|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Riarachán.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghneitheach.) |
AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Cionta, Pionóis agus Imeachta Dlí. | |
[EN] |
Cionta i gcoitinne |
31. —(1) Má déantar sárú in oifig, nó i ndáil léi nó maidir léi, ar aon fhoráil den Acht seo nó ar aon rialachán faoi, beidh áititheoir, nó (más sárú é a ndéantar an t-únaer freagarthach ina leith leis an Acht seo nó faoi) únaer na hoifige, faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san Acht seo, ciontach i gcion. |
[EN] | (2) Má sháraíonn duine fostaithe alt 46 nó ma sháraíonn duine ar bith aon rialachán faoin Acht seo a chuireas aon dualgas air go sainráiteach, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únaer, pé acu é, ciontach i gcion de dheasca amháin gur sáraíodh an t-alt sin, nó gur sáraíodh an rialachán, pé acu é, mura gcruthaítear gur mhainnigh sé gach beart réasúnach a dhéanamh chun an sárú a chosc, ach ní measfar go mbaineann an fo-alt seo le haon dliteanas de chuid an áititheora nó an únaera i leith na nithe céanna de bhuaidh forála éigin eile seachas an t-alt sin nó an rialachán sin. | |
[EN] | (3) Má bhaineann áititheoir oifige leas as aon eisceacht speisialta a ceadaítear leis an Acht seo nó faoi agus go mainneoidh sé aon choinníoll dá ngabhann leis an eisceacht a chomhlíonadh, measfar sárú a bheith déanta aige ar an bhforáil iomchuí den Acht seo nó ar rialachán faoi. | |
[EN] | (4) Má cruthaítear i gcás ciona faoin Acht seo a rinne cuideachta go ndearnadh an cion le toiliú nó cúlcheadú, nó gur héascaíodh a dhéanamh trí mhainneachtaint, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid na cuideachtan, measfar eisean, chomh maith leis an gcuideachta, a bheith ciontach sa chion agus dlífear imeachta a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir. | |
[EN] |
Pionóis. |
32. —Faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san Acht seo, aon duine a bheas ciontach i gcion faoin Acht seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus, má leantar tar éis an chiontuithe den tsárú ar ciontaíodh ina leith amhlaidh é, beidh sé (faoi réir ailt 33) ciontach i gcion eile agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanadh amhlaidh den tsárú. |
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun a ordú go leigheasfar ábhar sáruithe. |
33. —Má ciontaítear áititheoir nó únaer oifige i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, ordú a thabhairt dó pé bearta a sonrófar san ordú a dhéanamh, laistigh den am a sonrófar amhlaidh, chun na nithe a leigheas ar tharla an sárú ina leith, agus féadfaidh sí, ar iarratas d'fháil, an t-am a bheas sonraithe amhlaidh d'fhadú, agus i gcás ordú den tsaghas sin a dhéanamh ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únear faoi dhliteanas do réir an Achta seo maidir leis an sárú a bheith ar leanúint le linn an ama a cheadós an chúirt, ach más rud é, ar bheith caite don am sin do réir mar sonraíodh i gcéadóir nó mar fadaíodh le hordú ina dhiaidh sin é, nach mbeidh an t-ordú comhlíonta, beidh an t-áititheoir nó an t-únaer, pé acu é, ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den neamhchomhlíonadh. |
[EN] |
Brionnú ar dheimhnithe, etc. |
34. —Duine ar bith— |
[EN] | (a) a bhrionnós nó a ghóchumfas aon deimhniú is gá do réir nó faoi réim nó chun críocha an Achta seo nó aon orduithe nó rialacháin faoi, | |
[EN] | (b) a bhéarfas nó a shíneos aon deimhniú den tsaghas sin agus a fhios aige é a bheith bréagach in aon tsonra ábhartha, | |
[EN] | (c) a rithfeas nó a úsáidfeas go feasach aon deimhniú den tsaghas sin a bheas brionnaithe, góchumtha nó bréagach mar adúradh, | |
[EN] | (d) a rithfeas nó a úsáidfeas go feasach, mar dheimhniú a bhaineas le duine ar bith, aon deimhniú den tsaghas sin nach mbaineann leis an duine sin, | |
[EN] | (e) a phearsanós aon duine a bheas ainmnithe in aon deimhniú den tsaghas sin, | |
[EN] | (f) a chuirfeas i gcéill go bréagach gur cigire é, | |
[EN] | (g) a chúlcheadós go toiliúil aon bhrionnú, góchumadh, tabhairt, síniú, rith, úsáid, pearsanú nó cur-i-gcéill mar adúradh, | |
[EN] | (h) a chuirfeas go toiliúil taifead bréagach in aon doiciméad is gá, de bhun rialachán faoin Acht seo, a choimeád nó a sheirbheáil nó a chur ar aghaidh, | |
[EN] | (i) a dhéanfas nó a shíneos go toiliúil dearbhú bréagach agus é ag déanamh nó ag síniú dearbhuithe is gá do réir nó faoi réim nó chun críche an Achta seo nó aon rialacháin faoi, | |
[EN] | (j) a úsáidfeas go feasach aon taifead nó dearbhú bréagach mar adúradh, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] |
Freagarthacht únaera foirgneamh. |
35. —I gcás ina bhfuil uimhir oifigí san aon-fhoirgneamh nó i gcás nach n-úsáidtear ach cuid d'fhoirgneamh mar oifig, beidh únaer an fhoirgnimh freagarthach faoin Acht seo sna nithe seo a leanas: |
[EN] | (a) déanamh, cothabháil, soilsiú agus glaineacht áiseanna sláintíochta, urlár, céimeanna, staighrí, ardaitheoirí, pasáistí, stangart agus coda eile den fhoirgneamh nach bhfuil aon-cheart a n-úsáidte agus a n-áitithe ag áititheoir áirithe, | |
[EN] | (b) socruithe maidir le slite éaluithe agus réamhchúraim i gcás tóiteáin sa mhéid go mbaineann na socruithe sin le nithe faoi urláimh an únaera. | |
[EN] |
Cion a bhfuil an t-áititheoir nó an t-únaer faoi dhliteanas ina leith dá dhéanamh iarbhír ag duine eile. |
36. —Más rud é i gcás gníomh nó mainneachtana a bhfuil áititheoir nó únaer faoi dhliteanas ina leith faoin Acht seo gur gníomhaire nó seirbhíseach nó oibrí éigin, nó duine éigin eile, a rinne iarbhír an gníomh nó an mhainneachtaint, beidh an gníomhaire, an seirbhíseach, an t-oibrí nó an duine eile sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear an fhíneáil chéanna a chur air a cuirfí air dá mba é an t-áititheoir nó an t-únaer é, do réir mar bheas. |
[EN] |
An t-áititheoir nó an t-únaer a dhíolmhadh i gcásanna áirithe. |
37. —Má cúisítear áititheoir nó únaer oifige i gcion faoin Acht seo, is cosaint mhaith dhó a chruthú go ndearna sé gach dícheall chun comhlíonadh na forála iomchuí den Acht seo nó de rialachán nó d'ordú faoi a chur i bhfeidhm. |
[EN] |
Imeachta i gcoinne daoine seachas áititheoirí nó únaerí. |
38. — I gcás ina ndéantar faoin Acht seo aon duine a chur in ionad an áititheora nó an únaera maidir le haon fhorála den Acht seo, ansin, más rud é chun críche aon fhorála acu go gceanglaítear nó go n-údaraítear leis an Acht seo nó faoi aon ordú, toghairm, fógra nó imeacht a sheirbheáil ar an áititheoir nó ar an únaer nó a thionscnamh ina leith, ceanglaítear nó údaraítear (do réir mar bheas) leis seo é a sheirbheáil ar an duine sin nó a thionscnamh ina leith. |
[EN] |
Inchúiseamh i leith cionta, etc. |
39. —(1) Féadfaidh an t-údaras forfheidhmiúcháin inchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Aon chion faoin Acht seo a líomhantar é a bheith arna dhéanamh ag únaer nó áititheoir oifige, féadfaidh duine a fostaítear san oifig sin, nó oifigeach do cheardchumann ar comhalta dhe an duine sin, inchúiseamh a dhéanamh ina leith. | |
[EN] | (3) I dtoghairm i leith ciona faoin Acht seo is leor a líomhnadh gur oifig do réir bhrí an Achta seo an oifig agus ainm an duine a ndealraíonn sé gurb é áititheoir na hoifige é nó, más gnólucht an t-áititheoir, ainm an ghnóluchta a lua. | |
[EN] | (4) Má déantar aon chion faoin Acht seo trí mhainneachtaint i scrúdú a dhéanamh, tuarascáil a chur isteach nó rud éigin eile a dhéanamh, tráth forordaithe nó laistigh de thréimhse fhorordaithe, measfar an cion a bheith ar leanúint go dtí go mbeidh an scrúdú déanta, an tuarascáil curtha isteach nó an rud eile déanta, pé acu é. | |
[EN] |
Achomhairc i gcoinne orduithe a rinneadh ar ghearán. |
40. —Aon duine arb ábhar éagóra aige ordú a rinne an Chúirt Dúiche ag cinneadh gearáin faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ina choinne chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá chuaird atá an teach cúirte inar tugadh breith na Cúirte Dúiche, agus beidh breith an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar aon achomharc den tsaghas sin ina breith chríochnaitheach dochloíte agus ní féadfar achomharc a dhéanamh ina coinne. |
[EN] |
Forála speisialta maidir le fianaise. |
41. —Má gheibhtear duine in oifig (nach oifig gan d'fhostaithe inti ach daoine den aon-teaghlach a chónaíos inti) aon tráth a bheas obair ar siúl taobh amuigh de thrátha béilí nó scíthe, measfar chun críocha an Achta seo, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith ar fostú an tráth sin san oifig. |
[EN] |
Doiciméid a sheirbheáil agus a chur ar aghaidh. |
42. —(1) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm nó ordú) a gceanglaítear nó a n-údaraítear faoin Acht seo é a sheirbheáil ar dhuine ar bith, nó a chur chuige féadfar é a sheirbheáil nó é a chur ar aghaidh— |
[EN] | (a) trína sheachadadh don duine sin nó, i gcás comhpháirtíochta, d'aon duine de na comhpháirtithe, nó trína chur leis an bpost cláraithe go dtí áit chónaithe an duine sin, | |
[EN] | (b) i gcás únaera nó áititheora oifige, ar aon mhodh acu sin adúradh nó tríd an doiciméad nó cóip dhílis de a sheachadadh d'aon duine san oifig a dhealraíos gan a bheith faoi bhun sé bliana déag d'aois. | |
[EN] | (2) Féadfar aon doiciméad dá dtagartar i bhfo-alt (1) a sheoladh, chun é a sheirbheáil ar áititheoir oifige nó a chur chuige faoin Acht seo, go dtí “an t-áititheoir” ag seoladh poist ceart na hoifige gan aon ainm ná tuairisc thairis sin. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta a cláraíodh faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, a bheith ina cónai ag a hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlucht corpraithe eile agus gach comhlucht neamhchorpraithe a bheith ina chónaí ag a phríomh-oifig nó a phríomh-áit ghnótha sa Stát. | |
[EN] |
Cumhacht na Cúirte Cuarda chun comhaontuithe a mhodhnú. |
43. —Má tharlaíonn, de dhroim comhaontuithe idir únaer agus áititheoir áitribh a bhfuil a iomlán nó aon chuid de ligthe mar oifig, go gcoisctear an t-únaer nó an t-áititheoir sin ó aon athruithe déanmhais nó athruithe eile a dhéanamh ar an áitreabh atá riachtanach chun go bhféadfaidh sé aon fhorála den Acht seo nó aon rialachán nó ordú faoi a chomhlíonadh, nó chun bheith i gcomhréir le haon chaighdeán nó ceanglas a forchuirtear leis an Acht seo nó faoi, féadfaidh sé ordú faoin alt seo d'iarraidh ar an gCúirt Chuarda agus féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe agus d'aon fhinnéithe is mian leo a ghairm, ordú a dhéanamh a chuirfeas ar ceal, nó a mhodhnós, téarmaí an chomhaontuithe do réir mar is dóigh leis an gCúirt cóir agus is cothrom in imthosca an cháis. |
[EN] |
Cumhacht na Cúirte Cuarda chun costais a chionroinnt. |
44. —Má tharlaíonn, in aon áitreabh a bhfuil a iomlán nó aon chuid de ligthe mar oifig, gur gá aon athruithe déanmhais nó athruithe eile chun aon fhoráil den Acht seo nó aon rialachán nó ordú faoi a chomhlíonadh nó chun bheith i gcomhréir le haon chaighdeán nó ceanglas a forchuirtear leis an Acht seo nó faoi agus go líomhnóidh an t-únaer nó an t-áititheoir (pé acu é) gur ceart an t-iomlán nó aon chuid de chostais na n-athruithe a bheith ar an áititheoir nó ar an únaer, féadfaidh an t-únaer nó an t-áititheoir ordú faoin alt seo d'iarraidh ar an gCuirt Chuarda agus féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe agus d'aon fhinnéithe is mian leo a ghairm, ordú a dhéanamh maidir leis na costais nó lena gcionroinnt do réir mar is dóigh leis an gCúirt is cóir agus is cothrom in imthosca an cháis, ag féachaint do théarmaí aon chonartha idir na páirtithe, nó ar a mhalairt féadfaidh an Chúirt, má iarrann an t-únaer nó an t-áititheoir é, an léas d'fhorceannadh ar pé téarmaí, ag féachaint d'fhorála an léasa sin, is dóigh leis an gCuirt is cóir agus is cothrom. |