An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958) Ar Aghaidh (CUID II. Sláinte.)

3 1958

AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Aitribh Oifige, 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

(3) D'ainneoin fo-ailt (2) den alt seo má taispeántar chun sástachta an Aire, maidir le haon cheanglas áirithe dá bhfuil san Acht seo, gur chóir, toisc caiteachas mór a ghabháil lena bheith riachtanach foirgnimh nua a sholáthar, nó foirgnimh atá ann d'athrú, nó toisc deacrachtaí speisialta eile, nach dtiocfadh an ceanglas sin i ngníomh an lá a bheas ceaptha faoi fho-alt (2), i gcás oifigí i gcoitinne nó i gcás aon chineáil nó sóirt oifige, féadfaidh sé, le hordú, an dáta a thiocfadh an ceanglas sin i ngníomh d'iarchur i gcás oifigí i gcoitinne, nó i gcás an chineáil nó an tsóirt sin oifige, go dtí pé dáta is oiriúnach leis ach nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an lae a bheas ceaptha faoi fho-alt (2).

(4) D'ainneoin fo-ailt (2), tiocfaidh alt 24 i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

Léiriú i gcoitinne.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “cineál nó sórt”, maidir le hoifig, grúpa oifigí a tuairiscítear do réir áite;

folaíonn “obair chléireachais” leabhar-choimeád, sórtáil agus comhadú, clóscríobh, macsamhlú doiciméad, meaisín-ríomh, tarraingteoireacht, láimhsiú poist, oibriú telefóin agus telegrafa agus láimhsiú airgid;

folaíonn an briathar “sárú”, maidir le haon fhoráil, diúltú nó mainniú um dhéanamh do réir na forála sin;

tá le “údarás forfheidhmiúcháin” an bhrí a bheirtear dó le halt 25;

folaíonn “múch” gás nó galán;

ciallaíonn “cigire” oifigeach a bheas údaraithe le halt 27 nó faoi chun gníomhú mar chigire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn an briathar “cothabháil” cothabháil i staid éifeachtúil, in ord éifeachtúil chun oibre, agus i ndea-dheis;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “únaer” an duine atá de thuras na huaire ag fáil cíosa fhorláin an áitribh ar i ndáil leis a húsáidtear an focal, pé acu ar a chuntas féin nó mar ghníomhaire nó iontaobhaí d'aon duine eile é, nó a gheobhadh an cíos forlán dá mbeadh an t-áitreabh ligthe ar chíos forlán;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin ón Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “údarás sláintíochta” údarás sláintíochta do réir bhrí na nAcht Rialtais Áitiúla (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952;

folaíonn “áiseanna sláintíochta” múnlanna, clóiséid uisce, clóiséid chré, losáin, poill luaithrigh, agus aon áis dá samhail sin;

ciallaíonn “rialacháin leasa” rialacháin faoi alt 23.

(2) Chun críocha an Achta seo, measfar printíseach a bheith ina dhuine atá fostaithe.

(3) Forléireofar aon tagairt san Acht seo don Chúirt Dúiche mar thagairt don Bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil an oifig atá i gceist.

Oifigí.

3. —(1) San Acht seo ciallaíonn “oifig” aon áitreabh, seomra, sreath seomraí nó cuid eile d'áitreabh ina bhfuil daoine ar fostú le hobair chléireachais.

(2) Ní bhaineann an tAcht seo le hoifig ar lú ná cúigear an méid daoine atá ar fostú inti le hobair chléireachais. Chun críche na forála seo, measfar gur aon oifig amháin na coda uile d'fhoirgneamh nó de ghrúpa foirgneamh ina bhfuil daoine ar fostú le hobair chléireachais ag an bhfostóir céanna, d'ainneoin na coda sin a bheith deighilte ó chéile.

(3) Ní bhaineann an tAcht seo—

(a) le háitreabh ná coda d'áitreabh atá ar áitiú ag Óglaigh na hÉireann,

(b) le háitreabh ná coda d'áitreabh ina ndéantar obair chléireachais trátha neamhrialta ar feadh tréimhsí gearra,

(c) le siopa lena mbaineann Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 (Uimh. 4 de 1938) ,

(d) le pé áitribh nó cineálacha áitreabh a ndearbhaítear i rialacháin a rinne an tAire iad a bheith díolmhaithe.

(4) Chun críocha an ailt seo ní measfar duine a bheith fostaithe le hobair chléireachais más é amháin atá inti obair theagmhasach fo nó-obair a hgabhas lena phríomh-shlí bheatha.

Feidhm maidir le hoifigi leis an Stát.

4. —Baineann an tAcht seo le hoifigí leis an Stát nó atá ar áitiú ag an Stát ach, i gcás aon éigeandála poiblí, féadfaidh an tAire, le hordú, díolúine ón Acht seo a thabhairt, a mhéid agus go ceann na tréimhse a hainmneofar san ordú, d'aon oifig leis an Stát nó atá ar áitiú ag an Stát nó d'aon oifig maidir le hobair a bheas á dhéanamh thar ceann an Stáit.

Caiteachais an Aire.

5. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Caiteachais údarás sláintíochta.

6. —Déanfar caiteachais údaráis shláintíochta faoin Acht seo a chruinniú agus d'íoc mar déantar a gcaiteachais faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, a chruinniú agus d'íoc.

Athghairm.

7. —Déantar leis seo na hAchta a luaitear sa Sceideal d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal.