An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leas.) Ar Aghaidh (CUID VI. Cionta, Pionóis agus Imeachta Dlí.)

3 1958

AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958

CUID V.

Riarachán.

Comhairle Chomhairlitheach.

24. —(1) Beidh comhairle ann ar a mbeidh cathaoirleach agus aon ghnáth-chomhalta déag ar a mhéid (dá ngairmtear an Chomhairle Chomhairlitheach san Acht seo) chun na feidhmeanna a bheirtear di leis an alt seo a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach breithniú, agus bhéarfaid comhairle don Aire i dtaobh aon nithe a tharlós de dhroim nó i leith an Achta seo a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear aon tograí ón Aire chun aon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm faoin Acht seo) agus a tharchuirfeas an tAire chun na Comhairle.

(3) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach, do réir mar mheasfaid is gá ó am go ham, an tAire a chomhairliú ar na nithe seo a leanas—

(a) an riachtanas atá le haon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo,

(b) nithe a bhaineas le forála an Achta seo nó orduithe nó rialacháin faoin Acht seo a chur i bhfeidhm.

(4) Is é an tAire a cheapfas Cathaoirleach agus gnáth-chomhaltaí na Comhairle Comhairlithí.

(5) Déanfar an chéad cheapachán acu sin a luaithe is féidir é tar éis an tAcht seo a rith agus déanfar ceapacháin dá éis sin ó am go ham do réir mar is gá.

(6) Beidh ar na daoine a cheapfas an tAire chun bheith ina ngnáth-chomhaltaí den Chomhairle Chomhairlitheach daoine ó eagrais d'fhostaithe, ó eagrais d'fhostóirí agus ó údaráis sláintíochta.

(7) Beidh Cathaoirleach agus gnáth-chomhaltaí na Comhairle Comhairlithí i seilbh oifige go ceann pé tréimhse a chinnfeas an tAire.

(8) Féadfar pé luach saothair agus liúntas i leith caiteachais a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais d'íoc le cathaoirleach na Comhairle Comhairlithí.

(9) Ar an gComhairle Chomhairlitheach dá iarraidh sin agus ar an Aire do thoiliú leis, féadfaidh cigire is oifigeach don Aire freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach chun aon eolas a thabhairt a iarrfas an Chomhairle Chomhairlitheach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(10) Ar an gComhairle Chomhairlitheach dá iarraidh sin agus ar údarás sláintíochta do thoiliú leis, féadfaidh oifigeach a ainmneos an t-údarás sláintíochta sin freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach chun aon eolas a thabhairt a iarrfas an Chomhairle Chomhairlitheach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh.

Údarás forfheidhmiúcháin.

25. —Is é a chuirfeas forála an Achta seo i bhfeidhm—

(a) i gcás oifigí atá ar áitiú ag an Stát—an tAire,

(b) i gcás oifigí in áiteanna lena mbaineann an tAcht Monarchan, 1955 (Uimh. 10 de 1955) ,—an t-údarás sláintíochta maidir le halt 13, agus an tAire maidir le forála eile an Achta seo,

(c) i ngach cás eile—an t-údarás sláintíochta,

agus forléireofar “údarás forfheidhmiúcháin” dá réir sin.

Deimhnithe díolúine.

26. —(1) Féadfaidh údarás forfheidhmiúcháin, le deimhniú, díolúine a thabhairt ó gach ceann nó aon cheann d'fhorála an Achta seo nó rialachán faoi d'aon áitreabh arb é, agus a mhéid arb é, an t-údarás forfheidhmiúcháin é ina leith.

(2) Ní deonfar deimhniú in aghaidh tréimhse is sia ná dhá bhliain, ach féadfar é d'athnuachan go ceann tréimhse eile, nach sia ná bliain.

(3) Féadfar coinníollacha a chur le deimhniú a dheonadh nó d'athnuachan.

Cigirí.

27. —(1) Féadfaidh údarás forfheidhmiúcháin a údarú d'aon duine dá oifigigh nó do dhuine oiriúnach eile gníomhú mar chigire chun críocha feidhmeanna an údaráis fhorfheidhmiúcháin sin faoin Acht seo.

(2) Aon chigire atá arna cheapadh ag an Aire faoin Acht Monarchan, 1955 (Uimh. 10 de 1955) , is cigire é chun críocha an Achta seo.

Cumhachta cigirí.

28. —(1) Beidh ag cigire, chun an tAcht seo d'fhorghníomhú, cumhacht chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(a) dul isteach in oifig agus i ngach cuid di agus í d'iniúchadh agus a scrúdú gach tráth réasúnach, de ló agus d'oíche, nuair a bheas cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil aon duine ar fostú inti, agus dul isteach de ló in aon áit a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur oifig é agus in aon chuid d'aon fhoirgneamh ar oifig cuid de agus a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil ábhair phléascacha nó sárlasúla ar stór nó á n-úsáid ann;

(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má tá cúis réasúnach amhrais aige go gcuirfear aon an-chosc air ag déanamh a dhualgais dó;

(c) a cheangal go dtabharfar ar aird aon doiciméid is gá a choimeád de bhun rialachán faoin Acht seo, agus aon cheann acu d'iniúchadh, a scrúdú agus cóip a dhéanamh dhe;

(d) pé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil forála an Achta seo, agus na n-achtachán atá de thuras na huaire i bhfeidhm maidir le sláinte phoiblí, á gcomhlíonadh, chomh fhada is bhaineas le hoifig agus le haon daoine a fostaítear in oifig;

(e) a cheangal ar aon duine a gheobhas sé in oifig agus a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil sé ar fostú san oifig pé eolas a thabhairt atá ar a chumas a thabhairt i dtaobh cé hé áititheoir na hoifige;

(f) scrúdú a dhéanamh, ina aonar nó i láthair aon duine eile, do réir mar is oiriúnach leis, maidir le nithe faoin Acht seo, ar gach duine a gheobhas sé in oifig, nó a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur duine é atá, nó a bhí laistigh den dá mhí roimhe sin, ar fostú in oifig, agus a cheangal ar gach duine den tsaghas sin dul faoi scrúdú amhlaidh agus dearbhú a shíniú ar fhírinne na nithe ar scrúdaíodh amhlaidh é ina dtaobh;

(g) pé cumhachta eile d'fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(2) Ní ceanglófar ar aon duine, de bhuaidh míre (f) d'fho-alt (1), aon cheist d'fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a raghadh chun a inchoirithe féin.

(3) Bhéarfaidh áititheoir gach oifige, a ghníomhairí agus a sheirbhísigh, do chigire deiseanna, mar cheanglós sé agus mar bheas riachtanach le haghaidh aon dul isteach, iniúchadh, scrúdú, fiosrú, nó aon chumhachta eile faoin Acht seo, maidir leis an oifig sin.

(4) Má chuireann aon duine moill go toiliúil ar chigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó má mhainníonn sé déanamh do réir ceanglais chigire de bhun an ailt seo, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a ceanglófar air a thabhairt ar aird de bhun rialachán faoin Acht seo, nó má dhéanann sé go toiliúil aon eolas, i dtaobh cé hé áititheoir aon oifige, a choimeád siar nó aon duine a cheilt nó a bhac, nó iarracht a thabhairt ar é a cheilt nó a bhac, chun nach dtiocfaidh sé i láthair chigire nó nach raghaidh faoi scrúdú aige, measfar an duine sin do chur coisc ar chigire agus é ag feidhmiú a dhualgas faoin Acht seo.

(5) Má coisctear cigire agus é ag feidhmiú a chumhacht nó a dhualgas faoin Acht seo—

(a) más in oifig a coiscfear é, beidh an t-áititheoir, agus freisin, murarb é an t-áititheoir féin a choisc an cigire an duine a choisc an cigire, ciontach i gcion,

(b) in aon chás eile, beidh an duine a choisc an cigire ciontach i gcion.

Deimhniú údaráis chun gníomhú mar chigire.

29. —Bhéarfar do gach cigire deimhniú ar a údarás chun gníomhú mar chigire, agus ar é d'fhiosrú oifige nó áite lena mbaineann aon cheann d'fhorála an Achta seo, déanfaidh sé, má hiarrtar sin air, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don áititheoir nó d'aon duine eile ag a bhfuil post freagarthach bainistíochta san oifig nó san áit.

Forála maidir le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire.

30. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(2) Sara ndéana an tAire aon orduithe nó rialacháin faoin Acht seo, tarchuirfidh sé a thograí chun na Comhairle Comhairlithí.

(3) Féadfar aon rialacháin ón Aire faoin Acht seo a dhéanamh le haghaidh tréimhse tóranta nó gan aon tórainn ar a dtréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh pé forála forlíontacha agus iarmartacha a bheith sna rialacháin is dóigh leis is gá le lán-éifeacht a thabhairt do na rialacháin agus féadfar, ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, na rialacháin d'athrú nó a chúlghairm le rialacháin ina dhiaidh sin a déanfar amhail mar a rinneadh na rialacháin bhunaidh.

(4) Ach amháin mar foráltar a mhalairt, aon deimhniú a eiseos údarás forfheidhmiúcháin faoin Acht seo, féadfar é d'eisiúint le haghaidh tréimhse tóranta nó gan aon tórainn ar a thréimhse, agus féadfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin é d'athrú nó a chúlghairm.