An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1955) Ar Aghaidh (CUID II. Bord Fáilte Éireann.)

5 1955

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1955

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1955, a ghairm de na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1952, agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Forléiriú.

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 (Uimh. 15 de 1952) ;

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

(2) Forléireofar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1952, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

Athghairm.

4. —(1) Athghairmtear leis seo na forála seo a leanas d'Acht 1952—ailt 4, 10, Cuid V agus an Sceideal.

(2) Ní dhéanfaidh athghairm an Sceidil difir do chearta aon duine faoi mhír 5 de (a bhaineas le haoisliúntas comhaltaí lánaimsire Fhógra Fáilte) nó faoi scéim arna déanamh faoin mír sin.