|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 24 de 1956. | ||
[EN] |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1956. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952. [11 Iúil, 1956.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
“An Príomh-Acht”. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) . |
[EN] |
Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht (ranníoca i gcoitinne). |
2. —(1) Déantar leis seo “dhá scilling” a chur in ionad “scilling agus sé pingne” i bhfo-alt (2) d'alt 6 den Phríomh-Acht. |
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1956. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht (modhnuithe i gcás daoine i bhfostaíochtaí áirithe). |
3. —Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 12 den Phríomh-Acht i ndiaidh fo-ailt (1) den alt sin: |
[EN] | “(1A) D'ainneoin alt 5 agus 6 den Acht seo, féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo foráil a dhéanamh maidir le ranníoca fostaíochta nach bhfuil iontu ach ranníoca fostóirí agus, an fhaid a bheas rialacháin i bhfeidhm a fhorálfas amhlaidh, beidh na hailt sin 5 agus 6 arna modhnú dá réir sin. | |
[EN] | (1B) Féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo forála an Achta seo a mhodhnú i slite éagsúla maidir le fireannaigh agus le baineannaigh a fostaítear sa bhfostaíocht chéanna.” | |
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht (rátaí ranníoca fostaíochta). |
4. —(1) Déantar leis seo “2s. 9d.” a chur in ionad “2s. 4d.” agus “1s. 8d.” in ionad “1s. 4d.” i bhfo-mhír (a) de mhír 1 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht. |
[EN] | (2) Déantar leis seo “2s. 9d.” a chur in ionad “2s. 4d.” agus “2s. 5d.” in ionad “2s. 0d.” i bhfo-mhír (b) de mhír 1 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht. | |
[EN] | (3) Déantar leis seo “1s. 7d.” a chur in ionad “1s. 3d.” i bhfo-mhír (a) agus i bhfo-mhír (b) de mhír 2 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht. | |
[EN] | (4) Déantar leis seo “11d.” a chur in ionad “9d.” i bhfomhír (a) de mhír 3 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht. | |
[EN] | (5) Déantar leis seo “1s. 7d.” a chur in ionad “1s. 3d.” i bhfo-mhír (b) de mhír 3 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht. | |
[EN] | (6) Tiocfaidh fo-ailt (1) go (5) den alt seo i ngníomh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1956. | |
[EN] |
Leasú ar Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht (rátaí sochar tréimhsiúla agus rátaí na méaduithe orthu). |
5. —(1) (a) Déantar leis seo “30” a chur in ionad “24” sa dara colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, sa dá áit sa cholún sin ina bhfuil “24” os coinne míre 1 sa chéad cholún den Chuid sin. |
[EN] | (b) Déantar leis seo “22½” a chur in ionad “18” sa dara colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, sa dá áit sa cholún sin ina bhfuil “18”. | |
[EN] | (c) Déantar leis seo “15” a chur in ionad “12” sa tríú colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, sa dá áit sa cholún sin ina bhfuil “12”. | |
[EN] | (d) Déantar leis seo “8” a chur in ionad “7” sa cheathrú colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, sa dá áit sa cholún sin ina bhfuil “7” os coinne míre 1 sa chéad cholún den Chuid sin. | |
[EN] | (2) Déantar leis seo “30” a chur in ionad “24” sa dara colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, san áit sa cholún sin ina bhfuil “24” os coinne míre 2 sa chéad cholún den Chuid sin. | |
[EN] | (3) (a) Déantar leis seo “30” a chur in ionad “24” sa dara colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, san áit sa cholún sin ina bhfuil “24” os coinne míre 3 sa chéad cholún den Chuid sin. | |
[EN] | (b) Déantar leis seo “8” a chur in ionad “7” sa cheathrú colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, san áit sa cholún sin ina bhfuil “7” os coinne míre 3 sa chéad cholún den Chuid sin. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1956, agus tiocfaidh fo-alt (3) den alt seo i ngníomh an 7ú lá de Mheán Fómhair, 1956. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Leasa Shóisialaigh, 1952 agus 1956, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |