An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Comhairlí Áitiúla Formheasta i gContae-Bhuirgí.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

9 1955

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955

CUID VI

Ilghnéitheach.

Ailt 76 go 79 d'Acht 1946 a leasú.

53. —(1) Leasaítear leis seo alt 76 d'Acht 1946 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

“(11) (a) Féadfaidh comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile a chur faoi deara liosta de na rátaíocóirí sa cheantar uirbeach nó sa bhaile d'ullmhú agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle nó ag na coimisinéirí, is liosta de na ráta-iocóirí sa cheantar nó sa bhaile sin chun críocha an ailt seo.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta glacadh faoin bhfo-alt seo le liosta ráta-íocóirí.”

(2) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1946 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (4):—

“(4)  (a) I gcás baile fearainn nó baile neamhbhardasach a bheith suite go hiomlán i gcontae áirithe, féadfaidh comhairle na contae a chur faoi deara liosta de na ráta-íocóirí sa bhaile fearainn nó sa bhaile neamhbhardasach d'ullmhú, agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle, is liosta de na rátaíocóirí sa bhaile fearainn nó sa bhaile neamhbhardasach sin chun críocha an ailt seo.

(b) I gcás gan ach cuid de bhaile fearainn nó de bhaile neamhbhardasach a bheith suite i gcontae áirithe, féadfaidh an chomhairle a chur faoi deara liosta de na ráta-íocóirí sa chuid den bhaile fearainn nó den bhaile neamhbhardasach atá suite sa chontae d'ullmhú, agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle, is liosta de na ráta-íocóirí sa chuid sin chun críocha an ailt seo.

(c) Is feidhm fhorcoimeádta glacadh faoin bhfo-alt seo le liosta ráta-íocóirí.”

(3) Leasaítear leis seo alt 78 d'Acht 1946 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (5):—

“(5)  (a) Féadfaidh an t-údarás iomchuí a chur faoi deara liosta de na ráta-íocóirí i sráid d'ullmhú, agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis far athruithe nó gan athruithe ag an údarás iomchuí, is liosta de na ráta-íocóirí sa tsráid chun críocha an ailt seo.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta glacadh faoin bhfo-alt seo le liosta ráta-íocóirí.

(6) San alt seo—

folaíonn an focal “sráid” cuid de shráid agus freisin an t-iomlán nó cuid d'aon bhóthar, cearnóg, lána nó áit phoiblí eile,

ciallaíonn an abairt ‘údarás iomchuí’ —

(a) maidir le sráid atá suite go hiomlán, nó le foirgneamh nó déanmhas eile atá suite, i gcontae, comhairle na contae,

(b) maidir le sráid atá suite go hiomlán, nó le foirgneamh nó déanmhas eile atá suite, i gcontaebhuirg nó i mbuirg eile, bardas na buirge,

(c) maidir le sráid atá suite go hiomlán, nó le foirgneamh nó déanmhas eile atá suite, i gceantar uirbeach, comhairle an cheantair uirbigh,

(d) maidir le sráid atá suite go hiomlán, nó le foirgneamh nó déanmhas eile atá suite, i mbaile, coimisinéirí an bhaile, agus

(e) maidir le haon tsráid eile, an dá údarás áitiúil díobh sin is iomchuí ag gníomhú i gcomhar.”

(4) In ailt 76 go 79 d'Acht 1946 (lena n-áirítear na fo-ailt a chuireas na fo-ailt roimhe seo den alt seo leis na hailt sin), i gcás tí chónaithe bhig do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , nach é an t-únaer do réir bhrí an Achta sin an t-áititheoir freisin, ciallóidh “rátaíocóir” an t-áititheoir agus ní chiallóidh sé an t-únaer.

Deontais ó chomhairle chontae chun go bhféadfaidh comhairle áitiúil fhormheasta, foirgneamh a chur ar fáil.

54. —(1) Leasaítear leis seo alt 73 d'Acht 1941 trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—

“(4) Féadfaidh an chomhairle chontae—

(a) deontas a thabhairt do chomhairle áitiúil fhormheasta a chabhródh leis an gcomhairle áitiúil chun foirgneamh a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe, poiblí nó eile, agus le haghaidh léachtaí, taispcántas, caitheamh aimsire i gcoitinne nó cuspóirí comhdhaonnacha eile dá samhail sin, agus

(b) mar choinníoll a bhainfeas leis an deontas a thabhairt, a cheangal ar an gcomhairle áitiúil pé comhaontuithe a dhéanamh leis an gcomhairle chontae (lena n-áirítear comhaontuithe i dtaobh úsáid agus diúscairt an fhoirgnimh) is cuí leis an gcomhairle chontae.

(5) Féadfaidh comhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt seo a fhoráil go n-aisíocfaidh an chomhairle áitiúil fhormheasta iomlán an deontais nó cuid den deontas (lena n-áirítear pé muirir (más ann) a ghearrfas an chomhairle chontae i leith an deontais) pé trátha agus i pé slí is cuí leis an gcomhairle chontae.

(6) Féadfaidh an chomhairle chontae, chun críocha an ailt seo, airgead d'fháil ar iasacht sa tslí chéanna ina bhféadfaid é d'fháil ar iasacht chun caiteachais d'íoc faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.

(7) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht don chomhairle chontae trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba é a bhí san iasacht sin iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1953, agus gur húdaraíodh í, le hAcht ón Oireachtas.”

(2) Is feidhmeanna forcoimeádta feidhmeanna comhairle contae faoi fho-alt (1), (2), (3) nó (4) d'alt 73 d'Acht 1941.

Ranníoc le comhlucht a chuirfeas saoráidí snámha ar fáil.

55. —(1) Baineann an t-alt seo le húdarás áitiúil is údarás sláintíochta chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil lena mbaineann an t-alt seo, le toiliú an Aire agus faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás sin, ranníoc a dhéanamh le cistí cumainn, club, coiste nó comhluchta eile a chuirfeas saoráidí snámha ar fáil nó a bheartós iad a chur ar fáil.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil lena mbaineann an t-alt seo airgead d'fháil ar iasacht d'fhonn ranníoc a dhéanamh faoin alt seo sa tslí chéanna ina bhféadfaid é d'fháil ar iasacht chun caiteachais d'íoc faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.

(4) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht d'údarás áitiúil trí cisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba é a bhí san iasacht sin iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1953, agus gur húdaraíodh í le hAcht ón Oireachtas.

(5) Is feidhm fhorcoimeádta ranníoca a dhéanamh faoin alt seo.

Maisiúchán.

56. —(1) Feadfaidh bardas buirge, seachas contae-bhuirg, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile, a údarú airgead a chaitheamh ar mhaisiú na buirge, an cheantair uirbigh nó an bhaile ar ócáidí gairdis phoiblí agus ar ócáidí oiriúnacha eile.

(2) Ní bheidh na caiteachais faoina raghaidh bardas buirge, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile faoin alt seo, in aon bhliain airgeadais áitiúil, níos mó ná an tsuim a shaothródh ráta trí pingne sa phunt ar luacháil inrátuithe na buirge, an cheantair uirbigh nó an bhaile.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta caiteachas d'údarú faoin alt seo.

Ranníoc le comhlucht a chuirfeas músaem ar fáil.

57. —(1) Féadfaidh comhairle chontae nó bardas contaebhuirge, le toiliú an Aire, ranníoc a dhéanamh le cistí cumainn, coiste nó comhluchta eile a chuirfeas músaem ar fáil nó a bheartós é a chur ar fáil chun sean-iarsmaí áitiúla a ghlacadh agus féadfaid cabhrú leis an gcumann, leis an gcoiste nó leis an gcomhlucht eile sin trí fhoirgneamh a chur ar fáil dóibh lena úsáid, trí throscán, trealamh oifige agus scríobh-ábhar a sholáthar dóibh nó trí luach saothair iomlán, nó cuid dá luach saothair, d'íoc le haon duine a bheas fostaithe maidir leis an músaem.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta ranníoca a dhéanamh nó cabhair a thabhairt faoin alt seo.

Táillí margaidh, etc., d'athrú.

58. —(1) I gcás tórainn a bheith curtha do réir reachta le méid aon chíosa, dolaidh, bothaíochta, táille nó muirir eile is féidir le húdarás áitiúil d'éileamh nó a thógaint maidir le margadh nó aonach, nó i leith úsáide, nó le haghaidh, seirbhísí a bheas curtha ar fáil trí abatóir nó seamlas, forléireofar an tagairt sa reacht don tórainn sin mar thagairt a fholaíos tagairt do pé tórainn difriúil a chuirfeas an t-údarás áitiúil ina hionad ó am go ham le toiliú an Aire Thalmhaíochta (arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire) i gcás abatóra nó seamlais agus, in aon chás eile, le toiliú an Aire (arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta).

(2) Is feidhm fhorcoimeádta tórainn a chur in ionad tórann eile faoin alt seo.

Feidhmiú nó comhlíonadh cumhachta feidhme nó dualgais ag údarás áitiúil d'údarás áitiúil eile nó do chomhlucht reachtúil eile.

59. —(1) Más rud é—

(a) gur dóigh le húdarás áitiúil, i gcás aon chumhachta, feidhme nó dualgais is féidir leo d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, go mba chaothúla gur údarás áitiúil eile d'fheidhmeodh nó a chomhlíonfadh an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas sin, go ginearálta nó i gcás áirithe, agus

(b) go bhfuil an t-údarás áitiúil eile i gcumas agus toilteanach an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh amhlaidh.

féadfaidh na húdaráis comhaontú a dhéanamh go bhfeidhmeoidh nó go gcomhlíonfaidh an t-údarás áitiúil eile amhlaidh an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas thar ceann an údaráis chéadluaite agus air sin beidh sé infheidhmithe nó inchomhlíonta amhlaidh ag an údarás eile.

(2) Más rud é—

(a) gur dóigh le comhlucht, is comhlucht a bunaíodh le reacht agus nach údarás áitiúil, gur cheart, i gcás aon chumhachta, feidhme nó dualgais is féidir leo d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, gur údarás áitiúil d'fheidhmeodh nó a chomhlíonfadh an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas sin, go ginearálta nó i gcás áirithe, agus

(b) go bhfuil an t-údarás áitiúil i gcumas agus toilteanach an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh amhlaidh,

féadfaidh an comhlucht agus an t-údarás áitiúil comhaontú a dhéanamh go bhfeidhmeoidh agus go gcomhlíonfaidh an t-údarás áitiúil an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas amhlaidh thar ceann an chomhluchta, agus air sin beidh sé infheidhmithe nó inchomhlíonta amhlaidh ag an údarás áitiúil.

(3) Ní dochar an t-alt seo d'alt 47 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 ), agus ní déanfar comhaontú faoin alt seo i gcás ina bhféadfaí comhshocraíocht a dhéanamh faoin alt sin 47.

(4) Is feidhm fhorcoimeádta comhaontú a dhéanamh faoin alt seo.

Coistí comhairleacha.

60. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil pé coistí, agus pé méid coistí, a cheapadh is oiriúnach leo chun aon nithe a bhreithniú a bhainfeas le feidhmeanna an údaráis áitiúil (lasmuigh de nithe dá dtagartar i bhfo-alt (4) d'alt 22 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 ( Uimh. 2 de 1930 ), nó i bhfo-alt (1) d'alt 48 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 ) ), agus an t-údarás áitiúil a chomhairliú sna nithe sin.

(2) Beidh triúr comhaltaí ar a laghad ar choiste faoin alt seo agus féadfaidh an coiste bheith comhdhéanta go hiomlán de chomhaltaí den údarás áitiúil a cheap iad, nó go páirteach de na comhaltaí sin agus go páirteach de dhaoine eile.

Rialacháin maidir le cruinnithe, etc.

61. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh maidir le gach údarás áitiúil nó le haon údarás áitiúla i leith gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) cruinnithe a ghairm agus a thionól,

(b) nós imeachta,

(c) conartha a dhéanamh,

(d) cuntais,

(e) iniúchadh cuntas,

(f) nithe a ghabhas nó a bhaineas le haon nithe acu sin roimhe seo.

(2) O thosach feidhme rialachán faoin alt seo agus dá éis sin, beidh na nithe ar ina leith a rinneadh na rialacháin, i gcás aon údaráis áitiúil a bheas i gceist, faoi réim forál na rialachán, agus scoirfidh aon fhorála roimhe sin, pé acu le reacht nó faoi reacht a rinneadh iad, a mbeidh feidhm acu maidir leis an údarás sin, agus a bhainfeas leis na nithe sin, d'éifeacht a bheith acu i gcás an údaráis sin.

(3) Ní déanfar rialacháin faoin alt seo a bhainfeas—

(a) le húdaráis ospidéal meabhair-ghalar do réir bhrí an Achta Chóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ),

(b) le comhbhoird a bunaíodh le hordú faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 ), ná

(c) le coistí comhairleacha sláinte a ceapadh faoi alt 48 den Acht Sláinte, 1953 , nó faoi rialacháin a rinneadh faoin alt sin,

ach amháin le toiliú an Aire Shláinte.

(4) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Buan-Orduithe chun imeachta a rialú.

62. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil buan-orduithe a dhéanamh chun a n-imeachta a rialú seachas imeachta a bhfuil foráil déanta dá rialú le reacht nó faoi reacht (lena n-áirítear an tAcht seo), agus féadfaid na buan-orduithe sin a leasú nó a chúlghairm.

(2) Aon bhuan-orduithe a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, fanfaid i bhfeidhm d'ainneoin an tAcht seo d'athghairm na gcumhacht faoina ndearnadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le buan-orduithe faoin alt seo.

Bainisteoir do láithriú ar leithligh ag fiosrúchán áitiúil.

63. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 90 d'Acht 1946:

(a) trí “féadfaidh an bainisteoir don údarás áitiúil, le toiliú an Aire, láithriú ar leithligh ag an bhfiosrúchán agus féadfaidh láithriú amhlaidh go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú go bhféadfaidh an bainisteoir don údarás áitiúil láithriú ar leithligh ag an bhfiosrúchán”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):

“(2) I gcás an bainisteoir d'údarás áitiúil do láithriú ar leithligh ag fiosrúchán áitiúil de bhun fo-ailt (1) den alt seo, is feidhm fhorcoimeádta fostú agus teagasc an abhcóide nó an aturnae a láithreos ag an bhfiosrúchán thar ceann an údaráis áitiúil.”

Ranníoc i leith costas agus caiteachas maidir le fiosrúchán áitiúil.

64. —Leasaítear leis seo alt 91 d'Acht 1946 trí “nó má rinneadh é ar thionscnamh an Aire faoi aon Acht eile” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “Má rinneadh fiosrúchán áitiúil faoi alt 83 d'Acht 1941” agus trí “(lena n-áirítear na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh bainisteoir go réasúnach ag láithriú dhó ar leithligh de bhun fo-ailt (1) d'alt 90 den Acht seo)” a chur isteach sa bhfo-alt sin i ndiaidh “maidir leis an bhfiosrúchán”.

Coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach a chorprú.

65. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach:—

(a) tiocfaidh na coimisinéirí chun bheith agus beid chun gach críche ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthaineach faoin ainm “Coimisinéirí Baile..................” (agus ainm an bhaile a chur isteach);

(b) féadfaidh na coimisinéirí agra a dhéanamh agus féadfar agra a dhéanamh ina gcoinne faoina n-ainm corpraithe agus féadfaid talamh a shealbhú agus a dhiúiscairt chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas;

(c) beidh gnáthshéala ag na coimisinéirí ar a dtabharfar aird bhreithiúnach;

(d) an mhaoin uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, dílsithe i nduine ar bith nó á teachtadh ar iontaobhas aige chun críocha na gcoimisinéirí, tiocfaidh sí chun bheith, agus beidh sí, dílsithe sna coimisinéirí gan aon tíolacas ná sannadh;

(e) má déantar am ar bith ordú faoi alt 76 d'Acht 1946 ag athrú ainm an bhaile, beidh ainm na gcoimisinéirí arna athrú dá réir sin amhail ó dháta an orduithe sin a theacht i ngníomh.

Cúlghairm ar ordú a thoirmisceas teaghais sealadacha.

66. —(1) Féadfar ordú a rinne údarás sláintíochta faoi alt 31 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1948 ( Uimh. 3 de 1948 ), a chúlghairm—

(a) más ordú é a tháinig i bhfeidhm de bhun míre (a) d'fho-alt (8) den alt sin—trí ordú a dhéanfas an t-údarás le toiliú an Aire nó trí ordú a dhéanfas an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás, agus

(b) in aon chás eile—trí ordú a dhéanfas an t-údarás le toiliú an Aire.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta ordú a dhéanamh faoin alt seo ag údarás sláintíochta.

Costais taistil, etc.

67. —(1) Beidh éifeacht ag alt 80 d'Acht 1941 agus ag alt 67 d'Acht 1946, agus ag na hailt sin mar bheirtear feidhm dóibh le halt 8 den Acht Leabharlanna Poiblí, 1947 ( Uimh. 40 de 1947 ), faoi réir na leasuithe seo a leanas:—

(a) déanfar gach tagairt d'áit chónaithe oifigiúil dhuine d'fhorléiriú mar thagairt dá ghnáth-áit chónaithe,

(b) soriosfar fo-alt (6) den alt sin 80,

(c) cuirfear “míle” i bhfo-alt (7) den alt sin 67 in ionad “trí mhíle”,

(d) cuirfear na míreanna seo a leanas le fo-alt (7) den alt sin 67:

“Más rud é—

(i) go ndéanfaidh comhalta de chomhairle chontae nó de chomhbhord ospidéil mheabhair-ghalar cruinniú den chomhairle nó den bhord a fhreastal in áit is gaire ná cúig mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil agus go mbeidh air, mar gheall ar an bhfreastal sin, bheith as baile ar feadh trí huaire an chloig as a chéile ar a laghad, agus

(ii) go mbeidh rún ón gcomhairle nó ón mbord i bhfeidhm de thuras na huaire á chinneadh go bhfuil feidhm le bheith ag an mír seo maidir leis an gcomhairle nó leis an mbord,

íocfaidh an chomhairle nó an bord leis an gcomhalta maidir leis an gcruinniú liúntas uileghabhálach (nach mó ná suim a bheas sonraithe leis na rialacha ordaithe) i leith costas taistil agus cothuithe agus, i gcás ina mbeadh, lasmuigh den mhír seo, liúntas iníoctha faoin gcéad mhír den fho-alt seo, is liúntas in ionad an liúntais sin a bheas ann agus ní liúntas ina theannta.

Féadfar rún faoin dara mír den fho-alt seo a chúlghairm tráth ar bith le rún eile ón gcomhairlc nó ón mbord a bheas i gceist.

Is feidhm fhorcoimeádta rún a rith faoin dara mír nó faoin tríú mír den fho-alt seo.”

(2) Gach comhalta de chomhlucht lena mbaineann na hailt sin nó lena mbaineann na hailt sin mar bheirtear feidhm dóibh mar adúradh, déanfaidh sé, díreach tar éis dó teacht chun bheith ina chomhalta den tsórt sin, an seoladh ag a bhfuil gnáth-chónaí air a chur in iúl i scríbhinn don chomhlucht agus cuirfidh sé in iúl freisin aon athrú dá éis sin ar a sheoladh.

Tóranta ceantar cúnaimh phoiblí áirithe d'athrú.

68. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—

“(4) D'ainncoin aon fhorála eile den Acht seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Shláinte, tóranta Ceantair Chúnaimh Phoiblí Bhaile Atha Cliath, Ceantair Chúnaimh Phoiblí Ráth Dúin nó Ceantair Chúnaimh Phoiblí Bhaile an Ridire d'athrú, le hordú, agus déanfaidh an t-ordú pé athruithe iarmartacha is iomchuí leis an Aire ar thóranta aon cheantair cúnaimh phoiblí atá i dtadhall le haon cheann acu sin.

(5) Má bheartaíonn an tAire ordú a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo—

(a) bhéarfaidh sé ráiteas ar a thograí lena bhreithniú, i rith tréimhse a shonrós an tAire, ag comhairle chontae Bhaile Átha Cliath agus breithneoidh sé aon tuairimí a bhéarfas an chomhairle sin ar an ráiteas i rith na tréimhse sin, agus

(b) bhéarfaidh sé ráiteas ar a thograí lena bhreithniú, i rith tréimhse a shonrós an tAire, ag bardas Bhaile Atha Cliath agus breithneoidh sé aon tuairimí a bhéarfas an bardas sin ar an ráiteas i rith na tréimhse sin.”

(2) I gcás ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, is feidhm fhorcoimeádta tuairimí a thabhairt air.

Airgead a sholáthar d'údaráis chúnaimh phoiblí áirithe.

69. —Leasaítear leis seo alt 53 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , trí “nó comhdhéanta de chuid de chontae-bhuirg agus de chuid de chontae” a chur isteach i ndiaidh “Má bhíonn ceanntar conganta phuiblí có-dhéanta de chontae-bhuirg agus de chontae nó cuid de chontae”.