Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagartar san Acht seo.)

32 1956


Uimhir 32 de 1956.


AN tACHT LEITHREASA, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A SEACHT, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1956 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT D'FHÁIL. [3 Lúnasa, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£73,093,280 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1956-57.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim seachtó agus trí mhilliún, nócha agus trí mhíle, dhá chéad agus ochtó punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle, naoi gcéad, caoga a seacht.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £73,093,280 a thógaint ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná seachtó agus trí mhilliún, nócha agus trí mhíle, dhá chéad agus ochtó punt a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan den Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a crainneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasú.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £114,797,738, a leithreasú.

3. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad agus ceithre mhilliún déag, seacht gcéad agus nócha agus seacht míle, seacht gcéad tríocha agus ocht bpuint, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann), a ghabhas leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim sé mhilliún, sé chéad agus naoi míle déag, seacht gcéad agus naoi bpuint d'úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é d'úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a sonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1956 , a ghairm den Acht seo.