|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Forálacha a Bhaineann le Geall-Ghlacadóirí.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghnéitheach.) |
ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II. Tobhaigh ar Gheall-Ghlacadóirí i leith cúrsa-gheallta. | |
[EN] |
Tosach feidhme alt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, etc. |
31. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis na hailt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo: |
[EN] | (a) tiocfaidh siad i ngníomh cibé lá a shonróidh an tAire le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, | |
[EN] | (b) aon tráth an fhad a bheidh siad i ngníomh, cibé de bhua ordaithe faoi mhír (a) nó mír (c) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, a n-oibriú a fhorceannadh amhail ar agus ó lá sonraithe, | |
[EN] | (c) aon tráth an fhad nach mbeidh siad i ngníomh de dhroim ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, iad a chur ar ais i ngníomh lá sonraithe. | |
[EN] | (2) Beidh ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), feidhm agus éifeacht maidir le forceannadh a dhéanamh, le hordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ar oibriú na n-alt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo amhail is dá mb'ionann an forceannadh agus athghairm le hAcht ón Oireachtas a ritheadh an lá a ghlacfaidh an forceannadh éifeacht agus go mbeadh na hailt sin arna n-athghairm leis an Acht sin amhail ar agus ón lá sin. | |
[EN] |
Tobhaigh is iníoctha ag geall-ghlacadóirí ceadúnaithe ar chúrsa-gheallta. |
32. —(1) Gach duine a ghlacfaidh, mar gheall-ghlacadóir ceadúnaithe, cúrsa-gheall ar dháta tosach feidhme an ailt seo nó dá éis íocfaidh sé leis an mBord tobhach arna áireamh do réir an chéatadáin a bheidh forordaithe de thuras na huaire de mhéid an chúrsaghill agus má dhéantar an beart is ábhar don gheall a chinneadh i bhfabhar an duine a mbeidh an geall glactha uaidh ag an ngeallghlacadóir, bainfidh an geall-ghlacadóir, as an méid iomlán a dhéanfadh sé, mura mbeadh sin, a íoc leis an duine sin nó a chreidiúnú dó i leith an ghill, suim a ríomhfar do réir an chéatadáin sin den méid iomlán sin. |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é méid cúrsa-ghill an tsuim a mbeidh an geall-ghlacadóir a ghlacfaidh é i dteideal, do réir téarmaí an ghill, í a fháil, a choimeád nó creidmheas a ghlacadh ina leith má chinntear ina fhabhar an beart is ábhar don gheall. | |
[EN] | (3) Aon uair a chruthófar don Bhord cúrsa-gheall a mbeidh tobhach faoin alt seo iníoctha ina leith a bheith ar neamhní ar aon chúis seachas comhaontú na bpáirtithe ann, nó nár chruinnigh agus nach dóigh go gcruinneoidh an geall-ghlacadóir méid an chúrsa-ghill a mbeidh tobhach faoin alt seo iníoctha ina leith, féadfaidh an Bord, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur, an tobhach a aisíoc nó an tobhach is inmhuirir i leith an chúrsa-ghill a mhaitheamh. | |
[EN] | (4) Gach duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh aon suim a íoc is iníoctha aige i leith tobhaigh faoin alt seo beidh sé (gan dochar d'imeachta faoi fho-alt (5) den alt seo) ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |
[EN] | (5) Gach tobhach faoin alt seo is iníoctha ag duine ar bith, féadfaidh an Bord (gan dochar d'imeachta faoi fho-alt (4) den alt seo) é a ghnóthú ón duine sin mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (6) Ní mór do rialacháin chun críocha an ailt seo toiliú an Aire a bheith leo. | |
[EN] |
Rialacháin á áirithiú go n-íocfar tobhaigh ar chúrsa-gheallta. |
33. —(1) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar tobhaigh faoi alt 32 den Acht seo agus i gcoitinne chun na forálacha den Chaibidil seo a bhaineas le tobhaigh a chur in éifeacht agus go háirithe— |
[EN] | (a) chun a cheangal ar gheall-ghlacadóirí a dhlíonn tobhaigh a íoc— | |
[EN] | (i) sonraí gach cúrsa-ghill a thaifeadadh, sa slí fhorordaithe agus an tráth forordaithe, sna taifid fhorordaithe, | |
[EN] | (ii) na taifid a choime ád go ceann na tréimhse for ordaithe, | |
[EN] | (iii) na taifid a chur, ar an mBord á iarraidh sin, chun an Bhoird lena n-iniúchadh ag an mBord, | |
[EN] | (iv) cóipeanna de na taifid a thabhairt don Bhord cibé tráth nó trátha a fhorordófar; | |
[EN] | (b) i dtaobh geall-leatháin tobhach-íoctha a sholáthar, a úsáid agus a mhaoirsiú agus i dtaobh aisíoc a dhéanamh i leith leathán den sórt sin nach mbeidh úsáidte nó nach mbeidh úsáidte ach go páirteach; | |
[EN] | (c) chun an Bord do dhéanamh socraíochtaí le geall-ghlacadóirí agus do ghlacadh urrúis ó gheall-ghlacadóirí ar mian leo tobhaigh a íoc de réir tuairisceán a thabharfaidh siad féin uathu; | |
[EN] | (d) chun an Bord do thabhairt maithimh nó aisíoca (de réir mar dhlífidh an cás) do gheall-ghlacadóirí i dtobhaigh i gcásanna a gcruthófar don Bhord iomlán fiachais theagmhasaigh gheall-ghlacadóra nó aon chuid den chéanna i leith cúrsa-ghill a chuir sé nó a leag sé nó a rinne sé ar aon slí eile a bheith aistrithe chun geallghlacadóra eile trí gheall nua a cuireadh, a leagadh nó a rinneadh ar aon slí eile ag an gcéad gheall-ghlacadóir leis an dara geall-ghlacadóir. | |
[EN] | (2) Duine ar bith— | |
[EN] | (a) a sháróidh rialachán faoin alt seo, nó | |
[EN] | (b) a chuirfidh aon ní bréagach i dtaobh cúrsa-ghill in aon taifead a bheidh á choimeád de bhun aon rialacháin faoin alt seo, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (3) Ní mór do rialacháin chun críocha an ailt seo toiliú an Aire a bheith leo. | |
[EN] |
Doiciméid in áitribh gheall ghlacadóirí a iniúchadh. |
34. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe don Bhord (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air) dul isteach tráth ar bith in aon áitreabh shealbhóra cheada chúrsa-ghealltóireachta ina mbíonn gnó geall-ghlacadóireachta ar siúl agus aon doiciméid a gheofar ann agus a bhainfidh le cúrsa-gheallta, nó a gcreidfidh an t-oifigeach údaraithe go mbaineann siad le cúrsagheallta, a ghlac an duine a bheidh ag déanamh an ghnótha sin, a lorg agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu san aitreabh sin agus féadfaidh sé a cheangal ar dhuine ar bith a gheofar san áitreabh sin gach doiciméad san áitreabh sin a bhainfidh le cúrsa-gheallta den sórt sin a thabhairt ar aird. |
[EN] | (2) Gach duine a chuirfidh i gcoinne oifigigh údaraithe don Bhord nó a choiscfidh nó a bhacfaidh é agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt seo nó a dhiúltóidh gan leathscéal dleathach nó dóthaineach aon doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglóidh oifigeach údaraithe don Bhord faoin alt seo ar a thabhairt ar aird beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] |
Leabhair, etc. a iniúchadh. |
35. —(1) Má thugann oifigeach údaraithe don Bhord faoi deara gnó geall-ghlacadóra a bheith á dhéanamh nó ar siúl ag aon duine ag aon rás-rian con nó ag aon chruinniú cúrsála údaraithe nó i maighne an chéanna, féadfaidh sé (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar air é) a cheangal ar an duine sin aon doiciméad a bheidh an tráth sin i seilbh an duine sin agus á úsáid chun críche an ghnótha sin a thabhairt ar aird dó láithreach agus a cheadú dó é a iniúchadh, cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as. |
[EN] | (2) Gach duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglóidh oifigeach údaraithe don Bhord, faoi fho-alt (1) den alt seo, air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. |