An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Talamh Stáit.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Forála maidir le cíosa áirithe is iníoctha leis an Stát.)

25 1954

AN tACHT MAOINE STÁIT, 1954

Caibidil II.

Cumhachta údarás Stáit maidir le talamh Stáit.

Gan cumhachta údarás Stáit faoin gCaibidil seo a bheith infheidhmithe ach le toiliú an Aire.

9. —Ní bheidh na cumhachta a bheirtear leis an gCaibidil seo d'údarás Stáit infheidhmithe, murab é an tAire an t-údarás Stáit sin, ach le toiliú (ginearálta nó sonrach) an Aire.

Talamh Stáit seachas é sin a luaitear sa Chéad Sceideal, a dhíol nó a mhalairtiú, a dheonadh in aisce agus a ligean ar léas.

10. —(1) Ní bheidh na cumhachta a bheirtear leis an alt seo infheidhmithe i gcás na talún Stáit a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh údarás Stáit gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh i gcás aon talún Stáit a bheas de thuras na huaire dílsithe san údarás Stáit sin—

(a) an talamh Stáit sin nó aon chuid de a dhíol,

(b) an talamh Stáit sin nó aon chuid de a mhalairtiú ar aon talamh eile ar pé téarmaí (lena n-áirítear airgead d'íoc nó d'fháil leis an malairt a chothromú) a chinnfeas an t-údarás Stáit sin,

(c) an talamh Stáit sin nó aon chuid de a dheonadh in aisce chun aon chríche sonraithe,

(d) léas a thabhairt ar an talamh Stáit sin nó ar aon chuid de go ceann aon téarma.

(3) Aon talamh Stáit a díolfar faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, diolfar é ar pé comaoin, in airgead nó in airgead-luach, a chinnfeas an t-údarás Stáit a bheas á dhíol.

(4) (a) Má deontar aon talamh Stáit faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh sa deonadh pé cúnaint, coinníollacha agus comhaontuithe (lena n-áirítear ceart athiontrála ar iad sin a shárú) a chinnfeas an t-údarás Stáit a dhéanfas an deonadh, agus ar a gcomhaontóidh sé leis an duine dá ndéanfar an deonadh.

(b) Cuirfidh gach cúnant, coinníoll agus comhaontú a bheas i ndeonadh, aon talún Stáit faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo ceangal ar aon duine a bheas ag éileamh tríd an deontaí bunaidh nó faoi, agus beidh sé infheidhmithe ina choinne, amhail is dá mba don duine sin a deonadh é.

(5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach léas ar thalamh Stáit a bhéarfas údarás Stáit faoi mhír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, is é sin le rá—

(a) mura gcinne an t-údarás Stáit sin gurbh é leas an phobail an léas a thabhairt saor ó aon íocaíocht, déanfar an léas a thabhairt faoi réir pé íocaíochta airgid leis an údarás Stáit sin, i bhfoirm fíneála nó réamhíocaíochta eile nó i bhfoirm chíosa nó sa dá shlí sin, a chinnfeas an t-údarás Stáit sin agus ar a gcomhaontóidh sé leis an duine dá dtabharfar an léas;

(b) beidh sa léas—

(i) pé cúnaint, coinníollacha agus comhaontuithe a chinnfeas an t-údarás Stáit sin agus ar a gcomhaontóidh sé leis an duine dá dtabharfar é,

(ii) coinníoll i leith athiontrála má sháraíonn an léasaí, nó má fhágann an léasaí gan comhlíonadh, aon chúnant ar thaobh an léasaí nó aon choinníoll nó aon chomhaontú dá mbeidh sa léas.

(6) A luaithe is féidir tar éis an 30ú lá de Mheitheamh agus an 31ú lá de Nollaig gach bliain, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tuarascáil ag tabhairt sonraí i dtaobh na talún Stáit go léir a bheas díolta, malairtithe, deonta nó tugtha ar léas (seachas léas go ceann téarma nach sia ná bliain agus fiche), i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo, i rith na leathbhliana roimhe sin.

Cumhachta eile a bheas ag údaráis Stáit maidir le talamh Stáit seachas é sin a luaitear sa Chéad Sceideal.

11. —(1) Ní bheidh na cumhachta a bheirtear leis an alt seo infheidhmithe i gcás na talún Stáit a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh údarás Stáit gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh i gcás talún Stáit a bheas de thuras na huaire dílsithe san údarás Stáit sin—

(a) tionóntacht ó bhliain go bliain nó go ceann aon tréimhse is giorra ná sin a dheonadh do dhuine ar bith ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an t-údarás Stáit sin;

(b) ceadúnas a dheonadh do dhuine ar bith, ar pé téarmaí agus coinníollacha agus go ceann pé tréimhse a chinnfeas an t-údarás Stáit sin, chun an talamh Stáit sin d'áitiú nó d'úsáid nó d'áitiú agus d'úsáid, go ginearálta nó ar shlí áirithe nó chun críche áirithe;

(c) aon éasúint, nó profit-á-prendre nó aon cheart, pribhléid nó saoirse eile ar an talamh Stáit sin nó ar aon chuid de, nó ina leith, a dheonadh, trí cheadúnas nó ar shlí eile, do dhuine ar bith ar pé téarmaí agus coinníollacha agus go ceann pé tréimhse a chinnfeas an t-údarás Stáit sin;

(d) ceart a dheonadh do dhuine ar bith, ar pé téarmaí agus coinníollacha agus go ceann pé tréimhse a chinnfeas an t-údarás Stáit sin, chun aon cheann nó cinn díobh seo a leanas, eadhon, gaineamh, gairbhéal, cloch, cré agus móin, a bhaint (ach gan é a bhaint níos mó ná fiche troigh faoi bhun dromchla na talún), agus a thógaint agus a thabhairt chun bealaigh as an talamh Stáit sin;

(e) aon deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas, faoina mbeidh an talamh Stáit sin nó aon chuid de á theachtadh nó á áitiú ag an Stát nó thar a cheann, a thabhairt suas ar pé téarmaí (lena n-áirítear airgead d'fháil nó d'íoc) a chinnfeas an t-údarás Stáit sin;

(f) glacadh, ar pé téarmaí (lena n-áirítear airgead d'fháil nó d'íoc) a chinnfeas an t-údarás Stáit sin, le haon deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas a thabhairt suas a mbeidh an talamh Stáit sin nó aon chuid de á theachtadh faoi ón Stát nó ón údarás Stáit sin;

(g) aon chúnant nó coinníoll a tharscaoileadh, a scaoileadh nó d'athrú a bheas in aon deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas (lena n-áirítear deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas a rinneadh nó a tugadh roimh an dáta feidhme) i leith na talún Stáit sin nó aon choda dhe, pé acu rinneadh sárú ar an gcúnant nó ar an gcoinníoll sin nó nach ndearnadh;

(h) aon tsárú (pé acu sárú é is cúis le forghéilleadh nó nach ea agus pé acu roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis a rinneadh é) a tharscaoileadh a rinneadh ar aon chúnant nó coinníoll in aon deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas (lena n-áirítear deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas a rinneadh nó a tugadh roimh an dáta feidhme) i leith na talún Stáit sin;

(i) an talamh Stáit sin nó aon chuid de a thoirbheart chun úsáide an phobail;

(j) cead chun dul isteach sa talamh Stáit sin agus é d'úsáid, go ginearálta nó chun críche áirithe, a thabhairt, ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an t-údarás Stáit sin, don phobal i gcoitinne nó d'aon aicme nó cuid áirithe den phobal nó do chomhaltaí aon chomhlachais, club nó eagraíochta áirithe.

(3) (a) Má bheireann údarás Stáit don phobal i gcoitinne nó d'aon aicme nó cuid áirithe den phobal nó do chomhaltaí aon chomhlachais, club nó eagraíochta áirithe, cead chun dul isteach in aon talamh Stáit a bheas dílsithe san údarás Stáit sin, agus chun é d'úsáid, féadfaidh an t-údarás Stáit sin, más cuí leis é, fodhlithe a dhéanamh chun an dul isteach agus an úsáid sin a rialú.

(b) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fho-dhlí a déanfar faoin bhfo-alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Tarscaoileadh agus scaoileadh cíosa, agus riaráistí cíosa agus foghailbhrabús i leith talún Stáit.

12. —(1) San alt seo, folaíonn “cíos” sean-choróinchíos, cíos-mhuirear, cíos seirbhíse agus seasc-chíos, agus folaíonn sé freisin rí-chíosa, muirir i leith úsáide agus áitithe talún Stáit agus airgead is iníoctha go tréimhsiúil faoi cheadúnas.

(2) Aon uair is deimhin le húdarás Stáit, maidir le haon chíos is iníoctha leis an údarás Stáit sin as talamh, nach bhfuil sé indéanta, nó nach n-oireann sé, íoc an chíosa sin nó coda dhe a chur i bhfeidhm, féadfaidh an t-údarás Stáit sin íoc an chíosa sin nó na coda sin de a tharscaoileadh agus an talamh sin a scaoileadh uaidh sin sa mhéid go scoirfidh an cíos sin nó an chuid sin de de bheith iníoctha ar chor ar bith ina dhiaidh sin nó go scoirfidh an cíos sin nó an chuid sin de de bheith iníoctha ar feadh tréimhse áirithe nó fad a mhairfeas imthosca áirithe nó go dtí go dtarlóidh ní sonraithe, agus má déantar an tarscaoileadh nó an scaoileadh sin féadfaidh an t-údarás Stáit sin pé coinníollacha (más aon choinníollacha é) a chur leis is cuí leis an údarás Stáit sin.

(3) Aon uair is deimhin le húdarás Stáit, maidir le haon riaráistí cíosa (is cuma na riaráistí sin d'fhaibhriú chun bheith dlite roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin nó cuid díobh roimhe sin agus cuid díobh dá éis sin) is iníoctha leis an údarás Stáit sin, nach féidir na riaráistí sin nó aon chuid áirithe díobh a ghnóthú nó nach n-oireann sé a n-íoc a chur i bhfeidhm, féadfaidh an t-údarás Stáit sin íoc nó na coda sin díobh a tharscaoileadh agus an duine dá mbeid dlite d'urscaoileadh óna n-íoc agus an tarscaoileadh, an scaoileadh agus an t-urscaoileadh sin a dhéanamh go neamhchoinníollach nó faoi réir coinníollacha sonraithe.

(4) Má dhlíonn duine aon fhoghail-bhrabúis i leith talún Stáit d'íoc le húdarás Stáit, féadfaidh an t-údarás Stáit sin an duine sin a scaoileadh ón dliteanas sin, go hiomlán nó go páirteach agus go neamhchoinníollach nó faoi réir coinníollacha sonraithe.

(5) A luaithe is féidir tar éis an 30ú lá de Mheitheamh agus an 31ú lá de Nollaig gach bliain, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ag tabhairt sonraí i dtaobh gach tarscaoileadh, scaoileadh agus urscaoileadh a rinneadh i rith na leathbhliana roimhe sin i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo.