An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956) Ar Aghaidh (CUID II. Cearrbhachas.)

2 1956

AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956

CUID I.

Reamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfear an tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Mínithe.

2. San Acht seo—

ciallaíonn “baincéir” maidir le cluiche an baincéir nó an duine eile a dhéanas bainistí ar an gcluiche, nó ar ina choinne a chuireas na himreoirí eile geall nó a dhéanaid imirt;

ciallaíonn “cearrbhachas” imirt chluiche (pé acu cluiche stuaime nó cluiche cinniúna é nó cluiche atá go páirteach ina chluiche stuaime agus go páirteach ina chluiche cinniúna) le haghaidh geallta a chuireas na himreoirí i bhfiontar;

ciallaíonn “gléas cearrbhachais” aon bhord nó gléas cearrbhachais agus aon phíosa airgid, cárta, comhartha nó earra eile a húsáidtear mar ghléas nó meán cearrbhachais;

ciallaíonn “ceadúnas cearrbhachais” ceadúnas faoi alt 19;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhlucht arb é atá ann comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile;

folaíonn “crannchur” gach comórtas le haghaidh airgid nó luach airgid ina dtugtar cranna tomhais nó meastacháin ar theaghmhais atá le teacht nó ar theagmhais atá imithe agus nach bhfuil a dtorthaí fionnta fós ná ar eolas go coitianta fós;

ciallaíonn “ceadúnas crannchuir” ceadúnas faoi alt 28;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon áit a bhfuil sé de cheart nó de chead ag an bpobal dul ann ar íocaíocht a dhéanamh nó gan íocaíocht a dhéanamh;

folaíonn “cumann” club, foras, eagras nó comhlachas eile daoine pé ainm a tugtar air;

folaíonn “geall” aon íocaíocht as an gceart chun bheith páirteach i gcluiche agus aon chineál eile íocaíochta is gá a dhéanamh mar choinníoll chun bheith páirteach sa chluiche ach ní fholaíonn sé íocaíocht nach ndéantar ach le haghaidh saoráidí a cuirtear ar fáil chun an cluiche d'imirt;

folaíonn “Ceannfort” Cigire a bheas ag gníomhú mar Cheannfort.

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal.