29 1957


Uimhir 29 de 1957.


AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957.


ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSAITHE CHUN NA TIONSCAIL TUAITHE ATÁ ANOIS Á RIARADH AG ROINN NA GAELTACHTA D'EAGRÚ, A STIÚRADH AGUS D'FHORBAIRT, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN TIONSCAIL NUA AGUS SCÉIMEANNA SOMHAOINEACHA FOSTAÍOCHTA A THIONSCNAMH SA GHAELTACHT, DO BHUNÚ BOIRD DÁ nGAIRMFEAR GAELTARRA ÉIREANN, DO MHÍNIÚ A CHUMHACHT AGUS A DHUALGAS, D'AISTRIÚ NA dTIONSCAL TUAITHE SIN CHUN AN BHOIRD SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[18 Nollaig, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

tá leis an abairt “an Bord” an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunuithe” an lá a ceapfar ina lá bunuithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an Ghaeltacht” na límistéirí a sonraítear sa sceideal a ghabhas le hOrdú na Límistéirí Gaeltachta, 1956 (I.R. Uimh. 245 de 1956);

ciallaíonn “an tAire” Aire na Gaeltachta;

ciallaíonn “na tionscail tuaithe” na tionscail a bheas á riaradh ag Roinn na Gaeltachta díreach roimh an lá bunuithe ach ní fholaíonn sé an tionscal atá á sheoladh faoin ainm Arramara Teoranta ná an scéim bailithe muir-thorthaí atá ag gabháil leis sin.

An lá bunuithe.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá bunuithe chun críocha an Achta seo.

Bunú an Bhoird.

3. —(1) Déanfar, de bhuaidh an ailt seo, bord ar a dtabharfar mar ainm, agus dá ngairmfear, Gaeltarra Éireann (dá ngairmtear an Bord san Acht seo) a bhunú an lá bunuithe chun na feidhmeanna a bheirtear dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige, agus beidh sé inagartha, faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a thógaint, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Cumhachta agus feidhmeanna an Bhoird.

4. —(1) Is é dualgas an Bhoird na tionscail tuaithe a sheoladh, a rialú agus a bhainistí, na feidhmeanna d'fheidhmiú ina leith a bheas, díreach roimh an lá bunuithe, dílsithe san Aire agus, le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, pé tionscail agus scéimeanna somhaoineacha fostaíochta eile is oiriúnach leis an mBord a sholáthar, a sheoladh, a rialú agus a bhainistí sa Ghaeltacht.

(2) Is é dualgas an Bhoird cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra sa Ghaeltacht.

(3) Beidh ag an mBord na cumhachta go léir is gá chun na gcríoch a sonraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht na bhfo-alt sin roimhe seo agus i dteannta na gcumhacht a bheirtear don Bhord le haon fhoráil eile den Acht seo, beidh cumhacht ag an mBord—

(a) na tionscail tuaithe agus aon tionscal nó scéim shomhaoineach fostaíochta a sholáthrós sé faoin alt seo a leathnú agus d'fhorbairt sa Ghaeltacht,

(b) na tionscail tuaithe atá in ionaid lasmuigh den Ghaeltacht a leathnú agus d'fhorbairt sna hionaid ina bhfuilid,

(c) le toiliú an Aire, scor, go ginearálta nó in áit nó ceantar áirithe, de bheith ag seoladh aon tionscail áirithe, ar ceann de na tionscail tuaithe é, nó aon tionscail nó scéime somhaoiní fostaíochta a sholáthraigh sé faoin alt seo nó aon ghníomhachta a bheas á seoladh aige i leith leis na tionscail tuaithe nó le haon tionscal nó scéim shomhaoineach fostaíochta a sholáthraigh sé amhlaidh, nó a bheas á seoladh aige mar chuid den chéanna, agus

(d) talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógaint chuige, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú nó a ligean, nó a dhiúscairt ar shlí eile, agus aon fhoirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, d'athrú nó a chothabháil, a bheas ag teastáil chun a dhualgais nó a chumhachta faoin Acht seo a chomhlíonadh nó d'fheidhmiú.

Comhdhéanamh an Bhoird.

5. —(1) Cúigear comhaltaí a bheas ar an mBord a mbeidh duine dhíobh ina chathaoirleach air agus duine eile ina stiúrthóir bainistí.

(2) Is é an tAire a cheapfas cathaoirleach, stiúrthóir bainistí agus comhaltaí eile an Bhoird.

(3) Mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig, go ndícháileofar é nó go gcuirfear as oifig é, beidh comhalta den Bhord i seilbh oifige go ceann tréimhse chúig bliana.

(4) Féadfar comhalta den Bhord d'athcheapadh ar a théarma oifige a dhul in éag le himeacht aimsire.

(5) Sealbhóidh comhalta den Bhord a oifig ar pé téarmaí (seachas íoc luach saothair agus liúntas i leith caiteachais) a shocrós an tAire an tráth a cheapfas sé é.

Luach saothair agus caiteachas comhaltaí an Bhoird.

6. —Íocfar le comhalta den Bhord, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair agus pé liúntais i leith caiteachais a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Scéim aoisliúntais do chomhaltaí.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh chun sochair aoisliúntais d'íoc, faoi réir pé coinníollacha agus tórainneacha a hordófar sa scéim, le comhaltaí lánaimsire den Bhord nó ina leith, ar scor dóibh, agus féadfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim den tsórt sin a leasú.

(2) Féadfaidh scéim faoin alt seo socrú a dhéanamh le haghaidh córach réitithe aon díospóide a tharlós maidir le héileamh dhuine ar bith ar aon tsochar, nó maidir le méid aon tsochair, is iníochta de bhun na scéime sin.

(3) Déanfaidh an Bord scéim faoin alt seo a chur i gcrích do réir a téarmaí.

(4) Gach scéim a déanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(5) San alt seo folaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, liúntais agus aiscí.

Comhalta den Bhord a chur as oifig.

8. —Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, comhalta den Bhord a chur as oifig.

Corrfholúntais sa Bhord.

9. —(1) Má tharlaíonn corrfholúntas i gcomhaltas an Bhoird, ceapfaidh an tAire comhalta dá líonadh.

(2) Aon duine a ceapfar faoin alt seo sealbhóidh sé oifig go ceann téarma a réamhtheachtaí.

Comhalta den Bhord d'éirí as oifig nó a dhícháiliú.

10. —(1) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a díreofar chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an dáta agus ón dáta a gheobhas an tAire an litir.

(2) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú, agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú, má breithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúntachta nó phian-seirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát.

Dícháiliú comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas chun bheith ina chomhalta den Bhord.

11. —(1) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, chun bheith i dteideal suí sa Teach sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Aon duine a bheas de thuras na huaire, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, i dteideal suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Leas i gconradh a chur in iúl.

12. —Aon chomhalta den Bhord a mbeidh leas ar bith aige in aon chuideachta nó gnólucht lena mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh, nó a mbeidh leas ar bith aige sa chonradh, cuirfidh sé in iúl don Bhord go bhfuil an leas sin aige, agus inseoidh cad é an leas é, agus ní ghlacfaidh aon pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird gur chuir sé an ní sin in iúl.

Séala an Bhoird.

13. —(1) Soláthróidh an Bord séala dhó féin, agus fíordheimhneofar an séala sin le síniú an chathaoirligh, an stiúrthóra bhainistí nó chomhalta éigin eile den Bhord a bhfuil údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a bhfuil údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird (á airbheartú gur fíordheimhníodh do réir an ailt seo é), agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suítear a mhalairt.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

14. —(1) Beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, agus beidh an chéad chruinniú ann an lá bunuithe nó a luaithe is caothúil ina dhiaidh.

(2) Triúr is córam do chruinniú den Bhord.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus fad a bheas cathaoirleach an Bhoird as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais ina chomhaltas.

(6) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Bord nós imeachta agus gnó an Bhoird le buan-orduithe nó ar shlí eile.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

15. —(1) Ceapfaidh an Bord pé daoine agus pé méid daoine is cuí leis an mBord ó am go ham ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

(2) Ní déanfar duine (nach duine a sonraítear in alt 22 den Acht seo ná duine a bheas, an lá bunuithe, ag seoladh dualgas i leith leis na tionscail tuaithe) nach bhfuil eolas aige ar an nGaeilge a chuirfeas ar a chumas an teanga sin d'úsáid i gcomhlíonadh a dhualgas oifigiúla a cheapadh ina oifigeach ná ina sheirbhíseach don Bhord faoin alt seo má bhíonn ar fáil chun a cheaptha duine a bhfuil eolas mar adúradh aige agus atá oiriúnach thairis sin lena cheapadh.

(3) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord ó am to ham.

(4) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord.

(5) Féadfaidh an Bord oifigeach nó seirbhíseach ar bith a chur as oifig nó fostaíocht mar oifigeach nó seirbhíseach dó.

Iarratas chun na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla chun duine a mholadh.

16. —(1) Féadfaidh an Bord más oiriúnach leis, chun duine a cheapadh le post a líonadh i seirbhís an Bhoird, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a mholadh dhó lena cheapadh chun an phoist sin, agus ar na Coimisinéirí d'fháil an iarratais sin déanfaid, faoi réim agus do réir Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), duine a roghnú agus a mholadh don Bhord lena cheapadh chun an phoist sin agus déanfaid, más cuí leo, beirt daoine nó níos mó a roghnú agus a mholadh don Bhord le haghaidh an cheapacháin sin, agus déanfaidh an Bord, ar an moladh sin d'fháil ó na Coimisinéirí, an duine a mholfas na Coimisinéirí amhlaidh nó, má moltar amhlaidh níos mó ná duine amháin, pé duine is cuí leis an mBord de na daoine a molfar amhlaidh, a cheapadh chun an phoist sin.

(2) Íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, as na cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé caiteachas, maidir leis an roghnú agus an moladh ag na Coimisinéirí faoin alt seo ar dhaoine chun poist i seirbhís an Bhoird a líonadh, a socrófar trí chomhaontú idir an Bord agus na Coimisinéirí nó, mura ndéantar comhaontú den tsórt sin, a shocrós an tAire Airgeadais.

(3) Gach suim a gheobhas na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla faoi fho-alt (2) den alt seo, measfar chun críocha míre (b, d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, gur táille í a híocadh leis na Coimisinéirí faoin Acht sin.

Feidhmiú feidhmeanna an Bhoird.

17. —Féadfaidh an Bord aon cheann dá chumhachta d'fheidhmiú agus aon cheann de na feidhmeanna agus na dualgais a cuirtear air leis an Acht seo a chomhlíonadh trí aon chomhalta den Bhord, trí aon fho-choiste comhaltaí nó trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord.

Aoisliúntas d'oifigigh agus seirbhísigh don Bhord.

18. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae bhunuithe, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonadh, ar scor dóibh, do pé oifigigh nó seirbhísigh, nó i leith pé oifigeach nó seirbhíseach de chuid an Bhoird, is cuí leis an mBord.

(2) Déanfaidh an Bord scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích do réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith le ceadú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú.

(4) Socróidh scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo an tráth scortha agus na coinníollacha scortha do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor dóibh, agus féadfar trátha agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éilimh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus beidh breith an Aire Airgeadais uirthi ina breith chríochnaitheach.

(6) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Sócmhainní a sealbhaítear le haghaidh na dtionscal tuaithe d'aistriú chun an Bhoird.

19. —(1) An mhaoin (réadach nó pearsanta) agus na cearta go léir a bheas ag an Aire nó á dteachtadh aige, díreach roimh an lá bunuithe, i ndáil leis na feidhmeanna a dílsíodh ann chun na tionscail tuaithe a chur ar aghaidh nó chun críocha na dtionscal tuaithe agus an mhaoin go léir (réadach nó pearsanta), seachas an mhaoin eisiata, a húsáidtear nó atá ar áitiú chun críocha na dtionscal tuaithe agus a bheas, díreach roimh an lá bunuithe, i seilbh aon Aire Stáit eile, Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó Choimisiún Talún na hÉireann, déanfar, ar an lá bunuithe, iad d'aistriú chun an Bhoird, agus dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh eile—

(a) dílseoidh an mhaoin sin sa Bhord ar an lá bunuithe, agus

(b) teachtóidh an Bord na cearta sin amhail ar an lá bunuithe agus ón lá sin amach.

(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a haistrítear chun an Bhoird le fo-alt (1) den alt seo agus a bheas, an lá bunuithe, ar seasamh i leabhair aon chorparáide nó chuideachtan in ainm aon Aire Stáit, Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó Choimisiún Talún na hÉireann, aistreofar chun ainme an Bhoird iad ar an mBord dá iarraidh sin.

(3) A luaithe is féidir é tar éis an lae bhunuithe, eiseoidh an tAire Airgeadais deimhniú i scríbhinn ag deimhniú na suime is dóigh leis is fiú an mhaoin agus na cearta a haistrítear leis an alt seo, agus beidh an tsuim sin ina fiach ar an mBord ag an Aire Airgeadais agus íocfar an fiach sin pé tráth nó trátha, i pé slí agus ar pé téarmaí, a chinnfeas an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

(4) Is í maoin dá ngairmtear “an mhaoin eisiata” san alt seo an foirgneamh ar an gcuid chúil den áitreabh ar a dtugtar, agus arb é a shuíomh, Uimh. 64 Cearnóg Muirbhthean i gCathair Bhaile Atha Cliath, agus céad-urlár an áitribh, ar a dtugtar Halla Phádraig, ar an gcuid chúil den áitreabh ar a dtugtar, agus arb é a shuíomh, Uimh. 3 Cearnóg Muirbhthean adúradh.

Díolúine ó dhleacht stampa.

20. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir leis an maoin nó na cearta a haistrítear le halt 19 den Acht seo a dhílsiú sa Bhord.

Dliteanais faoina ndeachthas le haghaidh na dtionscal tuaithe d'aistriú chun an Bhoird.

21. —Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sárú conartha) a bheas, díreach roimh an lá bunuithe, dlite ó aon Aire Stáit, ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó ó Choimisiún Talún na hÉireann agus gan íoc nó tabhaithe agus gan fuascailt ag aon Aire Stáit, ag na Coimisinéirí sin nó ag an gCoimisiún sin, agus a bheas dlite amhlaidh nó tabhaithe amhlaidh chun críocha na dtionscal tuaithe, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an lá bunuithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó fuasclóidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord nó é a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin.

Conarthaí seirbhíse a choimeád i bhfeidhm.

22. —Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a rinneadh chun críocha na dtionscal tuaithe agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an lá bunuithe idir an tAire agus duine ar bith, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunuithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí an Bord ann in ionad an Aire, agus beidh gach conradh den tsórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina choinne.

Leanúint d'imeachta dlí a bheas ar feitheamh.

23. —Má bhíonn aon imeachta dlíthiúla ar páirti iontu an tAire ar feitheamh díreach roimh an lá bunuithe agus go mbainfidh na himeachta le feidhmeanna a dílsíodh san Aire i ndáil leis na tionscail tuaithe, cuirfear ainm an Bhoird sna himeachta in ionad ainm an Aire, agus ní raghaidh na himeachta ar ceal dá dhroim sin.

Meastachán bliantúil ar riachtanais an Bhoird.

24. —Lá nach déanaí ná an lú lá de Shamhain gach bliain airgeadais, cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire meastachán ar an méid airgid a bheas ag teastáil ón mBord i bhfoirm deontais agus i bhfoirm airleacan inaisíoctha don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Deontais.

25. —I ngach bliain airgeadais, féadfar deontas de pé méid a cheadós an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, d'íoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, leis an mBord i leith caiteachais an Bhoird.

Airleacain inaisíoctha chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste.

26. —(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná cúig chéad míle punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(2) Beidh na suimeanna a hairleacfar faoin alt seo inaisíoctha le hús do réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo.

Airgead a sholáthar as an bPríomh-Chiste le haghaidh airleacan chun an Bhoird.

27. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar le haghaidh suimeanna d'airleacan as an bPríomh-Chiste faoi alt 26 den Acht seo, pé suimeanna a bheas ag teastáil chun na críche sin a thógaint ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh an tAire sin, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a tógfar ar iasacht amhlaidh.

(2) Déanfar príomhshuim agus ús na n-urrús go léir a heiseofar faoin alt seo a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beid iníoctha as an gcéanna.

Ús d'íoc ar airleacain inaisíoctha.

28. —(1) Gach suim a hairleacfar chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste faoi alt 26 den Acht seo, íocfaidh an Bord ús uirthi leis an Aire Airgeadais, ó dháta na suime sin d'airleacan go dtí go n-aisíocfar í, do réir pé ráta a cheapfas an tAire Airgeadais ó am go ham i leith na suime sin, agus íocfar an t-ús sin ina íocaíochtaí leathbhliantúla pé laethanta gach bliain a cheapfas an tAire Airgeadais ó am go ham.

(2) Má mhainníonn an Bord aon ús is iníoctha aige faoin alt seo d'íoc leis an Aire Airgeadais an tráth a bheas ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Bord ús leis an Aire sin do réir an ráta a cheapfas an tAire sin ar an ús a bheas gan íoc amhlaidh ón tráth a bheas ceaptha mar adúradh go dtí go n-íocfar é iarbhír.

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós an tAire Airgeadais, an t-ús go léir a íocfas an Bord leis an Aire sin faoin alt seo.

Airleacain inaisíoctha d'aisíoc.

29. —(1) D'fhonn soláthar a dhéanamh chun an Bord d'aisíoc na n-airleacan a bhéarfar dóibh as an bPríomh-Chiste faoi alt 26 den Acht seo, íocfaidh an Bord íocaíochtaí leathbhliantúla leis an Aire Airgeadais, a thosnós ar pé dáta, agus a leanfas ar feadh pé uimhreach blian agus a mbeidh pé méid iontu agus a bheas iníoctha pé trátha, a cheapfas an tAire sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha blian, méideanna agus trátha éagsúla a cheapadh amhlaidh i leith coda éagsúla de na hairleacain sin.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais na híocaíochtaí leathbhliantúla ar leithligh a bheas le déanamh leis an Aire Airgeadais ag an mBord faoin alt seo d'úsáid mar chistí fiachmhúchta chun aisíoctha na gcoda ar leithligh de na hairleacain ar ina leith a déanfar na híocaíochtaí leathbhliantúla sin agus nuair a íocfas an Bord leis an Aire sin an méid iomlán íocaíochtaí leathbhliantúla a bheas ceaptha faoin alt seo i leith aon choda de na hairleacain sin (maraon le haon ús a bheas iníoctha faoin alt seo i leith aon cheann de na híocaíochtaí leathbhliantúla sin) measfar an chuid sin de na hairleacain sin a bheith aisíoctha go hiomlán ag an mBord, gan dochar do dhliteanas an Bhoird maidir le haon ús a bheas gan íoc an uair sin i leith na coda sin de na hairleacain sin.

(3) Mura n-íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais aon íocaíocht leathbhliantúil nó aon chuid d'íocaíocht leathbhliantúil is iníoctha aige leis an Aire sin faoin alt seo an tráth a bheas ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Bord ús leis an Aire sin ar an íocaíocht leathbhliantúil sin nó ar an gcuid sin d'íocaíocht leathbhliantúil do réir pé ráta a cheapfas an tAire sin ó am go ham ina leith ón tráth a bheas ceaptha mar adúradh go dtí go n-íocfar í iarbhír.

(4) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo in aisíoc airleacan.

(5) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós an tAire Airgeadais, na suimeanna go léir a íocfas an Bord leis an Aire sin faoin alt seo ar scór úis.

Cumhacht an Bhoird chun airgead a thógaint ar iasacht go sealadach.

30. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, pé suimeanna a bheas ag teastáil ón mBord faoi chomhair caiteachais reatha a thógaint ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Cuntais agus iniúchadh.

31. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhas nó a chaithfeas an Bord, ar a n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comharduithe, agus go háirithe coimeádfaidh sa bhfoirm adúradh gach cuntas speisialta a ordós an tAire ó am go ham, uaidh féin nó ar an Aire Airgeadais dá iarraidh sin.

(2) Déanfar cuntais an Bhoird in aghaidh gach bliana d'iniúchadh laistigh de nócha lá, nó pé tréimhse is sia ná sin a cheadós an tAire in aon chás áirithe, tar éis deireadh na bliana sin, agus bhéarfar tuarascáil orthu ó iniúchóirí cuí-cháilithe a cheapfas an tAire gach bliain chuige sin le toiliú an Aire Airgeadais, agus íocfaidh an Bord táillí na n-iniúchóirí sin agus costais ghinearálta an iniúchta sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an t-am, an áit agus an tslí a cheapadh chun cuntais an Bhoird d'iniúchadh faoin alt seo, agus féadfaidh, freisin, na cuntais a mbeidh cóipeanna díobh le tabhairt don Aire faoin alt seo, agus na cuntais a bheas le foilsiú agus le cur ar díol faoin alt seo, agus an tráth agus an tslí chun a bhfoilsithe agus a ndíolta, a cheapadh.

(4) Díreach tar éis iniúchadh a bheith déanta faoin alt seo ar chuntais an Bhoird, cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comharduithe arna ndeimhniú ag na hiniúchóirí, cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí, agus cóipeanna den mhéid de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí a bheas ceaptha chuige sin faoin alt seo nó a n-iarrfaidh an tAire go speisialta iad, agus foilseoidh agus cuirfidh ar díol an méid de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí a bheas ceaptha chuige sin ag an Aire.

(5) Bhéarfaidh an tAire go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cóipeanna de na doiciméid a bhéarfar dó faoin alt seo.

Tuarascáil bhliantúil.

32. —(1) Bhéarfaidh an Bord gach bliain, ar pé dáta a ordós an tAire, tuarascáil don Aire ar imeachta an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Aon uair a ordós an tAire é, cuirfear freisin sa tuarascáil bhliantúil sin eolas ar pé gnéithe áirithe d'imeachta an Bhoird faoin Acht seo a shonrós an tAire.

Eolas a thabhairt don Aire.

33. —Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas a iarrfas an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

Caiteachas.

34. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, an caiteachas faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Gearrtheideal.

35. —Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 , a ghairm den Acht seo.