Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Leasuithe ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1934.)

16 1955


Uimhir 16 de 1955.


AN tACHT UM CHÚITEAMH DO LUCHT OIBRE (LEASÚ), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTACHÁN A BHAINEAS LE CÚITEAMH D'OIBRITHE I LEITH DÍOBHÁLA A BHAIN DÓIBH I gCÚRSA A bhFOSTAÍOCHTA. [26 Iúil, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Achta 1897 agus 1900” na Workmen's Compensation Acts, 1897 and 1900;

ciallaíonn “Acht 1906” an Workmen's Compensation Act 1906;

ciallaíonn “Acht 1934” an t Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) ;

ciallaíonn “Acht 1948” an t Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leasú), 1948 (Uimh. 23 de 1948) ;

ciallaíonn “Acht 1953” an t Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leasú), 1953 (Uimh. 25 de 1953) .

An lá ceaptha.

2. —Féadfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh, le hordú, lá a cheapadh ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo, agus san Acht seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a ceapfar amhlaidh.

Liúntas forlíontach d'oibrithe ag a bhfuil teideal faoi Achta 1897 agus 1900 agus faoi Acht 1906.

3. —(1) Má bhíonn teideal ag oibrí chun íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900 nó faoi Acht 1906 i leith aon tseachtaine dar tosach an lá ceaptha nó aon lá dá éis sin—

(a) beidh teideal ag an oibrí, i leith na seachtaine sin, chun liúntais fhorlíontaigh faoin alt seo is ionann agus

(i) ceithre chúigiú den íocaíocht sheachtainiúl, nó

(ii) i gcás ina mbeadh, dá mba nár ritheadh an tAcht seo, teideal ag an oibrí de dhroim ailt 3 d'Acht 1953, i leith na seachtaine sin, chun suime iomláine is mó ná comhiomlán na híocaíochta seachtainiúla agus ceithre chúigiú di—ceithre chúigiú den íocaíocht sheachtainiúil maraon leis an mbreis a bheas ag an tsuim iomlán sin ar an gcomhiomlán sin.

(b) measfar. chun críocha uile Acht 1897 agus 1900 nó Achta 1906 (pé acu is iomchuí). an liúntas forlíontach faoin alt seo a bheith ina chuid den íocaíocht sheachtainiúil agus dá réir sin beidh sé iníoctha ag an bhfostóir a dhlíos an íocaíocht sheachtainiúil a dhéanamh.

(2) Folaíonn na tagairtí atá i bhfo-alt (1) den alt seo d'íocaíocht sheachtainiúil mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900 nó faoi Acht 1906 tagairtí—

(a) d'aon tsuim is iníoctha faoi alt 14 d'Acht 1934, agus

(b) don liúntas forlíontach is iníoctha faoi alt 3 d'Acht 1948.

Tórainn uasta na híocaíochtu seachtainiúla d'ardú.

4. —(1) Sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934, arna leasú le halt 6 d'Acht 1948, cuirfear an riail seo a leanas in ionad Rialach 2:

“2. Ní bheidh an íocaíocht sheachtainiúil in aon chás níos mó ná nócha scilling.”

(2) I bhforáil (i) agus i bhforáil (ii) d'fho-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1948, cuirfear “nócha scilling” in ionad “caoga scilling”.

(3) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha agus beidh feidhm acu maidir le ríomh íocaíochta seachtainiúla mar chúileamh faoi Acht 1934. d'ainneoin an tionóise a tharlachtaint roimh an lá ceaptha.

(4) Má bhíonn oibrí i dteideal íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh faoi Acht 1934 i leith seachtaine a thosnaigh roimh an lá ceaptha agus a chríochnaigh an lá sin nó aon lá dá éis, ní bheidh feidhm maidir leis an oibrí sin ag na leasuithe a déantar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo go dtí go mbeidh an tseachtain sin caite.

Méadú ar chúiteamh i gcásanna báis.

5. —(1) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1934, arna leasú le halt 8 d'Acht 1953 agus an Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, a leasú do réir an Chéad Sceidil a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Cuirfear “ocht gcéad déag punt” in ionad “dhá chéad déag punt” i bhfo-alt (2) d'alt 22 d'Acht 1934. arna leasú le fo-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1953.

(3) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a déantar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo in aon chás inar tharla an tionóisc roimh an lá ceaptha.

Ardú ar an tórainn aoise i gcás óg-chleithiúnaithe.

6. —(1) I bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 7 d'Acht 1934 agus sa Dara Sceideal agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin. cuirfear “sé bliana déag d'aois” in ionad “cúig bliana déag d'aois” gach áit ina bhfuil an abairt sin agus in ionad “a chúig bliana déag” gach áit ina bhfuil an abairt sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a déantar le fo-alt (1) den alt seo in aon chás inar tharla an tionóisc roimh an lá ceaptha.

Gan an chéad trí lá éagumais d'fhágaint as an áireamh ach amháin i gcás éagumas a mhairfeas tréimhse is lú ná dhá sheachtain.

7. —(1) In alt 23 d'Acht 1934. cuirfear “dhá sheachtain” in ionad “ceithre seachtaine”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt seo in aon chás inar tharla an tionóisc roimh an lá ceaptha.

Íocaíochtaí seachtainiúla d'fhuascailt ar an oibrí dá iarraidh sin.

8. —(1) Má bhíonn íocaíocht sheachtainúil (lena n-áirítear íocaíocht sheachtainiúil a thosnaigh roimh an lá ceaptha) á híoc ar feadh dhá bhliain ar a laghad le hoibrí i gcás éagumais iomláin. féadfaidh an Chúirt. ar an oibrí do dhéanamh iarratais aon tráth tar éis dó bliain agus fiche d'aois a shlánú. más dóigh léi go bhfuil an t-oibrí faoi éagumas iomlán i gcónaí de dheasca na díobhála agus gur dóigh dhó a bheith faoi éagumais iomlán ar feadh na coda eile dá shaol, a fhoráil le hordú go ndéanfaidh an fostóir. mar fhuascailt amhail ó dháta an iarratais ar a dhliteanas an íocaíocht sheachtainiúil a dhéanamh, cnapshuim d'íoc de pé méid a chinnfeas an Chúirt, faoi réir na tórann nach mbeidh an méid a cinnfear amhlaidh níos mó ná an méid a cheannódh, dá n-infheistí é ar dháta an iarratais le blianacht shaoil láithreach a cheannach, blianacht don oibrí ba chomhionnan le seachtó a cúig faoin gcéad de luach bliantúil na híocaíochta seachtainiúla.

(2) Nuair a bheas méid cnapshuime á chinneadh ag an gCúirt faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh sí, i dteannta aird a thabhairt ar gach ní eile is iomchuí léi, aird a thabhairt go háirithe ar aois an oibrí agus ar ré dhóchúil a shaoil.

(3) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo measfar blianacht shaoil a bheith incheannaigh ar phraghas arna ríomh do réir an Táible atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus dá réir sin amháin.

(4) Beidh de rogha ag an gCúirt géilleadh nó diúltú d'iarratas faoin alt seo agus. ag feidhmiú na roghan sin di, déanfaidh an Chúirt, i dteannta aird a thabhairt ar gach ní eile is iomchuí léi, aird a thabhairt go háirithe ar cé acu a raghadh sé chun sochair don oibrí. nó nach raghadh, an t-ordú a dhéanamh agus cé acu a chuirfeadh sé cruatan míchuí ar an bhfostóir, nó nach gcuirfeadh, an t-ordú a dhéanamh.

(5) Ní bhainfidh an t-alt seo le cás páirt-éagumais ar gá, le hordú faoi alt 24 d'Acht 1934, é d'áireamh mar chás éagumais iomláin.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

(7) Forléireofar an t-alt seo agus Acht 1934 mar aon ní amháin.

Dáta báis an oibrí a chur in ionad dáta na roinnte nuair a beifear ag roinnt cnapshuime leanaí.

9. —(1) I bhfo-mhír (1) de mhír 4 den Chúigiú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934. cuirfear “dáta báis an oibri a rabhadar i gcleithiúnas a thuillimh” in ionad “dáta a roinnte amhlaidh”.

(2) I mír 5 den Chúigiú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934, cuirfear an fho-mhír seo a leanas isteach i ndiaidh fo-mhíre (2):

“(3) Má shlánaíonn cleithiúnaí óg sé bliana déag d'aois idir dáta báis an oibrí agus an dáta a déanfar amach cion an chleithiúnaí óig sin ar dtúis—

(a) beidh feidhm ag forála míreanna 1, 2 agus 3 den Sceideal seo maidir leis an gcion sin amhail mar atá feidhm acu maidir leis na suimeanna dá dtagartar sna míreanna sin, agus

(b) dá réir sin, ní bhainfidh aon ní sna fo-mhíreanna roimhe seo den mhír seo leis an gcion sin.”

(3) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a déantar le fo-ailt (1) agus

(2) den alt seo in aon chás inar tharla an tionóisc roimh an lá ceaptha.

Deireadh le liúntais fhorlíontacha faoi alt 3 d'Acht 1953.

10. —Ní bheidh teideal ag aon duine chun liúntais fhorlíontaigh faoi alt 3 d'Acht 1953 i leith aon tseachtaine a thosnós an lá ceaptha nó dá éis sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leasú), 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, a ghairm de na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre 1934 go 1953, agus den Acht seo le chéile.