12 1954


Uimhir 12 de 1954.


AN tACHT UM EASTÁIT DÍ-THIOMNÓIRÍ, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE FHEABHSAITHE DO BHAINTREACHA DAOINE D'ÉAGFADH GAN TIOMNA A DHÉANAMH I LEITH A MAOINE GO LÉIR NÓ CODA DHI AGUS GAN SLIOCHT INA nDIAIDH. [23ú Márta, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an chéad lá de Mheitheamh, 1954.

Cásanna lena mbaineann an tAcht seo.

2. —Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta seo, go n-éagfaidh fear gan tiomna a dhéanamh i leith gach coda nó aon choda dá mhaoin, réadach nó pearsanta, agus go bhfágfaidh sé baintreach ach nach bhfágfaidh sliocht, beidh feidhm ag forála an Achta seo.

I gcás nach mó ná £4,000 an mhaoin a aistreos faoi dhí-thiomnacht.

3. —Mura mó ná ceithre mhíle punt glan-luach na maoine a bhfuil dí-thiomnacht ina leith, is leis an mbaintreach an mhaoin go hiomlán agus go heisiach.

I gcás inar mó ná £4,000 an mhaoin a aistreos faoi dhí-thiomnacht.

4. —(1) Más mó ná ceithre mhíle punt glan-luach na maoine a bhfuil dí-thiomnacht ina leith, beidh teideal ag an mbaintreach chun cuid cheithre mhíle punt di go hiomlán agus go heisiach agus beidh muirear aici ar iomlán na maoine sin i leith na ceithre mhíle punt sin, le hús air ó dháta an bháis do réir ceathair faoin gcéad sa bhliain go dtí go n-íocfar é.

(2) Amhail idir ionadaithe réadacha agus ionadaithe pearsanta an éagaigh, fulaingeofar agus íocfar an muirear sin i gcomhréir le luacha an eastáit réadaigh agus an eastáit phearsanta faoi seach ar éag sé gan tiomna a dhéanamh ina leith.

Scair na baintrí den iarmhar.

5. —An soláthar a déantar don bhaintreach le halt 4, is soláthar é de bhreis ar a leas agus a scair, agus gan dochar dá leas agus dá scair, san iarmhar den mhaoin a bheas fágtha tar éis an tsuim cheithre mhíle punt a bheith íoctha, amhail is dá mb'é an t-iarmhar sin iomlán eastáit an éagaigh agus dá mba nár ritheadh an t-alt sin.

Uireasa oidhre nó neas-ghaoil.

6. —Aon mhaoin d'aistreodh, d'uireasa oidhre nó neas-ghaoil, chun an Stáit mura mbeadh an t-alt seo, is leis an mbaintreach í go hiomlán agus go heisiach.

Mar luachálfar réadas.

7. —Chun críocha an Achta seo, déanfar glan-luach eastáit réadaigh a chinneadh i gcás feo shimplí trína luach comhlán a laghdú méid comhlán aon mhorgáiste nó príomhshuime eile a bheas muirearaithe air, agus luach aon bhlianachta nó íocaíochta tréimhsiúla eile is inmhuirir air, arna luacháil do réir na dtáiblí agus na rialacha atá sa Sceideal a ghabhas leis an Succession Duty Act, 1853, agus i gcás eastáit saoil do réir na dtáiblí agus na rialacha sin.

Mar luachálfar pearsantas.

8. —Chun críocha an Achta seo, déanfar glan-luach eastáit phearsanta a chinneadh trí fhiacha, caiteachais adhlaicthe agus caiteachais thiomnacha uile an éagaigh agus na dliteanais agus na muirir dhleathacha eile go léir a bhfuil an t-eastát pearsanta sin faoina réir a bhaint as a luach comhlán.

Athghairm.

9. —Athghairmtear leis seo an Intestates' Estates Act, 1890.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht um Eastáit Dí-thiomnóirí, 1954 , a ghairm den Acht seo.