9 1957


Uimhir 9 de 1957.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH MÉADUITHE AR RÁTAÍ NA LIÚNTAS LEANAÍ FAOI NA hACHTA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1952. [12 Meitheamh, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Méadú ar rátaí liúntas leanaí.

1. —(1) San alt seo ciallaíonn “an príomh-fho-alt” fo-alt (1) d'alt 6 den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946 (Uimh. 8 de 1946) , is é sin, an fo-alt a cuireadh isteach le mír (c) d'alt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntas Leanaí), 1952 (Uimh. 12 de 1952) .

(2) Beidh éifeacht ag an bpríomh-fho-alt maidir le mí Bealtaine, 1957, amhail is dá gcuirtí “trí scillinge déag agus sé pingne” in ionad “aon scilling déag” agus “fiche scilling” in ionad “seacht scillinge déag agus sé pingne”.

(3) Measfar fo-alt (2) den alt seo a theacht i ngníomh an 1ú lá de Bhealtaine, 1957.

(4) Leasaítear leis seo an príomh-fho-alt trí “cúig scillinge déag agus sé pingne” a chur in ionad “aon scilling déag” agus “dhá scilling fhichead” a chur in ionad “seacht scillinge déag agus sé pingne”.

(5) Measfar fo-alt (4) den alt seo a theacht i ngníomh an 1ú lá de Mheitheamh, 1957.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1957, a ghairm de na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952, agus den Acht seo le chéile.