An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Dámhachtana Coigríche Airithe a Chur i bhFeidhm.) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. An Coinbhinsiún um Dhámhachtanna Eadrána Coigríche a chur i bhfeidhm a rinneadh sa Ghinéibh an 26ú lá de Mheán Fómhair, 1927.)

26 1954

AN tACHT EADRÁNA, 1954

AN CHEAD SCEIDEAL.

An Prótacal um Chlásail Eadrána a hOsclaíodh sa Ghinéibh an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1923.

Ailt 2(1) 12 (2) agus 54 .

1. Aithníonn gach ceann de na Stáit Chonarthacha bailíocht chomhaontuithe pé acu le heasaontais atá ann nó a bheas ann a bhaineas sé idir páirtithe a bheas faoi seach faoi dhlínse Stát Conarthacha éagsúla trína gcomhaontaíonn na páirtithe i gconradh gach easaontas nó aon easaontas a tharchur chun eadrána a tharlós i ndáil leis an gconradh sin agus a bhainfeas le cúrsaí tráchtála nó le haon ní eile is féidir a shocrú trí eadráin, pé acu i dtír nach bhfuil aon cheann de na páirtithe faoina dlínse nó nach ea atá an eadráin le déanamh.

Forcoimeádann gach ceann de na Stáit chonarthacha aige féin an ceart chun an oblagáid a luaitear thuas a thórannú ionas nach mbainfidh sí ach le conartha a meastar a bheith ina gconartha tráchtála faoina dhlí náisiúnta féin. Bhéarfaidh aon Stát Conarthach a bhainfeas leas as an gceart sin fógra d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún, i dtreo go gcuirfear sin in iúl do na Stáit Chonarthacha eile.

2. Is do réir mar thoileos na páirtithe, agus do réir dlí na tíre arb ina críoch a déanfar an eadráin, a bheas an nós imeachta i gcás eadrána, lena n-áirítear comhdhéanamh an bhinse eadrána.

Comhaontaíonn na Stáit Chonarthacha gach beart nósa imeachta d'éascú is gá a dhéanamh ina gcríocha féin, do réir na bhforál dá ndlí féin a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána a bhaineas le heasaontais atá ann.

3. Geallann gach Stát Conarthach go gcinnteoidh sé go bhfeidhmeoidh a údaráis do réir forál a dhlithe náisiúnta féin dámhachtana eadrána a déanfar ina chríoch féin faoi na hairteagail roimhe seo.

4. Ar dhíospóid a theacht faoina mbráid i dtaobh conartha a rinneadh idir daoine lena mbaineann Airteagal 1 agus ina bhfuil comhaontú eadrána, pé acu le heasaontais atá nó a bheas ann a bhaineas sé, ar comhaontú bailí é de bhuaidh an airteagail sin agus ar féidir é a chur in éifeacht, déanfaidh binsí na bPáirtithe Conarthacha díospóid na bpáirtithe, ar cheachtar acu dá iarraidh sin, a chur faoi bhreith na n-eadránaithe.

Ní dhéanfaidh sin dochar d'inniúlacht na mbinsí breithiúnais i gcás nach féidir dul ar aghaidh leis an gcomhaontú nó leis an eadráin nó i gcás iad a dhul ó fheidhm.

5. Déanfar daingniú ar an bPrótacal seo, a bheas ar oscailt lena shíniú ag gach Stát. Taiscfear na daingniúcháin a luaithe is féidir le hArd-Rúnaí Chumann na Náisiún, agus cuirfidh seisean an taisceadh sin in iúl do na Stát-Shíniúirí go léir.

6. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm a luaithe a taiscfear dhá dhaingniúchán. Ina dhiaidh sin beidh éifeacht aige, i gcás gach Stáit Chonarthaigh, mí tar éis don Ard-Rúnaí taisceadh daingniúcháin an Stáit sin a chur in iúl.

7. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Prótacal seo a shéanadh ar fhógra bliana a thabhairt. Is amhlaidh a déanfar an séanadh trí fhógra a seolfar chun Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún, agus cuirfidh seisean láithreach cóipeanna den fhógra sin go dtí na Stát-Shíniúirí eile go léir agus inseoidh dóibh an dáta a fuarthas é. Beidh éifeacht ag an séanadh bliain tar éis an dáta a tugadh fógra ina thaobh don Ard-Rúnaí agus ní oibreoidh sé ach amháin maidir leis an Stát a thug an fógra.

8. Féadfaidh na Stáit Chonarthacha a dhearbhú nach dtugann glacadh an Phrótacail seo acu na críocha thíosluaite nó aon cheann áirithe acu faoina réim: is é sin le rá, a gcóilíneachtaí, a sealúchais nó a gcríocha thar lear, a gcoimircis nó na críocha atá faoi mhandáid acu.

Ina dhiaidh sin féadfaidh na Stáit sin glacadh ar leithligh leis an bPrótacal seo thar ceann aon chríche a heisceadh amhlaidh. Cuirfear an glacadh sin in iúl d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún a luaithe is féidir. Cuirfidh seisean an glacadh sin in iúl do gach Stát-Shíniúir. Beidh éifeacht ag an nglacadh sin mí tar éis don Ard-Rúnaí é a chur in iúl do gach Stát-Shíniúir.

Féadfaidh na Stáit Chonarthacha freisin séanadh ar leithligh a dhéanamh ar an bPrótacal thar ceann aon chríche dá dtagartar thuas. Baineann Airteagal 7 le séanadh den tsórt sin.

Cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe den Phrótacal seo go dtí gach Stát Conarthach.