An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Fadú na dTréimhsí Tórann i gCás Míchumais, Admhála, Páirt-íocaíochta, Calaoise agus Dearmaid.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Admháil.)

6 1957

REACHT NA dTRÉIMHSÍ, 1957

Caibidil II.

Míchumas.

Duine faoi mhíchumas.

48. —(1) Chun críocha an Achta seo, beidh duine faoi mhíchumas an fhad—

(a) is naíon é, nó

(b) is duine mímheabhrach é, nó

(c) is pianseirbhí é faoi réir oibriú an Forfeiture Act, 1870, agus nár ceapadh aon riarthóir ná cúramaí ina chás faoin Acht sin.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo ach gan dochar dá ghinearáltacht, is toimhde dochloíte gur duine mímheabhrach duine atá á choinneáil de bhun aon achtacháin á údaraíos daoine mímheabhracha nó geilt choiriúla a choinneáil.

An tréimhse thórann d'fhadú i gcás míchumais.

49. —(1) (a) Más rud é, ar an dáta d'fhaibhrigh aon cheart caingin dá socraítear tréimhse thórann leis an Acht seo, go raibh an duine chun ar fhaibhrigh sé faoi mhíchumas, féadfar, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo, an caingean a thionscnamh tráth ar bith sara mbeidh sé bliana caite ón dáta a scoir an duine de bheith faoi mhíchumas nó d'éag sé, pé acu is túisce a tharla, d'ainneoin an tréimhse thórann a bheith caite.

(b) Ní bhainfidh mír (a) den fho-alt seo le haon chás inar chun duine éigin (nár dhuine faoi mhíchumas) trína mbeidh an duine faoi mhíchumas ag éileamh d'fhaibhrigh an ceart caingin ar dtús.

(c) Más rud é, maidir le ceart caingin a bheas tar éis faibhriú chun dhuine faoi mhíchumas, go bhfaibhreoidh an ceart caingin sin, ar éag don duine sin agus é fós faoi mhíchumas, chun dhuine eile faoi mhíchumas, ní ceadófar aon fhadú eile ama de dhroim míchumais an dara duine.

(d) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon chaingean acu seo a leanas—

(i) caingean chun talamh d'aisghabháil nó airgead a muirearaíodh ar thalamh a ghnóthú,

(ii) caingean ag eireadóir á éileamh go ndíolfar talamh,

(iii) caingean i leith cirt de chineál liain ar luach airgid i dtalamh nó i leith talún ar feadh tréimhse tóranta nach sia ná saol, mar shampla, ceart cothabhála nó ceart cónaithe, nach ceart cónaithe eisiach i gcuid nó ar chuid shonraithe den talamh,

a thionscnamh de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo tar éis tríocha bliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine sin nó chun duine éigin trína mbeidh sé ag éileamh.

(e) Ní bhainfidh an t-alt seo le caingean chun pionós nó forghéilleadh, nó suim i modh pionóis nó forghéilleadh, is inghnóthuithe de bhuaidh aon achtacháin, a ghnóthú ach amháin nuair is é an páirtí eagóraithe a thionscnós an caingean.

(2) (a) I gcás caingin ag lorg damáistí mar gheall ar fhaillí, núis nó sárú dualgais (pé acu is dualgas é de bhuaidh conartha nó de bhuaidh forála arna déanamh le reacht, nó faoi reacht, nó ar leithligh ó aon chonradh nó aon fhoráil den tsórt sin) i gcás inarb é a bheas sna damáistí, nó ina bhfolóidh na damáistí, a bheas á n-éileamh ag an ngearánaí mar gheall ar an bhfaillí, an núis nó an sárú dualgais, damáistí i leith díobhála pearsanta d'aon duine—

(i) beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí na focail “trí bliana” in ionad na bhfocal “sé bliana”, agus

(ii) ní bheidh feidhm ag an alt seo mura gcruthaí an gearánaí nach raibh an duine faoin míchumas i gcoimeád tuiste nuair d'fhaibhrigh an ceart caingin chuige.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, ciallaíonn “tuiste”, maidir le duine faoi mhíchumas, a athair, a mháthair, a sheanathair, a sheanmháthair, a leasathair nó a leasmháthair, fiú más gaol neamhdhlisteanach nó gaol de dhroim uchtála faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) , an gaol.

(3) I gcás caingean i leith damáistí mar gheall ar bhéadchaint, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí na focail “trí bliana” in ionad na bhfocal “sé bliana”.

(4) I gcás—

(a) caingean chun suim a ghnóthú is inghnóthuithe ag tortóir faoi alt 4 nó 5 d'Acht na dTortóirí, 1951 (Uimh. 1 de 1951) , nó

(b) caingean chun pionós nó forghéilleadh, nó suim i modh pionóis nó forghéilleadh, a ghnóthú is inghnóthuithe de bhuaidh aon achtacháin agus gurb é an pairtí éagóraithe a thionscnós an caingean,

beidh “éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí na focail dhá bhliain” in ionad na bhfocal “sé bliana”.