An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958) Ar Aghaidh (CUID II. Bord na gCon.)

12 1958

ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht Tionscail na gCon, 1958 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “faiche chúrsála údaraithe” faiche chúrsála ar a mbíonn cruinnithe cúrsála údaraithe ar siúl;

ciallaíonn “cruinniú cúrsála údaraithe” cruinniú cúrsála arna údarú ag an gClub;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh i scríbhinn ag an mBord nó ag an gClub (do réir mar is iomchuí) chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “an Bord” Bord na gCon a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Club” Club Cúrsála na hÉireann;

ciallaíonn “geall cúrsa”—

(a) geall a ghlacfaidh geall-ghlacadóir ceadúnaithe, le linn rás-chruinnithe chon a bheidh ar siúl ar rás-rian con, i ndáil le rás con is mír ag an gcruinniú sin, nó

(b) geall a ghlacfaidh geall-ghlacadóir ceadúnaithe, le linn cruinnithe chúrsála údaraithe (nach cruinniú a mbeidh dearbhaithe ag an mBord le rialacháin go bhfuil sé díolmhaithe maidir leis na tobhaigh dá ndéantar socrú leis an Acht seo), i ndáil le beart is mír ag an gcruinniú sin;

tá le “cead cúrsa-ghealltóireachta” an bhrí a thugtar dó in alt 29;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “rás con” rás con (ar a n-áirítear triail agus teagasc) ina leantar rud a ghluaistear le fearas meicniúil;

ciallaíonn “rás-rian con” rás-rian con ar a seoltar rásaí con ar luach saothair;

tá le “ceadúnas rás-riain chon” an bhrí a shonraítear in alt 22;

ciallaíonn “geall-ghlacadóir ceadúnaithe” duine is sealbhóir de thuras na huaire ar cheadúnas geall-ghlacadóra a heisíodh chuige faoin Acht um Gheallchur, 1931 (Uimh. 27 de 1931) ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “maighne”, maidir le faiche chúrsála údaraithe, aon áit in aice na faiche cúrsála sin a ghnáthaíonn an pobal chun bheith ag féachaint ar chúrsáil;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an mBord faoin Acht seo;

ciallaíonn “ceadúnas suimitheora” ceadúnas arna dheonadh faoi Acht na Suimitheoirí, 1929 (Uimh. 22 de 1929) .

(2) Aon áit inar iomchuí sin, folaíonn tagairt san Acht seo d'aon fhoráil a shárú tagairt don fhoráil sin a shárú trí mhainniú nó diúltú déanamh dá réir.

An lá bunaithe.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Feidhmeanna an Chlub a chomhlíonadh.

4. —Is é a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a dhílsítear sa Chlub leis an Acht seo nó faoi—

(a) roimh an lá a cheapfaidh an tAire faoi fho-alt (7) d'alt 26 den Act seo—Buan-Choiste an Chlub, agus

(b) an lá sin agus dá éis—Coiste Feidhmiúcháin an Chlub,

ach, i gcás rialacha a dhéanfar faoin Acht seo, ní thiocfaidh na rialacha i ngníomh mura gceadófar agus go dtí go gceadófar iad ag cruinniú ginearálta den Chlub.

Rialacháin agus Rialacha i gcoitinne.

5. —(1) I ngach imeacht dlíthiúil—

(a) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip é d'aon rialachán a rinne an Bord faoin Acht seo agus a bheith arna dheimhniú ag cathaoirleach an Bhoird nó príomh-oifigeach an Bhoird gur cóip dhílis é ina leor-fhianaise ar an rialachán agus go ndearnadh maidir leis aon dul-i-gcomhairle ba ghá faoin Acht seo agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a dheimhnigh an doiciméad,

(b) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh é a bheith arna shíniú ag oifigeach don Aire agus a dheimhneoidh gur le toiliú an Aire a rinneadh aon rialachán sonraithe a rinne an Bord faoin Acht seo ina leorfhianaise gur le toiliú an Aire a rinneadh an rialachán agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a shínigh an doiciméad.

(2) I ngach imeacht dlithiúil—

(a) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip é d'aon riail a rinne an Club faoin Acht seo agus a bheidh arna dheimhniú ag uachtarán an Chlub nó ag rúnaí an Chlub gur cóip dhílis é ina leor-fhianaise ar an riail agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a dheimhnigh an doiciméad,

(b) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh é a bheith arna shíniú ag uachtarán an Chlub nó ag rúnaí an Chlub agus a dheimhneoidh go dtáinig aon riail shonraithe a rinne an Club faoin Acht seo i ngníomh lá sonraithe ina leor-fhianaise go dtáinig an riail i ngníomh an lá sin agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a shínigh an doiciméad,

(c) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh é a bheith arna shíniú ag cathaoirleach an Bhoird nó ag príomh-oifigeach an Bhoird agus a dheimhneoidh gur le toiliú an Bhoird a rinneadh aon riail shonraithe a rinne an Club faoin Acht seo ina leor-fhianaise gur le toiliú an Bhoird a rinneadh an riail agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a shínigh an doiciméad.

(3) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ábhair nó ní dá dtagartar san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an Bord faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(5) Gach riail a dhéanfaidh an Club faoi alt 25 nó alt 37 den Acht seo agus cheadófar mar fhoráltar le halt 4 den Acht seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis í a cheadú amhlaidh, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an riail a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialach, beidh an riail ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin riail sin.

(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a theorainníonn oibriú, nó a dhéanann difir d'oibriú, ailt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925) .