dearbhaíodh iad. | |
[EN] | (7) I bhfo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1946 (ina bhfuil feidhmeanna na hInstitiúide leagtha amach) forléireofar an tagairt do mholta a thabhairt don Aire maidir le sonraíochtaí caighdeánacha d'fhoirmliú mar thagairt do shonraíochtaí caighdeánacha d'fhoirmliú agus a dhearbhú faoin alt seo. | |
[EN] | (8) Déanfar na tagairtí in ailt 12 agus 15 d'Acht 1946 d'alt 20 den Acht sin d'fhorléiriú mar thagairtí don alt seo. | |
[EN] | (9) Folóidh na tagairtí in Acht 1946 do shonraíochtaí caighdeánacha tagairtí do shonraíochtaí caighdeánacha faoin alt seo. | |
[EN] |
Fógra faoi shonraíocht chaighdeánach d'fhoilsiú. |
3. —A luaithe is féidir tar éis sonraíocht chaighdeánach a dhearbhú, bhéarfaidh an Institiúid go bhfoilseofar fógra fúithi san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile a threorós an tAire agus foilseoidh sí, agus cuirfidh ar díol, cóipeanna den tsonraíocht chaighdeánach. |
[EN] |
Fianaise faoi shonraíochtaí caighdeánacha. |
4. —(1) Féadfar fianaise prima facie faoi shonraíocht chaighdeánach a thabhairt trí chóip di a thabhairt ar aird a airbheartaíos a bheith arna foilsiú le húdarás na hInstitiúide. |
[EN] | (2) Bainfidh alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), le doiciméid a airbheartaíos gur sonraíochtaí caighdeánacha iad a chlóbhualadh, d'fhoilsiú agus a thairiscint i bhfianaise amhail mar bhaineas sé leis na doiciméid oifigiúla dá dtagartar san alt sin ach tagairtí don Institiúid a chur in ionad tagairtí d'Oifig an tSoláthair. | |
[EN] |
Marcanna caighdeánacha. |
5. —(1) Faoi alt 22 d'Acht 1946, féadfaidh an tAire, in ionad marc caighdeánach d'ordú d'earra, do phróis nó do chleacht sonraithe, marc caighdeánach d'ordú lena úsáid i ndáil le hearraí, próiseanna agus cleachta i gcoitinne agus folóidh gach tagairt san Acht sin do mharc caighdeánach tagairt do mharc caighdeánach a hordófar amhlaidh. |
[EN] | (2) Ní déanfar marc caighdeánach a hordófar amhlaidh d'úsáid i ndáil le haon earra, próis ná cleacht ach amháin i dteannta na sreath-uimhreach a bheas sannta ag an Institiúid i gcás na sonraíochta caighdeánaí don earra, don phróis nó don chleacht sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndearnadh toiliú an Aire le dearbhú sonraíochta caighdeánaí a thabhairt le toiliú Aire eile Stáit, ní thabharfaidh an tAire ceadúnas faoi alt 22 d'Acht 1946 chun marc caighdeánach d'úsáid i ndáil leis an earra, an phróis nó an cleacht iomchuí ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin. | |
[EN] |
An Clár de Shonraíochtaí Caighdeánacha. |
6. —Is í an Institiúid a choimeádfas feasta an Clár de Shonraíochtaí Caighdeánacha agus, dá réir sin, déanfar tagairtí don Aire in alt 23 d'Acht 1946 a léamh, maidir leis an gclár sin, mar thagairtí don Institiúid. |
[EN] |
Séala na hInstitiúide d'úsáid. |
7. —Déanfar séala na hInstitiúide, ar é a ghreamú de dhearbhú sonraíochta caighdeánaí, d'fhíordheimhniú le síniú chathaoirleach an Choiste Chaighdeán nó chomhalta éigin eile den Choiste sin a bheas údaraithe ag an gCoiste sin chuige sin agus ní mar foráltar i bhfo-alt (2) d'alt 29 d'Acht 1946 a déanfar sin. |
[EN] |
Luach saothair do chomhaltaí Coistí. |
8. —Féadfar pé luach saothair a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le comhaltaí an Choiste Thaighde Thionscail agus an Choiste Chaighdeán as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid. |
[EN] |
Corr-fholúntais ar an gComhairle. |
9. —Ní gá ceadú na Comhairle chun folúntais ar an gComhairle a líonadh faoi riail 2 den Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1946. |
[EN] |
Fostú foirne. |
10. —Ní gá ceadú an Aire i leith daoine a bheartós an Institiúid d'fhostú go ceann tréimhse nach sia ná trí bliana agus forléireofar dá réir sin fo-alt (3) d'alt 31 d'Acht 1946. |
[EN] |
Deontas bliantúil. |
11. —(1) I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna, nach mó san iomlán ná tríocha agus cúig mhíle punt in aon bhliain airgeadais áirithe, a theastós ó am go ham ón Institiúid, d'íoc leis an Institiúid as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] | (2) An soláthar a déantar leis an alt seo is soláthar é in ionad an tsoláthair a rinneadh le fo-alt (1) d'alt 34 d'Acht 1946. | |
[EN] |
Athghairm iarmartach. |
12. —Athghairmtear leis seo na forála seo a leanas d'Acht 1946: ailt 10 agus 13 (a mhéid a bhainid le luach saothair), alt 20, agus fo-alt (1) d'alt 34. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua |
13. —(1) Féadfar an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 agus 1954, a ghairm d'Acht 1946 agus den Acht seo le chéile. |