4 1956


Uimhir 4 de 1956.


AN tACHT RADIO-THELEGRAFAÍOCHTA, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA RADIO-THELEGRAFAÍOCHTA, 1926 , LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN NITHE ÁIRITHE A DHÉANAMH BAILÍ. [21 Feabhra, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 (Uimh. 45 de 1926) .

Alt 5 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (1):

“(1A) Chun críocha an Achta seo agus aon rialachán faoi alt 6 den Acht seo, measfar feithicil í féin a bheith ina háit ar deighilt agus ar leithligh ón áitreabh ina gcoimeádtar an fheithicil sin de ghnáth, agus déanfar an focal ‘áit’ agus an abairt ‘áit áirithe’ d'fhorléiriú dá réir sin san Acht seo agus in aon rialacháin den tsórt sin.”

Feidhm chúlghabhálach agus bailíocht chúlghabhálach.

3. —Measfar alt 2 den Acht seo a theacht i ngníomh díreach tar éis tosach feidhme an Phríomh-Achta, agus dá réir sin beidh—

(a) aon rialacháin a rinneadh roimh an Acht seo a rith agus a cumadh mar rialacháin faoi alt 6 den Phríomh-Acht nó faoi fho-alt (1) den alt sin,

(b) aon cheadúnais a heisíodh roimh an Acht seo a rith agus a cumadh mar cheadúnais arna n-eisiúint faoi réir aon rialachán den tsórt sin, agus

(c) bailiú agus íoc aon táillí a híocadh i leith aon cheadúnas den tsórt sin,

agus measfar go rabhadar riamh chomh bailí chun gach críche agus dá mba rud é gur tháinig alt 2 den Acht seo i ngníomh díreach tar éis tosach feidhme an Phríomh-Achta.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Radio-Thelegrafaíochta, 1926 agus 1956, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.