An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Cionta, Pionóis agus Imeachta Dlí.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

3 1958

AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958

CUID VII.

Ilghneitheach.

Cóiríocht agus saoráidí a chur ar fáil i gcomhar.

45. —An chóiríocht agus na saoráidí a bheas le cur ar fáil ag aon duine faoin Acht seo féadfaidh an duine sin an céanna a chur ar fáil é féin nó i gcomhar le daoine eile.

Dualgais dhaoine a fostaítear.

46. —Ní bhacfaidh aon duine a fostaítear in oifig, ná ní mhí-úsáidfidh sé, go toiliúil aon deis, fearas, feiste nó rud eile a bheas curtha ar fáil de bhun an Achta seo ar mhaithe le sláinte, sábháltacht nó leas na ndaoine a fostaítear san oifig.

Toirmeasc ar shuimeanna a bhaint as páigh.

47. —Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach faoin Acht seo, ní dhéanfaidh áititheoir oifige, i leith aon ní atá le déanamh nó le cur ar fáil aige de bhun an Achta seo, aon tsuim a bhaint as an méid a ndeachaigh sé i gconradh é d'íoc le haon duine ar fostú ná aon íocaíocht a ghlacadh, ná a cheadú d'aon duine ar fostú aige í a ghlacadh, ó aon duine den tsaghas sin.