Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. AchtachÁin a hAthghairmtear.)

46 1956


Uimhir 46 de 1956.


ACHT RIALUITHE NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE RIALÚ, FOLLÚNÚ AGUS BAINISTÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE.

[19 Nollaig, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1859” an Superannuation Act, 1859;

ciallaíonn “Acht 1919” an Superannuation (Prison Officers) Act, 1919;

tá le “údarás iomchuí” an bhrí a bheirtear dó le halt 2;

ciallaíonn “stát-sheirbhíseach” duine a bhfuil post aige sa Stát-Sheirbhís, agus folaíonn sé duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “an Stát-Sheirbhís” Stát-Sheirbhís an Rialtais agus Stát-Sheirbhís an Stáit;

ciallaíonn “stát-sheirbhíseach bunaithe” stát-sheirbhíseach atá ag tabhairt seirbhíse bunaithe;

ciallaíonn “post bunaithe” post ina dtugtar seirbhís bhunaithe;

ciallaíonn “seirbhís bhunaithe” seirbhís i gcáil ar féidir aoisliúntas a dheonadh ina leith faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954;

ní fholaíonn “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—

(a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann nó Sheanad Éireann é, nó

(b) arb é an Leabharlannaí nó an Leabharlannaí Cúnta, Tithe an Oireachtais, é, nó

(c) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó

(d) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é;

ciallaíonn “oifigeach lena mbaineann Acht 1919” státsheirbhíseach lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 1 d'Acht 1919;

ciallaíonn “fionraí”, maidir le stát-sheirbhíseach, fionraí ó dhualgas, agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “údarás fionraíochta” an bhrí a bheirtear dó le halt 3;

tá le “oifigeach aistrithe” an bhrí a bheirtear dó le halt 1 den Acht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 ( Uimh. 36 de 1929 ).

(2) D'ainneoin é a bheith as láthair ón Stát-Sheirbhís, is stát-sheirbhíseach chun críocha an Achta seo duine atá ag fónamh, faoi chead bheith as láthair gan páigh ón Stát-Sheirbhís, i bpost nach post sa Stát-Sheirbhís agus, más post bunaithe an post a bhí aige sa Stát-Sheirbhís díreach sarar thosaigh a chead bheith as láthair, beidh sé, chun críocha an Achta seo, ina státsheirbíseach bunaithe, d'ainneoin nach féidir a sheirbhís le linn é a bheith as láthair faoi chead d'áireamh mar sheirbhís chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1954.

(3) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(4) San Acht seo, nuair a déantar tagairt do réir uimhreach d'aon alt is tagairt í don alt den Acht seo a bhfuil an uimhir sin air mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá i gceist.

“Údarás iomchuí.”

2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “údarás iomchuí”—

(a) maidir le stát-sheirbhíseach a shealbhaíos post chun ar cheap an Rialtas é, an Rialtas,

(b) maidir le stát-sheirbhíseach is duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais nó oifigeach don Ard-Aighne, an Taoiseach,

(c) maidir le stát-sheirbhíseach is duine d'fhoireann oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, an tAire, nó

(d) maidir le haon stát-sheirbhíseach eile, an tAire Stáit a bhfuil an chumhacht chun comharba dhó a cheapadh infheidhmithe aige de thuras na huaire.

(2) (a) Féadfaidh an Taoiseach na cumhachta (ach amháin na cumhachta maidir le haon ábhar a tharlós go díreach i ndáil le gnó Sheanad Éireann) is infheidhmithe aige faoin Acht seo mar údarás iomchuí maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais a tharmligean chuig Ceann Comhairle Dháil Éireann agus, má dhéanann sé amhlaidh, ansin, an fhad a mhairfeas an tarmligean i bhfeidhm,

(i) beidh na cumhachta sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Taoiseach, infheidhmithe ag an duine a bheas de thuras na huaire ina Cheann Comhairle ar Dháil Éireann, agus

(ii) is é an duine sin, in ionad an Taoisigh, a bheas, chun críocha an Achta seo, ina údarás iomchuí, i leith feidhmiú na gcumhacht sin, maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

(b) Féadfaidh an Taoiseach na cumhachta, maidir le haon ábhar a tharlós go díreach í ndáil le gnó Sheanad Éireann, is infheidhmithe aige faoin Acht seo mar údarás iomchuí maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais, a tharmligean chuig Cathaoirleach Sheanad Éireann agus, má dhéanann sé amhlaidh, ansin, an fhad a mhairfeas an tarmligean i bhfeidhm,

(i) beidh na cumhachta sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Taoiseach, infheidhmithe ag an duine a bheas de thuras na huaire ina Chathaoirleach ar Sheanad Éireann, agus

(ii) is é an duine sin, in ionad an Taoisigh, a bheas, chun críocha an Achta seo, ina údarás iomchuí, i leith feidhmiú na gcumhacht sin, maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

(c) Féadfaidh an Taoiseach na cumhachta is infheidhmithe aige faoin Acht seo mar údarás iomchuí maidir le hoifigigh don Ard-Aighne a tharmligean chuig an Ard-Aighne agus, má dhéanann sé amhlaidh, ansin, an fhad a mhairfeas an tarmligean i bhfeidhm,

(i) beidh na cumhachta sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Taoiseach, infheidhmithe ag an duine a bheas de thuras na huaire ina Ard-Aighne, agus

(ii) is é an duine sin, in ionad an Taoisigh, a bheas, chun críocha an Achta seo, ina údarás iomchuí maidir le hoifigigh don Ard-Aighne.

(d) Féadfaidh an tAire na cumhachta is infheidhmithe aige faoin Acht seo mar údarás iomchuí maidir le daoine d'fhoireann oifig an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste a tharmligean chuig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus, má dhéanann sé amhlaidh, ansin, an fhad a mhairfeas an tarmligean i bhfeidhm,

(i) beidh na cumhachta sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an duine a bheas de thuras na huaire ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus

(ii) is é an duine sin, in ionad an Aire, a bheas, chun críocha an Achta seo, ina údarás iomchuí maidir le daoine d'fhoireann oifig an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste.

(e) Féadfaidh an tAire na cumhachta is infheidhmithe aige faoin Acht seo mar údarás iomchuí maidir le daoine d'fhoireann oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a tharmligean chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus, má dhéanann sé amhlaidh, ansin, an fhad a mhairfeas an tarmligean i bhfeidhm,

(i) beidh na cumhachta sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag na daoine a bheas de thuras na huaire ina gCoimisinéirí Ioncaim, agus

(ii) is iad na daoine sin, in ionad an Aire, a bheas, chun críocha an Achta seo, ina n-údarás iomchuí maidir le daoine d'fhoireann oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

(f) Féadfaidh an tAire Stáit a dhéanfas tarmligean faoi mhír (a), (b), (c), (d) nó (e) den fho-alt seo an tarmligean a chúlghairm, ach ní dhéanfaidh an chúlghairm sin difir d'aon ní a rinneadh, de bhua an tarmligin, faoin Acht seo, agus fanfaidh aon ní a rinneadh amhlaidh i bhfeidhm agus, chun críocha an Achta seo, beidh éifeacht aige amhail is dá mba é an tAire Stáit sin a rinne é.

(3) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanas difir do na cumhachta is infheidhmithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi aon achtachán a bheas i ngníomh de thuras na huaire.

“Údarás fionraíochta.”

3. —(1) San Acht seo ciallaíonn “údarás fionraíochta”, maidir le stát-sheirbhíseach, gach ceann acu seo a leanas:—

(a) an t-údarás iomchuí maidir leis an stát-sheirbhíseach sin,

(b) duine a bheas, de bhua fo-ailt (2) den alt seo, de thuras na huaire ina údarás fionraíochta maidir leis an státsheirbhíseach sin.

(2) Féadfaidh an t-údarás iomchuí maidir le stát-sheirbhísigh d'aicme áirithe (a míneofar trí thagairt do pé nithe is oiriúnach leis an údarás iomchuí sin) duine ag a bhfuil post sa stát-sheirbhís d'ainmniú ó am go ham ina údarás fionraíochta maidir le státsheirbhísigh den aicme sin, agus má hainmnítear aon duine amhlaidh beidh an duine sin, an fhad a mhairfeas an t-ainmniúchán i bhfeidhm, ina údarás fionraíochta maidir le státsheirbhíseach den aicme sin.

(3) Féadfar duine d'ainmniú faoi fho-alt (2) den alt seo ina údarás fionraíochta trína ainm a lua nó trí thagairt dá phost oifigiúil nó trí thagairt dó mar dhuine d'aicme daoine ag a bhfuil postanna oifigiúla den tsórt céanna leis an bpost atá ag an duine sin.

(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo, ina fheidhm maidir le stát-sheirbhíseach is duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais. amhail is dá bhfolaíodh an tagairt atá ann do dhuine ag a bhfuil post sa Stát-Sheirbhís tagairt d'oifigeach do Thithe an Oireachtais.

(5) Nuair a bheas an t-údarás iomchuí ag déanamh ainmniúcháin faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh sé pé tórainneacha agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás iomchuí sin a chur leis an ainmniúchán.

(6) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, tráth ar bith, ainmniúchán faoi fho-alt (2) den alt seo a tharraingt siar, ach ní dhéanfaidh an tarraingt siar sin difir d'aon ní a rinneadh, de bhua an ainmniúcháin, faoin Acht seo.

Feidhmiú cumhacht faoi ailt 6 agus 7 maidir le daoine d'fhoireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

4. —Sara bhfeidhmeoidh an tAire Oideachais, maidir le duine d'fhoireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, na cumhachta a bheirtear le halt 6 nó 7, raghaidh sé i gcomhairle le Comhairle Iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Seilbh oifige stát-sheirbhíseach bunaithe.

5. —Beidh gach stát-sheirbhíseach bunaithe i seilbh oifige do réir mar is toil agus is áil leis an Rialtas é.

Seilbh oifige stát-sheirbhíseach nach státsheirbhísigh bhunaithe.

6. —Féadfaidh an t-údarás iomchuí, faoi réir ailt 4 (más infheidhme), seirbhísí stát-sheirbhísigh nach stát-sheirbhíseach bunaithe d'fhorceannadh.

Daoine a ceapfar ar promhadh chun postanna bunaithe.

7. —Más deimhin leis an údarás iomchuí, i gcás stát-sheirbhísigh a ceapadh chun poist bhunaithe (dá ngairmtear a phost promhaidh san alt seo) agus atá, faoina choinníollacha seirbhíse, ag fónamh i gcáil phromhaidh, go bhfuil sé, ar chríochdú a thréimhse promhaidh nó pé tréimhse a chuir (má chuir) an t-údarás iomchuí d'fhad léi ó am go ham, tar éis loiceadh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha promhaidh a bhain lena phost promhaidh, ansin, faoi réir ailt 4 (más infheidhme), beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfaidh an t-údarás iomchuí, d'ainneoin ailt 5. seirbhísí an stát-sheirbhísigh d'fhorceannadh mura rud é, díreach sarar ceapadh chun a phoist phromhaidh é, go raibh post eile aige sa Stát-Sheirbhís;

(b) má bhí ag an stát-sheirbhíseach, díreach sarar ceapadh chun a phoist phromhaidh é, post bunaithe (dá ngairmtear a shean-phost sa mhír seo), forceannfaidh an t-údarás iomchuí a cheapachán chun a phoist phromhaidh agus, sa chás sin, féadfar, má thoilíonn an tAire chuige, an stát-sheirbhíseach a cheapadh láithreach chun poist bhunaithe a shonrós an tAire (ar post é (i) i ngrád a shean-phoist, nó (ii) i ngrád nó i gcéim is dóigh leis an Aire a bheith comhionann le grád a shean-phoist nó níos ísle ná é);

(c) más rud é—

(i) go gceapfar an stát-sheirbhíseach chun poist bhunaithe faoi mhír (b) den alt seo, agus

(ii) díreach sarar ceapadh é chun a phoist phromhaidh, gur i gcáil phromhaidh a shealbhaigh sé a shean-phost,

ansin, gabhfaidh leis an bpost bunaithe chun a gceapfar é pé coinníollacha promhaidh agus pé coinníollacha eile a shocrós an tAire;

(d) má bhí ag an stát-sheirbhíseach, díreach sarar ceapadh é chun a phoist phromhaidh, post nach post bunaithe (dá ngairmtear a shean-phost sa mhír seo), forceannfaidh an t-údarás iomchuí a cheapachán chun a phoist phromhaidh agus, sa chás sin, féadfar, má thoilíonn an tAire chuige, an stát-sheirbhíseach a cheapadh láithreach chun poist nach post bunaithe a shonrós an tAire (ar post é (i) i ngrád a shean-phoist, nó (ii) i ngrád nó i gcéim is dóigh leis an Aire a bheith comhionann le grád a shean-phoist nó níos ísle ná é).

An aois scoir do stát-sheirbhísigh.

8. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an aois scoir”—

(a) maidir le stát-sheirbhíseach is oifigeach lena mbaineann Acht 1919, seasca bliain,

(b) maidir le haon stát-sheirbhíseach eile, cúig bliana seascad.

(2) (a) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, d'ainneoin ailt 5, a cheangal ar aon stát-sheirbhíseach is oifigeach lena mbaineann Acht 1919, agus a bhfuil cúig bliana caogad slán aige, nó ar aon stát-sheirbhíseach eile a bhfuil seasca bliain slán aige, scor, agus scoirfidh an stát-sheirbhíseach sin dá réir sin.

(b) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt seo le hoifigeach aistrithe is stát-sheirbhíseach bunaithe.

(3) Scoirfidh gach stát-sheirbhíseach ar an aois scoir a shlánú dhó.

(4) D'ainneoin aon ní sna fo-ailt roimhe seo den alt seo, féad faidh an t-údarás iomchuí, le toiliú (murab é an Rialtas ná an tAire an t-údarás iomchuí) an Aire (a fhéadfas ó am go ham pé coinníollacha is oiriúnach leis d'ordú maidir le stát-sheirbhísigh os cionn na gnáth-aoise scoir d'fhostú faoin bhfo-alt seo)—

(a) a ordú go bhféadfar aois scoir stát-sheirbhísigh bhunaithe d'ardú tréimhse nach sia ná trí mhí caileandair,

(b) a ordú go bhféadfar stát-sheirbhíseach bunaithe a shroichfeas an aois scoir a choinneáil sa Stát-Sheirbhís go dtí go slánóidh sé, más oifigeach lena mbaineann Acht 1919 é, cúig bliana seascad d'aois nó, in aon chás eile, seachtó bliain d'aois, agus sa chás sin, d'ainneoin aon ní in alt 22 den Acht Aoisliúntas, 1936 (Uimh. 39 de 1936) , ní háireofar mar sheirbhís bhunaithe aon tseirbhís a bhéarfas sé í ndiaidh na haoise scoir nó, má hárdaítear an aois scoir dó faoi mhír (a) den fho-alt seo, i ndiaidh na haoise scoir arna hardú amhlaidh,

(c) a ordú go bhféadfar aois scoir stát-sheirbhísigh nach stát-sheirbhíseach bunaithe d'ardú go dtí aon aois nach mó ná cúig bliana seachtód.

(5) Ní bhaineann fo-ailt (1), (2), (3) agus (4) den alt seo leo seo a leanas —

(a) Máistir na hArd-Chúirte, nó

(b) Máistir Fómhais, nó

(c) Cláraitheoir Contae, nó

(d) Cláraitheoir na dTeideal, nó

(e) Cláraitheoir na nGníomhas, más é an Rialtas a cheap é chun na hOifige sin, faoi alt 7 den Acht um Chlárú Teideal, 1942 (Uimh. 26 de 1942) , nó

(f) stát-sheirbhíseach lena mbaineann fo-alt (5) d'alt 63 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ).

(6) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanas difir d'alt 10 d'Acht 1859 nó don alt sin 10 mar bheirtear feidhm dó le fo-alt (1) d'alt 1 d'Acht 1919.

Scor de dheases easláinte.

9. —(1) San alt seo ciallaíonn “lia-réiteoir” lia-chleachtóir cláraithe a cheapfas an tAire ina lia-réiteoir chun críocha an ailt seo.

(2) Aon uair—

(a) is deimhin leis an údarás iomchuí, ó fhianaise dhochtúra. go bhfuil stát-sheirbhíseach bunaithe, de dheasca easláinte meabhrach nó coirp, tar éis éirí éagumasach ar dhualgais a phoist a chomhlíonadh agus gur dócha an easláinte sin a bheith buan, agus

(b) nach mbeidh an stát-sheirbhíseach sin tar éis tairiscint éirí as a phost, agus

(c) go ndearnadh, ar thionscnamh an údaráis iomchuí, fógra a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an státsheirbhíseach sin á iarraidh air éirí as an Stát-Sheirbhís ar dháta sonraithe nó roimhe, an dáta sin (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa bhfo-alt seo feasta) a bheith tríocha lá ar a laghad ón dáta a cuireadh an fógra sa phost, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, d'ainneoin aon ní in alt 5—

(i) má gheibheann an t-údarás iomchuí, roimh an dáta ceaptha, scéala a éirí as ón stát-sheirbhíseach sin agus go luafar go bhfuil éifeacht le bheith ag an éirí as ó lá sonraithe, nach déanaí ná an dáta ceaptha, beidh éifeacht ag a éirí as an lá a sonrófar amhlaidh,

(ii) má gheibheann an t-údarás iomchuí, roimh an dáta ceaptha, scéala a éirí as ón stát-sheirbhíseach sin gan aon lá éifeachta a shonrú nó ag sonrú lae is déanaí ná an dáta ceaptha, beidh éifeacht ag a éirí as ar an dáta ceaptha,

(iii) mura bhfaighidh an t-údarás iomchuí, roimh an dáta ceaptha, scéala a éirí as ón Stát-sheirbhíseach sin nó iarratas á iarraidh a chás a chur faoi bhráid lia-réiteora, measfar gur éirigh sé as an Stát-Sheirbhís, de dheasca easláinte, ar an dáta ceaptha,

(iv) má gheibheann an t-údarás iomchuí, roimh an dáta ceaptha, iarratas ón stát-sheirbhíseach á iarraidh a chás a chur faoi bhráid lia-réiteora agus go gcuirfear i dteannta an iarratais pé táille a bheas socair ag an Aire—

(I) cuirfidh an t-údarás iomchuí a chás faoi bhráid lia-réiteora lena fhiosrú,

(II) má dhealraíonn sé ó thuarascáil an liaréiteora nach dócha an easláinte sin a bheith buan, measfar gur tarraingíodh siar an fógra agus íocfar leis an stát-sheirbhíseach méid na táille sin agus freisin, más dóigh leis an Aire go ndeachaigh an stát-sheirbhíseach sin, go réasúnach agus go cuí, faoi aon chaiteachas taistil agus chothabhála i ndáil lena chás a chur faoi bhráid an lia-réiteora, pé suim i leith an chaiteachais sin a chinnfeas an tAire,

(III) má dhealraíonn sé ó thuarascáil an liaréiteora gur dócha an easláinte sin a bheith buan, cuirfidh an t-údarás iomchuí faoi deara go seirbheálfar fógra (dá ngairmtear an dara fógra sa bhfo-alt seo) leis an bpost cláraithe ar an stát-sheirbhíseach sin ag insint éifeacht na tuarascála agus á cheangal air a éirí as a thairiscint laistigh de dheich lá ó dháta an dara fógra a chur sa phost agus, mura ndéana sé amhlaidh, measfar gur éirigh an stát-sheirbhíseach sin as an Stát-Sheirbhís, de dheasca easláinte, ar an dáta ceaptha nó an deichiú lá tar éis an dara fógra a chur sa phost, pé acu sin is déanaí.

(3) Ní bhaineann na fo-ailt roimhe seo den alt seo (a) le státsheirbhíseach atá ag fónamh ar promhadh, mura rud é, díreach roimh é a cheapadh chun a phoist phromhaidh, go raibh post bunaithe aige, ná (b) le hoifigeach aistrithe is stát-sheirbhíseach bunaithe.

(4) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanas difir d'alt 10 d'Acht 1859, nó don alt sin 10 mar bheirtear feidhm dó le fo-alt (1) d'alt 1 d'Acht 1919, nó le fo-alt (2) d'alt 8.

Mná atá ina stát-sheirbhísigh a scor ar phósadh dhóibh.

10. —(1) Ceanglaítear ar mhná ag a bhfuil postanna sa Stát-Sheirbhís, seachas postanna a ndearbhófar faoi fho-alt (2) den alt seo gur postanna eiscthe iad, scor ar phósadh dhóibh.

(2) Féadfaidh an tAire a dhearbhú ó am go ham gur postanna eiscthe chun críocha fo-ailt (1) den alt seo aon phostanna áirithe (nach postanna bunaithe) nó aon aicme postanna (nach postanna bunaithe).

Baintreacha áirithe a ligean ar ais sa Stát-Sheirbhís.

11. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an t-údarás oiriúnach”, maidir le baintreach lena mbaineann an t-alt seo, an t-údarás dob údarás iomchuí maidir léi dá leanadh sí d'fhónamh sa phost a bhí aici díreach sarar scoir sí ar phósadh dhi (dá ngairmtear a post bunaidh san alt seo) go dtí an dáta a dhéanfas sí iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo;

ciallaíonn “baintreach lena mbaineann an t-alt seo” bean—

(a) a bhí ina stát-sheirbhíseach, agus

(b) a scoir as an Stát-Sheirbhís ar phósadh dhi, agus

(c) atá ina baintreach de thuras na huaire.

(2) Má dhéanann baintreach lena mbaineann an t-alt seo iarratas chun an údaráis oiriúnaigh á iarraidh í a ligean ar ais sa Stát-Sheirbhís, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo:—

(a) má ba phost bunaithe a post bunaidh, féadfar, sara gcinnfear ar a hiarratas a dheonadh nó a dhiúltú, a cheangal uirthi fónamh ar triail ar feadh pé tréimhse agus i pé post (nach post bunaithe) a chinnfeas an tAire;

(b) má tá folúntas oiriúnach i bpost a chomhlíonas na coinníollacha atá leagtha amach i mír (d) den fho-alt seo agus gurb é an t-údarás oiriúnach a bheadh ina údarás iomchuí maidir le stát-sheirbhíseach a shealbhaigh an post sin, ansin, féadfaidh an t-údarás oiriúnach, más cuí leis é, í a cheapadh chun an folúntas sa phost sin a líonadh;

(c) más rud é, cheal folúntais i bpost den chineál dá dtagartar i mír (b) den fho-alt seo, go mbeidh folúntas oiriúnach i bpost eile a chomhlíonas na coinníollacha atá leagtha amach i mír (d) den fho-alt seo, féadfaidh an t-údarás (nach é an t-údarás oiriúnach é) a bheadh ina údarás iomchuí maidir le stát-sheirbhíseach a shealbhaigh an post sin í a cheapadh, más cuí leis é, chun an folúntas sa phost sin a líonadh;

(d) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an bpost chun a bhféadfar baintreach lena mbaineann an t-alt seo a cheapadh faoi mhír (b) nó (c) den fho-alt seo—

(i) is é a bheas ann—

(I) post i ngrád a poist bhunaidh, nó

(II) post i pé grád nó céim (is grád nó céim is dóigh leis an Aire a bheith comhionann le grád nó céim a poist bhunaidh nó níos ísle ná sin) a chinnfeas an tAire,

(ii) má ba phost bunaithe a post bunaidh, is cead é a bheith ina phost bunaithe nó ina phost nach post bunaithe,

(iii) murar phost bunaithe a post bunaidh, is post nach post bunaithe a bheas ann.

(3) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, coinníollacha d'ordú a bhainfeas le ceapacháin faoi fho-alt (2) den alt seo agus ní ceapfar amhlaidh aon bhaintreach lena mbaineann an t-alt seo mura gcomhlíontar na coinníollacha sin.

(b) Ní dhéanfaidh údarás (arb é an t-údarás oiriúnach nó an t-údarás iomchuí é), murab é an tAire é, aon chumhacht a bheirtear dó leis an alt seo d'fheidhmiú ach amháin le toiliú an Aire.

Duine a ghlaoch ar ais faoi alt 11 d'Acht 1859.

12. —Má tograítear glaoch ar dhuine atá ar aoisliúntas chun post bunaithe a líonadh faoi alt 11 d'Acht 1859, féadfar, má ordaíonn an tAire é, a cheangal ar an duine sin, sara ndéanfar aon chinneadh i dtaobh an togra, fónamh ar triail sa Stát-Sheirbhís i pé post (nach post bunaithe) agus ar pé coinníollacha a chinnfeas an tAire.

Stát-sheirbhísigh d'fhionraí ó dhualgas.

13. —(1) Féadfaidh údarás fionraíochta stát-sheirbhíseach d'fhionraí más rud é—

(a) go ndealraíonn sé don údarás fionraíochta sin go bhfuil an stát-sheirbhíseach ciontach i mí-iompar mór nó i mírialtacht mhór a thuilleas go gcuirfí beart araíonachta i bhfeidhm air, nó

(b) go ndealraíonn sé don údarás fionraíochta sin go bhféadfaí dochar a dhéanamh do leas an phobail dá ligtí don stát-sheirbhíseach sin fanúint ar dualgas, nó

(c) go gcúisítear an stát-sheirbhíseach i mí-iompar mór nó i mírialtacht mhór agus go ndealraíonn sé don údarás fionraíochta sin gur ceart an cúiseamh d'fhiosrú.

(2) Féadfaidh údarás fionraíochta deireadh a chur le fionraíocht stát-sheirbhísigh a fionraíodh faoi fho-alt (1) den alt seo.

Luach saothair stát-sheirbhísigh a fionraíodh ó dhualgas.

14. —(1) Má chuireann údarás fionraíochta deireadh le fionraíocht stát-sheirbhísigh trína thabhairt ar ais ar dualgas agus gur deimhin leis an údarás iomchuí nach raibh an stát-sheirbhíseach ciontach i mí-iompar ná í mírialtacht (lena n-áirítear mí-iompar nó mírialtacht a cuireadh ina leith tar éis é d'fhionraí), íocfar a ghnáth-luach saothair leis an stát-sheirbhíseach i leith na tréimhse fionraíochta.

(2) Má chuireann údarás fionraíochta deireadh le fionraíocht stát-sheirbhísigh trína thabhairt ar ais ar dualgas agus nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) ordóidh an t-údarás iomchuí, más deimhin leis gur ceart é ó thaobh cothromais, gnáth-luach saothair d'íoc, go hiomlán nó go páirteach, do réir mar ordós an t-údarás iomchuí, leis an stát-sheirbhíseach i leith na tréimhse fionraíochta,

(b) sara gcinnfidh an t-údarás iomchuí gan ordú a thabhairt faoi mhír (a) den fho-alt seo nó ordú a thabhairt faoin mír sin gan ach cuid den ghnáth-luach saothair d'íoc, bhéarfar caoi don stát-sheirbhíseach aon uiríolla is mian leis a chur faoi bhráid an údaráis iomchuí.

(3) Má cuirtear deireadh le fionraíocht stát-sheirbhísigh trína chur as oifig, ordóidh an t-údarás iomchuí, más deimhin leis gur ceart é ó thaobh cothromais, gnáth-luach saothair d'íoc go hiomlán nó go páirteach, do réir mar ordós an t-údarás iomchuí, leis an stát-sheirbhíseach i leith na tréimhse fionraíochta.

(4) (a) Ach amháin do réir fo-ailt (1), (2), nó (3) den alt seo, ní híocfar luach saothair i leith na tréimhse fionraíochta le stát-sheirbhíseach a fionraíodh.

(b) Má fionraítear stát-sheirbhíseach agus go gcuirfidh sé ina luí ar an údarás iomchuí gur cruatan míchuí air fadáil an fhiosruithe ar a chás, ní choiscfidh aon ní i mír (a) den fho-alt seo ar an údarás iomchuí a údarú, d'fhonn cruatan a mhaolú, go n-íocfar pé cuid is oiriúnach leis an údarás iomchuí sin den luach saothair a bheadh, dá mba nár fionraíodh é, iníoctha leis an stát-sheirbhíseach sin.

Bearta araíonachta.

15. —(1) (a) Más dóigh leis an údarás iomchuí go bhfuil státsheirbhíseach, maidir lena dhualgais oifigiúla, ciontach i mí-iompar, mírialtacht, faillí nó iompar míshásúil, ach nár tharla caillteanas airgid phoiblí ná cistí poiblí dá dheasca sin, féadfaidh an t-údarás iomchuí, faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(i) an stát-sheirbhíseach a chur ar ráta níos ísle luach saothair,

(ii) an stát-sheirbhíseach d'ísliú go dtí grád nó céim níos ísle a sonrófar.

(b) Má laghdaíodh ráta luach saothair stát-sheirbhísigh (dá ngairmtear a ráta bunaidh sa mhír seo) toisc gur cuireadh é, faoi mhír (a) den fho-alt seo, ar ráta níos ísle (dá ngairmtear a ráta laghdaithe sa mhír seo)—

(i) féadfaidh an t-údarás iomchuí ina dhiaidh sin, do réir mar is oiriúnach leis an údarás sin, é a chur ar a ráta bunaidh nó ar ráta luach saothair idir a ráta bunaidh agus a ráta laghdaithe,

(ii) má dhéanann an t-údarás iomchuí, faoi fhomhír (i) den mhír seo, é a chur ar ráta luach saothair idir a ráta bunaidh agus a ráta laghdaithe, féadfaidh sé ina dhiaidh sin é a chur ar a ráta bunaidh.

(c) Má híslítear stát-sheirbhíseach go dtí grád nó céim níos ísle de bhun míre (a) den fho-alt seo, féadfaidh an t-údarás iomchuí é d'athcheapadh ina dhiaidh sin chun a ghráid bhunaidh nó a chéime bunaidh.

(2) (a) Más dóigh leis an údarás iomchuí go bhfuil státsheirbhíseach, maidir lena dhualgais oifigiúla, ciontach i mí-iompar, mírialtacht, faillí nó iompar míshásúil, agus gur tharla caillteanas airgid phoiblí nó cistí poiblí dá dheasca sin agus nach cás é atá, do réir socruithe faoi fho-alt (2) d'alt 17, le cur faoi bhráid an Aire, féadfaidh an t-údarás iomchuí, faoi réir fo-ailt (5) den alt seo,

(i) an stát-sheirbhíseach a chur ar ráta níos ísle luach saothair, nó

(ii) an stát-sheirbhíseach d'íslú go dtí grád nó céim níos ísle a sonrófar, nó

(iii) an stát-sheirbhíseach a chur ar ráta luach saothair níos ísle agus é d'ísliú freisin go dtí grád nó céim níos ísle a sonrófar.

(b) Má laghdaíodh ráta luach saothair stát-sheirbhísigh (dá ngairmtear a ráta bunaidh sa mhír seo) toisc gur cuireadh é, faoi mhír (a) den fho-alt seo, ar ráta níos ísle (dá ngairmtear a ráta laghdaithe sa mhír seo) —

(i) féadfaidh an t-údarás iomchuí ina dhiaidh sin, do réir mar is oiriúnach leis an údarás sin, é a chur ar a ráta bunaidh nó ar ráta luach saothair idir a ráta bunaidh agus a ráta laghdaithe,

(ii) má dhéanann an t-údarás iomchuí, faoi fho-mhír (i) den mhír seo, é a chur ar ráta luach saothair idir a ráta bunaidh agus a ráta laghdaithe, féadfaidh sé ina dhiaidh sin é a chur ar a ráta bunaidh.

(c) Má híslítear stát-sheirbhíseach go dtí grád nó céim níos ísle de bhun míre (a) den fho-alt seo, féadfaidh an t-údarás iomchuí é d'athcheapadh ina dhiaidh sin chun a ghráid bhunaidh nó a chéime bunaidh.

(3) (a) Más dóigh leis an Aire go raibh stát-sheirbhíseach, maidir lena dhualgais oifigiúla, ciontach i mí-iompar, mírialtacht, faillí nó iompar míshásúil agus gur tharla caillteanas airgid phoiblí nó cistí poiblí dá dheasca agus gur cás é atá, do réir socruithe faoi fho-alt (2) d'alt 17, le cur faoi bhráid an Aire, féadfaidh an t-údarás iomchuí, faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, an cás a chur faoi bhráid an Aire agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh agus do réir mar ordófar amhlaidh, déanfaidh an t-údarás iomchuí—

(i) an stát-sheirbhíseach a chur ar ráta níos ísle luach saothair, nó

(ii) an stát-sheirbhíseach d'ísliú go dtí grád nó céim níos ísle a sonrófar, nó

(iii) an stát-sheirbhíseach a chur ar ráta níos ísle luach saothair agus é d'ísliú freisin go dtí grád nó céim níos ísle a sonrófar.

(b) Má laghdaíodh ráta luach saothair stát-sheirbhísigh (dá ngairmtear a ráta bunaidh sa mhír seo) toisc gur cuireadh é, faoi mhír (a) den fho-alt seo, ar ráta níos ísle (dá ngairmtear a ráta laghdaithe sa mhír seo)—

(i) féadfaidh an t-údarás iomchuí ina dhiaidh sin, le toiliú an Aire, é a chur ar a ráta bunaidh nó ar ráta luach saothair idir a ráta bunaidh agus a ráta laghdaithe, do réir mar is oiriúnach leis an údarás iomchuí,

(ii) má dhéanann an t-údarás iomchuí, faoi fho-mhír (i) den mhír seo, é a chur ar ráta luach saothair idir a ráta bunaidh agus a ráta laghdaithe, féadfaidh sé ina dhiaidh sin, le toiliú an Aire, é a chur ar a ráta bunaidh.

(c) Má híslítear stát-sheirbhíseach go dtí céim nó grád níos ísle de bhun míre (a) den fho-alt seo, féadfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire, é d'athcheapadh ina dhiaidh sin chun a ghráid bhunaidh nó a chéime bunaidh.

(4) Má tharlaíonn aon cheist faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo nó mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo nó mír (a) d'fho-alt (3) den alt seo i dtaobh grád nó céim áirithe a bheith, nó gan a bheith, ina ghrád nó ina céim níos ísle, is é an tAire a chinnfeas an cheist.

(5) Sara ndéanfar aon bheart faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo nó faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo nó sara gcuirfear cás faoi bhráid an Aire faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, bhéarfar caoi don stát-sheirbhíseach a bheas i gceist aon uiríolla is mian leis a dhéanamh chun an údaráis iomchuí.

(6) Ní bhaineann na fo-ailt roimhe seo den alt seo le státsheirbhíseach a shealbhaíos post a ndearna an Rialtas é a cheapadh chuige.

As láthair ó dhualgas gan údarás.

16. —(1) Ní híocfar luach saothair le stát-sheirbhíseach i leith aon tréimhse a bhí sé as láthair ó dhualgas gan údarás.

(2) Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh cé acu is tréimhse a bhí stát-sheirbhíseach as láthair ó dhualgas gan údarás, nó nach ea, aon tréimhse áirithe, is é an t-údarás iomchuí a chinnfeas an cheist.

Cumhachta ilghnéitheacha an Aire maidir leis an Stát-Sheirbhís.

17. —(1) Beidh an tAire freagrach sna nithe seo a leanas—

(a) rialú agus follúnú na Stát-Sheirbhíse,

(b) aicmiú, athaicmiú, líon agus luach saothair státsheirbhíseach,

(c) socrú—

(i) téarmaí agus coinníollacha seirbhíse státsheirbhíseach, agus

(ii) na gcoinníollacha a bhainfeas le hardú céime do stát-sheirbhísigh.

(2) Féadfaidh an tAire, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, pé socruithe is cuí leis a dhéanamh agus féadfaidh na socruithe sin a chealú nó d'athrú.

(3) Aon tsocruithe a rinne an tAire roimh thosach feidhme an Achta seo maidir le haon ní dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus nár cealaíodh roimh an tosach feidhme sin, leanfaid i bhfeidhm agus measfar gur faoi fho-alt (2) den alt seo a rinneadh iad.

Ioc luach saothair stát-sheirbhíseach.

18. —Faoi réir forál aon achtachán eile a bhaineas le híoc a luach saothair, is amach as airgead a sholáthrós an tOireachtas a déanfar luach saothair gach stát-sheirbhísigh, mar chinnfeas an tAire é, d'íoc.

Ceapadh daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais agus oifigeach don Ard-Aighne.

19. —Dearbhaítear leis seo go bhfuil an chumhacht chun duine a cheapadh ina dhuine d'fhoireann Thithe an Oireachtais nó ina oifigeach don Ard-Aighne dílsithe sa Taoiseach agus go raibh sí, maidir le haon cheapachán den tsórt sin a rinneadh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, dílsithe in Uachtarán na hArd-Chomhairle agus, maidir le haon cheapachán den tsórt sin a rinneadh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht agus roimh thosach feidhme an Achta seo go raibh sí dílsithe sa Taoiseach.

Oibriú an Achta.

20. —(1) Scoirfidh an tAcht seo d'fheidhm a bheith aige maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais ar pé dáta acu seo a leanas is luaithe—

(a) an dáta a thiocfas Acht i bhfeidhm ag déanamh forála maidir le rialú, follúnú agus bainistí daoine d'fhoireann an Oireachtais,

(b) dhá bhliain ó thosach feidhme an Achta seo.

(2) Baineann an tAcht seo—

(a) le daoine atá ina stát-sheirbhísigh i dtosach feidhme an Achta seo chomh maith le daoine a bheas ina státsheirbhísigh tar éis tosach feidhme an Achta seo,

ach ní bhaineann sé—

(b) le Coimisinéir Tuata do Choimisiún Talún na hÉireann, ná

(c) ach amháin mar foráltar le fo-alt (4) d'alt 3, le hoifigeach do Thithe an Oireachtais, ná

(d) le sibhialtach ar fostú ag an Aire Cosanta faoi alt 30 den Acht Cosanta, 1954 ( Uimh. 18 de 1954 ).

(3) Ní forléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanas difir—

(a) d'alt 13 den Acht Breataineach (17 & 18 Vic. c. 99) a ritheadh sa bhliain 1854 agus dar teideal “An Act to provide for the Establishment of a National Gallery of Paintings, Sculpture, and the Fine Arts for the Care of a Public Library and the Erection of a Public Museum, in Dublin”, ná

(b) d'fho-alt (4) d'alt 3 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ).

(4) Ní forléireofar aon ní in ailt 13 go 16 mar ní a dhéanas difir do na Rialacha um Rialú Príosún, 1947 (R. & O.R., Uimh. 320 de 1947).

(5) Ní déanfar aon ní in aon achtachán a ritheadh roimh thosach feidhme an Achta seo agus atá ar neamhréir leis an Acht seo d'fhorléiriú mar ní a dhéanas difir d'oibriú an Achta seo.

(6) Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh cé acu atá nó a bhí aon phost áirithe, chun críocha an Achta seo, ina phost sa Stát-Sheirbhís, nó cé acu atá nó a bhí aon duine áirithe ina státsheirbhíseach, is é an tAire a chinnfeas an cheist agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

Costais riaracháin.

21. —Is amach as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire é, a híocfar an caiteachas faoina raghfar ag riaradh an Achta seo.

Athghairm agus cosaint.

22. —(1) Deanfar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Aon rialacháin a rinneadh faoi aon achtachán a hathghairmtear le fo-alt (1) den alt seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaid i bhfeidhm, d'ainneoin an t-achtachán sin d'athghairm, ach féadfaidh an tAire iad a leasú nó a chúlghairm ó am go ham.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

23. —(1) Féadfar Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a socrófar chuige sin le hordú ón Rialtas.