An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Oifigigh Inphinsin.) Ar Aghaidh (CUID IV. Sochair Bhreise.)

10 1956

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956

CUID III.

Seirbhísigh Inphinsin.

Clár de sheirbhísigh inphinsin.

30. —(1) Coimeádfaidh údarás áitiúil clár ar a dtabharfar an clár de sheirbhísigh inphinsin (dá ngairmtear an clár sa Chuid seo den Acht seo).

(2) Más rud é, i gcás duine nach seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, go raibh, ar chríochnú aon bhliana airgeadais áitiúla (lena n-áirítear an bhliain airgeadais áitiúil dar críoch dáta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil sin) dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó tugtha aige sa bhliain airgeadais áitiúil sin maidir leis an údarás áitiúil sin nó maidir leis an údarás áitiúil sin agus aon údarás áitiúil nó údaráis áitiúla eile, taifeadfaidh an t-údarás áitiúil sin a ainm sa chlár mura dtuga sé, laistigh de mhí tar éis críochnú na bliana airgeadais áitiúla sin, fógra i scríbhinn don údarás áitiúil sin nach bhfuil a ainm le taifeadadh amhlaidh.

(3) Má thagann duine chun bheith ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil agus go raibh sé, díreach roimh é a theacht chun bheith ina sheirbhíseach den tsórt sin, ina oifigeach inphinsin don údarás áitiúil sin nó d'údarás áitiúil eile, ina sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil eile nó ina shealbhóir ar phost nach post faoi údarás áitiúil ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, taifeadfaidh an t-údarás áitiúil céadluaite sin a ainm sa chlár.

(4) Coimeádfaidh údarás áitiúil an clár ar oscailt ina bpríomhoifig gach tráth réasúnach lena iniúchadh ag a seirbhísigh agus—

(a) i gcás bardais bhuirge, ag comhaltaí comhairle na buirge nó,

(b) in aon chás eile, ag comhaltaí an údaráis áitiúil.

Duine a bhaint den chlár ar é a scor de bheith ina sheirbhíseach, etc.

31. —(1) Bainfidh údarás áitiúil den chlár ainm duine—

(a) a scoirfeas de bheith ina sheirbhíseach don údarás áitiúil, nó

(b) a bhéarfas, i mí Aibreáin aon bhliana, fógra i scríbhinn don údarás áitiúil go bhfuil a ainm le baint den chlár.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más gnás le húdarás áitiúil aon duine áirithe a ghlacadh ó am go ham ina bhfostaíocht mar sheirbhíseach tar éis tréimhse nach raibh sé fostaithe amhlaidh—

(a) ní bhainfidh an t-údarás áitiúil ainm an duine sin den chlár ar aon ócáid áirithe nuair a scoirfeas sé de bheith ar fostú amhlaidh mura mbeid tar éis a chinneadh gan é d'fhostú amhlaidh arís nó mura bhfagha sé bás agus, faid a bheas a ainm sa chlár de dhroim na míre seo, measfar chun críocha ailt 36, ailt 39, ailt 40, ailt 42 agus fo-alt (4) agus (5) d'alt 44 den Acht seo, nár scoir sé de bheith ar fostú amhlaidh,

(b) má tharlaíonn, i rith aon tréimhse áirithe nuair nach mbeidh an duine sin ar fostú amhlaidh ag an údarás áitiúil, go gcinnfid gan é d'fhostú amhlaidh arís, nó go bhfaighidh sé bás, bainfid a ainm den chlár agus, chun críocha ailt 36, ailt 39, ailt 40, ailt 42 agus fo-alt (4) agus (5) d'alt 44 den Acht seo, measfar gur scoir sé ansin de bheith i seilbh a fhostaíochta.

(3) Féadfar ainm a bhaint den chlár trí nóta a chur sa chlár ina n-inseofar go bhfuil an ainm bainte de a us dáta a bainte de, agus féadfar ainm a chur ar ais sa chlár trí nóta a chur sa chlár ina n-inseofar go bhfuil an ainm curtha ar ais agus dáta a curtha ar ais.

Eolas a thabhairt d'údarás áitiúil ar dhuine a scor de bheith ar fostú faoi údarás áitiúil eile.

32. —Má scoireann seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil de bheith ar fostú in aon fhostaíocht fúthu, cuirfid é sin in iúl d'aon údarás áitiúil eile faoina bhfuil aon fhostaíocht nó oifig á sealbhú ag an seirbhíseach sin.

Tóranta ginearálta leis an seirbhís a bheas le háireamh ag seirbhíseach inphinsin.

33. —(1) Aon fhoráil sa Chuid seo den Acht seo a bheir teideal do sheirbhíseach inphinsin aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís, beidh sí faoi réir an choinníll sháraithigh nach mbeidh sé i dteideal tréimhse áirithe d'áireamh amhlaidh thar uair amháin ná nach mbeidh sé i dteideal aon tréimhse acu seo a leanas d'áireamh amhlaidh:

(a) aon tréimhse a bhfuair sé cnapshuim, liúntas nó aisce ina leith cheana faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a bhaineas le haoisliúntas nó faoi aon scéim a bhaineas le haoisliúntas ar féidir seirbhís chuige d'áireamh faoin Acht seo, mura rud é, i gcás aisce, go raibh sé i dteideal an aisce sin d'aisíoc agus go ndearna sé sin,

(b) aon tréimhse a ndearnadh aon ranníoca le haghaidh aoisliúntais ina leith a thabhairt ar ais dó, mura rud é go raibh sé i dteideal na ranníoca sin d'aisíoc agus go ndearna sé sin,

(c) aon tréimhse roimh dháta a scaoileadh nó a cuireadh as a phost é de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta,

(d) aon tréimhse fhostaíochta faoi údarás áitiúil i rith bliana airgeadais áitiúla nach raibh dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige,

(e) más duine é atá i dteideal seirbhís, nach seirbhís faoi údarás áitiúil, d'áireamh faoin Acht seo, aon tréimhse den tseirbhís sin nach bhféadfadh sé a áireamh dá bhfanadh sé i seilbh an phoist inar thug sé an tseirbhís sin.

Seirbhís sheirbhísigh inphinsin d'áireamh.

34. —(1) Beidh seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil i dteideal aon tseirbhís acu seo a leanas d'áireamh mar sheirbhís:

(a) seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile,

(b) seirbhís mar oifigeach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile,

(c) seirbhís a thug sé mar oifigeach nó seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar agus a bhí sé i dteideal a áireamh mar sheirbhís chun críocha Coda VIII den Acht Coireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) , nó aon achtacháin roimhe sin atá ar comhréir leis an gCuid sin VIII,

(d) seirbhís i bpost inphinsin faoi údarás cuain,

(e) seirbhís is ináirithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas, más seirbhís í atá comhleanúnach le seirbhís ina diaidh mar sheirbhíseach inphinsin nó oifigeach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile nó le seirbhís ina diaidh i bpost a bhfuil seirbhís ann ináirithe chun críocha na nAcht sin,

(f) seirbhís (a mhéid a cheadós an tAire go ginearálta nó in aon chás áirithe) i bpost inphinsin faoi chomhlucht a cheadaigh an tAire chun críocha na míre seo ar an bhforas gur comhlucht é a dheonas cearta pinsin de shaghas gur cearta pinsin cómalairteacha i gcoitinne iad féin agus na cearta pinsin dá bhforáltar leis an Acht seo,

(g) seirbhís le hÓglaigh na hÉireann a measfaidh an tAire agus sa mhéid go measfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta, go mba sheirbhís í mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil, mura mbeadh gur sheirbhís í le hÓglaigh na hÉireann.

(2) I mír (a) agus i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin”—

(i) seirbhís (ar seirbhís í nár sheirbhís mar sheirbhíseach inphinsin d'éagmais an fho-ailt seo) mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil ar seirbhís í a mbeadh an seirbhíseach i dteideal í d'áireamh chun críocha aoisliúntais dá bhfanadh sé ina sheirbhíseach den tsórt sin, agus

(ii) aon tréimhse fhostaíochta, is tréimhse roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil agus nach tréimhse ar bith í a fhéadfas sé a áireamh faoi fho-alt (4) den alt seo, faoin údarás áitiúil sin nó faoi aon údarás áitiúil eile i rith bliana airgeadais áitiúla a raibh dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige.

(3) Chun críocha míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo agus na míre sin arna leathnú le fo-alt (2) den alt seo (ach ní chun críocha na míre sin arna leathnú le fo-alt (4) den alt seo maidir leis an leathnú sin), measfar gan seirbhís a bheith ag duine ach ar laethanta seirbhíse (agus ní cuirfear san áireamh na laetheanta seirbhíse de bhreis ar thrí chéad má théann na laetheanta seirbhíse i mbliain airgeadais áitiúil áirithe thar trí chéad) agus comhaireofar comhiomlán na laetheanta sin ina mblianta tríd an gcomhiomlán sin a roinnt ar thrí chéad.

(4) I mír (a) agus i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin” aon tréimhse sheirbhíse mar sheirbhíseach faoin údarás áitiúil nó faoi aon údarás áitiúil eile a raibh an seirbhíseach i dteideal í d'áireamh chun críocha aoisliúntais faoi aon Acht, arna rith roimh Acht 1948, a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás (lena n-áirítear, d'ainneoin míre (d) d'alt 33 den Acht seo, aon tréimhse den tsórt sin i mbliain airgeadais áitiúil nach raibh dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige).

(5) I mír (b) agus i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar oifigeach inphinsin” seirbhís —

(a) a raibh an t-oifigeach i dteideal, tráth ar bith roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid II d'Acht 1948 (measfar chun na críche sin fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1948 a bheith arna achtú d'éagmais míre (b)),

(b) a mbeadh an t-oifigeach i dteideal, tráth ar bith roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid II d'Acht 1948 dá mbeadh alt 18 den Acht sin arna achtú gan mír (b) a bheith ann, nó

(c) a raibh sé i dteideal, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid IV d'Acht 1925 nó faoi pé Acht arna rith roimh Acht 1925 a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás.

(6) Más rud é, i gcás seirbhísigh inphinsin—

(a) go raibh tréimhse sheirbhíse tugtha aige chun críocha Coda IV d'Acht 1925 nó chun críocha pé Achta arna rith roimh Acht 1925 a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás, agus

(b) go dtáinig, díreach i ndiaidh na tréimhse a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo, tréimhse sheirbhíse i bpost a bhféadfadh sé, d'éagmais fo-ailt (5) den alt seo, seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo,

beidh an duine sin i dteideal, i leith na tréimhse a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo, í d'áireamh mar sheirbhís.

(7) I gcás taifid na seirbhíse a bhí ag seirbhíseach inphinsin roimh an lú lá d'Aibreán, 1948, a bheith neamh-iomlán, féadfaidh an t-údarás áitiúil, más oiriúnach leo é, tréimhse sheirbhíse a mheas dó ar an mbonn tuisceana gur cosúil le chéile taifead a sheirbhíse i leith na tréimhse a bhfuil taifid ann di agus a taifead a sheirbhíse i leith na tréimhse nach bhfuil taifid ann di.

Seirbhís áitiúil inphinsin sheirbhísigh inphinsin.

35. —(1) Chun críocha an Achta seo, is é a bheas i seirbhís áitiúil inphinsin sheirbhísigh inphinsin tráth ar bith an uimhir de bhlianta iomlána sa tréimhse, nó i gcomhiomlán na dtréimhsí, a bheas sé i dteideal, faoin gCuid seo den Acht seo, a áireamh mar sheirbhís, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más mó ná fiche bliain go leith an tréimhse, nó comhiomlán na dtréimhsí, a fhéadfas seirbhíseach inphinsin ar seirbhíseach briogáide tóiteáin é a áireamh mar sheirbhís faoin gCuid seo den Acht seo, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo, is é a bheas i seirbhís áitiúil inphinsin an tseirbhísigh sin an tréimhse sin nó an comhiomlán sin i dteannta na breise a bheas ag an tréimhse sin nó ag an gcomhiomlán sin ar fiche bliain, gan aon chorr-chodán de bhliain d'áireamh.

Liúntas a dheonadh do sheirbhíseach inphinsin ar é a scor de bheith i seilbh fostaíochta.

36. —(1) Más rud é—

(a) go scoirfidh seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil de bheith i seilbh a fhostaíochta agus nach bhfostófar i bpost eile é ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, agus

(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sé sa bhfost aíocht sin go dícheallach dílis agus chun a sástachta nó, mura dóigh leo sin, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta a cháis, liúntas laghdaithe a dheonadh dhó,

deonfaidh an t-údarás áitiúil liúntas dó in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) Is iad seo a leanas na cásanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) i gcás an seirbhíseach a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta ar shlí seachas trína scaoileadh de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta, agus—

(i) seasca bliain d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,

(ii) é a bheith ina sheirbhíseach briogáide tóiteáin, cúig bliana caogad d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,

(iii) é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(b) i gcás an seirbhíseach a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta toisc an aois-tórainn chuige sin a bheith sroichte aige, agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige.

An liúntas do sheirbhíseach inphinsin a chinneadh.

37. —Is é a bheas sa liúntas a deonfar do sheirbhíseach inphinsin faoi alt 36 den Acht seo ar é a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta—

(a) liúntas do réir ráta sa tseachtain is comhionann leis an seascadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin, nó

(b) liúntas do réir ráta sa tseachtain is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair inphinsin,

pé acu is lú.

Liúntas seirbhísigh inphinsin a laghdú mar gheall ar sheirbhís neamhshásúil.

38. —Má chinneann údarás áitiúil, faoi alt 36 den Acht seo, gur liúntas laghdaithe a deonfar do sheirbhíseach inphinsin, déanfaid an liúntas a deonfar dó faoi alt 36 den Acht seo a laghdú faoi bhun an mhéid dob iomchuí dhó sin faoi alt 37 den Acht seo agus oiread nach lú ná caoga faoin gcéad.

Aisce ghearr-sheirbhíse a dheonadh do sheirbhíseach inphinsin.

39. —(1) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh bliain ar a laghad agus níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta toisc é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhó de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi cheathair agus trian arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin.

(2) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh cúig bliana ar a laghad agus níos lú ná deich mbliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta toisc é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, deonfaidh an t-údarás áitiúil pé aisce dhó is dóigh leo is ceart ach nach mó ná a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi chaoga a dó.

Aisce a dheonadh d'ionadaí dlíthiúil pearsanta seirbhísigh inphinsin mhairbh.

40. —(1) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh a fhostaíochta agus bliain ar a laghad agus níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi cheathair agus trian arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin.

(2) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh a fhostaíochta agus cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de mhéid is comhionann lena luach saothair inphinsin arna iolrú faoi chaoga a dó.

Aisce a dheonadh faoi alt 36 d'ionadaí dlithiúil pearsanta deonaí mhairbh.

41. —I gcás duine, ba sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil agus ar deonadh dó faoi alt 36 den Acht seo liúntas ar é a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta, d'fháil bháis sara mbeidh iomlán na suimeanna uile a gheobhaidh sé ar scór an liúntais comhionann lena luach saothair inphinsin arna iolrú faoi chaoga a dó, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce is comhionann leis an difríocht idir an méid iomlán sin agus an luach saothair inphinsin sin arna iolrú faoi chaoga a dó

Aisce a dheonadh do bhanseirbhíseach inphinsin ar phósadh dhi.

42. —Má scoireann ban-seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil a mbeidh cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aici, de bheith i seilbh a fostaíochta toisc í a phósadh nó a bheith le pósadh agus go ndéanfaidh sí, laistigh de thrí mhí i ndiaidh a scortha nó de pé tréimhse is sia ná trí mhí a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, deimhniú a pósta a thabhairt ar aird don údarás áitiúil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) más dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina fostaíocht go dícheallach dílis agus chun a sástachta, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhi de mhéid is ionann agus—

(i) a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi cheathair agus trian arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin, nó

(ii) a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi chaoga a dó,

pé acu is lú;

(b) más rud é, bíodh nach dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina fostaíocht go dícheallach dílis agus chun a sástachta, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, aisce laghdaithe a dheonadh di, deonfaid aisce dhi de mhéid is comhionann leis an méid dob iomchuí faoi mhír (a) den alt seo arna laghdú an oiread sin, nach lú ná caoga faoin gcéad, is dóigh leo is ceart.

Ranníoca ó sheirbhísigh inphinsin.

43. —(1) Déanfaidh seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil ranníoc leis an údarás áitiúil sin chun críocha na Coda seo den Acht seo do réir ráta is ionann agus ceathair agus séú faoin gcéad—

(a) de ráta seachtainiúil a pháighe, agus

(b) de luach seachtainiúil a shochar oifige,

faoi réir an choinníll nach ndéanfar aon ranníoca i leith tréimhse nach bhfuair sé páigh ná sochair oifige ina haghaidh nó ar íoc an t-údarás áitiúil sin cúiteamh leis ina haghaidh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil an ranníoc ó sheirbhíseach inphinsin don údarás áitiúil sin faoin alt seo d'fháil trí asbhaintí tréimhsiúla as a pháigh agus a shochair oifige ach, mura ndéantar aon asbhaint den tsórt sin is cuí d'údarás áitiúil a dhéanamh as a pháigh agus a shochair oifige, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, gan dochar d'aon leigheas eile, an tsuim a ghnóthú trína coimeád as aon tsuimeanna a bheas dlite uathu dhó nó as aon aisce nó liúntas is iníoctha acu leis nó ina leith.

(3) Más rud é, faoi alt 55 den Acht seo, go mbeidh cnapshuimeanna, liúntas nó aiscí a dheonfas údarás áitiúil iníoctha ag údarás áitiúil eile, aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite sin ó am go ham (ach uair sa ráithe ar a laghad) chun an údaráis áitiúil eile—

(a) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite —leath na suimeanna uile a fuaireadar i bhfoirm ranníoca faoin alt seo, agus

(b) in aon chás eile—iomlán na suimeanna sin uile.

Ranníoca ó sheirbhísigh inphinsin a thabhairt ar ais.

44. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “na ranníoca”, maidir le seirbhíseach inphinsin, comhshuim a ranníoc le haghaidh aoisliúntais i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo.

(2) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná bliain de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, d'fháil bháis, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dá ionadaí dlíthiúil pearsanta.

(3) Más rud é, i gcás seirbhísigh inphinsin d'údarás áitiúil, go bhfionnfar tar éis aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe nach raibh dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige i leith na bliana sin, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil ar ais dó aon ranníoca a rinne sé faoi alt 43 den Acht seo i leith na bliana sin.

(4) Má scoireann seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná deich mbliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith ina sheirbhíseach inphinsin den tsórt sin ar shlí seachas de dhroim míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht seo nó toisc é a scaoileadh de dheasca mí-iompair agus nach bhfostófar i bpost eile é ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo agus nach ndeonfar aisce dhó faoi alt 39 ná alt 42 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dó.

(5) Má scoireann seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith ina sheirbhíseach inphinsin den tsórt sin ar shlí seachas de dhroim míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht seo nó toisc é a scaoileadh de dheasca mí-iompair agus nach bhfostófar i bpost eile é ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo agus nach mbeidh teideal aige chun liúntais faoi alt 36 den Acht seo ná chun aisce pósta faoi alt 42 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dó.

(6) Má scaoiltear seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil de dheasca mí-iompair, beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe dá rogha féin agus nach mbeidh aon achomharc indéanta ina coinne d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, na ranníoca a thabhairt ar ais dó má mheasaid go bhfuil fátha speisialta ann chun sin a dhéanamh.

(7) Má thugann údarás áitiúil na ranníoca ar ais agus go mbeidh sa mhéid a bhéarfar ar ais suim i leith ranníoc le haghaidh aoisliúntais d'íoc an seirbhíseach a bheas i gceist i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo agus atá ar seilbh ag aon chomhlucht eile, cúiteoidh an comhlucht sin an tsuim sin leis an údarás áitiúil a thug na ranníoca ar ais.

(8) Má thugann comhlucht, ar féidir seirbhís fúthu d'áireamh faoin Acht seo, ranníoca ar ais a híocadh le haghaidh aoisliúntais i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo agus go mbeidh sa mhéid a tugadh ar ais suim i leith ranníoc a bheas ar seilbh ag aon údarás áitiúil, cúiteoidh an t-údarás áitiúil sin an tsuim sin leis an gcomhlucht.

(9) Beidh feidhm, maidir le ranníoca a bhéarfar ar ais faoin alt seo, ag an gcoinníoll atá ag gabháil le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922.

Ranníoca a tugadh ar ais (seirbhíseach inphinsin) d'aisíoc.

45. —(1) Más rud é, tar éis na ranníoca a thabhairt ar ais faoi alt 44 den Acht seo do sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil ar é a scor de bheith ina sheirbhíseach inphinsin, go bhfostófar é i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a cheaptha iardain, an tsuim a thug an t-údarás áitiúil ar ais amhlaidh d'aisíoc leo, agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh leis an údarás áitiúil déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.

(2) Más rud é, tar éis ranníoca a bheith tugtha ar ais faoi alt 57 d'Acht 1948, ag údarás áitiúil do dhuine, go bhfostófar an duine sin i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a fhostuithe amhlaidh, an tsuim a thug an t-údarás áitiúil ar ais amhlaidh d'aisíoc leo agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh leis an údarás áitiúil déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.

(3) Más rud é—

(a) go mbeidh ag seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil aon tréimhse sheirbhíse (seachas mar sheirbhíseach nó oifigeach d'údarás áitiúil) d'fhéadfaí, dá ndéanadh sé an t-aisíoc dá bhforáltar leis an bhfo-alt seo, d'áireamh faoin Acht seo, agus

(b) go mbeifear tar éis ranníoca i leith na seirbhíse sin a thabhairt ar ais dó,

beidh teideal aige an tsuim a tugadh ar ais amhlaidh d'aisíoc leis an údarás áitiúil roimh dheireadh pé tréimhse is réasúnach leis an údarás áitiúil in imthosca an cháis agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh, déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.

(4) Más rud é—

(a) go mbeifear tar éis aisíoc a dhéanamh faoin alt seo le húdarás áitiúil, agus

(b) gur cás é ina mbeadh aon liúntas nó aisce a dheonfadh an t-údarás áitiúil sin á íoc ag údarás áitiúil eile,

aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite chun an údaráis áitiúil eile—

(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite—leath an aisíoca, agus

(ii) in aon chás eile—an t-aisíoc go léir.

Nithe nach n-áireofar i bpáigh ná i sochair oifige.

46. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ní fholóidh “páigh” ná “sochair oifige” aon ní acu seo a leanas:

(a) íocaíochtaí i leith breis-aimsire,

(b) costais taistil,

(c) íocaíochtaí as obair speisialta, ócáideach ná sealadach,

(d) íocaíochtaí as post a líonadh go sealadach mura tréimhse sé chéad lá seirbhíse nó níos mó, á háireamh siar ón dáta a chríochnaigh an fhostaíocht (gan áireamh a dhéanamh ar aon lá seirbhíse i mbliain airgeadais áitiúil ina raibh níos lú ná dhá chéad lá seirbhíse ag an seirbhíseach), an tréimhse a ndearnadh na híocaíochtaí ina leith,

(e) liúntais le haghaidh costas nó riachtanas áirithe.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú, maidir le híocaíochtaí de shaghas sonraithe, ar saghas é a luaitear i mír (a) nó i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo, go mbeid, chun críocha na Coda seo den Acht seo, ina gcuid de pháigh sheirbhísigh áirithe nó seirbhíseach d'aicme áirithe nó gach seirbhísigh, agus air sin, d'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, folóidh “páigh” sa Chuid seo den Acht seo, i gcás an tseirbhísigh sin, seirbhíseach den aicme sin nó gach seirbhísigh (do réir mar oireas) íocaíochtaí den tsaghas sin.

Luach saothair inphinsin seirbhísigh inphinsin a ríomh.

47. —(1) Cinnfidh údarás áitiúil ó am go ham an luach seachtainiúil in airgead atá ar gach sochar oifige (más aon cheann é), is é sin aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí, de chuid seirbhísigh inphinsin.

(2) Is é a bheas i luach saothair inphinsin seirbhísigh inphinsin chun críocha na Coda seo den Acht seo—

(a) má bhí sé ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil ar feadh na tréimhse iomchuí go léir nó ar feadh an méid sin den tréimhse sin a fhéadfas sé a áireamh mar sheirbhís agus, i ndeireadh na tréimhse iomchuí, gurb é is ráta páighe dhó ráta páighe nach ndearnadh, i rith na tréimhse iomchuí, é d'áthrú ach amháin do réir athruithe a bhain go ginearálta leis an aicme, an sórt nó an grád seirbhíseach lenar bhain an seirbhíseach sin i ndeireadh na tréimhse iomchuí— ráta seachtainiúil a pháighe i ndeireadh na tréimhse iomchuí maraon le meanmhéid seachtainiúil a shochar oifige (má b'ann) in aghaidh na tréimhse sin;

(b) in aon chás eile—meán-ráta seachtainiúil na páighe agus na sochar oifige (má b'ann) a bhain lena fhostaíocht nó lena fhostaíochtaí i gcaitheamh na tréimhse iomchuí.

(3) Más rud é nach raibh an seirbhíseach ina sheirbhíseach ach ar feadh coda den tréimhse iomchuí agus go raibh sé, ar feadh iarmhair uile na tréimhse sin, nó ar feadh coda dhe, ina oifigeach d'údarás áitiúil, déanfar, chun críocha míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, a thuarastal mar oifigeach den tsórt sin d'áireamh mar pháigh.

(4) D'ainneoin aon fhorál eile den Acht seo, i bhfo-alt (2) den alt seo beidh le “páigh” agus “sochair oifige”, maidir le haon phost nach post faoi údarás áitiúil agus ar féidir seirbh's ann d'áireamh faoin Acht seo, na bríonna céanna faoi seach atá leo sna forála maidir le haoisliúntas a bhaineas leis an bpost agus, ina theannta sin, folóidh “páigh” luach saothair oifigigh in aon phost den tsórt sin.

(5) Ní bheidh d'éifeacht le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, i gcás seirbhísigh a fuair ardú céime, go mbeidh aon liúntas ná aisce níos lú ná bheadh dá mba nach bhfuair sé an t-ardú céime.

(6) (a) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—

(i) más lú ná trí bliana roimh lá deiridh seirbhíse an tseirbhísigh an chéad lá dá sheirbhís is féidir a áireamh faoin Acht seo—an tréimhse dar tosach an lá tosaigh agus dar críoch a lá deiridh seirbhíse, agus

(ii) in aon chás eile—na trí bliana dar críoch a lá deiridh seirbhíse.

(b) I bhfo-mhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “a lá tosaigh”—

(i) má bhí ag an seirbhíseach, roimh a chéad lá seirbhíse, seirbhís a fhéadfas sé a áireamh faoin Acht seo agus a thug sé i bpost seachas fostaíocht mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil agus a thosnaigh lá ba lú ná trí bliana roimh a lá deiridh seirbhíse —an lá a thosnaigh an tseirbhís sin, agus

(ii) in aon chás eile—an chéad lá seirbhíse ag an seirbhíseach.

Forála idirlinne (Cuid III).

48. —(1) I gcás údarás áitiúil a dtáinig an Chuid seo den Acht seo i ngníomh ina leith de bhun fo-ailt (1) d'alt 5 den Acht seo, taifeadfar sa chlár, amhail ó thosach feidhme na Coda seo den Acht seo i leith an údaráis áitiúil,—

(a) ainm gach duine a raibh a ainm ar taifeadadh sa seanchlár díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil, agus

(b) ainm gach duine, nach duine dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ina leith:

(i) go raibh, in aon bhliain airgeadais áitiúil, ba bhliain airgeadais áitiúil a chríochnaigh roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil agus a thosnaigh ar an 1ú lá d'Aibreán nó dá éis sa bhliain airgeadais áitiúil iomlán a tháinig díreach roimh thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir leis an údarás áitiúil, dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige, agus

(ii) i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil, gur seirbhíseach don údarás áitiúil é nó go bhfuil beartaithe acu é a ghlacadh ina bhfostaíocht arís mar sheirbhíseach.

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn “an sean-chlár” an clár a bhí á choimeád ag an údarás áitiúil, roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leo, faoi alt 38 d'Acht 1948.

(2) Má bhíonn aon duine a chlárós Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath faoin alt seo, tar éis tréimhse sheirbhíse a chaitheamh mar sheirbhíseach nó oifigeach do Irish Enterprises Ltd., nó d'aon cheann dá réamhtheachtaithe, beidh sé i dteideal an tréimhse sin d'áireamh mar sheirbhís.

(3) Más rud é, i gcás aon lae sheirbhíse ag duine maidir le húdarás áitiúil idir tosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir leo agus tosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leo (seachas lá seirbhíse ag duine ar taifeadadh a ainm de bhun fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) d'alt 63 d'Acht 1948 sa chlár a bhí á choimeád ag údarás áitiúil faoi alt 38 den Acht sin, ba lá seirbhíse idir tosach feidhme Coda III den Acht sin maidir leis an údarás áitiúil agus an t-am a taifeadadh a ainm amhlaidh), nár íoc sé aon ranníoca leis an údarás áitiúil—

(a) ní háireofar an lá seirbhíse mar lá seirbhíse mura n-íoca sé leis an údarás áitiúil i leith an lae sheirbhíse pé ranníoca a bheadh íoctha aige faoin gCuid seo den Acht seo dá mba rud é, ar an lá seirbhíse, go raibh sé i ngníomh maidir leis an údarás áitiúil agus gur sheirbhíseach inphinsin a bhí ann, agus

(b) beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 43 den Acht seo maidir leis na ranníoca faoin bhfo-alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le ranníoca faoin alt sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo—

(a) maidir le duine a dícháilíodh chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 63 d'Acht 1948 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin,

(b) maidir le duine a dícháilíodh chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt sin 63 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin, ná

(c) maidir le duine lena mbaineann fo-alt (5) den alt seo.

(5) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 43 den Acht seo le n-íoc—

(a) ag duine dá dtagartar i bhfo-alt (5) d'alt 63 d'Acht 1948,

(b) ag duine lena mbainfeadh an fo-alt sin i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo dá ndéanadh sé iarratas faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt sin 63,

(c) ag duine d'fhéadfadh, ar thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir le hArd-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe, iarratas a dhéanamh chun an Bhardais sin faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt sin 63,

(d) ag duine—

(i) a bhí, ar thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir leis an údarás áitiúil, dícháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 63 d'Acht 1948 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin (1) nó dícháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt sin 63 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin (2), agus

(ii) ar thosnaigh roimh thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 an tseirbhís leanúnach aige a chríochnaigh ar thosach feidhme na Coda seo den Acht seo.

(6) Chun críocha míre (b) agus míre (c) d'fho-alt (5) den alt seo, más ní é, ar thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir leis an údarás áitiúil, go raibh an duine a bheas i gceist dícháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 63 d'Acht 1948 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin (1) nó dícháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt sin 63 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin (2), ní tabharfar aird ar an ní sin.

(7) Ní mhairfidh an díolúine faoi mhír (d) d'fho-alt (5) den alt seo ach an fhaid a bheas seirbhís an duine ó thosach feidhme na Coda seo den Acht seo ina seirbhís leanúnach.

(8) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 43 den Acht seo le n-íoc ag duine a bhí, díreach roimh é a theacht chun bheith ina sheirbhíseach inphinsin, ina dhuine lenar bhain fo-alt (6), (7) nó (8) d'alt 28 den Acht seo i gcaitheamh tréimhse leanúnaí seirbhíse tar éis dó teacht chun bheith ina sheirbhíseach inphinsin.

Srian ginearálta le deontais (seirbhísigh).

49. —Ach amháin faoin Acht seo, ní dheonfaidh údarás áitiúil aon phinsean, liúntas, aisce ná aistabhairt ranníoc d'aon duine, ná i leith aon duine, dá seirbhísigh.