|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Sábháltacht (Forála Ginearálta).) |
AN tACHT MONARCHAN, 1955
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Sláinte (Forála Ginearálta). | |
[EN] |
Glaineacht. |
10. —(1) Coimeádfar gach monarcha i riocht ghlan agus saor ó bhréantas a thiocfadh ó aon tsilteán, áis sláintíochta nó núis agus, gan dochar don fhoráil sin roimhe seo— |
[EN] | (a) déanfar salachar, cosamar, dramh agus iarmhar ceirde a bhaint gach lá, ar mhodh oiriúnach, d'urláir agus de bhinsí seomraí oibre, agus de na staighrí agus na pasáistí, | |
[EN] | (b) déanfar urlár gach seomra oibre a ghlanadh uair amháin ar a laghad sa tseachtain trína ní, nó más éifeachtach agus más oiriúnach é, trína scuabadh nó ar chuma eile, | |
[EN] | (c) i gcás gach balla agus pairtín laistigh, agus gach síleáil nó barr seomra, agus gach balla, taobh agus barr pasáiste agus staighre— | |
[EN] | (i) más foraghaidh mhín neamhshúiteach atá orthu, déanfar, uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de cheithre mhí dhéag, iad a ní le huisce te agus gallúnach nó glantach oiriúnach eile, nó iad a ghlanadh ar pé cuma eile a cheadós cigire, | |
[EN] | (ii) má coimeádtar péinteáilte le híle-phéint nó má coimeádtar líomhnaithe iad, déanfar athphéinteáil nó athlíomhnadh orthu uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de sheacht mbliana agus, uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de cheithre mhí dhéag, iad a ní le huisce te agus gallúnach nó glantach oiriúnach eile, nó iad a ghlanadh ar pé cuma eile a cheadós cigire, | |
[EN] | (iii) i gcásanna eile coimeádfar aolnite nó dathnite iad agus déanfar an t-aolní nó an dath-ní uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de cheithre mhí dhéag. | |
[EN] | (2) Nuair a beifear, tráth a bheas obair ar siúl, ag comhlíonadh ceanglas míre (a) nó míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo, úsáidfear, a mhéid is féidir sin go réasúnach, modhanna nach n-ardóidh deannach. | |
[EN] | (3) Ach amháin in aon chás áirithe ina gceanglóidh an tAire a mhalairt, ní bheidh feidhm ag forála míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le haon mhonarcha nach n-úsáidtear cumhacht mheicniúil inti agus ar lú ná deichniúr an líon daoine a fostaítear inti. | |
[EN] | (4) Más dóigh leis an Aire, i gcás monarchan, nó coda de mhonarcha, d'aon chineál nó sórt, nach gá aon fhorála d'fho-alt (1) den alt seo chun an mhonarcha a choimeád i riocht ghlan nó, mar gheall ar imthosca speisialta, nach iomchuí nó nach leor iad chuige sin, féadfaidh sé, más oiriúnach leis é, le hordú a dhéanfas sé tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, a ordú nach mbeidh feidhm ag na forála sin maidir le monarchana, nó coda de mhonarchana, den aicme nó den tsórt sin, nó go mbeidh feidhm acu arna n-athrú leis an ordú. | |
[EN] |
Plódu. |
11. —(1) Ní bheidh monarcha, le linn obair a bheith ar siúl, chomh plódaithe sin gur baol dá dheasca díobháil a bhaint do shláinte na ndaoine a fostaítear inti. |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) den alt seo, measfar monarcha a bheith chomh plódaithe sin gur baol dá dheasca díobháil a bhaint do shláinte daoine a fostaítear inti má bhíonn an líon daoine a bheas ar fostú san aon-am in aon tseomra oibre chomh mór sin gur lú ná ceithre chéad troigh ciúbach an spás ciúbach in aghaidh gach duine a fostaítear sa tseomra. | |
[EN] | (3) Más deimhin leis an Aire, mar gheall ar na coinníollacha speisialta faoina bhfuil an obair ar siúl in aon tseomra oibre ina monaraítear nó ina láimhsítear ábhair phléascacha, nárbh iomchuí nó nár ghá feidhm a bheith ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis an seomra oibre, féadfaidh sé, le deimhniú, an seomra oibre d'eisceadh ón bhfo-alt sin, faoi réir aon choinníollacha a sonrófar sa deimhniú. | |
[EN] | (4) Maidir le haon tseomra a bheas á úsáid mar sheomra oibre ar dháta thosach feidhme an Achta seo, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo go ceann na tréimhse de thrí bliana i ndiaidh an dáta sin agus, má cuirtear ar fáil sa tseomra, roimh dheireadh na tréimhse sin, aerúchán meicniúil a bheas éifeachtach agus oiriúnach, beidh éifeacht aige, go ceann tréimhse breise de chúig bhliana, amhail is dá gcuirtí tagairt do dhá chéad go leith troigh chiúbach in ionad na tagairte do cheithre chéad troigh chiúbach atá sa bhfo-alt sin. | |
[EN] | (5) Scoirfidh fo-alt (4) den alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir le seomra— | |
[EN] | (a) má thagann an seomra in áitíocht aon duine seachas an duine arbh é a áititheoir é ar dháta an Achta seo a rith nó comharba an áititheora sin sa ghnó céanna, | |
[EN] | (b) más rud é, sa chéad tréimhse de na tréimhsí dá dtagartar sa bhfo-alt, go gceanglóidh an tAire aerúchán meicniúil a bheas éifeachtúil agus oiriúnach a chur ar fáil sa tseomra agus go mainneofar an ceanglas a chomhlíonadh, | |
[EN] | (c) más rud é, sa dara tréimhse de na tréimhsí sin, go scoirfear de chothabháil an aerúcháin mheicniúil éifeachtúil oiriúnaigh a cuireadh ar fáil sa tseomra, nó | |
[EN] | (d) i gcás aerúchán meicniúil éifeachtúil oiriúnach a bheith curtha ar fáil de bhun ceanglais ón Aire, más rud é, i gceachtar de na tréimhsí sin, go scoirfear de chothabháil an aerúcháin sin. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh i gcás monarchan, nó coda de mhonarcha d'aon chineál no sórt nó i gcás aon phróise, ag cur leis an méid troigh ciúbach nach foláir faoin alt seo a bheith ann in aghaidh gach duine a fostaítear i seomra oibre. | |
[EN] | (7) Nuair a beifear, chun críocha an ailt seo, ag ríomh spás ciúbach aon tseomra, ní cuirfear i gcuntas aon spás is mó ná ceithre troigh déag ón urlár agus, má tá áiléar i seomra, déanfar chun críocha an ailt seo an t-áiléar d'áireamh amhail is dá mbeadh sé deighilte ón gcuid eile den tseomra agus gur sheomra ar leithligh é. | |
[EN] | (8) Coimeádfar crochta suas i ngach seomra oibre fógra a shonrós an líon daoine a féadfar d'fhostú, ag féachaint don alt seo, sa tseomra oibre. | |
[EN] |
Teocht. |
12. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, teocht réasúnach i ngach seomra oibre, ach ní húsáidfear aon mhodh a bhéarfas go n-éalóidh isteach in aer aon tseomra oibre an oiread sin agus an saghas sin múiche gur dócha go ndéanfadh sí díobháil do dhaoine a fostaítear ann nó go mba chol leo í. |
[EN] | (2) I ngach seomra oibre ina ndéanann an lucht oibre cion substainteach den obair ina suí dhóibh agus nach mbaineann saothar mór coirp leis an obair, ní measfar teocht is lú ná seasca grád a bheith, tar éis an chéad uair a chloig, ina teocht réasúnach le linn obair a bheith ar siúl, agus cuirfear ar fáil agus cothabhálfar teomhéadar amháin ar a laghad in ionad oiriúnach i ngach seomra oibre den tsaghas sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán teochta réasúnaí d'fhorordú (a fhéadfas athrú a dhéanamh ar an gcaighdeán a forordaítear le fo-alt (2) den alt seo i leith oibre ar suí) do mhonarchana nó d'aon chineál nó sórt monarchan nó do choda dhíobh sin, agus toirmeasc a chur ar úsáid aon mhodhanna chun teocht réasúnach a chothabháil is dóigh leis a dhéanfadh díobháil do na daoine ar fostú, agus féadfaidh a ordú go gcuirfear ar fáil agus go gcothabhálfar teomhéadair i pé áiteanna agus ionaid a sonrófar. | |
[EN] |
Aerú. |
13. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil oiriúnach chun gach seomra oibre a leor-aerú agus a choimeád á leor-aerú trí aer úr a chur ag gluaiseacht ann, agus chun an dochar a bhaint, chomh fada agus is féidir sin, as múcha, deannach, agus eisíonachtaí eile de gach saghas d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh don tsláinte agus a gíntear i gcúrsa aon phróise nó oibre a bhíos ar siúl sa mhonarcha. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán leor-aerúcháin d'fhorordú do mhonarchana nó d'aon chineál nó sórt monarchan nó do choda díobh sin. | |
[EN] |
Soilsiú. |
14. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, leor-sholas oiriúnach, aiceanta nó saorga, i ngach cuid de mhonarcha a mbíonn daoine ag obair ann nó ag gabháil tríd. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán leor-shoilsiúcháin oiriúnaigh d'fhorordú do mhonarchana, nó d'aon chineál nó sórt monarchan, nó do choda díobh sin, nó d'aon phróis. | |
[EN] | (3) Déanfar, chomh fada agus is féidir sin, gach fuinneog agus forléas gloine lena soilsítear seomraí oibre a choimeád glan laistigh agus lasmuigh agus saor ó bhacainn. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh fo-alt (3) den alt seo difir d'aolní, ná do scáthadh, fuinneog agus forléas d'fhonn teas nó dianloinnir a mhaolú. | |
[EN] |
Urláir a sbiltean. |
15. —I gcás aon phróis a bheith ar siúl a bheir don urlár bheith chomh fliuch sin gur féidir an fliuchán a shileadh dhe, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar cóir éifeachtúil chun an fliuchán a shileadh dhe. |
[EN] |
Urláir shleamhaine. |
16. —I gcás aon phróis a bheith ar siúl a chuireas an t-urlár sa riocht gur baol do dhaoine a fostaítear sleamhnú, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar cóir éifeachtúil chun na daoine a fostaítear a chosaint ar shleamhnú. |
[EN] |
Aiseanna sláintíochta. |
17. —(1) Déanfar áiseanna sláintíochta a bheas leordhóthaineach agus oiriúnach do na daoine a fostaítear i monarcha a chur ar fáil, a chothabháil agus a choimeád glan agus— |
[EN] | (a) i gcás píob-sholáthar uisce a bheith sa mhonarcha, is é a bheas i ngach ceann de na háiseanna sláintíochta clóiséad uisce inscarduithe, ach amháin múnlanna agus beidh scard-chóracha oiriúnacha ann dóibh sin, | |
[EN] | (b) ní bheidh bealach ó áiseanna sláintíochta go dtí aon tseomra oibre ach amháin faoi bhéal an aeir nó trí eadarspás aeraithe, | |
[EN] | (c) déanfar socrú éifeachtúil chun na háiseanna sláintíochta a shoilsiú, agus | |
[EN] | (d) má tá idir fhireann agus baineann ar fostú nó le fostú (ach amháin i gcás aon mhonarchan nach bhfostaítear inti ach daoine den aon-teaghlach a bhfuil a gcónaí inti), beidh cóiríocht ar leithligh sna háiseanna sláintíochta d'fhireannaigh agus do bhaineannaigh. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh a chinnfeas do mhonarchana nó d'aon chineál nó sórt monarchan cad atá leordhóthaineach agus oiriúnach chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (3) Is é an t-údarás sláintíochta a chuirfeas an t-alt seo i bhfeidhm. | |
[EN] |
Cumhachta cigire maidir le lochta sláintíochta is inleighis ag údarás sláintíochta. |
18. —(1) Má fhionnann cigire aon ghníomh nó mainneachtaint, maidir le haon tsilteán, áis sláintíochta, soláthar uisce, núis, nó ní eile i monarcha a ndlífidh an t-údarás sláintíochta déileáil leis faoin gCuid seo den Acht seo nó faoin dlí a bhaineas le sláinte phoiblí, bhéarfaidh sé fógra i scríbhinn ina thaobh sin don údarás sláintíochta, agus is é dualgas an údaráis sláintíochta pé fiosrú a dhéanamh faoi ábhar an fhógra, agus pé beart a dhéanamh ina leith, is cuí leo chun an dlí a chur i bhfeidhm, agus na himeachta a tionscnadh de dhroim an fhógra a chur in iúl don chigire. |
[EN] | (2) Má fhionnann cigire aon ghníomh nó mainneachtaint den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé dochtúir oifigiúil sláinte, cigire sláinte nó oifigeach don údarás sláintíochta a thabhairt leis isteach sa mhonarcha. | |
[EN] | (3) Mura ndéantar, laistigh de mhí tar éis do chigire fógra i dtaobh gnímh nó mainneachtana a thabhairt faoin alt seo d'údarás sláintíochta, imeachta a thionscnamh chun an gníomh nó an mhainneachtaint a phionósú nó a leigheas, féadfaidh an tAire pé imeachta a thionscnamh chun é a phionósú nó a leigheas d'fhéadfadh an t-údarás sláintíochta a thionscnamh, agus beidh teideal aige chun go ngnóthóidh sé ón údarás sláintíochta mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla na caiteachais uile faoina ndeachaigh sé sna himeachta agus ina leith agus nár gnóthaíodh ó aon duine eile agus nach caiteachais a ndeachthas fúthu in aon imeachta dlí neamhghnóiteacha ná ina leith. | |
[EN] |
Cumhachta i gcás mainneachtana ag údarás sláintíochta. |
19. —(1) Más deimhin leis an Aire gur mhainnigh aon údarás sláintíochta aon cheann d'fhorála ailt 17 den Acht seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé, trí údarás i scríbhinn agus tar éis dó fógra a thabhairt don údarás sláintíochta, a údarú do chigire pé bearta a dhéanamh, le linn pé tréimhse a luafar san údarás, a dhealraíos a bheith riachtanach nó ceart chun na forála sin a chur i bhfeidhm. |
[EN] | (2) Má tugtar údarás faoin alt seo do chigire— | |
[EN] | (a) beidh aige, chun críche a dhualgas faoin údarás, na cumhachta céanna chun na forála a sonrófar san údarás a chur i bhfeidhm a bheas aige chun forála an Achta seo i gcoitinne a chur i bhfeidhm, | |
[EN] | (b) féadfaidh sé, chun críche a dhualgas faoin údarás, pé imeachta a thionscnamh chun na forála a sonrófar amhlaidh a chur i bhfeidhm, nó chun aon ghníomh nó mainneachtaint a phionósú nó a leigheas, d'fhéadfadh an t-údarás sláintíochta a thionscnamh, | |
[EN] | (c) beidh teideal aige chun go ngnóthóidh sé ón údarás sláintíochta mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla na caiteachais uile faoina ndeachaigh sé in aon imeachta den tsaghas sin agus ina leith agus nár gnóthaíodh ó aon duine eile agus nach caiteachais a ndeachthas fúthu in aon imeachta dlí neamhghnóiteacha ná ina leith. | |
[EN] |
Cumhacht chun liacht-mhaoirsiú d'iarraidn. |
20. —(1) Más dóigh leis an Aire i gcás aon mhonarchan nó aon chineáil nó sóirt mhonarchan— |
[EN] | (a) gur tharla cásanna breoiteachta a bhfuil cúis aige a chreidiúint go bhféadfadh nádúir phróise nó coinníollacha eile oibre a bheith mar bhun leo, | |
[EN] | (b) go bhféadfadh baol díobhála do shláinte daoine a fostaítear teacht— | |
[EN] | (i) ó aon tsubstaint nó ábhar a tugtar isteach le húsáid nó le láimhsiú, nó | |
[EN] | (ii) ó aon athrú ar na coinníollacha oibre nó ar choinníollacha eile, | |
[EN] | (c) de dheasca athruithe in aon phróis nó sna substaintí a húsáidtear in aon phróis, nó de dheasca aon phróis nua a thabhairt isteach nó aon tsubstaint nua a thabhairt isteach lena húsáid i bpróis, go bhféadfadh baol díobhála a bheith ann do shláinte daoine a fostaítear ar an bpróis sin, nó | |
[EN] | (d) go bhfuil daoine ar fostú nó ar tí a bhfostuithe ar obair a bhféadfadh baol díobhála dá sláinte teacht di, | |
[EN] | féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte rialacháin speisialta a dhéanamh á cheangal go ndéanfar pé socruithe réasúnacha a sonrófar sna rialacháin le haghaidh liacht-mhaoirsiú (gan liacht chóireáil seachas cóireáil chéadchabhrach agus liacht-chóireáil urchoscach d'áireamh) ar na daoine, nó ar aon aicme de na daoine, a fostaítear sa mhonarcha sin nó sa chineál nó sa sórt sin monarchan. | |
[EN] | (2) Má bheartaíonn an tAire a chumhachta faoin alt seo d'fheidhmiú i gcás monarchan áirithe agus ar feadh tréimhse tóranta, féadfaidh sé na cumhachta sin d'fheidhmiú le hordú in ionad iad d'fheidhmiú le rialacháin speisialta. | |
[EN] | (3) Scoirfidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo d'éifeacht a bheith aige i ndeireadh pé tréimhse, nach sia ná sé mhí ó dháta a theachta i ngníomh, a sonrófar san ordú, ach— | |
[EN] | (a) féadfaidh an tAire le hordú nó orduithe ina dhiaidh sin an tréimhse sin d'fhaidiú, | |
[EN] | (b) má chuireann áititheoir na monarchan, trí fhógra i scríbhinn chun an Aire, i gcoinne aon fhaidithe den tsórt sin, scoirfidh an t-ordú bunaidh d'éifeacht a bheith aige amhail ó dháta a bheas mí i ndiaidh seirbheáil an fhógra, gan dochar do rialacháin speisialta a dhéanamh maidir leis an monarcha. |