|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Sláinte, Sábháltacht agus Leas (Forála agus Rialacháin Speisialta).) | Ar Aghaidh (CUID VII. Deimhnithe Feiliúnachta i leith Ógánach.) |
AN tACHT MONARCHAN, 1955
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Fógra a thabhairt agus imscrúdú a dhéanamh i dtaobh Tionóiscí agus Galar Tionscail. | |
[EN] |
Fógra i dtaobh tionóiscí. |
74. —(1) Nuair a tharlós aon tionóisc i monarcha— |
[EN] | (a) a bheas ina trúig bháis do dhuine a fostaítear sa mhonarcha sin, nó | |
[EN] | (b) a chuirfeas aon duine den tsaghas sin, ar feadh níos mó ná trí lá, ó chumas lán-pháigh a thuilleamh san obair a raibh sé ar fostú air, | |
[EN] | cuirfear láithreach chun an Aire fógra i scríbhinn sa bhfoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí forordaithe i dtaobh na tionóisce. | |
[EN] | (2) Nuair a tabharfar fógra faoin alt seo i dtaobh aon tionóisce dá dtáinig míchumas agus, tar éis an fógra a thabhairt, go bhfaighidh an duine míchumasaithe bás den tionóisc, cuirfidh áititheoir na monarchan fógra i scríbhinn chun an Aire i dtaobh an bháis a luaithe is feasach dó é. | |
[EN] | (3) Nuair a tharlós aon tionóisc lena mbaineann an t-alt seo d'aon duine a bheas ar fostú i monarcha nach é a háititheoir fostóir iarbhír an duine sin, cuirfidh an fostóir iarbhír an tionóisc in iúl láithreach don áititheoir agus, mura ndéana sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air. | |
[EN] | (4) Ní gá fógra a chur ar aghaidh do réir ceanglas an ailt seo i gcás aon tionóisce ar cuireadh fógra ar aghaidh ina taobh do réir ceanglas an Explosives Act, 1875. | |
[EN] |
Comhacht chun na forála maidir le fógra tionóisce a leathnú ionas go mbainfid le tarlachtaintí contúirteacha. |
75. —(1) Má mheasann an tAire go bhfuil sé fóirstineach, mar gheall ar an mbaol mór-dhíobhála coirp do dhaoine a fostaítear, fógra a thabhairt faoi alt 74 den Acht seo i ngach cás inadtarlóidh aon phléascadh, tine, titim foirgnimh, tionóiscí d'inneallra nó do ghléasra, nó aon tarlachtaintí eile, de chineál speisialta i monarcha, féadfaidh sé, le rialacháin, forála an ailt sin a leathnú ionas go mbainfid le haon tarlachtaintí den chineál sin, pé acu a thiocfas bás nó míchumas díobh nó nach dtiocfaidh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le haon rialacháin faoin alt seo, a cheadú gur laistigh den am a bheas ceaptha leis na rialacháin a cuirfear ar aghaidh an fógra is gá i dtaobh aon tarlachtainte lena mbaineann na rialacháin in ionad é a chur ar aghaidh láithreach. | |
[EN] |
Fógra i dtaobh galar tionscail. |
76. —(1) Déanfaidh lia-chleachtóir a bheas ag freastal ar othar, nó a glaoifear isteach chun féachaint ar othar, a mheasas sé a bheith tinn ó nimhiú luaidhe, fospair, airsine nó mearcair, nó ó fhiolún saith, a tholg sé in aon mhonarcha, fógra a chur laithreach (murar cuireadh cheana é) chun an Aire ina n-inseoidh ainm agus seoladh poist iomlán an othair agus an galar is dóigh leis an lia-chleachtóir atá ar an othar, agus ainm agus seoladh na monarchan ina bhfuil sé ar fostú nó ina raibh sé ar fostú go deireannach, agus beidh sé i dteideal, i leith gach fógra a chuirfeas sé de bhun an ailt seo, táille dhá scilling agus sé pingne d'fháil ón Aire. |
[EN] | (2) Más rud é, contrártha d'fhorála an ailt seo, go mainneaoidh aon lia-chleachtóir aon fhógra a chur ar aghaidh do réir ceanglas na bhforál sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air. | |
[EN] | (3) Cuirfidh an t-áititheoir láithreach chun an Aire agus chun an dochtúra dheimhníochta fógra i scríbhinn sa bhfoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí forordaithe i dtaobh gach cás inar tharla nimhiú ó luaidhe, fospar, airsin nó mearcair, nó inar tharla fiolúin saith, i monarcha. | |
[EN] | (4) Nuair a thabharfar fógra faoi fho-alt (3) den alt seo i dtaobh aon ghalair agus, tar éis an fógra a thabhairt, go bhfaighidh an duine a tholg an galar sin bás den ghalar sin, cuirfidh áititheoir na monarchan fógra i scríbhinn chun an Aire i dtaobh an bháis a luaithe is feasach dó é. | |
[EN] | (5) Nuair a tholgfas aon duine a bheas ar fostú i monarcha, nach é a háititheoir fostóir iarbhír an duine sin, aon ghalar lena mbaineann an t-alt seo, cuirfidh an fostóir iarbhír tolgadh an ghalair in iúl láithreach don áititheoir agus, mura ndéana sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire, maidir le gach monarcha nó maidir le haon chineál nó sórt monarchan, trí rialacháin a déanfar tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, feidhm a thabhairt don alt seo i gcás aon ghalair seachas iad sin atá luaite san alt seo. | |
[EN] |
Inchoisne í gcás báis de thionóisc nó de ghalar tionscail. |
77. —Nuair a chuirfeas cróinéir inchoisne ar chorp aon duine a bhféadfadh gurbh é ba thrúig bháis dó aon tionóisc nó galar a gceanglaítear leis an gCuid seo den Acht seo fógra a thabhairt ina thaobh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas: |
[EN] | (a) cuirfidh an cróinéir an t-inchoisne ar atráth mura rud é— | |
[EN] | (i) go bhfuil cigire, nó duine éigin eile atá ag láithriú thar ceann an Aire, ag an inchoisne chun na himeachta d'fhaire, nó | |
[EN] | (ii) i gcás nach mbaineann an t-inchoisne ach le bás duine amháin agus inar chuir an cróinéir fógra chun an Aire i dtaobh am agus áit an inchoisne in am chun go sroichfeadh sé an tAire ceithre huaire fichead a chloig ar a laghad roimh thráth an inchoisne, gur dóigh le tromlach an ghiúiré nach gá an t-inchoisne a chur ar atráth; | |
[EN] | (b) má chuireann an cróinéir an t-inchoisne ar atráth— | |
[EN] | (i) féadfaidh sé, roimh é a chur ar atráth, fianaise a ghlacadh chun an corp d'aithint agus féadfaidh a ordú an corp d'adhlacadh, | |
[EN] | (ii) déanfaidh sé, ceithre lá ar a laghad sara gcuirfidh an t-inchoisne atrátha ar siúl, fógra i scríbhinn a chur chun an Aire i dtaobh am agus áit an inchoisne atrátha; | |
[EN] | (c) ní bheidh aon duine cáilithe chun bheith ar an ngiúiré má tá leas pearsanta aige sa mhonarcha arb inti nó ina leith a tharla an tionóisc nó a tolgadh an galar, nó má tá sé ar fostú inti nó ina leith nó chun í a bhainistí; | |
[EN] | (d) beidh de dhualgas ar an duine a thoghairmfeas an giúiré gan aon duine a thoghairm atá dícháilithe faoi mhír (c) den alt seo agus beidh de dhualgas ar an gcróinéir gan ligint d'aon duine den tsaghas sin dul faoi mhionn ná suí ar an ngiúiré; | |
[EN] | (e) beidh na daoine seo a leanas, faoi réir chumhachta an chróinéara chun aon cheist a dhícheadú más dóigh leis nach ceist ábhartha í nó nach ceist chuí í thairis sin, i dteideal aon fhinné a cheistiú, i bpearsain nó trí abhcóide nó trí aturnae: | |
[EN] | (i) cigire nó aon duine eile atá ag láithriú thar ceann an Aire, | |
[EN] | (ii) aon ghaol nó cara don duine ar i dtaobh a bháis atá an t-inchoisne ar siúl, | |
[EN] | (iii) áititheoir na monarchan inar tharla an tionóisc nó inar tolgadh an galar, | |
[EN] | (iv) aon duine a bheas ceaptha i scríbhinn ag tromlach na ndaoine a fostaítear sa mhonarcha, | |
[EN] | (v) aon duine a bheas ceaptha i scríbhinn ag aon cheardchumann, cara-chumann nó comhlachas eile daoine lenar bhain an t-éagach tráth a bháis nó lena mbaineann aon duine eile a fostaítear sa mhonarcha, | |
[EN] | (vi) aon duine a bheas ceaptha i scríbinn ag aon chomhlachas fostóirí a bhfuil áititheoir na monarchan ina chomhalta dhe; | |
[EN] | (f) mura bhfuil cigire nó duine thar ceann an Aire i láthair ag an inchoisne agus go dtabharfar fianaise i dtaobh aon fhaillí a bheith ina cúis nó ina leas-chúis leis an tionóisc nó leis an ngalar, nó i dtaobh aon lochta sa mhonarcha nó ina leith is dóigh leis an gcróinéir nó leis an ngiúiré is gá a leigheas, cuirfidh an cróinéir fógra i scríbhinn chun an Aire i dtaobh na faillí nó an lochta. | |
[EN] |
Cumhacht chun imscrúdú foirmiúil d'ordú i dtaobh tionóiscí agus cásanna galair. |
78. —(1) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis é a bheith fóirstineach, a ordú go ndéanfar imscrúdú foirmiúil ar aon tionóisc a tharla nó aon chás galair a tolgadh, nó a bhfuil amhras ann gur tolgadh é, i monarcha agus ar chúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an ghalair. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le himscrúdú faoin alt seo:— | |
[EN] | (a) féadfaidh an tAire duine inniúil a cheapadh chun an t-imscrúdú a dhéanamh, agus féadfaidh aon duine ag a bhfuil eolas ar an dlí nó eolas speisialta a cheapadh chun gníomhú mar mheasúnóir i ndéanamh an imscrúduithe; | |
[EN] | (b) déanfaidh an duine nó na daoine a ceapfar amhlaidh (dá ngairmtear an binse ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo) an t-imscrúdú i gcúirt oscailte ar an modh agus faoi na coinníollacha is éifeachtaí leis an mbinse chun cúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an cháis ghalair d'fhionnadh, agus chun go bhféadfaidh an binse a thuarascáil a thabhairt; | |
[EN] | (c) beidh ag an mbinse, chun críocha an imscrúduithe, cumhachta uile Breithimh den Chúirt Dúiche le linn dó bheith ag éisteacht inchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, agus cumhachta uile cigire faoin Acht seo agus ina theannta sin, cumhacht— | |
[EN] | (i) chun dul isteach in aon áit nó foirgneamh agus iniúchadh a dhéanamh air, más dóigh leis an mbinse gur gá chun na gcríocha sin dul isteach ann nó é d'iniúchadh; | |
[EN] | (ii) chun a cheangal, le toghairm faoi shíniú an bhinse, go bhfreastalóidh gach duine ar cuí leis an mbinse é a ghairm os a chomhair agus a cheistiú chun na gcríocha sin, agus chun a cheangal go dtabharfar freagraí ar pé fiafraithe is oiriúnach leis a dhéanamh; | |
[EN] | (iii) chun a cheangal go dtabharfar ar aird gach leabhar, páipéar agus doiciméad a mheasfas an binse a bheith tábhachtach chun na gcríocha sin; | |
[EN] | (iv) chun daoine a chur faoi mhionn agus chun a cheangal ar aon duine a ceisteofar dearbhú a dhéanamh agus a shíniú i dtaobh fírinne na ráiteas a rinne sé le linn a cheistithe; | |
[EN] | (d) lamhálfar do dhaoine a dhéanfas freastal mar fhinnéithe os comhair an bhinse pé caiteachais a lamhálfaí d'fhinnéithe a dhéanfadh freastal os comhair cúirte taifid, agus i gcás díospóide i dtaobh an méid a bheas le lámháil tarchuirfidh an binse an díospóid chun máistir fómhais don Ard-Chúirt, agus déanfaidh seisean, ar iarratas d'fháil faoi shíniú an bhinse, méid ceart na gcaiteachas d'fhionnadh agus a dheimhniú; | |
[EN] | (e) bhéarfaidh an binse tuarascáil don Aire ina n-inseofar cúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an cás galair agus a imthosca, agus cuirfidh an binse leis an tuarascáil aon tuairimí is cuí leis an mbinse a lua; | |
[EN] | (f) féadfaidh an binse a cheangal go mbeidh na caiteachais a bhain agus a ghabh le himscrúdú faoin alt seo (lena n-áirítear luach saothair aon daoine a ceapadh chun gníomhú mar mheasúnóirí) le n-íoc go hiomlán nó go páirteach ag aon duine a toghairmeadh os comhair an bhinse agus ar dóigh leis an mbinse, mar gheall ar aon ghníomh nó mainneachtaint aige féin nó ag aon tseirbhíseach nó gníomhaire dhó, grád ar bith freagarthachta a bheith air faoin tionóisc nó faoin gcás galair a tharlachtaint, ach measfar gur cuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo aon chaiteachais den tsaghas sin nach gceanglófar iad d'íoc amhlaidh; | |
[EN] | (g) duine ar bith, gan leithscéal réasúnach (a mbeidh a chruthú air féin) a mhainneos, tar éis na gcaiteachas (más ann) a mbeidh sé ina dteideal a thairiscint dó, aon toghairm nó ceanglas ón mbinse a chomhlíonadh, nó a choiscfeas nó a bhacfas an binse i bhfeidhmiú a dhualgais, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus i gcás mainneachtaint i gcomhlíonadh ceanglais chun aon fhreagra a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird, má leantar tar éis an chiontuithe den mhainneachtaint ar ciontaíodh duine ina leith amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion eile faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach lae a leanadh amhlaidh den mhainneachtaint; | |
[EN] | (h) féadfaidh an tAire a chur faoi deara go bhfoilseofar tuarascáil an bhinse pé tráth agus ar pé modh is oiriúnach leis. | |
[EN] |
Imscrúdú agus tuarascáil i gcásanna áirithe. |
79. —(1) Beidh de dhualgas ar an dochtúir deimhníochta imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt— |
[EN] | (a) ar chásanna báis nó díobhála a tharla de dheasca bheith faoi lé múchanna nó substaintí urchóideacha eile i monarcha, nó ar aon chúis speisialta eile a bheas sonraithe i dtreoracha ón Aire mar ní is gá d'imscrúdú, | |
[EN] | (b) ar aon chás báis nó díobhála a chuirfeas cigire faoina bhráid chun na críche sin de bhun aon treoracha ginearálta nó speisialta ón Aire, | |
[EN] | (c) ar aon chás galair a bhfaighidh sé fógra ina thaobh faoin Acht seo. | |
[EN] | (2) Beidh ag an dochtúir deimhníochta, chun críche imscrúduithe faoin alt seo, na cumhachta céanna atá ag cigire, lena n-áirítear cumhacht chun dul isteach in aon tseomra i bhfoirgneamh chun ar haistríodh an duine a maraíodh, a díobháladh nó a galraíodh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le húdarás i scríbhinn, a údarú do lia-chleachtóir cláraithe imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar aon ní a bhaineas leis an Acht seo, agus chun críche an imscrúduithe beidh ag aon lia-chleachtóir cláraithe a húdarófar amhlaidh na cumhachta céanna atá ag cigire. |