14 1957


Uimhir 14 de 1957.


AN tACHT UM GHALAIR AINMHITHE (EITINN BHÓLACHTA), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN EITINN BHÓLACHTA A SCRIOS GO CÉIMNITHEACH AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [13 Iúil, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:

Leiriú.

1. —San Acht seo

tá le “límistéir chreidiúnaithe” an bhrí a sonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2;

tá le “límistéir atá le glanadh” an bhrí a sonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 2;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Diseases of Animals Act 1894, arna leasú nó arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu.

Orduithe maidir le heitinn bhólachta.

2. —(1) An chumhacht chun orduithe a dhéanamh a bheirtear le halt 22 den Phríomh-Acht agus a dílsítear anois san Aire sroichfidh sí agus folóidh sí déanamh gach orduithe nó aon orduithe acu seo a leanas ag an Aire i gcás inar dealraitheach dó gur gá sin chun an eitinn bhólachta a scrios go céimnitheach:

(a) orduithe á dhearbhú gur límistéirí ina bhfuil an eitinn bhólachta le scrios límistéirí áirithe (dá ngairmtea límistéirí atá le glanadh san Acht seo);

(b) orduithe á dhearbhú gur límistéirí ina bhfuil an eitinn bhólachta scriosta límistéirí áirithe (dá ngairmtear límistéirí creidiúnaithe san Acht seo) ar deimhin leis an Aire ina dtaobh gur ar éigin má tá an eitinn bhólachta iontu;

(c) maidir le haon límistéir atá le glanadh nó aon límistéir chreidiúnaithe, orduithe chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(i) a cheangal go ndéanfar tástála eitinne ar bhólacht agus go dtabharfar toradh na dtástála don Aire,

(ii) maidir le bólacht a bhfuil an eitinn orthu nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil sí orthu nó d'fhéadfadh í a thabhairt do bhólacht—

(I) a údarú go nglacfaidh an tAire seilbh, nó go nglacfar seilbh thar a cheann, trí chomhaontú, ar an mbólacht agus go ndéanfar leo mar is cuí leis an Aire,

(II) mura ndéantar comhaontú mar adúradh, aistriú na bólachta amach as an límistéir nó a marú d'áirithiú agus a rialú,

(III) leithlisiú agus cothabháil na bólachta d'áirithiú agus a rialú go nglacfaidh an tAire seilbh orthu nó go nglacfar seilbh orthu thar a cheann nó go dtí go ndéanfar iad d'aistriú amach as an límistéir nó iad a mharú,

(iii) cosc nó srian a chur le gluaiseacht ainmhithe isteach sa límistéir nó amach aisti nó tríthi nó inti,

(iv) deisiú nó atógáil bóthithe nó airbhí tórann d'áiríthiú agus a rialú,

(v) glanadh agus dí-aicídiú áitreabh, agus aistriú aoiligh, easrach, farae nó aon ruda eile amach as áitribh agus a dhiúscairt ina dhiaidh sin d'áirithiú agus a rialú,

(vi) toirmeasc nó srian a chur le gluaiseacht aon ábhair bheatha nó ábhair eile isteach sa límistéir nó isteach ar thalamh nó in áitreabh sa límistéir nó istigh sa chéanna nó amach as an gcéanna,

(vii) i gcás ainmhithe a bhfuil an eitinn orthu nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil an eitinn orthu nó go bhféadfaidís an eitinn a thabhairt do bhólacht, leithlisiú éifeachtach na n-ainmhithe sin ar thalamh nó in áitreabh, agus toirmeasc nó srian ar a ngluaiseacht isteach ar thalamh nó cuid de thalamh nó isteach in áitreabh nó cuid d'áitreabh nó amach as an gcéanna d'áirithiú agus a rialú,

(viii) leithlisiú agus tástáil ó am go ham ar bhólacht a bhéarfar isteach ar thalamh nó in áitreabh d'áirithiú agus a rialú,

(ix) coimeád taifead i dtaobh bólachta, agus tabhairt ar aird agus iniúchadh na dtaifead sin d'áirithiú agus a rialú,

(x) foirm an fhógra a shonrú i gcásanna ina mbeidh fógraí le seirbheáil í dtaobh ceanglas faoi orduithe arna ndéanamh de bhuaidh na míre seo,

(xi) foráil a dhéanamh, i gcásanna ina mainneofar déanamh do réir ceanglas aon fhógra den tsórt sin maidir le—

(I) i gcás ina gceanglóidh an fógra bólacht d'aistriú amach as an límistéir nó a marú, seilbh a ghlacadh ar an mbólacht ag an Aire nó thar a cheann, a ndiúscairt mar is cuí leis an Aire agus an costas a ghabhfas le seilbh a ghlacadh ar an mbólacht agus a gcothabháil agus a ndiúscairt dá éis sin d'aisghabháil (gan dochar d'aon phionós faoina ndeachthas),

(II) in aon chás eile, ceanglais an fhógra a chomhlíonadh ag an Aire nó thar a cheann agus costas na gceanglas a chomhlíonadh d'aisghabháil (gan dochar d'aon phionós faoina ndeachthas),

(xii) críocha a ghabhfas nó a bhainfeas le haon cheann de na críocha sin roimhe seo (lena n-áirítear údarás chun dul isteach ar thalamh nó in áitreabh);

(d) orduithe chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(i) aistriú agus liasradh bólachta a rialú,

(ii) seoladh margaí, aontaí, taispeántas nó díolachán ainmhithe, agus taispeáint ainmhithe ina láthair, a rialú,

(iii) glanadh agus dí-aicídiú feithiclí, áiteanna, loc agus feisteas a húsáidtear le haghaidh bólachta d'ordú agus a rialú,

(iv) na coinníollacha d'ordú faoina bhféadfar bólacht d'onnmhuiriú, lena n-áirítear calafoirt, nó coda de chalafoirt, nó bealaigh don onnmhuiriú sin, d'ainmniú,

(v) eisiúint agus tabhairt ar aird ceadúnas i leith gluaiseacht agus aistriú bólachta agus nithe d'ordú agus a rialú,

(vi) tástála eitinne ar ainmhithe a shonrú agus a rialú,

(vii) tástála eitinne ar ainmhithe (nach tástála faoi alt 7 den Acht seo nó tástála is gá a dhéanamh le horduithe, nó faoi orduithe, arna ndéanamh le bhuaidh an ailt seo) a thoirmeasc ach amháin le toiliú an Aire,

(viii) oisniú bólachta in aghaidh na heitinne a thoirmeasc ach amháin le toiliú an Aire,

(ix) marcáil bólachta lena n-aithint d'áirithiú agus a rialú agus aghlot, scrios, athrú nó baint anuas aon mharcála den tsórt sin a thoirmeasc,

(x) críocha a ghabhfas nó a bhainfeas le haon cheann de na críocha réamhráite.

(2) Gabháltas a bhfuil cuid de laistigh agus cuid de lasmuigh de límistéir atá le glanadh nó de límistéir chreidiúnaithe, measfar é go léir a bheith laistigh den límistéir sin, ach, i gcás gabháltais atá go léir nó a bhfuil cuid de laistigh de dhá límistéir nó níos mó den tsórt sin, measfar é go léir a bheith laistigh den límistéir is túisce a ndearbhófar gur límistéir chreidiúnaithe í nó, mura bhfuil aon chuid de laistigh de límistéir chreidiúnaithe, measfar ansin é go léir a bheith laistigh den límistéir is túisce a ndearbhófar gur límistéir atá le glanadh í,

(3) Is galar í an eitinn chun críocha alt 43, 44, 65 agus 74 den Phríomh-Acht agus freisin chun críocha gach ailt eile den Acht sin (lena n-áirítear ailt a bhaineas le cionta agus le himeachta dlíthiúla) ina bhfuil forála i leith nó de dhroim forál na n-alt sin agus na n-orduithe de bhuaidh an ailt seo.

Marú agus cúiteamh i límistéirí seachas límistéirí atá le glanadh agus límistéirí creidiúnaithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, fógra poiblí a thabhairt, i pé slí is dóigh leis is oiriúnach, go bhfuil ar intinn aige ordú a dhéanamh faoina mbeidh límistéir shonraithe ina límistéir atá le glanadh.

(2) I gcás ina dtabharfar fógra faoin alt seo maidir le límistéir, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cúiteamh d'íoc, i leith na límistéire sin, i mbólacht nach n-éireoidh leo i dtástáil eitinne a bheas formheasta ag an Aire agus a marófar faoi réim chomhshocraíochta idir an tAire agus únaer na bólachta.

Bainne deighilte a phasteuráil.

4. —Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Toradh Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go mbeidh i ngach áitreabh nó in aon áitreabh atá cláraithe i gclár na n-uachtarlann nó i ngach áitreabh nó in aon áitreabh atá cláraithe i gclár na stáisiún deighilte uachtair gléasra chun bainne deighilte a phasteuráil agus féadfaidh sé, leis na rialacháin sin, a ordú cad é an modh agus cad é an chuma, ar gach slí, ina ndéanfar bainne deighilte a phasteuráil agus cad iad na taifid a bheas le coimeád maidir leis sin agus a cheangal go gcoimeádfar na taifid sin chun a n-iniúchta agus go gcuirfear ar fáil iad chun a n-iniúchta.

(6) I gcás ina mbeifear tar éis rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (5) den alt seo maidir le háitreabh atá cláraithe i gclár na n-uachtarlann, déanfar an bainne deighilte go léir is gá do réir na rialachán sin a phasteuráil san áitreabh sin a phasteuráil do réir na rialachán sin.

(7) I gcás ina mbeifear tar éis rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (5) den alt seo maidir le háitreabh atá cláraithe i gclár na stáisiún deighílte uachtair, déanfar an bainne deighilte go léir is gá do réir na rialachán sin a phasteuráil san áitreabh sin a phasteuráil do réir na rialachán sin.

(8) I bhfo-ailt (5), (6) agus (7) den alt seo ciallaíonn ‘bainne deighilte’ an chuid sin den bhainne a bhíos fágtha tar éis an gheir nó formhór na geire a bhaint as.

(9) Forléireofar na tagairtí do rialacháin atá i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí do rialacháin fhaoi fho-alt (5) den alt seo.”

Clár na mBólacht Creidiúnaithe.

5. —(1) Féadfaidh an tAire clár bólacht a bhunú agus a chothabháil (dá ngairmtear an clár san alt seo) dá ngairmfear Clár na mBólacht Creidiúnaithe.

(2) Bhéarfar bólachta creidiúnaithe ar bhólachta a bheas cláraíthe sa chlár.

(3) Ní thabharfaidh aon duine le tuiscint—

(a) gur bólacht chreidiúnaithe aon bhólacht áirithe mura bhfuil an bhólacht sin cláraithe sa chlár, ná

(b) gur de bhólacht chreidiúnaithe aon bhólacht áirithe muran de bhólacht atá cláraithe sa chlár iad.

(4) Aon duine a shárós fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Phríomh-Achta.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin do rialú an chláir a dhéanamh lena n-áirítear rialacháin maidir le gach ní no aon ní acu seo a leanas:

(a) clárú d'iarraidh,

(b) cáilíochtaí agus coinníollacha chun cláruithe,

(c) ceanglais a bheas le comhlíonadh chun coimeád ar an gclár,

(d) clárú a chealú,

(e) coimeád an chláir agus fianaise faoina bhfuil ann.

Cúiteamh.

6. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, íocfaidh an tAire cúiteamh i mbólacht ar ghlac sé seilbh orthu nó ar glacadh seilbh orthu thar a cheann de bhun aon orduithe de bhuaidh an Achta seo.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le cúiteamh in ainmhí faoin alt seo:

(a) is é cúiteamh a híocfar margadh-luach an ainmhí mar chomhaontós únaer an ainmhí agus an tAire nó, mura gcomhaontaítear amhlaidh, a shocrós luachálaí a cheapfas an t-únaer agus an tAire trí chomhaontú nó, mura gcomhaontaítear i dtaobh an luachálaí, a cheapfas an tAire,

(b) d'ainneoin na míre sin roimhe seo, ní bheidh an cúiteamh níos mó ná mar chinnfeas an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais,

(c) is é an tAire a íocfas táillí aon luachálaí den tsórt sin, faoi réir toiliú an Aire Airgeadais maidir lena méid,

(d) beidh teideal ag an Aire an cúiteamh go léir nó cuid de a choimeád siar, más rud é go raibh únaer an ainmhí nó an duine a bhí i bhfeighil an ainmhí ciontach, i mbreithiúnas an Aire, i gcion i gcoinne an Phríomh-Achta maidir leis an ainmhí nó, d'eile, nár ghlac se a dhóthain cúraim chun an eitinn bhólachta a chosc ó leathadh.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “margadh-luach” an praghas d'fhéadfaí le réasún d'fháil ar an ainmhí, díreach sarar ghlac an tAire seilbh air nó sarar glacadh seilbh air thar a cheann, ó cheannaitheoir ar an margadh oscailte nach mbeadh aon eolas aige go raibh an eitinn san ainmhí ná go raibh amhras ann go raibh an eitinn san ainmhí nó go bhféadfadh sé an eitinn a thabhairt do bhólacht ach amháin pé eolas d'fhéadfaí le réasún d'fháil ón ainmhí d'iniúchadh.

Ainmhithe a scrúdú, etc.

7. —(1) Féadfaidh duine údaraithe, ar a údarás a thabhairt ar aird má hiarrtar sin air, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh aon tráth réasúnach:

(a) maidir le haon ainmhithe, aon tsórt scrúduithe agus aon tsórt tástála a dhéanamh, agus aon tsórt samplaí a thógáint agus aon tsórt marcanna a chur, is gá do réir réasúin chun críocha an Achta seo nó aon orduithe a déanfar de bhuaidh an Achta seo,

(b) dul isteach ar aon talamh nó in aon áitreabh chun críche aon scrúduithe, tástála, samplála nó marcála den tsórt sin,

(c) a cheangal ar aon duine, is únaer ainmhithe nó duine i bhfeighil ainmhithe nó is únaer nó áititheoir tailte nó áitribh nó is duine atá fostaithe ar thailte nó in áitreabh a raghfar isteach orthu nó ann amhlaidh, pé cúnamh a thabhairt nó déanamh do réir pé treoracha is gá le réasún chun críche aon scrúduithe, tástála, samplála nó marcála den tsórt sin nó pé eolas a thabhairt is gá le reasún chun an tAcht seo nó aon ordú a déanfar de bhuaidh an Achta seo a riaradh.

(2) Aon duine—

(a) a bhacfas nó a choiscfeas duine údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta a bheirtear leis an alt seo,

(b) a gceanglófar air faoin alt seo aon chúnamh a thabhairt nó déanamh do réir aon treorach ar feadh a chumhachta agus a dhiúltós nó a mhainneos an cúnamh a thabhairt nó déanamh do réir na treorach, nó

(c) a gceanglófar air faoin alt seo aon eolas atá aige a thabhairt agus a dhiúltós nó a mhainneos an t-eolas a thabhairt nó a bhéarfas, go toiliúil nó go faillíoch, eolas bréagach nó eolas míthreorach, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Phríomh-Achta.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “duine údaraithe”—

(a) cigire tréidliachta, nó

(b) tréidlia cláraithe nach cigire tréidliachta,

arna údarú i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachta a bheirtear leis an alt seo d'fheidhmiú;

folaíonn “ainmhithe” éanlaithe clóis mar mínítear sin in alt 1 den Acht Eanlaithe Clóis (Galair), 1934 ( Uimh. 25 de 1934 ), arna leasú le halt 2 den Acht um Ghalair Ainmhíthe, 1949 ( Uimh. 10 de 1949 ).

Cosaint.

8. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo ná in aon ordú a déanfar de bhuaidh an Achta seo difir d'aon orduithe a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, faoi na hAchta um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1954.

Iocaíochtaí, caiteachais agus airgead a fuarthas.

9. —(1) Is as airgead a sholáthrós an tOireachtas a híocfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, na híocaíochtaí a dhéanfas an tAire agus na caiteachais faoina raghaidh sé ag tabhairt éifeachta don Acht seo agus á riaradh.

(2) Aon airgead a gheobhas an tAire faoin Acht seo íocfar isteach sa Stát-Chiste é nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

Orduithe agus rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

10. —Gach ordú agus rialachán a déanfar de bhuaidh an Achta seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1957, a ghairm de na hAchta um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1954, agus den Acht seo le chéile.

(3) Léifear agus forléireofar an tAcht seo agus na hAchta um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1954, mar aon ní amháin.