An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mál.) Ar Aghaidh (CUID IV. Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.)

13 1955

AN tACHT AIRGEADAIS, 1955

CUID III.

Dleachta Báis.

An Comhaontú sa Chéad Sceideal a dhaingniú.

10. —(1) Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 28ú lá de Dheireadh Fómhair. 1954, idir an Rialtas agus Rialtas Cheanada (dá ngairmtear an Comhaontú san alt seo) agus beidh feidhm dlí aige.

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894 (a dhéanas foráil i dtaobh faoisimh maidir le dleacht is iníoctha i dtír iasachta) maidir le dleacht chomharbais is inmhuirir faoi na dlithe de chuid Cheanada lena mbaineann forála an Chomhaontuithe.

Deimhniú— méid ionchasach dleachta eastáit.

11. —Más rud é—

(a) go dtiocfaidh iontaobhaithe socraíochta chun bheith freagrach maidir le dleacht eastáit is iníoctha de bhuaidh ailt 30 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) . i leith aon mhaoine, agus

(b) go mbeartaítear go scoirfidh an mhaoin nó aon chuid di de bheith ar áireamh sa tsocraíocht.

ansin, má gheibheann na hiontaobhaithe deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim ar an méid is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is cuí d'áireamh mar mhéid ionchasach na dleachta, agus má thugaid do na Coimisinéirí Ioncaim an t-eolas agus an fhianaise uile a theastós ó na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil leis an iarratas ar an deimhniú, ní bheidh aon duine freagrach mar iontaobhaí ar an socraíocht, i leith na dleachta lena mbaineann an deimhniú, i méid is mó ná an méid a bheas deimhnithe.

Polasaithe árachais áirithe a chomhshuimiú, etc.

12. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 4 den Finance Act, 1894, má bhíonn ar áireamh sa mhaoin a aistreos ar bhás duine, ach nach raibh leas riamh ag an éagach inti, aon pholasaithe árachais ar shaol an éagaigh, nó aon airgead a fuarthas faoi pholasaí den tsórt sin, nó leasa i bpolasaí nó in airgead den tsórt sin, ansin, chun an ráta dleachta eastáit a bheas le n-íoc orthu a chinneadh, déanfar na polasaithe, an t-airgead agus na leasa uile a bheas ar áireamh amhlaidh sa mhaoin (ach amháin aon chuid díobh nach bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith ar bhás an duine ná nach mbeadh i gcás an dleacht a bheith iníoctha ar eastáit de luach príomhshuime dá laghad) a chomhshuimiú chun aon eastát amháin a dhéanamh díobh, agus toibheofar an dleacht do réir an ráta ghrádaithe is cuí ar luach a bpríomhshuime.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo i gcás aon duine a gheobhas bás ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.

Comhshuimiú i gcás nach mó ná deich míle punt-maoin an éagaigh.

13. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “maoin an éagaigh” maoin a bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith i ndáil le bás an éagaigh agus arb é atá inti—

(a) maoin a raibh an t-éagach ina teideal go hiomlán, nó a raibh sé inniúil ar í a dhiúscairt, tráth a bháis, nó

(b) maoin a aistríos ar bhás dó do réir bhrí na n-achtachán a bhaineas le dleacht eastáit faoi dhiúscairt a rinne sé, nó a rinneadh go díreach nó go neamhdhíreach thar a cheann nó ar a chostas nó as cistí a sholáthraigh sé, nó a rinne sé i bhfeidhmiú cumhachta ceapacháin ginearálta, nó

(c) maoin a meastar de bhuaidh ailt 23 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) , nó ailt 20 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) , a bheith ar áireamh sa mhaoin a aistríos ar bhás an éagaigh;

ciallaíonn “an mhaoin eile” an mhaoin a bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith i ndáil le bás an éagaigh, ach nach í maoin an éagaigh í.

(2) (a) Mura mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, ní déanfar an mhaoin sin a chomhshuimiú i dteannta na maoine eile, ach beidh sí ina heastát inti féin.

(b) Más mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, ní raghaidh méid na dleachta eastáit is iníoctha ina leith thar méid na dleachta eastáit dob iníoctha dá mba dheich míle punt a glan-luach, maraon leis an méid atá ag glan-luach na maoine sin de bhreis ar dheich míle punt.

(3) Más mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, déanfar aon laghdú faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Finance Act, 1914. ar an dleacht eastáit is iníoctha i leith na maoine eile a ríomh, i gcás an dleacht eastáit is iníoctha i leith maoine an éagaigh a laghdú do réir míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, amhail is dá mbeadh an dleacht eastáit is iníoctha i leith maoine an éagaigh gan laghdú dó réir na míre sin.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo i gcás aon duine a gheobhas bás ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.