An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Club Cúrsála na hÉireann.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Tobhaigh ar Gheall-Ghlacadóirí i leith cúrsa-gheallta.)

12 1958

ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958

CUID V.

Forálacha a Bhaineann le Geall-Ghlacadóirí.

Caibidil I.

Srianta le gnó a bheith ar siúl ag geall-ghlacadóirí ag rás-rianta con agus ag cruinnithe cúrsála údaraithe.

An lá ceaptha.

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha na Caibidle seo.

(2) Déanfar tagairtí sa Chaibidil seo don lá ceaptha a fhorléiriú mar thagairtí don lá a cheapfar le hordú faoin alt seo.

Toirmeasc ar chúrsa-ghealltóireacht ag geall-ghlacadóirí gan cead.

28. —(1) An lá ceaptha agus dá éis, ní dleathach do dhuine ar bith gnó geall-ghlacadóra a bheith ar siúl aige ag aon rás-rian con ná ag aon chruinniú cúrsála údaraithe nó i maighne an chéanna muran sealbhóir ceada chúrsa-ghealltóireachta an duine sin.

(2) Má dhéanann aon duine aon ní contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(3) Má faightear, an lá ceaptha nó dá éis, duine nach sealbhóir ceada chúrsa-ghealltóireachta agus gnó geall-ghlacadóra ar siúl aige ag aon rás-rian con, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú ar orduithe ón mBord nó an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian sin an duine céadluaithe sin a chur amach as agus chuige sin féadfaidh sé cibé neart a imirt is gá do réir réasúin.

(4) Má faightear, an lá ceaptha nó dá éis, duine nach sealbhóir ceada chúrsa-ghealltóireachta agus gnó geall-ghlacadóra ar siúl aige ag aon chruinniú cúrsála údaraithe, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú ar orduithe ón mBord nó an duine a bheidh ag seoladh an chruinnithe sin an duine céadluaite sin a chur amach as an bhfaiche chúrsála agus chuige sin féadfaidh sé cibé neart a imirt is gá do réir réasúin.

Ceada cúrsaghealltóireachta

29. —(1) Féadfaidh an Bord géilleadh nó, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, diúltú do ghéilleadh d'iarratas ó gheall-ghlacadóir ceadúnaithe ar chead (dá ngairmtear cead cúrsa-ghealltóireachta san Acht seo) á údarú dhó gnó geall-ghlacadóra a bheith ar siúl aige ag rás-rianta con agus ag cruinnithe cúrsála údaraithe agus ina maighne.

(2) Féadfaidh an Bord aon tráth, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, cead cúrsa-ghealltóireachta a fhionraí an fhad is oiriúnach leis nó a chúlghairm.

(3) I gcás ina mbeartóidh an Bord diúltú do ghéilleadh d'iarratas ar chead cúrsa-ghealltóireachta nó cead cúrsa-ghealltóireachta a fhionraí nó a chúlghairm, déanfaidh sé fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar an iarratasóir nó ar an sealbhóir, agus, má thagann aon uiríolla i scríbhinn ón iarratasóir nó ón sealbhóir laistigh de sheacht lá, breithneoidh an Bord na huiríolla.

(4) I gcás duine dar deonadh cead cúrsa-ghealltóireachta do scor de bheith ina gheall-ghlacadóir ceadúnaithe, measfar, de bhua an fho-ailt seo, an cead cúrsa-ghealltóireachta sin a bheith, chun críocha an Achta seo, arna chúlghairm ar an scor sin.

Ceada cúrsaghealltóireachta a thabhairt ar aird ar éileamh.

30. —(1) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe don Bhord (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air), an lá ceaptha nó dá éis, a éileamh ar dhuine ar bith, a thabharfaidh sé faoi deara ag gabháil do ghnó, nó ag déanamh gnótha, geallghlacadóra ag aon rás-rian con nó ag aon chruinniú cúrsála údaraithe nó i maighne an chéanna, a chead cúrsa-ghealltóireachta a thabhairt ar aird, agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin an cead sin a thabhairt ar aird nó go dtabharfaidh sé ar aird é ach go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a cheadú don oifigeach údaraithe é a léamh, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon uair a éileofar go dleathach faoin alt seo ar aon duine a chead cúrsa-ghealltóireachta a thabhairt ar aird agus go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé an cead sin a thabhairt ar aird, nó go dtabharfaidh sé an cead sin ar aird ach go mainneoidh nó go ndiúltóidh sé a cheadú don oifigeach údaraithe don Bhord a dhéanfaidh an t-éileamh an cead sin a léamh agus a scrúdú, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe a éileamh ar an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt agus má dhiúltaíonn an duine sin a ainm a thabhairt nó má mhainníonn nó má dhiúltaíonn sé a sheoladh a thabhairt, nó má thugann sé ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(4) Aon duine nach ndéanfaidh, nuair a éileofar air go dleathach faoin alt seo a chead cúrsa-ghealltóireachta a thabhairt ar aird, an cead sin a thabhairt ar aird mar nach sealbhóir ceada chúrsaghealltóireachta é, measfar gur mhainnigh sé a chead cúrsa-ghealltóireachta a thabhairt ar aird do réir bhrí an ailt seo.