An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráireach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Eadráin faoi Achta Eile.)

26 1954

AN tACHT EADRÁNA, 1954

CUID II.

Eadráin faoi Chomhaontuithe Eadrána.

Údarás eadránaithe agus moltóirí a bheith do-chúlghairmthe.

9. —Ní féidir, ach amháin le cead na Cúirte, údarás an eadránaí nó an mholtóra a ceapfar le comhaontú eadrána nó dá bhuaidh a chúlghairm mura bhfuil a mhalairt sainráite sa chomhaontú.

Bás páirtí.

10. —(1) Ní thabharfaidh bás aon pháirtí i gcomhaontú eadrána go mbeidh an comhaontú sin urscaoilte maidir leis an duine marbh ná le haon pháirtí eile, ach sa chás sin féadfaidh ionadaithe pearsanta an duine mhairbh é a chur i bhfeidhm nó féadfar é a chur i bhfeidhm ina gcoinne.

(2) Ní thabharfaidh bás aon pháirtí a cheap éadránaí go mbeidh údarás an eadránaí sin cúlghairmthe.

(3) Ní measfar go ndéanann aon ní san alt seo difir d'oibriú aon achtacháin nó rialach dlí a ndéantar dá bhuaidh aon cheart caingin a mhúchadh trí bhás duine.

Forála i gcás féimheachta.

11. —(1) San alt seo ciallaíonn an focal “sannaí” an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus folaíonn sé an sannaí (más ann) a roghnós na creidiúnaithe chun gníomhú leis an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht.

(2) I gcás comhaontú eadrána a bheith ina chuid de chonradh a mbeidh féimheach ina pháirtí ann, beidh an comhaontú, mura séanfaidh an sannaí nó an t-iontaobhaí i bhféimheacht an conradh, inchurtha i bhfeidhm aige nó ina choinne, a mhéid a bhaineas sé le haon easaontas a éireos as an gconradh sin nó i ndáil leis.

(3) Más rud é—

(a) go raibh duine ar breithníodh féimheach é ina pháirtí i gcomhaontú eadrána sarar thosnaigh an fhéimheacht, agus

(b) gur gá aon ní lena mbaineann an comhaontú a chinneadh i ndáil leis na himeachta féimheachta nó chun críocha na n-imeacht sin, agus

(c) gur cás é nach mbaineann fo-alt (2) den alt seo leis,

ansin, féadfaidh aon pháirtí eile sa chomhaontú nó an sannaí nó, le toiliú an choiste iniúchta, an t-iontaobhaí i bhféimheacht ordú d'iarraidh ar an gcúirt ag a bhfuil dlínse sna himeachta féimheachta á ordú an ní atá i gceist a chur chun eadrána do réir an chomhaontuithe agus féadfaidh an chúirt sin, más dóigh léi ag féachaint d'imthosca uile an cháis gur cóir an ní sin a chinneadh trí eadráin, ordú a dhéanamh dá réir sin.

Cumhacht chun bac a chur ar imeachta i gcás comhaontú eadrána a bheith déanta.

12. —(1) Má thionscnann aon pháirtí i gcomhaontú eadrána, nó aon duine a bheas ag éileamh tríd an bpáirtí sin nó faoi, aon imeachta in aon chúirt i gcoinne aon pháirtí eile sa chomhaontú nó i gcoinne aon duine a bheas ag éileamh tríd an bpáirtí eile sin nó faoi maidir le haon ní ar comhaontaíodh é a chur chun eadrána, féadfaidh aon pháirtí sna himeachta sin, aon tráth tar éis láithriú agus roimh aon phléadála a sheachadadh nó aon bhearta eile a dhéanamh sna himeachta, a iarraidh ar an gcúirt sin bac a chur ar na himeachta, agus, más deimhin leis an gcúirt sin nach bhfuil leorchúis ann chun gan an ní sin a chur chun eadrána do réir an chomhaontuithe agus go raibh an t-iarratasóir, an tráth a tionscnadh na himeachta, agus go bhfuil sé fós, ullamh agus toilteanach gach ní a dhéanamh is gá chun go seolfaí an eadráin go cuí, féadfaidh sí ordú a dhéanamh ag cur bac ar na himeachta.

(2) D'ainneoin aon ní sa Chuid seo, má dhéanann aon pháirtí i dtarchur chun eadrána de bhun comhaontuithe lena mbaineann Prótacal 1923, nó aon duine a bheas ag éileamh tríd an bpáirtí sin nó faoi, aon imeachta dlí a thionscnamh in aon chúirt i gcoinne aon pháirtí eile sa tarchur, nó i gcoinne aon duine a bheas ag éileamh tríd an bpáirtí eile sin nó faoi, maidir le haon ní a comhaontaíodh a chur chun eadrána, féadfaidh aon pháirtí sna himeachta dlí sin, aon tráth tar éis láithriú agus roimh aon phléadála a sheachadadh nó aon bhearta eile a dhéanamh sna himeachta, a iarraidh ar an gcúirt sin bac a chur ar na himeachta, agus mura deimhin leis an gcúirt sin go bhfuil an comhaontú nó an eadráin ó fheidhm nó nach féidir dul ar aghaidh leis nó nach bhfuil iarbhír aon díospóid idir na páirtithe maidir leis an ní a comhaontaíodh a chur chun eadrána déanfaidh sí ordú ag cur bac ar na himeachta.

Saincheisteanna idirphléadála a chur chun eadrána.

13. —Má tugtar faoiseamh i bhfoirm idirphléadála agus gur dóigh leis an gCúirt go mbaineann comhaontú eadrána, inar páirtithe na héilitheoirí, leis na nithe atá i gceist sna héilimh áirithe, féadfaidh an Chúirt a ordú gur do réir an chomhaontuithe a cinnfear an tsaincheist idir na héilitheoirí.

Eadránaithe agus Moltóirí.

Eadráin ag eadránai aonair.

14. —Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, mura bhforáltar modh eile eadrána ann, foráil a bheith ann gur ag eadránaí aonair a bheas an eadráin le déanamh.

Cumhacht ag na páirtithe, i gcásanna áirithe, folúntas a líonadh.

15. —(1) Más rud é—

(a) go bhforálann comhaontú eadrána gur ag beirt eadránaí, a gceapfaidh gach aon pháirtí, duine acu, a bheas an eadráin le déanamh, agus

(b) go ndiúltóidh ceachtar de na headránaithe a ceapfar gníomhú, nó go mbeidh sé éagumasach ar ghníomhú, nó go n-éagfaidh sé,

ansin, mura bhfuil a mhalairt sainráite sa chomhaontú, féadfaidh an páirtí a cheap an t-eadránaí a dhiúltós amhlaidh gníomhú, nó a bheas éagumasach amhlaidh ar ghníomhú nó a éagfas, eadránaí nua a cheapadh ina ionad.

(2) (a) Más rud é—

(i) go bhforálann comhaontú eadrána gur ag beirt eadránaí, a gceapfaidh gach aon pháirtí duine acu, a bheas an eadráin le déanamh, agus

(ii) ar easaontas a chur chun eadrána den tsórt sin, go mainneoidh páirtí amháin eadránaí a cheapadh, mar eadránaí bunaidh nó mar eadránaí ionaid faoi fho-alt (1) den alt seo, go ceann seacht lá glan tar éis don pháirtí eile, ar é do cheapadh a eadránaí, fógra a sheirbheáil ar an bpáirtí a rinne an mhainneachtaint á iarraidh air an ceapachán a dhéanamh,

ansin, mura bhfuil a mhalairt sainráite sa chomhaontú, féadfaidh an páirtí a bhfuil eadránaí ceaptha aige an t-eadránaí sin a cheapadh chun gníomhú mar eadránaí aonair san eadráin agus beidh a dhámhachtain sin ina ceangal ar an dá pháirtí amhail is dá mba d'aon-toil a ceapadh é.

(b) Féadfaidh an Chúirt aon cheapachán faoi mhír (a) den fho-alt seo a chur ar ceal.

Moltóirí.

16. —(1) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, más ag beirt eadránaí atá an eadráin le déanamh, foráil a bheith ann go gceapfaidh an bheirt eadránaí moltóir go díreach tar éis iad féin a bheith ceaptha.

(2) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann, má sheachadann na headránaithe d'aon pháirtí sa chomhaontú eadrána, nó don mholtóir, fógra i scríbhinn á rá nach féidir leo aontú le chéile, go bhféadfaidh an moltóir láithreach ionad na n-eadránaithe a ghlacadh san eadráin, ach ní forléireofar aon ní sa bhfo-alt seo mar ní a choiscfeas ar an moltóir suí i dteannta na n-eadránaithe agus an fhianaise d'éisteacht.

(3) Aon tráth tar éis moltóir a cheapadh, pé slí ina gceapfar é, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas aon pháirtí san eadráin agus d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin sa chomhaontú eadrána, a ordú go nglacfaidh an moltóir ionad na n-eadránaithe san eadráin agus sin amhail is dá mba eadránaí aonair é.

Comhaontuithe chun triúr eadránaí a bheith ann.

17. —(1) Má fhorálann comhaontú eadrána gur ag triúr eadránaí a bheas an eadráin le déanamh, a gceapfaidh gach aon pháirtí duine acu agus a mbeidh an tríú duine le ceapadh ag an mbeirt a cheap na páirtithe, beidh éifeacht ag an gcomhaontú, amhail is dá bhforáladh sé gur moltóir, agus nach é an tríú eadránaí, a bhí le ceapadh ag an mbeirt eadránaí a cheap na páirtithe.

(2) Má fhorálann comhaontú eadrána gur ag triúr eadránaí, a ceapfar ar shlí seachas mar luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, a bheas an eadráin le déanamh, beidh dámhachtain aon bheirte de na headránaithe ina dámhachtain cheangailteach.

Cumhacht ag an gCúirt i gcásanna áirithe eadránaí nó moltóir a cheapadh.

18. —In aon chás acu seo a leanas—

(a) más rud é—

(i) go bhforálann comhaontú eadrána gur ag eadránaí aonair a bheas an eadráin le déanamh, agus

(ii) nach mbeidh na páirtithe go léir, tar éis easaontais d'éirí, ar comhthoil lena chéile faoi cheapadh eadránaí;

(b) más rud é—

(i) go ndiúltóidh eadránaí a bheas ceaptha gníomhú nó go mbeidh sé éagumasach ar ghníomhú nó go n-éagfaidh sé, agus

(ii) nach léir as an gcomhaontú eadrána go rabhthas ar intinn an folúntas d'fhágaint gan líonadh, agus

(iii) nach líonfaidh na páirtithe an folúntas;

(c) más rud é go mbeidh de chead ag na páirtithe nó ag beirt eadránaí moltóir nó an tríú eadránaí a cheapadh agus nach gceapfaid é;

(d) más rud é go mbeidh ceangailte ar bheirt eadránaí moltóir a cheapadh agus nach gceapfaid é;

(e) más rud é—

(i) go ndiúltóidh moltóir a bheas ceaptha, nó an tríú eadránaí a bheas ceaptha, gníomhú, nó go mbeidh sé éagumasach ar ghníomhú nó go n-éagfaidh sé, agus

(ii) nach léir as an gcomhaontú eadrána go rabhthas ar intinn an folúntas d'fhágaint gan líonadh, agus

(iii) nach líonfaidh na páirtithe nó na headránaithe an folúntas,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(1) féadfaidh aon pháirtí fógra scríofa a sheirbheáil ar na páirtithe eile nó ar na headránaithe, do réir mar bheas, chun eadránaí, moltóir nó an tríú eadránaí a cheapadh nó, do réir mar bheas, chun comhthoiliú faoi cheapadh eadránaí, moltóra nó an tríú eadránaí,

(2) Mura ndéantar an ceapachán laistigh de sheacht lá glan tar éis an fógra a sheirbheáil, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an pháirtí a thug an fógra, eadránaí, moltóir nó an tríú eadránaí a cheapadh, a mbeidh na cumhachta céanna aige chun gníomhú san eadráin agus dámhachtain a dhéanamh a bheadh aige dá mba le comhthoiliú na bpáirtithe uile a ceapadh é.

Finnéithe, Urrús i leith Costas, Follasú Doiciméad, etc.

Cumhachta oadránaithe agus moltóirí maidir le finnéithe.

19. —(1) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann go raghaidh na páirtithe san eadráin, agus gach duine a bheas ag éileamh tríothu faoi seach, faoi cheistiú, faoi réir aon agóide dlíthiúla, ag an eadránaí nó ag an moltóir, faoi mhionn nó faoi dhearbhasc, maidir leis na nithe a bheas faoi dhíospóid, agus go ndéanfaid, faoi réir aon agóide dlíthiúla, gach doiciméad (seachas doiciméid nárbh fhéidir a chur faoi deara iad a thabhairt ar aird ar chaingean a bheith á thriail a bheas ina seilbh nó faoina n-urláimh faoi seach, agus a héileofar nó a hiarrfar, a thabhairt ar aird os comhair an eadránaí nó an mholtóra, agus go ndéanfaid gach ní eile a cheanglós an t-eadránaí nó an moltóir orthu le linn na n-imeacht san eadráin.

(2) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann gur faoi mhionn nó faoi dhearbhasc a ceisteofar na finnéithe san eadráin más cuí leis an eadránaí nó leis an moltóir é.

(3) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, beidh de chumhacht ag eadránaí nó moltóir na páirtithe agus na finnéithe in eadráin faoin gcomhaontú a chur faoi mhionn nó dearbhasc a ghlacadh uathu.

Cumhacht ag páirtithe in eadráin a ordú d'fhinnéithe freastal dhéanamh.

20. —Féadfaidh aon pháirtí in eadráin faoi chomhaontú eadrána agra a dhéanamh i leith orduithe faoi ghné eascaire subpoena ad testificandum nó eascaire subpoena duces tecum, ach ní cuirfear faoi deara d'aon duine faoi aon ordú den tsórt sin aon doiciméad a thabhairt ar aird nach bhféadfaí a chur faoi deara dhó é a thabhairt aird ar chaingean a bheith á thriail.

Cumhacht ag an gCúirt a ordú do phríosúnach freastal mar fhinné.

21. —Féadfaidh an chúirt a ordú go n-eiseofar ordú faoi ghné eascaire habeas corpus ad testificandum chun príosúnach a thabhairt i láthair lena cheistiú os comhair eadránaí nó moltóra.

Orduithe ag an gCúirt maidir le hurrús i leith costas, follasú doiciméad, etc.

22. —(1) Beidh ag an gCúirt, chun críche agus i leith eadrána, cumhacht chun orduithe a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) urrús i leith costas;

(b) doiciméid agus agarcheisteanna d'fhollasú agus d'iniúchadh;

(c) fianaise a thabhairt trí mhionnscríbhinn;

(d) aon fhinné a cheistiú faoi mhionn os comhair oifigigh don Chúirt nó os comhair aon duine eile, agus coimisiún nó iarratas d'eisiúint chun finné a cheistiú lasmuigh den dlínse;

(e) aon earraí is ábhar don eadráin a chaomhaint, a choimeád ar feadh eatraimh nó a dhíol;

(f) urrús a thabhairt i leith an mhéid a bheas faoi dhíospóid san eadráin;

(g) aon mhaoin nó rud a choinneáil, a chaomhaint nó d'iniúchadh is ábhar don eadráin nó a bhféadfadh aon cheist a bheith ann ina thaobh san eadráin, agus údarás a thabhairt chun aon chríche acu sin adúradh d'aon daoine dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh a bheas i seilbh aon pháirtí san eadráin, nó údarás a thabhairt aon tsamplaí a thógaint, nó aon bhreathnadóireacht a dhéanamh nó aon turgnamh a thriail is gá nó is fóirstineach chun eolas nó fianaise iomlán d'fháil; agus

(h) urghairí eatramhacha nó ceapadh glacadóra,

amhail mar atá aici chun críche agus i leith caingin nó ábhair sa Chúirt.

(2) Ní measfar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo do dhéanamh dochair d'aon chumhacht a bheas dílsithe in eadránaí nó i moltóir chun orduithe a dhéanamh maidir le haon ábhar dá luaitear sa bhfo-alt sin.

Forála maidir le Dámhachtana.

An tráth chun dámhachtain a dhéanamh.

23. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) d'alt 36 den Acht seo agus faoi réir aon ní contrártha dhó sin sa chomhaontú eadrána, beidh de chumhacht ag eadránaí nó ag moltóir dámhachtain a dhéanamh aon tráth.

(2) Féadfar an tórainn, más aon tórainn é, a bheas leis an tréimhse chun dámhachtain a dhéanamh, pé acu faoin Acht seo nó ar shlí eile é, a chur siar ó am go ham le hordú ón gCúirt nó le comhaontú i scríbhinn idir na páirtithe, pé acu beifear nó nach mbeifear tar éis dul thar an tórainn sin.

Eadránaí nó moltóir a scor mura ndéana sé an eadráin le luas réasúnach.

24. —(1) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas aon pháirtí in eadráin, eadránaí nó moltóir a scor mura gcroma sé ar an eadráin, agus dul ar aghaidh leis an eadráin agus dámhachtain a dhéanamh, le luas réasúnach.

(2) Ní bheidh eadránaí ná moltóir a scoirfeas an Chúirt faoi fho-alt (1) den alt seo i dteideal aon luach saothair d'fháil i leith a sheirbhísí.

(3) Chun críocha an ailt seo folaíonn an abairt “dul ar aghaidh leis an eadráin”, mura féidir le beirt eadránaí comhaontú, fógra ina thaobh sin a thabhairt do na páirtithe agus don mholtóir.

Damhachtana eatramhacha.

25. —Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann go bhféadfaidh an t-eadránaí nó an moltóir, más cuí leis é, dámhachtain eatramhach a dhéanamh.

Sainchomhlíonadh.

26. —Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann go mbeidh ag an eadránaí nó ag an moltóir an chumhacht chéanna atá ag an gCúirt chun sainchomhlíonadh aon chonartha d'ordú nach conradh a bhaineas le talamh nó le haon leas i dtalamh.

Dámhachtana le bheith críochnaitheach.

27. —Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, measfar foráil a bheith ann go mbeidh an dámhachtain a dhéanfas an t-eadránaí nó an moltóir ina dámhachtain chríochnaitheach agus ina ceangal ar na páirtithe agus ar na daoine a bheas ag éileamh fúthu faoi seach.

Cumhacht chun tuathail a cheartu.

28. —Mura bhfuil a mhalairt sainráite sa chomhaontú eadrána, beidh de chumhacht ag an eadránaí nó ag an moltóir ceartú a dhéanamh i ndámhachtain ar aon dearmad nó earráid chléireachais a tháinig as aon tuathal nó easnamh a tharla de thionóise.

Costais, Táillí agus Us.

Costais eadrána agus dámhachtana a bheith do réir roghan an eadránaí nó an mholtóra.

29. —(1) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar foráil a bheith ann gur do réir roghan an eadránaí nó an mholtóra a bheas costais na headrána agus na dámhachtana agus go bhféadfaidh seisean a ordú cé leis a n-íocfar, cé hé a íocfas agus cad é an modh ar a n-íocfar na costais sin nó aon chuid díobh agus go bhféadfaidh sé, le toiliú na bpáirtithe, méid na gcostas a bheas le n-íoc amhlaidh nó aon choda díobh d'fhómhas nó a shocrú agus go bhféadfaidh costais a dhámhachtain a bheas le n-íoc amhail idir aturnae agus cliant.

(2) Má hordaítear le dámhachtain aon chostais d'íoc, ansin, mura ndéanfaidh an t-eadránaí nó an moltóir, le toiliú na bpáirtithe, méid na gcostas sin d'fhómhas nó a shocrú—

(a) is ag Máistir Fómhais a bheas na costais le fómhas agus le cinneadh,

(b) beidh feidhm maidir leis na costais a bheas le fómhas agus le cinneadh amhlaidh ag an nós imeachta chun fómhas d'fháil agus ag rialacha, rialacháin agus scálaí costas na Cúirte i leith fómhais agus i leith athbhreithnithe ar fhómhas amhail is dá mba bhreithiúnas nó ordú ón gCúirt an dámhachtain.

Forála áirithe maidir le costais i gcomhaontuithe eadrána a bheith ar neamhní.

30. —(1) Aon fhoráil a bheas i gcomhaontú eadrána á fhoráil go n-íocfaidh na páirtithe nó aon pháirtí sa chomhaontú sin i gcás ar bith a gcostas nó a chostas féin i leith na headrána nó aon choda dhi nó i leith na dámhachtana nó aon choda dhi, beidh sí ar neamhní, agus beidh éifeacht ag an gCuid seo i gcás comhaontuithe eadrána ina mbeidh aon fhoráil den tsórt sin amhail is nach mbeadh an fhoráil sin ann.

(2) Ní bhéarfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo go mbeidh aon fhoráil den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin neamhbhailí nuair is cuid í de chomhaontú chun díospóid a tharchur chun eadrána a tharla sara ndearnadh an comhaontú sin.

Iarratas chun an eadránaí nó an mholtóra ag iarraidh orduithe maidir le costais i gcás gan foráil ina leith a bheith sa dámhachtain.

31. —Mura ndéantar sa dámhachtain aon fhoráil maidir le costais na headrána, féadfaidh aon pháirtí san eadráin, laistigh de cheithre lá déag tar éis an dámhachtain d'fhoilsiú nó de pé tréimhse is sia ná sin a ordós an Chúirt, iarratas a dhéanamh chun an eadránaí nó an mholtóra ar ordú a ordós cé a íocfas agus cé leis a n-íocfar na costais sin, agus air sin déanfaidh an t-eadránaí nó an moltóir, tar éis dó éisteacht a thabhairt d'aon pháirtí ar mian leis éisteacht d'fháil, a dhámhachtain a leasú trí pé orduithe a chur léi is dóigh leis is cuí maidir le costais na headrána d'íoc.

Feidhm ailt 3 den Legal Practitioners (Ireland) Act, 1876, maidir le costais aturnaethe in eadrána.

32. —Beidh feidhm ag alt 3 den Legal Practitioners (Ireland) Act, 1876 (a thugas cumhacht do chúirt a mbeidh aon imeacht éistithe nó ar feitheamh os a comhair íoc costas aturnaethe a mhuirearú ar mhaoin a gnóthaíodh nó a caomhnadh san imeacht) amhail is dá mba imeacht sa Chúirt a bheadh in eadráin, agus féadfaidh an Chúirt dearbhuithe agus orduithe a dhéanamh dá réir sin.

Táille eadránaí nó moltóra d'fhómas.

33. —(1) Má tharlann in aon chás go ndiúltóidh eadránaí nó moltóir a dhámhachtain a thabhairt mura n-íoctar leis na táillí a éileos sé, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas d'fháil chuige sin, a ordú don eadránaí nó don mholtóir an dámhachtain a thabhairt don iarratasóir ar an iarratasóir d'íoc na dtáillí a héilíodh isteach sa Chúirt, agus a ordú freisin go ndéanfaidh Máistir Fómhais na táillí a héilíodh d'fhómhas agus go n-íocfar leis an eadránaí nó leis an moltóir mar tháillí, as an airgead a híocadh isteach sa Chúirt, pé suim a cinnfear a bheith réasúnach de thoradh an fhómhais agus go n-íocfar iarmhéid an airgid, má bhíonn ann, leis an iarratasóir.

(2) Féadfaidh aon pháirtí san eadráin iarratas chun críche an ailt seo a dhéanamh, mura rud é go mbeidh na táillí a héilíodh socruithe le comhaontú i scríbhinn idir an páirtí sin agus an t-eadránaí nó an moltóir.

(3) Féadfar fómhas táillí faoin alt seo d'athbhreithniú amhail mar féadtar fómhas costas d'athbhreithniú.

(4) Beidh an t-eadránaí nó an moltóir i dteideal láithriú agus éisteacht d'fháil le linn aon fhómhais nó aon athbhreithnithe ar fhómhas faoin alt seo.

Us ar dhámhachtana.

34. —Mura n-ordaítear a mhalairt sa dámhachtain, beidh ús le n-íoc, amhail ó dháta na dámhachtana, ar shuim a hordófar d'íoc le dámhachtain, agus sin ar aon-ráta le fiach breithiúnais.

Cásanna Speisialta, Dámhachtana a Tharchur agus a chur ar ceal, Eadránaí nó Moltóir a Scor agus Faoiseamh a thabhairt i gcás gan Eadránaí a bheith neamhchlaon nó i gcás Ceisteanna Calaoise a bheith ann.

Sonrú cáis ag eadránaí nó ag moltóir.

35. —(1) Féadfaidh eadránaí nó moltóir, agus déanfaidh sé má ordaíonn an Chúirt dó é,—

(a) aon cheist dlí a éireos i gcúrsa na headrána, nó

(b) aon dámhachtain nó aon chuid de dhámhachtain,

a shonrú i bhfoirm cháis speisialta le breith na Cúirte d'fháil air.

(2) Féadfar cás speisialta maidir le dámhachtain eatramhach nó le ceist dlí a éireos i gcúrsa eadrána a shonrú, nó féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar sin a shonrú, d'ainneoin imeachta faoin eadráin a bheith fós ar feitheamh.

Cumhacht na Cúirte chun dámhachtain a tharchur.

36. —(1) I ngach cás a cuirfear chun eadrána, féadfaidh an Chúirt ó am go ham na nithe, nó aon cheann de na nithe, a cuireadh chun eadrána a tharchur lena n-athbhreithniú ag an eadránaí nó ag an moltóir.

(2) I gcás dámhachtain a tharchur amhlaidh, déanfaidh an t-eadránaí nó an moltóir a dhámhachtain, mura n-ordaí an t-ordú a mhalairt, laistigh de thrí mhí i ndiaidh dáta an orduithe.

Cumhacht na Cúirte chun eadránaí nó moltóir a scor de dheasca mí-iompair.

37. —Má bhí eadránaí nó moltóir mí-iomparach nó má rinne sé mí-stiúradh ar na himeachta, féadfaidh an Chúirt é a scor.

Cumhacht na Cúirte chun dámhachtain a chur ar ceal de dheasca mí-iompair.

38. —(1) Más rud é—

(a) go raibh eadránaí nó moltóir mí-iomparach nó go ndearna sé mí-stiúradh ar na himeachta, nó

(b) go bhfuarthas eadráin nó dámhachtain go mícheart, féadfaidh an Chúirt an dámhachtain a chur ar ceal.

(2) Má déantar iarratas chun dámhachtain a chur ar ceal, féadfaidh an Chúirt a ordú aon airgead is iníoctha faoin dámhachtain a thabhairt isteach sa Chúirt nó urrús a thabhairt ina leith ar shlí eile go dtí go gcinnfear an t-iarratas.

Cumhacht na Cúirte chun faoiseamh a thabhairt i gcás gan an t-eadránaí a bheith neamhchlaon nó i gcás ceist chalaoise a bheith sa díospóid.

39. —(1) Más rud é—

(a) go bhforálann comhaontú idir aon pháirtithe go ndéanfar díospóidí a tharlós eatarthu feasta a chur chun eadránaí a hainmnítear nó a sonraítear sa chomhaontú, agus

(b) tar éis díospóid a tharlachtain, go ndéanfaidh aon pháirtí, ar an bhforas nach bhfuil nó go mb'fhéidir nach mbeadh an t-eadránaí a hainmnítear, nó a sonraítear amhlaidh neamhchlaon, cead d'iarraidh ar an gCúirt údarás an eadránaí a chúlghairm nó urghaire d'iarraidh uirthi chun aon pháirtí eile nó an t-eadránaí a shrianadh ó dhul ar aghaidh leis an eadráin,

ní foras chun an t-iarratas a dhiúltú gurbh eol, nó gur chóir gurbh eol, don pháirtí sin an tráth a rinne sé an comhaontú go mb'fhéidir nach mbeadh an t-eadránaí neamhchlaon toisc na bainte a bhí aige le haon pháirtí eile sa chomhaontú nó leis an ábhar a cuireadh chun eadrána.

(2) Más rud é—

(a) go bhforálann comhaontú idir aon pháirtithe go ndéanfar díospóidí a tharlós eatarthu feasta a chur chun eadrána, agus

(b) go mbeidh sé i gceist in aon díospóid a tharlós amhlaidh cé acu a bhí nó nach raibh aon pháirtí ciontach i gcalaois,

beidh ag an gCúirt, a mhéid is gá é chun go bhféadfaidh an Chúirt an cheist a chinneadh, cumhacht chun a ordú go scoirfidh an comhaontú d'éifeacht a bheith aige agus cumhacht chun cead a thabhairt údarás aon eadránaí nó moltóra a ceapadh leis an gcomhaontú nó dá bhuaidh a chúlghairm.

(3) In aon chás ina mbeidh de chumhacht ag an gCúirt, de bhuaidh an ailt seo, a ordú go scoirfidh aon chomhaontú eadrána d'éifeacht a bheith aige nó cead a thabhairt údarás aon eadránaí nó moltóra a chúlghairm, féadfaidh an Chúirt diúltú bac a chur ar aon chaingean a tionscnadh contrártha don chomhaontú.

Cumhacht na Cúirte i gcás eadránaí a scor nó údarás eadránaí a chúlghairm.

40. —(1) Má scoireann an Chúirt eadránaí (nach eadránaí aonair) nó beirt eadránaí nó níos mó (i gcás nach iad na headránaithe uile iad) nó moltóir nach bhfuil tar éis cromadh ar an eadráin, féadfaidh an Chúirt, ar aon pháirtí sa chomhaontú eadrána dá iarraidh sin, duine nó daoine a cheapadh chun gníomhú mar eadránaí nó mar eadránaithe nó mar mholtóir in ionad an duine nó na ndaoine a scoireadh amhlaidh.

(2) Más rud é—

(a) go gcúlghairmfear le cead na Cúirte údarás an eadránaí nó na n-eadránaithe nó an mholtóra, nó

(b) go scoirfidh an Chúirt eadránaí aonair nó na headránaithe uile nó moltóir atá tar éis cromadh ar an eadráin,

féadfaidh an Chúirt, ar aon pháirtí sa chomhaontú eadrána dá iarraidh sin,—

(i) duine a cheapadh chun gníomhú mar eadránaí aonair in ionad an duine nó na ndaoine a scoireadh, nó

(ii) a ordú go scoirfidh an comhaontú eadrána d'éifeacht a bheith aige maidir leis an díospóid a cuireadh chun eadrána.

(3) Beidh ag duine a cheapfas an Chúirt faoin alt seo mar eadránaí nó moltóir an chumhacht chéanna chun gníomhú san eadráin agus chun dámhachtain a dhéanamh a bheadh aige dá mba do réir téarmaí an chomhaontuithe eadrána a ceapfaí é.

(4) I gcás ina bhforáltar (pé acu le foráil i gcomhaontú eadrána nó eile é) dámhachtain faoi chomhaontú eadrána a bheith ina réamhchoinníoll chun caingean a thionscnamh maidir le haon ní lena mbaineann an comhaontú, féadfaidh an Chúirt, má ordaíonn sí (faoin alt seo nó faoi aon achtachán eile) go scoirfidh an comhaontú d'éifeacht a bheith aige maidir le haon díospóid áirithe, a ordú ina theannta sin go scoirfidh an fhoráil i dtaobh dámhachtain a bheith ina réamhchoinníoll chun caingean a thionscnamh d'éifeacht a bheith aici maidir leis an díospóid sin.

Dámhachtain a Chur i bhFeidhm.

Dámhachtain a chur i bhfeidhm.

41. —Féadfar le cead na Cúirte dámhachtain de bhun comhaontuithe eadrána a chur i bhfeidhm amhail mar cuirfí breithiúnas nó ordú sa chéill chéanna i bhfeidhm agus, má tugtar an cead sin, féadfar breithiúnas a thaifeadadh do réir téarmaí na dámhachtana.

Tórainn leis an Tréimhse chun Imeachta Eadrána a Thionscnamh.

Feidhm reacht na dtréimhsí maidir le headráin faoi chomhaontuithe eadrána.

42. —Beidh feidhm maidir le headráin faoi chomhaontú eadrána ag reachta na dtréimhsí amhail mar atá feidhm acu maidir le caingin sa Chúirt.

Ceart caingin maidir le nithe is gá do réir comhaontuithe eadrána a chur chun eadrána d'fhaibhriú, chun críocha reacht na dtréimhsí, i gcás ina bhforáltar sa chomhaontú eadráin a bheith ina réamhchoinníoll chun caingean a thionscnamh.

43. —D'ainneoin aon téarma i gcomhaontú eadrána darb éifeacht nach bhfaibhreoidh aon chúis chaingin maidir le haon ní is gá do réir an chomhaontuithe a chur chun eadrána go dtí go ndéanfar dámhachtain faoin gcomhaontú, measfar chun críocha reacht na dtréimhsí (pé acu ina bhfeidhm maidir le headrána nó le himeachta eile é) cúis chaingin d'fhaibhriú maidir le haon ní den tsórt sin an tráth d'fhaibhreodh sí mura mbeadh an téarma sin sa chomhaontú.

Cumhacht na Cúirte chun tórainn na tréimhse a chur siar má chuireann sí dámhachtain ar ceal nó má ordaíonn sí go scoirfidh eadráin d'éifeacht a bheith aici.

44. —Má ordaíonn an Chúirt dámhachtain a chur ar ceal nó má ordaíonn sí, tar éis eadráin a thosnú, go scoirfidh an eadráin d'éifeacht a bheith aici maidir leis an díospóid a cuireadh chun eadrána, féadfaidh an Chúirt a ordú ina theannta sin go bhfágfar an tréimhse idir tosnú na headrána agus dáta an orduithe ón gCúirt gan áireamh nuair a beifear ag ríomh na tréimhse a hordaítear le reachta na dtréimhsí chun na himeachta (ar a n-áirítear eadráin) maidir leis an díospóid a cuireadh chun eadrána a thionscnamh.

Cumhacht na Cúirte chun cur leis an tréimhse le haghaidh imeachta eadrána a thionscnamh má foráltar sa chomhaontú go ndéanfar éilimh d'urchosc mura dtionscantar na himeachta laistigh de thréimhse shonraithe.

45. —Más rud é—

(a) go bhforálann téarmaí comhaontuithe chun díospóidí a tharlós feasta a chur chun eadrána go mbeidh aon éilimh lena mbaineann an comhaontú urchoiscthe mura dtugtar fógra chun eadránaí a cheapadh nó mura gceaptar eadránaí nó mura ndéantar beart éigin eile chun imeachta eadrána a thionscnamh laistigh de thréimhse a bheas socraithe leis an gcomhaontú, agus

(b) go dtarlóidh díospóid lena mbaineann an comhaontú,

féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi go dtiocfadh, in imthosca an cháis, cruatan neamhchuí mura ndéanadh sí é, pé méid aimsire is cuí léi a chur, ar pé téarmaí, más aon téarmaí é, is gá do réir ceartas an cháis, ach gan dochar d'alt 42 den Acht seo, leis an tréimhse a socraíodh amhlaidh, agus sin d'ainneoin an tréimhse sin a bheith caite.

Leathnú ar alt 496 den Merchant Shipping Act, 1894.

46. —I bhfo-alt (3) d'alt 496 den Merchant Shipping Act, 1894 (ar gá dá réir suim a thaisc únaer earraí le sealbhóir calaidh d'aisíoc mura dtionscna an long-únaer imeachta dlí) forléireofar na tagairtí d'imeachta dlí mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'eadráin.

Téarmaí Orduithe.

Téarmaí orduithe.

47. —(1) Féadfar aon ordú a dhéanfas cúirt faoin gCuid seo a dhéanamh ar pé téarmaí maidir le costais nó eile is dóigh leis an gCúirt sin a bheith cóir.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le hordú a déanfar faoi fho-alt (2) d'alt 12 den Acht seo.