38 1954


Uimhir 38 de 1954.


AN tACHT IASACHT TRÁDÁLA (RÁTHAÍOCHT) (LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT IASACHT TRÁDÁLA (RÁTHAÍOCHT), 1939 GO 1953. [22ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “An tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Ias acht Trádála (Urraíocht), 1939 (Uimh. 5 de 1939) ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Ias acht Trádála (Ráthaíocht) (Leasú), 1953 (Uimh. 2 de 1953) .

Leasú ar fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht (a chuireas, arna leasú le halt 2 d'Acht 1953, tórainn mhilliúin agus cúig céad míle punt le méid caipitiúil iomlán na n-iasacht a deonfar nó a ráthófar) trí “dhá mhilliún agus cúig céad míle punt” a chur in ionad “milliún agus cúig céad míle punt”.

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht 1953.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Iasacht Trádála (Ráthaíocht) (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Iasacht Trádála (Ráthaíocht), 1939 go 1954, a ghairm de na hAchta Iasacht Trádála (Ráthaíocht), 1939 go 1953, agus den Acht seo le chéile.

Uimh.

Gearr-Theideal

Teideal

Leathanach

1

(Príobháideach)

Acht Ospidéil Sir Patrick Dun, 1954 .

Acht do chur torann le dliteanas pearsanta comhaltai bhord rialtóirí Ospidéil Sir Patrick Dun agus do dhéanamh socruithe i dtaobh nithe áirithe eile a bhaineas leis sin.