|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Tobhaigh ar Gheall-Ghlacadóirí i leith cúrsa-gheallta.) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Cóiriú Chlub Chúrsála na hÉireann.) |
ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le cúrsáil. |
36. —(1) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, rialacháin a dhéanamh faoi chomhair na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) a thoirmeasc ar dhaoine feidhmeanna breithimh, scaoilteora nó maoir a chomhlíonadh ag cruinnithe cúrsála údaraithe ach amháin faoi réim agus do réir cead arna ndeonadh ag an mBord mar is rogha leis, | |
[EN] | (b) an Bord do ghearradh táillí i leith ceada a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan, | |
[EN] | (c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceada, | |
[EN] | (d) ceada den sórt sin a fhionraí agus a chúlghairm, | |
[EN] | (e) a thoirmeasc ar dhaoine a chomhlíonann saghsanna sonraithe feidhmeanna ag cruinnithe cúrsála údaraithe aon leas tairbhiúil a bheith acu i ngeall-ghlacadóireacht ag na cruinnithe sin nó in únaeracht chon a bheidh páirteach i mbeartanna is míreanna ag na cruinnithe sin, | |
[EN] | (f) diúltú do choin a ligean isteach ar bhearta is míreanna ag cruinnithe cúrsála údaraithe i gcás con a mbeidh orduithe dícháiliúcháin faoi alt 45 den Acht seo i bhfeidhm ina leith. | |
[EN] | (2) Má sháraítear aon rialachán faoin alt seo maidir le cruinniú cúrsála údaraithe, beidh an duine a sheolfaidh an cruinniú ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] |
Coin a thréineáil ar luach saothair. |
37. —(1) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun tréineáil chon ar luach saothair a rialú. |
[EN] | (2) Féadfaidh, go háirithe, foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo faoi chomhair na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) a thoirmeasc ar dhaoine coin a thréineáil ar luach saothair ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas a dheonfaidh an Bord mar is rogha leis, | |
[EN] | (b) an Bord do ghearradh táillí i leith ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan, | |
[EN] | (c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais, | |
[EN] | (d) ceadúnais den sórt sin a fhionraí agus a chúlghairm, | |
[EN] | (e) ceadúnaithe do choimeád taifead agus taifid den sórt sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh nó sleachta a thógáil ag oifigeach údaraithe don Bhord, | |
[EN] | (f) ceadúnaithe do thabhairt eolais don Bhord. | |
[EN] | (3) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Club rialacha a dhéanamh chun tréineáil chon ar luach saothair a rialú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh, go háirithe, foráil a bheidh i rialacha faoin alt seo faoi chomhair na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) a thoirmeasc ar dhaoine coin a thréineáil ar luach saothair ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas a dheonfaidh an Club mar is rogha leis, | |
[EN] | (b) an Club do ghearradh táillí i leith ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan, | |
[EN] | (c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais, | |
[EN] | (d) ceadúnais a fhionraí agus a chúlghairm, | |
[EN] | (e) ceadúnaithe do choimeád taifead agus taifid den sórt sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh nó sleachta a thógáil ag oifigigh údaraithe don Bhord, | |
[EN] | (f) ceadúnaithe do thabhairt eolais don Bhord. | |
[EN] | (6) Aon duine a sháróidh riail faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (7) Ní dhéanfar rialacha faoin alt seo roimh an lá a cheapfaidh an tAire faoi fho-alt (7) d'alt 26 den Acht seo. | |
[EN] |
Díolacháin phoiblí con. |
38. —(1) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun seoladh agus stiúradh díolachán poiblí con a rialú. |
[EN] | (2) Féadfaidh, go háirithe, foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo faoi chomhair na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) a thoirmeasc ar dhaoine díolacháin phoiblí con a sheoladh ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas a dheonfaidh an Bord mar is rogha leis, | |
[EN] | (b) an Bord do ghearradh táillí i leith ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan, | |
[EN] | (c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais, | |
[EN] | (d) ceadúnais a fhionraí agus a chúlghairm, | |
[EN] | (e) ceadúnaithe do choimeád taifead agus taifid den sórt sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh nó sleachta a thógáil ag oifigigh údaraithe don Bhord, | |
[EN] | (f) ceadúnaithe do thabhairt eolais don Bhord, | |
[EN] | (g) an nós imeachta maidir le coin a ghlacadh, agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh sula nglacfar, coin le díol, | |
[EN] | (h) a thoirmeasc ar dhaoine gníomhú mar cheantálaithe ag díolacháin ach amháin faoi réim agus do réir chead a dheonfaidh an Bord mar is rogha leis nó i gcás ina gceadóidh an Bord iad, thairis sin, nó i gcás ina gceapfaidh an Bord iad mar cheantálaithe, | |
[EN] | (i) an Bord do ghearradh táillí i leith ceada a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan, | |
[EN] | (j) coinníollacha a chur ag gabháil le ceada, | |
[EN] | (k) ceada a fhionraí agus a chúlghairm, | |
[EN] | (l) daoine a sheolfaidh diolacháin phoiblí con d'fhoilsiú clárliostaí díolachán agus an t-eolas nach mór a thabhairt sna clárlíostaí sin maidir le coin a bheidh le díol agus eile, | |
[EN] | (m) daoine a sheolfaidh díolacháin phoiblí con do thaifeadadh agus d'fhoilsiú eolais i dtaobh torthaí díolachán, | |
[EN] | (n) doiciméid (ar a n-áirítear deimhnithe agus ráthaíochtaí) a thabhairt do dhaoine a cheannóidh coin ag díolacháin. | |
[EN] | (3) Is sa bhfoirm fhorodaithe a dhéanfar iarratas ar cheadúnas, cead nó ceadú faoi rialacháin faoin alt seo agus déanfaidh an Bord breithniú, agus bhéarfaidh breith, ar an iarratas a luaithe is féidir tar éis é a fháil. | |
[EN] | (4) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] |
Inseamnú saorga ar choin. |
39. —(1) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub agus le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh do rialú cleachtais inseamnaithe shaorga con. |
[EN] | (2) Féadfaidh, go háirithe, foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo faoi chomhair na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) a thoirmeasc ar dhaoine inseamnú saorga a dhéanamh ar choin ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnas a dheonfaidh an Bord mar is rogha leis, | |
[EN] | (b) an Bord do ghearradh táillí i leith ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan, | |
[EN] | (c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais, | |
[EN] | (d) ceadúnais a fhionraí agus a chúlghairm, | |
[EN] | (e) ceadúnaithe do choimeád taifead agus taifid den sórt sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh agus sleachta a thógáil ag oifigigh údaraithe don Bhord, | |
[EN] | (f) ceadúnaithe do thabhairt eolais don Bhord. | |
[EN] | (3) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le suimitheoirí. |
40. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh chun an Bord do ghearradh táillí (ar féidir gurb é a bheidh iontu suimeanna áirithe nó suimeanna inathraithe a íocfar i gceann tréimhsí áirithe) a íocfaidh ceadúnaithe faoi cheadúnais rás-riain chon i gcásanna ina mbeidh suimitheoirí á gcothabháil ag an mBord ar na rás-rianta con lena mbainfidh na ceadúnais sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh trína ndéanfar socrú i dtaobh na dtáillí agus na dtobhach a bhaileoidh an Bord as airgead a chuirfear i ngeall trí shuimitheoirí a bheidh á gcothabháil ag an mBord. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun an úsáid a dhéanfaidh an pobal de shuimitheoirí a bheidh á gcothabháil ag an mBord a rialáil agus a rialú. | |
[EN] | (4) Aon suimeanna a éileoidh an Bord de bhun rialachán faoi fho-alt (1) den alt seo féadfar, cheal comhaontaithe, iad a ghnóthú mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (5) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo maidir le suimitheoirí éagsúla. | |
[EN] | (6) Beidh éifeacht ag rialachán faoin alt seo faoi réir aon sriantachta nó coinníll iomchuí faoi fho-alt (5) d'alt 3 nó ag rialachán faoi fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht na Suimitheoirí, 1929 ( Uimh. 22 de 1929 ). | |
[EN] |
Onnmhuiriú con. |
41. —(1) Féadfaidh an Bord comhoibriú agus cabhrú le duine ar bith i ndáil le gníomhachtaí chun trádáil onnmhuiriúcháin na gcon a chur ar aghaidh agus a fhorbairt, lena a n-áirítear gíomhachtaí chun coin a bheifear tar éis a onnmhuiriú a chothabháil, a thréineáil, a chur ag rás agus ag cúrsáil agus a dhíol ar an gcoigrích. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh onnmhuireoirí con do thabhairt eolais agus doiciméad (ar a n-áirítear deimhnithe agus urraíochtaí) do na daoine chun a n-onnmhuireofar na coin nó don Bhord nó don Chlub. | |
[EN] | (3) Aon duine a sharóidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air. | |
[EN] |
Cumhacht an Bhoird chun rás-rianta con a bhunú. |
42. —(1) Féadfaidh an Bord rás-rianta con a bhunú, a fheistiú agus a chothabháil, agus chuige sin féadfaidh sé aon talamh (lena n-áirítear aon rás-rian con) a thógáil trí chomhaontú nó léas. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord aon rás-rian con a bheidh á chothabháil aige faoin alt seo a oibriú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord aon rás-rian con a bunaíodh faoin alt seo a léasadh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Bord aon talamh a thóg sé faoin alt seo agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun na críche dár tógadh é a léasadh. | |
[EN] |
Fiosrúcháin ag an mBord agus ag an gClub. |
43. —(1) Féadfaidh an Bord a chur faoi deara go ndéanfar aon teagmhas a chuirfear i bhfios dó maidir le haon ábhar a bhainfidh le tionscal na gcon a fhiosriú i cibé slí is cuí leis an mBord. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeartóidh an Bord aon ábhar a bhainfidh le síolrú, clárú, aithint nó cúrsáil chon nó aon ábhar faoi réim rialacha arna ndéanamh ag an gClub i dtaobh rásaíocht chon nó tréineáil chon ar luach saothair a chur dá fhiosrú de bhun fo-ailt (1) den alt seo, curfidh an Bord an beartú sin in iúl don Chlub. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Club a chur faoi deara go ndéanfar aon teagmhas a chuirfear i bhfios dó maidir le haon ábhar a bhainfidh le síolrú, clárú, aithint nó cúrsáil chon nó aon ábhar faoi réim rialacha arna ndéanamh ag an gClub i dtaobh rásaíocht chon nó tréineáil chon ar luach saothair a fhiosrú i cibé slí is cuí leis an gClub. | |
[EN] | (4) Má bhíonn ábhar á fhiosrú ar thionscnamh an Bhoird, ní dhéanfar é a fhiosrú ar thionscnamh an Chlub agus má bhíonn an t-ábhar á fhiosrú cheana féin ar thionscnamh an Chlub, scoirfear den fhiosrú deiridh sin. | |
[EN] | (5) Cuirfidh an Club in iúl don Bhord, má iarrann an Bord air é, toradh aon fhiosraithe a rinneadh ar thionscnamh an Chlub. | |
[EN] | (6) Chun críocha fiosraithe faoin alt seo, féadfaidh an duine a bheidh ag seoladh an fhiosraithe, trí fhógra a sheirbheálfar ar aon duine, a cheangal ar an duine sin aon eolas a thabhairt dó a mheasfaidh sé, le réasún, is gá agus a shonróidh sé sa bhfógra. | |
[EN] | (7) Duine ar bith— | |
[EN] | (a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh eolas a thabhairt a bheidh aige agus a cheanglófar air a thabhairt faoin alt seo, nó | |
[EN] | (b) a thabharfaidh, agus é ag tabhairt an eolais sin, eolas is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an Bord toradh aon fhiosraithe a dhéanfar faoin alt seo a fhoilsiú in aon slí is cuí leis. | |
[EN] | (9) Féadfaidh an Club toradh aon fhiosraithe a dhéanfar faoin alt seo i dtaobh aon ábhair a bhainfidh le síolrú, clárú, aithint nó cúrsáil chon nó aon ábhair faoi réim rialacha arna ndéanamh ag an gClub i dtaobh rásaíocht chon nó tréineáil chon ar luach saothair a fhoilsiú in aon slí is cuí leis. | |
[EN] |
Fiosrúcháin ag oifigigh údaraithe. |
44. —(1) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe a bheidh i láthair ag aon rás-chruinniú ag rás-rian con nó ag aon díolachán poiblí con (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air), aon teagmhas a thabharfaidh sé faoi deara nó a chuirfear i bhfios dó maidir le haon rás ag an rás-chruinniú, gníomh (ar a n-áirítear iompar) aon chon ag an rás-chruinniú nó aon díol ag an díolachán poiblí a fhiosrú. |
[EN] | (2) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air) a bheidh i láthair ag aon chruinniú cúrsála údaraithe aon teagmhas a thabharfaidh sé faoi deara nó a chuirfear i bhfios dó maidir le haon bheart, nó gníomh (ar a n-áirítear iompar) aon chon i mbeart, is mír ag an gcruinniú a fhiosrú. | |
[EN] | (3) Chun críocha fiosraithe faoin alt seo, féadfaidh oifigeach údaraithe— | |
[EN] | (a) a cheangal ar aon duine aon eolas a thabhairt dó a mheasfaidh sé le réasún is gá, agus | |
[EN] | (b) cibé orduithe a thabhairt agus cibé saoráidí a iarraidh a mheasfaidh sé le réasún is gá (ar a n-áirítear orduithe agus saoráidí maidir le scrúdú a dhéanamh ar choin agus coinneáil faoi rialú sonraithe a dhéanamh chun aon chríche ar choin nó ar dhoiciméid a bhainfidh leis an gcéanna). | |
[EN] | (4) Duine ar bith— | |
[EN] | (a) a bhacfaidh nó a choiscfidh feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo, | |
[EN] | (b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon eolas a bheidh aige a thabhairt d'oifigeach údaraithe agus a iarrfaidh an t-oifigeach faoin alt seo, | |
[EN] | (c) a thabharfaidh, agus é ag tabhairt an eolais sin, eolas is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó | |
[EN] | (d) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh do réir aon ordaithe a thabharfaidh, nó iarratais ar shaoráidí a dhéanfaidh, oifigeach údaraithe faoin alt seo, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó na fiche punt a chur air. | |
[EN] |
Orduithe pícháiliúcháin. |
45. —(1) Tar éis breithniú a dhéanamh ar thoradh aon fhiosraithe ar thionscnamh an Bhoird faoi alt 43 den Acht seo, nó ar thoradh aon fhiosraithe ag oifigeach údaraithe don Bhord faoi alt 44 den Acht seo, féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, le hordú (dá ngairmtear ordú dícháiliúcháin san alt seo), a dhéanfar maidir leis na coin go léir nó le coin shonraithe a bheidh á gcoimeád, ar únaeracht, á dtréineáil nó á mbainistí ag duine sonraithe, na coin sin a dhícháiliú i leith aon ní nó nithe acu seo a leanas:— |
[EN] | (a) clárú i Leabhar na gCon, | |
[EN] | (b) bheith istigh ar aon rás con ar aon rás-rian con, | |
[EN] | (c) bheith istigh ar aon bheart is mír ag aon chruinniú cúrsála údaraithe, | |
[EN] | (d) glacadh le díol ag aon díolachán poiblí con. | |
[EN] | (2) I gcás ina mbeartóidh an Bord ordú dícháiliúcháin a dhéanamh, déanfaidh an Bord fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh agus, má thagann aon uiríolla i scríbhinn ón duine sin laistigh de sheacht lá, breithneoidh an Bord na huiríolla. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub aon ordú dícháiliúcháin a chúlghairm. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar ordú dícháiliúcháin— | |
[EN] | (a) cuirfidh an Bord faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh an t-ordú, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an Bord a chur faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar aon daoine eile ar dóigh leis an mBord gur cuí fógra a thabhairt dóibh. | |
[EN] |
Cumhacht chun dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh. |
46. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air) gach tráth réasúnach dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh ar aon rás-rian con, faiche chúrsála údaraithe nó áit a úsáidtear chun coin a dhíol go poiblí nó coin a thréineáil ar luach saothair agus féadfaidh sé a iarraidh ar aon duine ansin aon eolas a thabhairt dó a mheasfaidh sé le réasún is gá chun críocha riaracháin an Achta seo. |
[EN] | (2) Duine ar bith— | |
[EN] | (a) a bhacfaidh nó a choiscfidh feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo, | |
[EN] | (b) a mhainneoidh nó a dhiúltoidh aon eolas a bheidh aige a thabhairt d'oifigeach údaraithe agus a iarrfaidh an t-oifigeach faoin alt seo, nó | |
[EN] | (c) a thabharfaidh, agus é ag tabhairt an eolais sin, aon eolas is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air. | |
[EN] |
Orduithe eisiaimh. |
47. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Chlub, nó féadfaidh an Club le toiliú an Bhoird, le hordú (dá ngairmtear ordú eisiaimh san alt seo), duine a thoirmeasc ó gach aon acu seo a leanas— |
[EN] | (a) a bheith ar aon rás-rian con, | |
[EN] | (b) a bheith ag aon chruinniú cúrsála údaraithe, | |
[EN] | (c) a bheith ag aon díolachán poiblí con. | |
[EN] | (2) I gcás ina mbeartóidh an Bord ordú eisiaimh, nó toiliú le hordú eisiaimh, a dhéanamh, déanfaidh an Bord fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh agus, má thagann aon uiríolla i scríbhinn ón duine sin laistigh de sheacht lá, breithneoidh an Bord na huiríolla. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, aon ordú eisiaimh a rinne an Bord a chúlghairm. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Club, le toiliú an Bhoird, aon ordú eisiaimh a rinne an Club a chúlghairm. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndéanfaidh an Bord ordú eisiaimh— | |
[EN] | (a) cuirfidh an Bord faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh an t-ordú, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an Bord a chur faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar aon daoine eile ar dóigh leis an mBord gur cuí fógra a thabhairt dóibh. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfaidh an Club ordú eisiaimh— | |
[EN] | (a) cuirfidh an Club faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh an t-ordú, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an Club a chur faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar aon daoine eile ar dóigh leis an gClub gur cuí fógra a thabhairt dóibh. | |
[EN] | (7) Má faightear duine lena mbainfidh ordú eisiaimh ag aon rás-rian con, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú faoi ordú an cheadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian an duine céadluaite sin a chur amach as an gcéanna agus cibé neart a imirt chuige sin is gá do réir réasúin. | |
[EN] | (8) Má faightear duine lena mbainfidh ordú eisiaimh ag aon chruinniú cúrsála údaraithe, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú ar ordú an duine a bheidh ag seoladh an chruinnithe an duine céadluaite sin a chur amach as an bhfaiche chúrsála agus chuige sin féadfaidh sé cibé neart a imirt is gá do réir réasúin. | |
[EN] | (9) Má faightear duine lena mbainfidh ordú eisiaimh ag aon díolachán poiblí con, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú faoi ordú an duine a bheidh ag seoladh an díolacháin an duine céadluaite sin a chur ón díolachán agus chuige sin féadfaidh sé cibé neart a imirt is gá do réir réasúin. | |
[EN] |
Táillí áirithe a shocrú. |
48. —(1) Féadfaidh an Bord le rialacháin na táillí uasta a shocrú a fhéadfar a éileamh as daoine a ligean isteach go dtí rásrianta con agus féadfar táillí éagsúla a shocrú maidir le rianta éagsúla, maidir le coda éagsúla den rian céanna agus maidir le geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó agus daoine nach geall-ghlacadóirí den sórt sin. |
[EN] | (2) I gcás ina socróidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo, maidir le rás-rian con nó cuid de rás-rian con, táillí uasta i leith geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó is mó ná cúig oiread na dtáillí uasta a bheidh socair, maidir leis an rian nó an chuid, leis na rialacháin (nó le rialacháin eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire) i leith daoine nach geall-ghlacadóirí den sórt sin, ní mór do na rialacháin toiliú an Aire a bheith leo. | |
[EN] | (3) I gcás ina socróidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo, maidir le rás-rian con ar a gcothabhálann an Bord suimitheoir nó maidir le cuid den rian sin, táillí uasta i leith geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó, socrófar na táillí ar shlí nach mó iad ná deich n-oiread na dtáillí a bheidh socair leis na rialacháin (nó le rialacháin eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire) i leith daoine nach geall-ghlacadóirí nó, i gcás ina socróidh rialacháin faoi fho-alt (7) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire táille íosta maidir leis an rian nó an chuid, ná comhshuim dheich n-oiread na dtáillí sin i leith daoine nach geall-ghlacadóirí agus an táille íosta sin. | |
[EN] | (4) D'ainneoin rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo do shocrú, maidir le rás-rian con nó cuid de, táillí uasta i leith geallghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó, féadfar táille is mó ná an táille dob iomchuí de réir na rialachán a ghearradh ar aon gheall-ghlacadóir, lena thoil féin, as dul isteach go dtí an rian nó an chuid, agus ní sárú ar na rialacháin an táille sin. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, na táillí uasta a shocrú a éileofar ar rás-chártaí ag rás-rianta con. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, na táillí uasta a shocrú i leith coin a ligean isteach chun coimhlinte i mbeartanna ag ráschruinnithe ar rás-rianta con agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith rianta éagsúla agus i leith cruinnithe éagsúla agus beartanna éagsúla ag an rian céanna. | |
[EN] | (7) (a) Féadfaidh an Bord, le ríalacháin, na táillí íosta a shocrú a éileofar as geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó a ligean isteach go dtí rás-rianta con agus féadfar táillí éagúla a shocrú i leith rianta éagsúla agus coda éagsúla den rian céanna. | |
[EN] | (b) Ní dhéanfar rialacháin faoin bhfo-alt seo maidir le rás-rian con nó cuid de mura ndéantar, an tráth céanna, rialacháin (nó mura mbeidh rialacháin déanta) faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an rian nó an chuid. | |
[EN] | (c) Beidh oibriú rialachán faoin bhfo-alt seo ar fionraí i gcaitheamh aon tréimhse a bheidh ailt 32 go 35 den Acht seo i ngníomh. | |
[EN] | (d) I gcás— | |
[EN] | (i) ina n-éileofar táille as geall-ghlacadóir a bhíonn ag gabháil dá ghnó a ligean isteach go dtí rás-rian con, agus | |
[EN] | (ii) go mbeidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i ngníomh de thuras na huaire, | |
[EN] | deánfaidh an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhaineann leis an rian suim a íoc leis an mBord is comhionann leis an táille íosta le haghaidh an ligin isteach is iomchuí do réir na rialachán. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an Bord le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, na táillí uasta a shocrú a éileofar as daoine a ligean isteach go dtí faichí cúrsála údaraithe agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith cruinnithe éagsúla, i leith coda éagsúla den fhaiche chúrsála chéanna agus i leith geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó agus daoine nach geall-ghlacadóirí den sórt sin. | |
[EN] | (9) I gcás ina socróidh rialacháin faoi fho-alt (8) den alt seo, maidir le cruinniú cúrsála údaraithe, táillí uasta i leith geallghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó is mó ná cúig oiread na dtáillí uasta a bheidh socair, maidir leis an gcruinniú, leis na rialacháin (nó le rialacháin eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire) i leith daoine nach geall-ghlacadóirí den sórt sin, ní mór do na rialacháin toiliú an Aire a bheith leo. | |
[EN] | (10) Féadfaidh an Bord le rialacháin, tar éis dul dó i gcomhairle leis an gClub, na táillí uasta a shocrú a éileofar i leith coin a ligean isteach chun coimhlinte i rásaí ag cruinnithe cúrsála údaraithe agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith faichí cúrsála éagsúla agus i leith cruinnithe éagsúla agus beartanna éagsúla ar na bhfaiche chúrsála chéanna. | |
[EN] | (11) (a) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, na táillí íosta a a shocrú a éileofar as geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó a ligean isteach go dtí cruinnithe cúrsála údaraithe agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith cruinnithe éagsúla agus coda éagsúla den fhaiche chúrsála chéanna. | |
[EN] | (b) Ní dhéanfar rialacháin faoin bhfo-alt seo maidir le cruinniú cúrsála údaraithe mura ndéantar, an tráth céanna, rialacháin (nó mura mbeidh rialacháin déanta) faoi fho-alt (8) den alt seo maidir leis an gcruinniú. | |
[EN] | (c) Beidh oibriú rialachán faoin bhfo-alt seo ar fionraí i gcaitheamh aon tréimhse a bheidh ailt 32 go 35 den Acht seo i ngníomh. | |
[EN] | (d) I gcás— | |
[EN] | (i) ina n-éileofar táille as geall-ghlacadóir a bhíonn ag gabháil dá ghnó a ligean isteach go dtí cruinniú cúrsála údaraithe, agus | |
[EN] | (ii) go mbeidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i ngníomh de thuras na huaire, | |
[EN] | déanfaidh an duine a sheolfaidh an cruinniú suim a íoc leis an mBord is comhionann leis an táille íosta le haghaidh ligin isteach is iomchuí do réir na rialachán. | |
[EN] | (12) Féadfaidh an Bord le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, na táillí uasta a shocrú a éileofar ag cruinnithe cúrsála údaraithe ar chláir agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith cruinnithe éagsúla. | |
[EN] | (13) Féadfaidh an Bord le rialacháin na táillí uasta a shocrú a éileofar as daoine a ligean isteach go dtí díolacháin phoiblí con agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith díolachán éagsúla. | |
[EN] | (14) Féadfaidh an Bord le rialacháin na táillí uasta a shocrú a éileofar ar chlárliostaí ag díolacháin phoiblí con agus féadfar táillí éagsúla a shocrú maidir le díolacháin éagsula. | |
[EN] | (15) Gach duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh aon suim a íoc is iníoctha aige faoi mhír (d) d'fho-alt (7) nó mír (d) d'fho-alt (11) den alt seo beidh sé, gan dochar d'imeachtaí faoi fho-alt (17) nó (18) den alt seo, ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (16) Gach suim is iníoctha ag aon duine faoi mhír (d) d'fho-alt (7) nó mír (d) d'fho-alt (11) den alt seo, beidh sí, mura n-íoctar í agus gan dochar d'imeachtaí faoi fho-alt (17) nó (18) den alt seo, inghnóthaithe ag an mBord mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (17) Má dhéantar sárú, maidir le rás-rian con, ar aon rialachán faoi fho-alt (1), (5), (6) nó (7) den alt seo, beidh an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (18) Má dhéantar sárú, maidir le cruinniú cúrsála údaraithe, ar aon rialachán faoi fho-alt (8), (10), (11) nó (12) den alt seo, beidh an duine a sheolfaidh an cruinnuí ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (19) Má dhéantar sárú, maidir le díolachán poiblí con, ar aon rialachán faoi fho-alt (13) nó (14) den alt seo, beidh an duine a sheolfaidh an díolachán ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] |
Scar-airgead agus duaiseanna a shocrú. |
49. —(1) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé ceadúnaithe faoi cheadúnais rás-riain chon lena mbainfidh, le rialacháin nó fógra an scar-airgead agus na duaiseanna a thairgfear le haghaidh rásaí ar rás-rianta con a shocrú agus féadfar scarairgead nó duaiseanna éagsúla a shocrú i leith beartanna éagsúla agus i leith rianta éagsúla. |
[EN] | (2) Má dhéantar sárú, maidir le rás-rian con, ar aon rialachán nó fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (3) I gcás in ndéanfar scar-airgead agus duaiseanna a shocrú faoin alt seo le fógra, bainfidh an fógra le rás-rian con áirithe agus seirbheálfar é ar an gceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian. | |
[EN] |
An Coiste Achomhairc. |
50. —(1) Beidh coiste ann (dá ngairmtear an Coiste Achomhairc san alt seo agus sa chéad alt eile) chun na hachomhairc dá bhforáltar sa chéad alt eile a chinneadh. |
[EN] | (2) Is iad a bheidh ar an gCoiste Achomhairc na comhaltaí seo a leanas: | |
[EN] | (a) cathaoirleach arb é a bheidh ann Breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó abhcóide nó aturnae cleachtach a bhfuil seasamh seacht mbliana ar a laghad aige, agus | |
[EN] | (b) dhá ghnáth-chomhalta. | |
[EN] | (3) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Choiste Achomhairc agus féadfar iad a athcheapadh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh comhalta den Choiste Achomhairc, trí litir chuig an Aire, éirí as a bheith ina chomhalta. | |
[EN] | (5) Mura gcuire an bás nó éirí as deireadh lena théarma oifige, is cúig bhliana téarma oifige chomhalta den Choiste Achomhairc nó, i gcás comhalta a líonfaidh folúntas de dheasca comhalta d'fháil bháis nó d'éirí as, is é a théarma oifige iarmhar téarma oifige an chomhalta sin is déanaí a luaitear. | |
[EN] | (6) Is é córam an Choiste Achomhairc an cathaoirleach agus gnáth-chomhalta amháin. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an Choiste Achomhairc gníomhú d'ainneoin folúntas amháin i measc a ghnáth-chomhaltaí. | |
[EN] | (8) Ní chinnfear achomharc chun an Choiste Achomhairc i bhfabhar an achomharcóra mura mbeidh beirt chomhaltaí ar a aghad den Choiste Achomhairc i bhfabhar an chinnte sin. | |
[EN] | (9) Déanfaidh an Bord cibé luach saothair agus liúntas i leith costais a chinnfidh an tAire a íoc le comhalta den Choiste Achomhairc (seachas Breitheamh). | |
[EN] |
Achomhairc. |
51. —(1) Maidir le— |
[EN] | (a) ceadúnas rás-riain chon, | |
[EN] | (b) cead dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 25 den Acht seo, | |
[EN] | (c) cead cúrsa-ghealltóireachta, | |
[EN] | (d) cead dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 36 den Acht seo, | |
[EN] | (e) ceadúnas dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 37 den Acht seo, | |
[EN] | (f) ceadúnas dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 38 den Acht seo, | |
[EN] | (g) cead nó ceadú dá dtagartar i mír (h) d'fho-alt (2) d'alt 38 den Acht seo, nó | |
[EN] | (h) ceadúnas dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht seo, | |
[EN] | a ndiúltófar é a thabhairt, nó, i gcás ceadúnais nó ceada, a gcúlghairmfear nó a bhfionrófar é, féadfaidh an t-iarratasóir, an ceadúnaí nó an cead-shealbhóir, laistigh de thréimhse fiche a haon lá dar tosach an lá a chinnfidh an Bord an diúltú, an chúlghairm nó an fhionraí a dhéanamh agus faoi réir fo-ailt (8) den alt seo, achomharc i scríbhinn a dhéanamh chun an Choiste Achomhairc i gcoinne an diúltaithe, na cúlghairme nó na fionraí. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar rialachán dá dtagartar i mír (f) d'fho-alt (2) d'alt 25 den Acht seo, féadfaidh ceadúnaí rás-riain chon, laistigh den tréimhse fiche a haon lá dar tosach lá an rialacháin a dhéanamh agus faoi réir fo-ailt (8) den alt seo, achomharc i scríbhinn a dhéanamh chun an Choiste Achomhairc i gcoinne an rialacháin. | |
[EN] | (3) Ar achomharc faoin alt seo, diúltóidh an Coiste Achomhairc don achomharc tar éis dóibh an diúltú, an fhionraí, an chúlghairm nó an rialachán lena mbainfidh an t-achomharc a bhreithniú agus tar éis dóibh aon fhiosrúcháin, fiosruithe agus éisteachta a sheoladh a mheasfaidh siad is gá nó— | |
[EN] | (a) i gcás achomhairc i gcoinne diúltú do cheadúnas, cead nó ceadú a dheonadh, a ordú don Bhord (a chomhlíonfaidh an t-ordú) an ceadúnas, an cead nó an ceadú a dheonadh, | |
[EN] | (b) i gcás achomhairc i gcoinne ceadúnas nó cead a chúlghairm nó a fhionraí, an chúlghairm nó an fhionraí a neamhniú, agus | |
[EN] | (c) i gcás achomhairc i gcoinne rialacháin, a ordú don Bhord (achomhlíonfaidh an t-ordú) an rialachán a chúlghairm. | |
[EN] | (4) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, i gcás ina ndéanfar ceadúnas nó cead dá dtagartar sa bhfo-alt sin a chúlghairm nó a fhionraí nó ina ndiúltófar ceadúnas, cead nó ceadú dá dtagartar sa bhfo-alt sin a dheonadh— | |
[EN] | (a) déanfar fógra i dtaobh an diúltaithe, na cúlghairme nó na fionraí a sheirbheáil ar an iarratasóir, ar an gceadúnaí nó ar an gcead-shealbhóir laistigh de thréimhse seacht lá dar tosach an lá a chinnfidh an Bord an diúltú, an chúlghairm nó an fhionraí a dhéanamh, | |
[EN] | (b) i gcás cúlghairme nó fionraí, déarfaidh an chúlghairm nó an fhionraí (agus, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, beidh éifeacht aige dá réir sin) go dtiocfaidh sí i ngníomh lá sonraithe tar éis deireadh na tréimhse fiche a haon lá dar tosach an lá a chinnfidh an Bord an chúlghairm nó an diúltú a dhéanamh. | |
[EN] | (5) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, i gcás ina ndéanfar rialachán dá dtagartar sa bhfo-alt sin— | |
[EN] | (a) déanfar fógra i dtaobh an rialacháin a sheirbheáil ar gach ceadúnaí faoi cheadúnas rás-riain chon laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a dhéanfar an rialachán, | |
[EN] | (b) déarfaidh an rialachán (agus, faoi réir fo-ailt (7) den alt seo, beidh éifeacht aige dá réir sin) go dtiocfaidh sé i ngníomh lá sonraithe tar éis deireadh na tréimhse fiche a haon lá dar tosach an lá a dhéanfar an rialachán. | |
[EN] | (6) I gcás— | |
[EN] | (a) ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne ceadúnas nó cead a chúlghairm nó a fhionraí, agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh an t-achomharc tarraingte siar nó cinnte an lá adéarfaidh an chúlghairm nó an fhionraí go dtiocfaidh an chúlghairm nó an fhionraí i ngníomh, | |
[EN] | beidh oibriú na cúlghairme nó na fionraí ar fionraí go dtí (mar is iomchuí sin) go dtarraingeofar siar an t-achomharc nó go ndiúltófar dó nó, d'eile, go dtí go neamhneoidh an Coiste Achomhairc an chúlghairm nó an fhionraí. | |
[EN] | (7) I gcás— | |
[EN] | (a) ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne rialacháin, agus | |
[EN] | (b) gur amhlaidh a bheidh, an lá adéarfaidh an rialachán go dtiocfaidh sé i ngníomh, nach mbeidh an t-achomharc tarraingte siar nó cinnte nó, i gcás an t-achomharc a bheith arna chinneadh trí ordú ón gCoiste Achomhairc chun an rialachán a chúlghairm, nach mbeidh an chúlghairm sin déanta, | |
[EN] | beidh oibriú an rialacháin ar fionraí go dtí (mar is iomchuí sin) go dtarraingeofar siar an t-achomharc nó go ndiúltófar dó nó, d'eile, go dtí gcúlghairmfear an rialachán ar ordú ón gCoiste Achomhairc. | |
[EN] | (8) Beidh ag gabháil le hachomharc faoin alt seo suim chúig puint a choimeádfaidh an Coiste Achomhairc nó go ndéileálfar leis mar leanas: | |
[EN] | (a) i gcás ina ndéanfar an t-achomharc a tharraingt siar nó a chinneadh i bhfabhar an achomharcóra, tabharfar ar ais don achomharcóir é, | |
[EN] | (b) i gcás ina ndiúltófar don achomharc, íocfar leis an mBord, agus coinneoidh an Bord, é. | |
[EN] | (9) Ag aon éisteacht a sheolfaidh an Coiste Achomhairc maidir le hachomharc faoin alt seo— | |
[EN] | (a) féadfaidh an t-achomharcóir i bpearsain láithriú nó trí abhcóide, aturnae nó gníomhaire, | |
[EN] | (b) féadfaidh an Bord láithriú trí abhcóide nó aturnae nó trí oifigeach don Bhord, | |
[EN] | (c) féadfar, más oiriúnach le cathaoirleach an Choiste Achomhairc, aon fhinné a scrúdú faoi mhionn (agus cumasaítear leis seo don chathaoirleach é a chur faoi mhionn). | |
[EN] |
Inchúiseamh i leith cionta. |
52. —(1) Féadfaidh an Bord inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo seachas cion a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Club inchúiseamh a dhéanamh i leith na gcionta seo a leanas: | |
[EN] | (a) cion faoi alt 25 nó alt 37 den Acht seo ar sárú ar riail faoin alt é, | |
[EN] | (b) cion faoi alt 43 den Acht seo maidir le fiosrú ar thionscnamh an Chlub, | |
[EN] | (c) cion faoi alt 44 nó alt 46 den Acht seo maidir le hoifigeach údaraithe don Chlub. | |
[EN] | (3) Féadfar inchúiseamh i leith ciona faoin Acht seo a dhéanamh, i gcás club, i gcoinne an chlub san ainm a thugtar air de ghnáth, agus féadfar aon toghairm nó doiciméad eile a cheanglaítear a sheirbheáil ar an gclub a sheirbheáil ar rúnaí an chlub agus féadfar aon bharántas chun fíneáil a ghnóthú a gearradh ar an gclub a fhorghníomhú i gcoinne earraí agus airnéisí an chlub. | |
[EN] |
Doiciméid a sheirbheáil. |
53. —(1) Féadfar aon doiciméad faoin Acht seo nó aon rialachán faoin Acht seo a sheirbheáil ar dhuine— |
[EN] | (a) tríd an doiciméad a sheachadadh don duine sin, nó | |
[EN] | (b) tríd an doiciméad a chur tríd an bpost cláraithe i gclúdach chun an duine sin go dtí an seoladh ag a gcónaíonn sé de ghnáth nó ag a bhfuil gnó ar siúl aige. | |
[EN] | (2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar gnó a bheith ar siúl ina hoifig chláraithe ag cuideachta atá cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus measfar gnó a bheith ar siúl ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnótha ag gach comhlacht corpraithe agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe eile. |