|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Rásaíocht Chon.) | Ar Aghaidh (CUID V. Forálacha a Bhaineann le Geall-Ghlacadóirí.) |
ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Club Cúrsála na hÉireann. | |
[EN] |
Club Cúrsála na hÉireann. |
26. —(1) Is é cóiriú an Chlub an cóiriú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, faoi réir aon athruithe a dhéanfar go cuí air ó am go ham le toiliú an Bhoird roimh ré i scríbhinn. |
[EN] | (2) Tugtar leis seo d'aitheantas don Chlub gurb é, faoi réir forálacha an Achta seo agus forálacha chóirithe an Chlub agus faoi réir rialaithe agus treoraithe an Bhoird i gcoitinne an t-údarás rialaithe le haghaidh síolrú con agus cúrsáil chon. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord comhairle agus cúnamh a thabhairt don Chlub i ndáil le haon ghníomhachtaí nó bearta a chabhródh leis an gClub chun a chóiriú agus a rialacha a chur i bhfeidhm níos fearr, leis an gClub chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh níos fearr nó le tionscal na gcon a fheabhsú agus a fhorbairt. | |
[EN] | (4) Beidh de dhualgas ar an gClub cibé leabhair, cuntais agus taifid a choimeád a cheadóidh an Bord agus cibé eolas a thabhairt don Bhord faoi ghníomhachtaí an Chlub a iarrfaidh an Bord. | |
[EN] | (5) Ní mór do rialacha an Chlub toiliú an Bhoird a bheith leo. | |
[EN] | (6) I gcaitheamh na dtrí mblian dar tús dáta tosach feidhme an ailt seo, déanfar ceapadh comhaltaí de Choiste Feidhmiúchán an Chlub faoi réir maoirseachta an Bhoird. | |
[EN] | (7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá tar éis an lae bhunaithe a cheapfaidh an tAire le hordú. |