Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

31 1954


Uimhir 31 de 1954.


ACHT NA MÍNGEACHA MILLTEACHA AGUS NA LOITMHÍOLA, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT RÉIME D'ACHTA NA bhFEATHAID AGUS NA bPIAST LOITBHEARTACHA, 1877 GO 1929, MAIDIR LE GNÍOMHAIRÍ CHUN COSC BITHEOLAÍOCHTA A CHUR LE LOITMHÍOLA PLANDAÍ AGUS D'ATHGHAIRM ACHTACHÁN ÁIRITHE. [9ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

“Na hAchta”.

1. —San Acht seo ciallaíonn “na hAchta” Achta na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929.

Réim a thabhairt do na hAchta maidir le gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí.

2. —Nuair a húsáidtear sna hAchta “insect” nó “feathaid” (is ionann agus “míng” san Acht seo), ansin, i dteannta na mbríonna a bheirtear dó leis na hAchta, folóidh sé gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, eadhon, seadáin, orgnóirí agus mion-orgánachtaí, ar gach céim nó staid forbartha, a húsáidtear chun cosc a chur le míngeacha, do réir bhrí na nAcht.

Alt 7 d'Acht na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1929 , a leasú.

3. —In alt 7 (a bhaineas le costais) d'Acht na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1929 (Uimh. 7 de 1929) , forléireofar na tagairtí don Acht sin mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

Athghairm.

4. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus lua.

5. —(1) Féadfar Acht na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola, 1877 go 1954, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.