Ar Aghaidh (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.)

4 1958


Uimhir 4 de 1958.


AN tACHT PRAGHSANNA, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PRAGHSANNA AGUS TÁILLÍ AR EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ A RIALÚ AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [19 Márta, 1958.]

DE BHRÍ gur rud é, de dhroim nach leanfaidh an tAcht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) , i bhfeidhm tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1957—

(a) nach mbeidh na cumhachta forleitheadúla (dá ngairmtear na cumhachta éigeandála sa Réamhrá seo) chun rialú a dhéanamh, le hordú, ar phraghsanna earraí agus ar na táillí i leith seirbhísí agus a tugadh do chomhalta den Rialtas le Airteagal 31 den Ordú Cumhachta Práinne, 1939 (R. & O.R., Uimh. 224 de 1939), arna leasú leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 173), 1942 (R. & O.R., Uimh. 166 de 1942), (Orduithe a rinneadh faoin Acht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , atá tar éis dul in éag, agus a buanaíodh leis an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 ), adúradh infheidhmithe tar éis an dáta sin, agus

(b) go scoirfidh aon orduithe de bheith i bhfeidhm tar éis an dáta sin a bhí i bhfeidhm ar an dáta sin agus a rinneadh i bhfeidhmiú na gcumhacht éigeandála;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAcht chun Praghsanna a Rialú, 1937 (Uimh. 26 de 1937) , neamhoiriúnach do riachtanais láithreacha an Stáit, agus gur fóirstineach dá bhrí sin é a athghairm, agus, dá dhroim sin, an tAcht um an gCoimisiún Praghsanna (Feidhmeanna a Leathnú), 1938 (Uimh. 15 de 1938) ;

AGUS DE BHRÍ gur inmhianaithe, ar mhaithe leis an bpobal. foráil a dhéanamh chun rialú a dhéanamh, i gcásanna áirithe a luaitear anseo ina dhiaidh seo sa Réamhaithris seo, ar phraghsanna earraí áirithe (agus earraí a díolfar le honnmhuiriú nó a honnmhuireofar le díol a fhágáil, i dteannta earraí eile, gan áireamh) agus ar na táillí i leith seirbhísí áirithe a dhéanamh (agus seirbhísí a bheidh le déanamh lasmuigh den Stát a fhágáil, i dteannta seirbhísí eile, gan áireamh), agus chuige sin údarás a thabhairt don Aire Tionscail agus Tráchtála praghsanna aon earra den tsórt sin agus na táillí a fhéadfar a éileamh i leith aon tseirbhíse den tsórt sin a rialú más rud é—

(a) gur dóigh leis go bhfuil praghsanna iomarcacha á n-éileamh nó go bhféadfaí iad a éileamh mar gheall ar chleachtais srianta trádála a bheith ann i ndáil le soláthar nó imdháil an earra, nó

(b) gur dóigh leis go bhfuil táillí iomarcacha á n-éileamh nó go bhféadfaí iad a éileamh mar gheall ar chleachtais srianta trádála a bheith ann i ndáil leis an tseirbhís a dhéanamh, nó

(c) gur dóigh leis go bhfuil praghsanna iomarcacha á n-éileamh ar an earra ag monaróirí, nó go bhféadfaidís a bheith á n-éileamh acu, mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag na monaróirí nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, nó

(d) gur dóigh leis go bhfuil, mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag daoine a bhíonn ag déanamh na seirbhíse nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, táillí iomarcacha á n-éileamh, i leith na seirbhíse a dhéanamh, ag na daoine sin nó go bhféadfaidís a bheith á n-éileamh acu, nó

(e) go bhfuil ordú ón Rialtas i bhfeidhm á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann a bhaineann le soláthar an earra;

AGUS DE BHRÍ gur inmhianaithe freisin, ar mhaithe le leas an phobail, a údarú don Aire Tionscail agus Tráchtála orduithe a dhéanamh aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, a rialú praghsanna mór-reaca agus mionreaca aráin agus siúcra agus praghsanna mionreaca ime agus bainne;

AGUS DE BHRÍ gur inmhianaithe freisin, ar mhaithe le leas an phobail, a údarú don Aire Tionscail agus Tráchtála a fhoráil go ndéanfadh daoine a dhíolann earraí áirithe praghsanna mionreaca na n-earraí sin a thaispeáint.

ACHTAÍTEAR DA BHRI SIN AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—