41 1956


Uimhir 41 de 1956.


AN tACHT UM LEIGHEASANNA AINMHITHE, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO RIALÚ ALLMHUIRIÚ, MONARÚ, IMDHÁIL, DÍOL AGUS FÓGAIRT LEIGHEASANNA AINMHITHE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR TÁILLÍ A GHEARRADH AR CHEADÚNAIS) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Nollaig, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh sé mhí tar éis a rite nó pé dáta roimhe sin a cheapfas an tAire le hordú.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

folaíonn “fógrán” aon tsórt fógraíochta trí fhógra, póstaer paimfléad, cearcalán, lipéad, cuairsceann nó doiciméad eile dá samhail ach ní fholaíonn sé fógrán i nuachtán ná iris allmhuirithe maidir le leigheas ainmhithe nach monaraítear sa Stát;

ciallaíonn “ainmhí” ainmhí a bhfuil feidhm ag an Acht seo ina leith;

ciallaíonn “leigheas ainmhithe” aon tsubstaint, ullmhóid, meascán nó comhdhúil, seachas ábhar bídh a haithnítear agus a húsáidtear go coitianta sa cháil sin atá ceaptha lena fhriotháil nó a chur, laistigh nó lasmuigh; ar ainmhí in aon tslí chun aon díobháil, galar, tinneas nó éalaing a chosc, d'eadargnú nó a chóireáil, nó chun sláinte nó staid an ainmhí d'fheabhsú;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine ag a bhfuil údarás i scríbhinn ón Aire chun na cumhachta d'fheidhmiú a bheirtear d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Coiste Comhairleach” an coiste a bunófar faoi alt 4;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

folaíonn earra a dhíol í a thairiscint, a thaispeáint nó a choimeád lena díol, tairiscint a lorg chun í a cheannach, nó í d'imdháil ar luaíocht, agus déanfar focail ghaolmhara d'fhorléiriú dá réir sin.

Ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo.

3. —(1) Baineann an tAcht seo leis na hainmhithe seo a leanas— capaill (lena n-áirítear capaillíní, asail, miúlacha agus ránacha), bólacht, caoirigh, muca, gabhair, madraí, cait agus éanlaithe clóis (lena n-áirítear éanlaithe tís, turcaithe, lachain, géanna agus éanlaithe guine) d'aon aois.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, feidhm a thabhairt don Acht seo i gcás aon ainmhí eile, pé acu ainmhí tís nó ainmhí faoi ghaibhniú é, agus féadfaidh sé aon ordú den tsórt sin a chúlghairm.

An Coiste Comhairleach um Leigheasanna Ainmhithe.

4. —(1) Chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Aire maidir le rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, bunófar coiste dá ngairmfear an Coiste Comhairleach um Leigheasanna Ainmhithe.

(2) Beidh ar an gCoiste Comhairleach cúigear comhaltaí a cheapfas an tAire ó am go ham agus a n-ainmneoidh an tAire Sláinte comhalta amháin díobh agus a mbeidh na comhaltaí eile ina ndaoine ar dóigh leis an Aire go bhfuil taithí nó eolas speisialta acu ar mhonarú, pacáil, imdháil, díol nó úsáid leigheasanna ainmhithe, nó go bhfuilid ionadaitheach do dhaoine a bhíos ag gabháil dó sin.

(3) Beidh gach comhalta den Choiste Comhairleach i seilbh oifige, mura n-éaga sé nó mura n-éirí sé as oifig roimhe sin, go ceann tréimhse dhá bhliain ó dháta a cheaptha, ach féadfar é d'athcheapadh.

(4) Féadfar pé caiteachais taistil agus cothabhála a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le comhaltaí an Choiste Chomhairligh.

(5) Tiocfaidh an Coiste Comhairleach le chéile aon uair a ghairmfeas an tAire iad.

(6) Féadfaidh an Coiste Comhairleach a nós imeachta féin a rialú.

(7) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh an tAire, le rialacha faoin alt seo, trátha ceaptha comhaltaí an Choiste Chomhairligh a rialú, maraon le tráth agus modh líonta corrfholúntas sa Choiste Comhairleach agus tréimhse oifige na ndaoine a ceapfar chun na corr-fholúntais sin a líonadh.

Comhdhéanamh leigheasanna ainmhithe a chur in iúl.

5. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, ní dhéanfaidh duine ar bith leigheas ainmhithe a dhíol ná d'allmhuiriú mura mbeidh ar an gcoimeádán ina ndíolfar nó ina n-allmhuireofar é, agus ar aon chuairsceann imeachtrach, fógra a chuirfeas in iúl, go soiléir,—

(a) (i) an ghnáth-ainm iomchuí tráchtála atá ar an leigheas nó, má tá níos mó ná táthchuid amháin ann, ar gach táthchuid de, maraon leis an gcion de gach táthchuid atá sa leigheas, nó

(ii) mura bhfuil ghnáth-ainm iomchuí tráchtála ar an leigheas nó ar aon táthchuid de, ainm iomchuí eolaíochta an leighis nó na táthchoda sin, nó

(iii) mura bhfuil sa leigheas ach substaint íce a bhfuil ceadúnas nó cead a deonadh faoin Acht Substaintí Ice, 1932 (Uimh. 25 de 1932) , i bhfeidhm ina leith, ainm na substainte mar luaitear sa cheadúnas nó sa chead é agus uimhir an cheadúnais nó an cheada, agus

(b) an tsain-cháilíocht íocshláinteach nó na sain-cháilíochtaí íocshláinteacha a dearbhaítear a bheith sa leigheas, agus

(c) (i) i gcás an leigheas d'allmhuiriú ina mhór-mhéid agus é a phacáil sa Stát, ainm agus seoladh an allmhuireora agus pacálaí an leighis,

(ii) i gcás an leigheas a mhonarú sa Stát le haghaidh agus faoi urláimh dhuine a mhonaraíos an leigheas céanna nó a chuireas faoi deara é a mhonarú lasmuigh den Stát, ainm agus seoladh an duine sin agus ráiteas go bhfuil an leigheas á mhonarú sa Stát lena aghaidh agus faoina urláimh agus ainm agus seoladh pacálaí an leighis nó, murab é an monaróir nó an pacálaí a imdháileas an leigheas, ainm agus seoladh a imdháileora, nó

(iii) in aon chás eile, ainm agus seoladh monaróra agus pacálaí an leighis, agus

(d) pé sonraí eile a hordófar ó am go ham le rialacháin a dhéanfas an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach.

(2) Faoi réir forál an ailt seo, ní fhoilseoidh duine ar bith, ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar, aon fhógrán i dtaobh leighis ainmhithe mura mbíonn sa bhfógrán sin na sonraí a luaitear i bhfo-alt (1).

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hallmhuiriú leighis ainmhithe ina mhór-mhéid ar shlí seachas sa choimeádán nó sa chuairsceann imeachtrach a bhfuil beartaithe é a chur ar díol ann.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (2) le fógrán a fhoilseos an tAire nó a chuirfeas sé á fhoilsiú, ná le faisnéis eolaíochta a fhoilseos ollscoil nó institiúid nó comhlachas gairmiúil nó eolaíochta, nó a chuirfid á foilsiú.

(5) Ní bhainfidh an t-alt seo le leigheas ainmhithe—

(a) a soláthrófar do thréidlia cláraithe nó a sholáthrós tréidlia cláraithe do dhuine eile chun go gcóireálfar ainmhí is leis an duine sin nó is gnáthach a bheith ina choimeád agus ar loirg an duine sin comhairle faoi ar an tréidlia i gcúrsa a chleachtais ghairmiúil phríobháidigh,

(b) a dhíolfas saotharlann oifigiúil thaighde tréidliachta atá aitheanta ag an Aire, nó a hallmhuireofar ó shaotharlann den tsórt sin,

(c) a sholáthrós cógaiseoir cláraithe, drugadóir cláraithe, nó cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe, do réir oidis ar leithligh ó thréidlia cláraithe, agus a dhíolfas sé leis an duine a bheas ainmnithe san oideas nó

(d) a honnmhuireofar as an Stát.

(6) Féadfaidh an tAire—

(a) a cheangal ar aon duine a dhíolfas leigheas ainmhithe a chinntiú dhó gur ráiteas cruinn aon ráiteas ar choimeádán nó ar chuairsceann imeachtrach an leighis sin,

(b) a cheangal ar aon duine a chuirfeas faoi deara fógrán d'fhoilsiú i dtaobh leigheas ainmhithe a chinntiú dhó gur ráiteas cruinn aon ráiteas sa bhfógrán,

agus déanfar do réir aon cheanglais den tsórt sin.

(7) San alt seo ciallaíonn “ainm iomchuí eolaíochta”—

(a) más nimh a háirítear i Sceideal A a ghabhas leis an Poisons (Ireland) Act, 1870, an leigheas nó an táthchuid, an ainm atá le cur, de bhun ailt 2 den Acht sin, ar choimeádán na nimhe sin,

(b) mura nimh den tsórt sin an leigheas nó an táthchuid agus go bhfuil a thuairisc in aon cheann de na monografa san eagrán den Irish Pharmacopoeia is déanaí a foilsíodh roimh an dáta a monaraíodh nó a hallmhuiríodh an leigheas nó an leigheas ina bhfuil an táthchuid sin, an tuairisc atá i mbarr an mhonografa sin, nó

(c) in aon chás eile, an ainm eolaíochta ghnáth-aitheanta nó ainm eile a bheir tuairisc cheart ar an leigheas nó an táthchuid.

Toirmeasc ar shonraí bréagacha nó míthreoracha.

6. —(1) Na sonraí is gá do réir an Achta seo i ndáil le díol, allmhuiriú nó fógairt aon leighis ainmhithe agus aon tsonraí eile (lena n-áirítear branda nó ainm thrádála an leighis sin) a tugtar i ndáil leis an díol, leis an allmhuiriú nó leis an bhfógairt sin, ní thabharfaidh aon duine iad ar chuma a chuirfeas i gcion, nó ba dhóigh a chuirfeadh i gcion, treoir nó tuiscint bhréagach nó mhícheart ar chomhdhéanamh, fiúntas nó éifeacht íocshláinteach an leighis sin.

(2) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireas tórainn le hoibriú na nAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931.

Rialacháin faoi leigheasanna ainmhithe.

7. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach, foráil a dhéanamh le rialacháin—

(a) chun monarú, ullmhú, pacáil, allmhuiriú nó díol aon leighis ainmhithe a rialú (lena n-áirítear a thoirmeasc ach amháin faoi cheadúnas ón Aire), agus

(b) más substaint íce lena mbaineann an tAcht Substaintí Ice, 1932 , an leigheas ainmhithe, go scoirfidh an tAcht sin, ina iomláine nó a mhéid a sonrófar, d'fheidhm a bheith aige maidir leis an leigheas.

(2) Ní bhainfidh rialacháin faoin alt seo le soláthar nó díol leigheasanna ainmhithe faoi fho-alt (5) d'alt 5.

(3) Ní déanfar, gan toiliú an Aire Shláinte, rialacháin faoin alt seo d'fhorálfadh, dá ndéantaí iad, go mbeadh deireadh, ina hiomláine nó a mhéid a sonrófaí, le feidhm an Achta Shubstaintí Ice, 1932, maidir le substaint íce, agus ní déanfar, gan an tAire agus an tAire Sláinte do dhul i gcomhairle le chéile roimh ré, rialacháin faoin alt seo, a dhéanfadh difir, dá ndéantaí iad, in aon tslí eile do shubstaintí íce lena mbaineann an tAcht Substaintí Ice, 1932 .

Táillí ar cheadúnais.

8. —(1) Íocfar ar aon cheadúnais a dheonadh pé táille (más ann) a shocrós an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith cineálacha éagsúla ceadúnas.

Iniúchadh ag oifigigh údaraithe.

9. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó feithicil a bhfuil cúis aige a chreidiúint go bhfuil aon leigheas ainmhithe á mhonarú, á phacáil, á ullmhú lena dhíol nó á dhíol ann, agus féadfaidh sé aon ghléasra, ábhair nó taifid a gheofar san áitreabh nó sa bhfeithicil sin d'iniúchadh agus samplaí d'aon ábhair den tsórt sin a thógaint agus a thabhairt as agus cóipeanna a dhéanamh d'aon taifid den tsórt sin.

(2) Déanfaidh aon duine a bheas ag gabháil do dhíol leighis ainmhithe, ar oifigeach údaraithe dá iarraidh sin air agus do thabhairt a údaráis ar aird má hiarrtar sin air—

(a) aon taifid ina sheilbh nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don oifigeach,

(b) aon eolas a iarrfas an t-oifigeach maidir leis an leigheas a thabhairt dó, agus

(c) sampla den leigheas agus d'aon choimeádán dó a thabhairt don oifigeach, agus cóip d'aon fhógrán maidir leis an leigheas sin a bheas ina sheilbh nó faoina urláimh.

(3) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon oifigeach údaraithe a chosc ná a bhac agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó faoin Acht seo.

Cionta.

10. —(1) Aon duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) foráil den Acht seo nó d'aon rialacháin faoi, nó téarma nó coinníoll in aon cheadúnas, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(2) Féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, a ordú go bhforghéillfear aon leigheas ainmhithe a ndearnadh an cion ina leith.

(3) Déanfar aon earraí a n-ordófar a bhforghéilleadh faoin alt seo a dhiúscairt mar is oiriúnach leis an Aire, agus déanfar aon airgead a gheofar as an diúscairt sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an tAire imeachta i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

11. —Aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis na rialacháin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Táillí.

12. —(1) Déanfar na táillí uile is iníoctha faoin Acht seo a bhailiú agus a thógaint i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire sin.

(2) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.

Caiteachais.

13. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar an tAcht um Leigheasanna Ainmhithe, 1956 , a ghairm den Acht seo.