Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Mianrai Sceidealta.)

8 1956


Uimhir 8 de 1956.


AN tACHT AIRGEADAIS (BRABÚIS MHIANACH ÁIRITHE) (FAOISEAMH SEALADACH Ó CHÁNACHAS), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE, MAIDIR LE BRABÚIS MHIANACH ÁIRITHE, LE hAGHAIDH FAOISIMH SHEALADAIGH Ó CHÁNACHAS. [21 Márta, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “oibríochtaí mianadóireachta láithreacha” oibríochtaí mianadóireachta dá dtáinig, tráth ar bith sa tréimhse bhliana dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1956, gur táirgeadh mianraí sceidealta;

ciallaíonn “oibríochtaí mianadóireachta” oibríochtaí mianadóireachta (trí thochailt faoi thalamh nó trí thochailt in uachtar talún) laistigh den Stát, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, sa mhéid go bhfuarthas nó go bhfaightear mianraí sceidealta dá dtoradh agus sa mhéid sin amháin;

ciallaíonn “nua-oibríochtaí mianadóireachta” oibríochtaí mianadóireachta—

(a) nach oibríochtaí mianadóireachta láithreacha, agus

(b) arb í tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, ag féachaint do na himthosca uile (ar a bhféadfar cineál agus méid na n-oibríochtaí d'áireamh agus an áit a bhfuiltear ag gabháil dóibh), gurb oibríochtaí iad atá ar leithligh agus ar deighilt go substaintiúil ó aon oibríochtaí mianadóireachta eile, agus nach é amháin gur leathnú ar na hoibríochtaí sin iad;

ciallaíonn “táirgeadh” táirgeadh i gcainníochtaí réasúnacha tráchtála d'fhonn brabúis a dhéanamh;

ciallaíonn “mianach cáilitheach” mianach sa mhéid go bhfuiltear ag gabháil do nua-oibríochtaí mianadóireachta ann agus sa mhéid sin amháin;

ciallaíonn “mianraí sceidealta” mianraí a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a gheibhtear i bhfoslaigh neamhshreathnaithe de na mianraí sin,

(2) Maidir le haon tuairim ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh ceart achomhairc chun na gCoimisinéirí Speisialta amhail mar bheadh ceart achomhairc i gcoinne measúnuithe i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hachomhairc.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, mianraí a gheibhtear i bhfoslaigh neamhshreathnaithe de na mianraí sin a chur leis an Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(4) Gach ordú a déanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífeas Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin.

Feidhm an Achta seo.

2. —Baineann an tAcht seo leis na brabúis (dá ngairmtear na brabúis feasta san Acht seo) de chuid cuideachtan (dá ngairmtear an chuideachta feasta san Acht seo), a corpraíodh sa Stát agus a chónaíos ann chun críocha cánach ioncaim, a gheofar as oibriú mianaigh cháilithigh (dá ngairmtear an mianach feasta san Acht seo) a dtosnóidh an chuideachta ar thrádáil maidir leis ar lá (dá ngairmtear an lá tosnuithe feasta san Acht seo) laistigh den tréimhse chúig mblian dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956.

Brabúis a ríomh le haghaidh measúnuithe i leith cánach ioncaim.

3. —Nuair a bheas méid na mbrabús á ríomh le haghaidh measúnuithe i leith cánach ioncaim—

(a) áireofar oibriú an mhianaigh mar thrádáil ar leith a tionscnadh nó a tosnaíodh ar an lá tosnuithe, agus

(b) measfar gur híocadh aon cháin bhrabús corparáide nach bhfuil, de bhuaidh ailt 6 den Acht seo, iníoctha.

Glan-cháin ioncaim a ríomh.

4. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, forléireofar tagairt san Acht seo don ghlan-cháin ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe mar thagairt don cháin ioncaim is inmhuirir ar an gcuideachta don bhliain sin faoi Sceideal D, tar éis gach lamháltas, asbhaint nó fritháireamh a thabhairt atá dlite, i leith na mbrabús a ríomhadh le haghaidh measúnuithe, agus an cháin ioncaim sin dá laghdú méid na cánach ioncaim, arna ríomh do réir an ráta chaighdeánaigh chánach, ar aon íocaíocht is iníoctha ag an gcuideachta as na brabúis a bhfuil teideal ag an gcuideachta, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, é a mhuirearú ar aon duine eile nó é d'asbhaint nó a choinneáil nó a ghlanadh as íocaíocht ar bith le haon duine eile.

(2) I gcás asbhaint a lamháil, nuair a déanfar amach méid na mbrabús a ríomhfar le haghaidh measúnuithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D, maidir le luach bliantúil aon tailte, tionóntán nó oidhreachtán a measúnaíodh faoi Sceideal A, ansin, chun an ghlan-cháin ioncaim a dhéanamh amach, cuirfear leis an gcáin ioncaim is inmhuirir ar mhéid na mbrabús faoi Sceideal D an méid atá ag an gcáin ioncaim sa mheasúnú (arna laghdú chun críocha bailiúcháin, má laghdaítear) i leith na dtailte, na dtionóntán nó na n-oidhreachtán sin faoi Sceideal A don bhliain mheasúnuithe de bhreis ar cháin ioncaim arna ríomh do réir an ráta chaighdeánaigh chánach ar aon chíos nó íocaíocht bhliantúil atá iníoctha ar na tailte, na tionóntáin nó na hoidhreachtáin sin.

Faoiseamh ó cháin ioncaim.

5. —(1) Ní hiníoctha an ghlan-cháin ioncaim don bhliain mheasúnuithe ina mbeidh an lá tosnuithe (dá ngairmtear an chéad bhliain feasta san Acht seo).

(2) Ní hiníoctha an ghlan-cháin ioncaim d'aon cheann de na trí bliana measúnuithe (a ngairmtear an ceathrú bliain feasta san Acht seo den bhliain deiridh dhíobh) díreach i ndiaidh na céad bhliana.

(3) (a) Ní hiníoctha an ghlan-cháin ioncaim don bhliain mheasúnuithe (dá ngairmtear an cúigiú bliain feasta san Acht seo) díreach i ndiaidh na ceathrú bliana, sa mhéid go ngabhann sí thar an suim iomchuí.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” leath na suime a bhfuil idir í agus an ghlan-cháin ioncaim don chúigiú bliain an cothrom céanna atá idir an méid lá sa tréimhse dar tosach an lá tosnuithe agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán sa chéad bhliain agus an méid iomlán lá sa chéad bhliain.

(4) (a) Beidh an coinníoll seo a leanas ag gabháil le fo-alt (3) den alt seo, eadhon, i gcás an chuideachta do scór go buan sa chúigiú bliain de bheith ag gabháil d'oibriú an mhianaigh mar thrádáil, ansin,

(i) más ar nó roimh an lá deiridh den tréimhse ocht mí ceathrachad dar tosach an lá tosnuithe a tharlós an scor, ní hiníoctha an ghlan-cháin ioncaim don chúigiú bliain, agus

(ii) más tar éis deireadh na tréimhse sin a tharlós an scor, ní hiníoctha an méid den ghlan-cháin ioncaim don chúigiú bliain a ghabhas thar an suim iomchuí.

(b) I bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” leath na suime a bhfuil idir í agus an ghlan-cháin ioncaim don chúigiú bliain an cothrom céanna atá idir an méid lá, sa tréimhse dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae dheiridh den tréimhse ocht mí ceathrachad dar tosach an lá tosnuithe agus dar críoch an lá scoir, agus an méid lá sa tréimhse dar tosach an chéad lá den chúigiú bliain agus dar críoch an lá scoir.

(5) Ní hiníoctha leath na glan-chánach ioncaim d'aon cheann de na trí bliana measúnuithe (a ngairmtear an t-ochtú bliain feasta san Acht seo don bhliain dheiridh dhíobh) díreach i ndiaidh na cúigiú bliana.

(6) (a) Ní hiníoctha an méid den ghlán-cháin ioncaim, don bhliain mheasúnuithe (dá ngairmtear an naoú bliain feasta san Acht seo) díreach i ndiaidh na hochtú bliana, is comhionann leis an suim iomchuí.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” leath na suime a bhfuil idir í agus an ghlan-cháin ioncaim don naoú bliain an cothrom céanna atá idir an méid lá sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán sa chéad bhliain agus dar críoch an lá díreach roimh an lá tosnuithe agus an méid iomlán lá sa chéad bhliain.

(7) (a) Beidh an coinníoll seo a leanas ag gabháil le fo-alt (6) den alt seo, eadhon, i gcás an chuideachta do scor go buan sa naoú bliain de bheith ag gabháil d'oibriú an mhianaigh mar thrádáil, ansin—

(i) más ar nó roimh an lá deiridh den tréimhse sé mhí nóchad dar tosach an lá tosnuithe a tharlós an scor, ní hiníoctha leath na glan-chánach ioncaim don naoú bliain, agus

(ii) más tar éis deireadh na tréimhse sin a tharlós an scor, ní hiníoctha an méid den ghlan-cháin ioncaim don naoú bliain is comhionann leis an suim iomchuí.

(b) I bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” leath na suime a bhfuil idir í agus an ghlan-cháin ioncaim don naoú bliain an cothrom céanna atá idir an méid lá, sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán sa naoú bliain agus dar críoch an lá deiridh den tréimhse sé mhí nóchad dar tosach an lá tosnuithe, agus an méid lá sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán sa naoú bliain agus dar críoch an dáta scoir.

(8) D'ainneoin aon ní sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, beidh an cháin ioncaim iomlán le n-íoc ar an méid de na brabúis is comhionann le hiomlán aon íocaíocht, den tsórt dá dtagartar in alt 4 den Acht seo, a íocfas an chuideachta as na brabúis.

Faoiseamh ó cháin bhrabús corparáide.

6. —(1) Ní hiníoctha an méid is inchurtha i leith na mbrabús den cháin bhrabús corparáide is inmhuirir ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a thosnós ar an lá tosnuithe nó dá éis sin agus a chríochnós laistigh de thréimhse (dá ngairmtear an chéad téarma feasta san Acht seo) d'ocht mí ceathrachad dar tosach an lá tosnuithe.

(2) Ní hiníoctha leath an mhéid is inchurtha i leith na mbrabús den cháin bhrabús corparáide is inmhuirir ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a thosnós tar éis an chéad téarma agus a chríochnós laistigh de thréimhse (dá ngairmtear an dara téarma feasta san Acht seo) d'ocht mí ceathrachad dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae dheiridh den chéad téarma.

(3) Ní hiníoctha an méid is inchurtha i leith na mbrabús den cháin bhrabús corparáide is inmhuirir ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a thosnós roimh an lá tosnuithe agus a chríochnós laistigh den chéad téarma.

(4) Ní hiníoctha an méid is inchurtha i leith na mbrabús, agus a bhainfeas leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta a bheas laistigh den chéad téarma, den cháin bhrabús corparáide is inmhuirir ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a thosnós sa chéad téarma agus a chríochnós sa dara téarma, agus ní hiníoctha leath na cánach brabús corparáide is inchurtha i leith na mbrabús agus a bhainfeas leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta a bheas laistigh den dara téarma.

(5) Ní hiníoctha leath an mhéid den cháin bhrabús corparáide is inmhuirir ar an gcuideacha do thréimhse chuntasaíochta a thosnós roimh dheireadh an dara téarma agus a chríochnós i ndiaidh an dara théarma agus is inchurtha i leith na mbrabús agus a bhainfeas leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta a bheas laistigh den dara téarma.

(6) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-ailt (4) agus (5) den alt seo, déanfar amach trí chionroinnt an cháin bhrabús corparáide a bhainfeas, de bhuaidh na bhfo-alt sin, leis na coda faoi seach de thréimhse chuntasaíochta a thosnós sa chéad téarma agus a chríochnós sa dara téarma nó, do réir mar bheas, a thosnós roimh dheireadh an dara théarma agus a chríochnós i ndiaidh an dara théarma, agus déanfar gach cionroinnt den tsórt sin do réir faid na gcoda sin faoi seach:

Ar choinníoll, áfach, má scoireann an chuideachta go buan, in aon tréimhse chuntasaíochta den tsórt sin, de bheith ag gabháil d'oibriú an mhianaigh mar thrádáil, ansin, chun go ndéanfar amach na méideanna den cháin bhrabús corparáide sin a bhainfeas leis na coda de thréimhse chuntasaíochta a thosnós sa chéad téarma agus a chríochnós sa dara téarma nó, do réir mar bheas, a bhainfeas leis na coda de thréimhse chuntasaíochta a thosnós roimh dheireadh an dara théarma agus a chríochnós i ndiaidh an dara théarma, áireofar mar thréimhse chuntasaíochta ar leith an chuid den tréimhse chuntasaíochta ó thosach na tréimhse sin go dtí an dáta a scoireadh d'oibriú an mhianaigh mar thrádáil.

Díbhinní.

7. —(1) (a) Chun críocha an ailt seo, beidh feidhm ag alt 13 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), maidir leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas is gá do réir an ailt sin, maidir le gach barántas, seic nó ordú a tharraingeos nó a dhéanfas an chuideachta chun aon díbhinn d'íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as na brabúis, i dteannta aon tsonraí is gá a thabhairt, d'éagmais an ailt seo, pé ní acu seo a leanas is gá sa chás—

(i) gur íocaíocht díbhinne as na brabúis iomlán na suime dár tarraingíodh nó dá ndearnadh an barántas, an seic nó an t-ordú, nó

(ii) gur íocaíocht as na brabúis cuid den tsuim sin (a luaitear ar leithligh a méid comhlán roimh aon asbhaint a dhéanamh i leith cánach ioncaim),

agus gairmtear an íocaíocht iomchuí feasta san alt seo den iomlán sin nó den chuid sin.

(b) Taispeánfaidh an ráiteas sin freisin an tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse dhíbhinne feasta san alt seo) ar as an mbrabús ina leith a déantar an íocaíocht iomchuí, agus—

(i) más rud é, maidir leis an íocaíocht iomchuí, nach bhfuil an chuideachta, do réir míre (a) d'fho-alt (2) den alt seo, i dteideal cáin ioncaim d'asbhaint, inseofar an ní sin ar leithligh sa ráiteas sin,

(ii) más rud é, maidir le cuid den íocaíocht iomchuí, nach bhfuil an chuideachta, do réir míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, i dteideal cáin ioncaim d'asbhaint, inseofar ar leithligh sa ráiteas sin cad é an chuid í,

(iii) más rud é, maidir leis an íocaíocht iomchuí, go ndéanfar, do réir míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, an méid den cháin ioncaim d'fhéadfadh an chuideachta d'asbhaint ar shlí eile, a laghdú leath an mhéid sin inseofar an ní sin ar leithligh sa ráiteas sin, agus

(iv) más rud é, maidir le cuid den íocaíocht iomchuí, go ndéanfar, do réir míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, an méid den cháin ioncaim d'fhéadfadh an chuideachta d'asbhaint, ar shlí eile, a laghdú leath an mhéid sin, inseofar ar leithligh sa ráiteas sin cad é an chuid é.

(2) (a) Más as na brabúis a híocfar díbhinn go hiomlán nó go páirteach agus, maidir leis an díbhinn sin, gur laistigh den chéad téarma a bheas iomlán na tréimhse díbhinne, beidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim d'asbhaint, do réir Rialach 20 de na Rialacha Ginearálta, den chuid, más aon chuid é, den díbhinn a ghabhas thar an iocaíocht iomchuí, ach ní bheidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim d'asbhaint den íocaíocht iomchuí.

(b) I ngach cás eile ina n-íocfar díbhinn go hiomlán nó go páirteach as na brabúis, beidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim d'asbhaint den díbhinn do réir Rialach 20 de na Rialacha Ginearálta, ar choinníoll, áfach,—

(i) más laistigh den dara téarma a bheas iomlán na tréimhse díbhinne, go ndéanfar an méid den cháin ioncaim d'fhéadfadh an chuideachta d'asbhaint ar shlí eile den íocaíocht iomchuí, faoin Riail sin 20, a laghdú leath an mhéid sin, agus

(ii) mura laistigh den dara téarma a bheas iomlán na tréimhse díbhinne—

(I) go ndéanfar an méid den cháin ioncaim d'fhéadfadh an chuideachta d'asbhaint ar shlí eile, faoin Riail sin 20, d'aon chuid den íocaíocht iomchuí is inchurtha i leith aon choda den tréimhse dhíbhinne a bheas laistigh den dara téarma a laghdú leath an mhéid sin, agus

(II) nach mbeidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim d'asbhaint d'aon chuid den íocaíocht iomchuí is inchurtha i leith aon choda den tréimhse dhíbhinne a bheas laistigh den chéad téarma.

(3) (a) Más as brabúis tréimhse díbhinne a mbeidh a hiomlán laistigh den chéad téarma, a déanfar iomlán na híocaíochta iomchuí, ní háireofar í i ráiteas ioncaim iomláin chun críche aon fhaoisimh nó aisíocaíochta faoi na hAchta Cánach Ioncaim ná chun críche forchánach.

(b) Má bhíonn cuid den íocaíocht iomchuí inchurtha i leith coda de thréimhse díbhinne a bheas laistigh den chéad téarma, ní háireofar an chuid sin den íocaíocht iomchuí i ráiteas ioncaim iomláin chun na gcríocha adúradh.

(c) Más rud é—

(i) gur as brabúis tréimhse díbhinne a mbeidh a hiomlán laistigh den dara téarma a déanfar iomlán na híocaíochta iomchuí, nó

(ii) go mbeidh cuid den íocaíocht iomchuí inchurtha i leith coda de thréimhse dhíbhinne a bheas laistigh den dara téarma,

ansin, d'ainneoin aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim—

(I) ní déanfar aon fhaoiseamh ná aisíocaíocht i leith na cánach ioncaim d'fhéadfadh an chuideachta, do réir míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, d'asbhaint den íocaíocht iomchuí nó, do réir mar bheas, den chuid den íocaíocht iomchuí, a lamháil do réir ráta is mó ná an ráta ar dá réir a bheas an chuideachta, ag féachaint don mhír sin, i dteideal cáin ioncaim d'asbhaint den íocaíocht iomchuí nó, do réir mar bheas, den chuid den íocaíocht iomchuí, agus

(II) ní háireofar ach leath na híocaíochta iomchuí nó, do réir mar bheas, na coda den íocaíocht iomchuí, in aon ráiteas ioncaim iomláin chun críche forchánach.

Aisíocaíochtaí.

8. —Aon fhaoiseamh i bhfoirm aisíocaíochta i leith cánach ioncaim a bheas i measúnú faoi Sceideal D nó faoi Sceideal A, agus is measúnú den tsórt dá dtagartar in alt 4 den Acht seo, bhearfar é do réir ráta a déanfar amach tríd an méid is iníoctha, ag féachaint don Acht seo, den ghlan-cháin ioncaim don bhliain mheasúnuithe a roinnt ar mhéid a bhéarfas, ar é a mhuirearú do réir an ráta chaighdeánaigh chánach don bhliain sin, suim is comhionann leis an nglan-cháin ioncaim don bhliain sin.

Srian ghinearálta.

9. —(1) Ní bheidh éifeacht ag an Acht seo chun críocha cánach ioncaim maidir le haon bhliain mheasúnuithe a thosnós tar éis deireadh na naoú bliana, ach ní chuirfidh an fhoráil seo cosc le halt 7 den Acht seo do bhaint le díbhinn a híocfar tar éis deireadh na naoú bliana i gcás iomlán na díbhinne, nó cuid di, d'íoc as brabúis tréimhse a mbeidh a hiomlán, nó cuid di, laistigh den chéad téarma nó den dara téarma.

(2) Ní bheidh éifeacht ag an Acht seo chun críocha cánach brabús corparáide maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a thosnós tar éis deireadh an dara théarma.

Eolas a thabhairt.

10. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an gcuideachta pé cuntais agus sonraí eile is riachtanach leis na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an Achta seo a thabhairt dóibh laistigh de pé tréimhse a ordóid, agus má mhainníonn an chuideachta, gan chúis réasúnach, déanamh do réir an fhógra, dlífear pionós nach mó ná céad punt a chur uirthi agus, tar éis breithiúnas a thabhairt i leith an phionóis sin, dlífear pionós eile dá chóimhéid a chur uirthi in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtaint sin.

Feidhm maidir le mianaigh láithreacha.

11. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “mianach láithreach” mianach sa mhéid go bhfuiltear ag gabháil d'oibríochtaí mianadóireachta láithreacha ann agus sa mhéid sin amháin;

ciallaíonn “na blianta measúnuithe iomchuí” na blianta measúnuithe chun críocha cánach ioncaim a thosnós an 6ú lá d'Aibreán, 1956, nó dá éis;

ciallaíonn “na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí” na tréimhsí cuntasaíochta, chun críocha cánach brabús corparáide, a thosnós an 6ú lá d'Aibreán, 1956, nó dá éis, agus na coda i ndiaidh an 5ú lá d'Aibreán, 1956, de thréimhsí cuntasaíochta, chun críocha cánach brabús corparáide, a bheas á gcaitheamh an 6ú lá d'Aibreán, 1956.

(2) Faoi réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, beidh feidhm, in aghaidh na mblianta measúnuithe iomchuí agus na dtréimhsí cuntasaíochta iomchuí, ag na forála roimhe seo den Acht seo, le haon mhodhnuithe is gá, í gcás brabús (dá ngairmtear na brabúis sin feasta san alt seo) a gheobhas cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta bhunaithe feasta san alt seo) a corpraíodh sa Stát roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1956, agus a chónaíos ann chun críocha cánach ioncaim, as oibriú mianaigh láithrigh, amhail mar atá feidhm ag na forála sin maidir le brabúis a gheibhtear as oibriú mianaigh cháilithigh, agus chun feidhm a thabhairt do na forála sin in aon chás den tsórt sin—

(a) measfar gurb é an lá a thosnaigh an chuideachta bhunaithe ar bheith ag gabháil d'oibriú an mhianaigh láithrigh mar thrádáil an lá tosnuithe, agus

(b) ríomhfar dliteanas na cuideachtan bunaithe i leith cánach ioncaim do na blianta measúnuithe iomchuí agus i leith cánach brabús corparáide do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí, agus déileálfar leis, amhail is dá mbeadh na forála sin i bhfeidhm an lá a measfar gurb é an lá tosnuithe é agus go mbeadh feidhm acu maidir leis na brabúis sin gach tráth ábhartha go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1956.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun laghdú a thabhairt ar mhéid na cánach ioncaim is iníoctha ag an gcuideachta bhunaithe d'aon bhliain mheasúnuithe roimh na blianta measúnuithe iomchuí ná ar mhéid na cánach brabús corparáide is iníoctha ag an gcuideachta bhunaithe d'aon tréimhse roimh na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí.

(4) (a) Ní bhainfidh alt 7 den Acht seo le haon díbhinn d'íoc an chuideachta bhunaithe as brabúis an mhianaigh láithrigh agus ar tréimhse roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956, an tréimhse dhíbhinne ina leith agus, i gcás aon díbhinne den tsórt sin arb é a bheas sa tréimhse dhíbhinne ina leith cuid de thréimhse roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956, agus cuid tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1956, ní bheidh feidhm ag an alt sin maidir leis an gcuid den díbhinn is inchurtha i leith na coda den tréimhse dhíbhinne roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956, ach ní dhéanann na forála sin roimhe seo den mhír seo dochar do theideal na cuideachtan bunaithe chun cáin ioncaim d'asbhaint d'aon díbhinn den tsórt sin nó d'aon chuid den tsórt sin de dhíbhinn.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “tréimhse dhíbhinne” an tréimhse a n-íoctar díbhinn as brabúis ina leith.

(5) Déanfar an chionroinnt is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo maidir le cáin bhrabús corparáide i gcás tréimhsí cuntasaíochta a thosnós roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956, agus a chríochnós an lá sin nó dá éis, agus is do réir faid, faoi seach, na coda den tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956, agus na coda di tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1956, a déanfar aon chionroinnt den tsórt sin.

Athrú cuideachtan.

12. —(1) San alt seo ciallaíonn “mianach” mianach—

(a) is mianach cáilitheach, nó

(b) is mianach láithreach do réir bhrí ailt 11 den Acht seo.

(2) Más rud é—

(a) go scoirfidh cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta bhunaidh feasta san alt seo) tar éis an 5ú lá d'Aibreán. 1956, de bheith ag gabháil d'oibriú mianaigh, mar thrádáil, a raibh feidhm ag an Acht seo, díreach roimh an dáta scoir, maidir lena bhrabúis, agus

(b) go dtosnóidh cuideachta eile (dá ngairmtear an athchuideachta feasta san alt seo) ina dhiaidh sin ar bheith ag gabháil do thrádáil den tsórt sin maidir leis an mianach,

bhéarfar faoiseamh don ath-chuideachta, má corpraíodh sa Stát í agus má chónaíonn sí ann chun críocha cánach ioncaim, ó íoc a glan-chánach ioncaim agus na cánach brabús corparáide is inchurtha i leith a brabús as an trádáil sin, sa mhéid céanna (agus sa mhéid sin amháin), agus do na blianta agus na tréimhsí céanna (agus do na blianta agus na tréimhsí sin amháin), ba chuí dá mba nár scoir an chuideachta bhunaidh de bheith ag gabháil don trádáil sin agus gur ar an gcuideachta bhunaidh a bhí an ghlan-cháin ioncaim agus an cháin bhrabús corparáide sin inmhuirir, in ionad iad a bheith inmhuirir ar an ath-chuideachta, agus beidh feidhm, chun críocha an ailt seo, ag forála an Achta seo, le haon mhodhnuithe is gá.

Gearrtheideal agus forleiriú.

13. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Brabúis Mhianach Áirithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Léifear agus forléireofar an tAcht seo, a mhéid a bhaineas sé le cáin ioncaim, i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sé le cáin bhrabús corparáide, léifear agus forléireofar é i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.