An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Earraí a bhféadafaidh an tAire Orduithe um Praghas Mionreaca a Thaispeáint a Dhéanamh ina Leith.)

4 1958

AN tACHT PRAGHSANNA, 1958

AN DARA SCEIDEAL

Coistí Comhairlitheacha Praghsanna.

Alt 9 (3).

An Painéal.

1. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an Painéal” Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna a bheidh le coimeád faoi mhír 2 den Sceideal seo.

Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna.

2. (1) Chun críocha an Sceidil seo, coimeádfaidh an tAire painéal (ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmfear Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna) a bheidh comhdhéanta de pé méid daoine (nach mó ná dáréag) is oiriúnach leis an Aire agus ar daoine iad a bheidh toilteanach agus ábalta gníomhú mar chomhaltaí de Choistí Comhairlitheacha.

(2) Is é an tAire a cheapfaidh gach comhalta den Phainéal agus leanfaidh an duine sin de bheith ina chomhalta go ceann téarma dhá mhí dhéag ó dháta a cheaptha agus beidh sé i dteideal a athcheaptha ar bheith caite d'aon téarma oifige den sórt sin.

(3) Má thagann duine is comhalta den Phainéal chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, chun bheith i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Phainéal.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Ordaithe cheachtar Tí den Oireachtas chun suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Phainéal.

(5) Beidh duine is comhalta den Phainéal dícháilithe chun bheith agus scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Phainéal más rud é—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

(b) go dtabharfaidh cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúntachta nó phianseirbhíse air, nó

(c) go scoirfidh sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát.

(6) Déanfaidh an tAire, ó am go ham do réir mar is oiriúnach leis, ainmneacha na ndaoine a bheidh ar an bPainéal de thuras na huaire a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Comhaltas Choiste Chomhairlithigh.

3. Beidh Coiste Comhairlitheach comhdhéanta de thriúr comhaltaí ar a laghad agus cúigear comhaltaí ar a mhéid, agus is é an tAire a cheapfaidh iad go léir ó dhaoine is comhaltaí den Phainéal tráth an cheapacháin.

Cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh.

4. (1) Beidh cathaoirleach ar gach Coiste Comhairlitheach.

(2) Bainfidh na forála seo a leanas le hoifig chathaoirligh Choiste Comhairlithigh—

(a) is é a bheidh ina chathaoirleach pé comhalta den Choiste Comhairlitheach sin a ainmneoidh an tAire chun bheith ina chathaoirleach,

(b) má scoireann an cathaoirleach de bheith ina chomhalta den Choiste Comhairlitheach sin, scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach,

(c) má tharlaíonn don duine a shealbhóidh an oifig sin go mbeidh sé neamhábalta go sealadach ar chúis ar bith ar dhualgais na hoifige sin a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire comhalta den Phainéal nach comhalta den Choiste Comhairlitheach sin san am a ainmniú chun dualgais na hoifige sin a chomhlíonadh ar feadh tréimhse sonraithe (nach sia ná ré na neamhábaltachta sealadaí sin), agus, ar feadh na tréimhse sin, beidh cumhachta uile an chathaoirligh ag an duine a hainmneofar amhlaidh agus measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é cathaoirleach an Choiste Chomhairlithigh sin é agus gur comhalta dhe é.

Comhalta do Choiste Comhairlitheach d'éirí as oifig nó a chur as oifig.

5. (1) Féadfaidh comhalta de Choiste Comhairlitheach éirí as oifig.

(2) Féadfaidh an tAire comhalta de Choiste Comhairlitheach a chur as oifig—

(a) má bhíonn sé éagumasach mar gheall ar easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtúil, nó

(b) má bhíonn sé tar éis scor de bheith ina chomhalta den Phainéal, nó

(c) más dóigh leis an Aire gur gá é a chur as oifig ar mhaithe le dualgais an Choiste Chomhairlithigh sin a chomhlíonadh go héifeachtúil tíobhasach.

Corr-fholúntais.

6. Má tharlaíonn corr-fholúntas i gcomhaltas Choiste Chomhairlithigh, féadfaidh an tAire duine is comhalta den Phainéal de thuras na huaire a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

Luach saothair agus caiteachas chomhaltaí Choiste Chomhairlithigh.

7. Féadfar pé luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachais a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhalta Choiste Chomhairlithigh.

Comhalta de Choiste Comhairlitheach do chur leasa in iúl.

8. I gcás Coiste Comhairlitheach a bheith ag fiosrú faoi phraghas aon earra nó faoin táille i leith aon tseirbhíse agus leas pearsanta a bheith ag aon chomhalta den Choiste sin in aon ghnó a bheidh ag díol an earra sin nó ag déanamh na seirbhíse sin, cuirfidh an comhalta sin é sin in iúl don Aire, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) ní ghníomhóidh sé, gan údarás ón Aire, mar chomhalta den Choiste Comhairlitheach sin,

(b) Féadfaidh an tAire é a chur den Choiste Comhairlitheach sin agus duine eile den Phainéal a cheapadh ina chomhalta nua ina ionad ar an gCoiste Comhairlitheach sin.

Oifigigh agus seirbhísigh do Choiste Comhairlitheach.

9. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú le Coiste Comhairlitheach i gcomhlíonadh a dhualgas.

(2) Na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar faoi fho-mhír (1) den mhír seo sealbhóid oifig ar pé téarmaí agus gheobhaid pé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.

Duine a cheapadh chun cabhrú le Coiste Comhairlitheach.

10. (1) I gcás ina n-iarrfaidh Coiste Comhairlitheach go gceapfar duine chun cabhrú leis ag seoladh fiosrúcháin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé duine is cuí leis a cheapadh chuige sin.

(2) Féadfar pé luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachais a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le duine a ceapfar faoi fho-mhír (1) den mhír seo.

Nós imeachta ag cruinnithe de Choiste Comhairlitheach.

11. (1) Is é cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh a bheidh i gceannas gach cruinnithe den Choiste Comhairlitheach sin, agus ní comórfar aon chruinniú den Choiste Comhairlitheach sin mura mbeidh sé i láthair.

(2) Gach ceist a éireoidh ag cruinniú de Choiste Comhairlitheach cinnfear é le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an Choiste Chomhairlithigh sin.

(3) Féadfaidh Coiste Comhairlitheach gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc na gcomhaltaí.

(4) Is é is córam do chruinniú de Choiste Comhairlitheach pé líon a shocróidh sé ó am go ham, agus, mura mbeidh córam socair amhlaidh de thuras na huaire, triúr.

(5) Aon fhiosrúchán a dhéanfaidh Coiste Comhairlitheach ní deanfar go hiomlán nó go páirteach go poiblí é, ach amháin le toiliú an Aire roimh ré i scríbhinn.

(6) Faoi réir forál na míre seo, féadfaidh Coiste Comhairlitheach a nós imeachta agus a ghnó a rialú, lena n-áirítear an modh ar a gcuirfidh daoine faoina bhráid nithe maidir le hábhar aon fhiosrúcháin a bheidh á dhéanamh aige.

Cumhacht Chathaoirligh Choiste Chomhairlithigh chun finnéithe a thoghairm, etc.

12. (1) Féadfaidh Cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh, chun críocha feidhmeanna an Choiste Chomhairlithigh sin—

(a) finnéithe a thoghairm chun teacht i láthair an Choiste Chomhairlithigh sin;

(b) aon fhinné a thiocfaidh i láthair an Choiste Chomhairlithigh sin a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo don chathaoirleach é a chur faoi mhionn);

(c) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméid ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choiste Comhairlitheach sin.

(2) Aon toghairm chun finné a ghairm i láthair Choiste Chomhairlithigh beidh sé faoi láimh chathaoirligh an Choiste Chomhairlithigh sin.

(3) Beidh finné i láthair Choiste Chomhairlithigh i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(4) Duine ar bith—

(a) a thoghairmfear go cuí os comhair Choiste Chomhairlithigh agus a mhainneoidh teacht i láthair, nó

(b) a bheidh i láthair mar fhinné agus a dhiúltóidh mionn a thabhairt a ceanglófar air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméid ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a ceanglófar air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach sin air go dlíthiúil a fhreagairt, nó

(c) a dhéanfaidh aon ní a bheadh, dá mba chúirt bhreithiúnais ag a raibh cumhacht chimithe mar gheall ar dhísbeagadh cúirte an Coiste Comhairlitheach sin, ina dhísbheagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh an Coiste Comhairlitheach sin cion an duine sin a dheimhniú faoina lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis pé fiosrúchán a dhéanamh is cuí léi, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh ar an Ard-Chúirt.