An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1957) Ar Aghaidh (CUID II. Méaduithe ar Phinsin, Liúntais agus Aiscí faoi na hAchta.)

19 1957

AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1957

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1957, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1923” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) ;

ciallaíonn “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) ;

ciallaíonn “Acht 1932” an t Acht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1937” an t Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) ;

ciallaíonn “Acht 1941” an t Acht Arm-Phinsean, 1941 (Uimh. 2 de 1941) ;

ciallaíonn “Acht 1943” an t Acht Arm-Phinsean, 1943 (Uimh. 14 de 1943) ;

ciallaíonn “Acht 1946” an t Acht Arm-Phinsean, 1946 (Uimh. 3 de 1946) ;

ciallaíonn “Acht 1949” an t Acht Arm-Phinsean, 1949 (Uimh. 19 de 1949) ;

ciallaíonn “Acht 1953” an t Acht Arm-Phinsean, 1953 (Uimh. 23 de 1953) ;

ciallaíonn “na hAchta” na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1953, ach ní fholaíonn sé an tAcht seo;

ciallaíonn “an tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924” an tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1924;

ciallaíonn “pinsean míchumais” pinsean créachta nó míthreora faoi na hAchta, agus folaíonn sé aon phínsean breise faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 agus pinsean pósta;

ciallaíonn “pinsean Óglaigh na hÉireann” páigh scoir nó pinsean faoi aon scéim a rinneadh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1949, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

(3) Na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán forléireofar iad mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.