An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Ilghnéitheach.)

12 1958

ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958

AN SCEIDEAL.

Cóiriú Chlub Chúrsála na hÉireann.

Alt 26.

1. Údarás agus Cuspóirí.

(i) Is é Club Cúrsála na hÉireann (dá ngairmtear an Club sa Chóiriú seo) an t-údarás rialaithe ar nithe a bhaineann le síolrú (ar a n-áirítear clárú agus aithint) con folaíochta agus le cúrsáil chon in Éirinn agus beidh aige maidir le rásaíocht chon agus tréineáil chon ar luach saothair cibé feidhmeanna a bheidh de réir dlí.

(ii) Is iad cuspóirí an Chlub síolrú con folaíochta a chur ar aghaidh (lena n-áirítear Leabhar na gCon a chothabháil), cúrsáil chon a ghríosadh agus a ríaláil (lena n-áirítear socrú chun clubanna cúrsála áitiúla a chleamhnú leis an gClub) agus rannchabhrú le rásaíocht chon a rialáil agus le tréineáil chon ar luach saothair agus le forbairt thionscal na gcon in Éirinn (lena n-áirítear socrú chun daoine is únaerí ar, nó daoine a fheidhmíos urlámhas ar, rás-rianta con (dá ngairmtear feidhmeannaigh rás-rianta con sa Chóiriú seo) a chleamhnú leis an gClub).

(iii) Féadfaidh an Club, de bhun a chuspóirí—

(a) cruinnithe cúrsála poiblí a sheoladh nó páirt a ghlacadh ina seoladh; agus

(b) comhaontaithe nó comhshocraíochtaí eile a dhéanamh le comhlachtaí in Éirinn nó in aon áit eile ag a bhfuil comh-leas nó leas comhréire i dtionscal na gcon.

2. Comhaltas.

(i) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí den Chlub:

(a) comhalta ionaid amháin arna cheapadh ag gach club cúrsála cleamhnaithe ag á mbeidh teideal chun cruinnithe cúrsála a sheoladh a údaróidh an Club agus ag gach feidhmeannach rás-riain chon; agus

(b) comhaltaí comhthofa a chomhthoghfar mar a fhoráltar anseo ina dhiaidh seo.

(ii) Ceapfar comhaltaí ionaid go ceann tréimhsí trí mblian (agus beidh siad inathcheaptha) ach amháin go bhféadfaidh club cúrsála cleamhnaithe nó feidhmeannach rás-riain chon

(a) a n-éagfaidh a chomhalta ionaid nó a n-éireoidh a chomhalta ionaid as oifig, nó a scoirfidh a chomhalta ionaid mar gheall ar dhícháiliú, de bheith ina chomhalta, i rith aon tréimhse trí mblian, nó

(b) a chleamhnóidh leis an gClub i rith aon tréimhse trí mblian

comhalta ionaid a cheapadh, ach amháin mar a fhoráltar anseo ina dhiaidh seo, go ceann iarmhair na tréimhse trí mblian sin.

(iii) Beidh duine dícháilithe chun bheith ina chomhalta ionaid den Chlub in aon tréimhse trí mblian, agus má bhíonn sé, cheana féin, ina chomhalta ionaid sa tréimhse sin scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin—

(a) muran comhalta den chlub cúrsála cleamhnaithe é nó an feidhmeannach rás-riain chon ag a raibh baint leis an gceapachán; nó

(b) muran in Éirinn atá gnáth-chónaí air; nó

(c) mura bhfuil sé faoi aon mhíchumas a cuireadh air maidir le bheith páirteach i dtionscal na gcon mar gheall ar iompar ar olc le síolrú con nó cúrsáil chon, nó mar gheall ar rialacha a shárú a rinne an Club maidir le rásaíocht chon nó coin a thréineáil ar luach saothair, nó mar gheall ar aon mhírialtacht eile a rinneadh maidir le tionscal na gcon; nó

(d) má bhíonn an club cúrsála nó an feidhmeannach rásriain chon ag á raibh baint leis an gceapachán tar éis mainneachtain a dhéanamh i gcruinniú cúrsála amháin ar a laghad a sheoladh d'údaraigh an Club (ina aonar nó i gcomhar le club cúrsála comharsan ag a raibh teideal cruinnithe den sórt sin a sheoladh) nó cruinniú rás-riain chon amháin ar a laghad a sheoladh sna cúig mhí dhéag caileandair roimhe sin, agus i gcás den sórt sin forghéillfidh an club sin nó an feidhmeannach rásriain chon sin, tríd sin, a cheart chun comhalta ionaid a cheapadh; nó

(e) má bhíonn an club cúrsála nó an feidhmeannach rásriain chon ag á raibh baint leis an gceapachán tar éis scor de bheith cleamhnaithe leis an gClub; nó

(f) má bhíonn sé tar éis bheith as láthair, gan míniú lenar ghlac an Coiste Feidhmiúcháin, ó thrí chruinniú ginearálta comhleanúnach den Chlub.

(iv) Féadfaidh club cúrsála cleamhnaithe nó feidhmeannach rás-riain chon comhalta ionaid malairte a cheapadh in aghaidh aon tréimhse trí mblian chun freastal ar aon chruinniú den chlub má bhíonn a chomhalta ionaid as láthair gan neart air; beidh ag comhalta ionaid malairte a bheidh i láthair amhlaidh ag cruinniú den Chlub an ceart céanna chun labhairt, agus chun vótáil, ag an gcruinniú sin a bheadh ag comhalta ionaid. Tabharfar fógra roimh an gcruinniú do Rúnaí an Chlub go bhfuil beartaithe comhalta ionaid malairte a bheith i láthair ag an gcruinniú sin agus cuirfear in iúl an chúis go mbeidh an comhalta ionaid iomchuí as láthair ón gcruinniú. Bainfidh míreanna (ii) agus (iii) thuas, ach amháin clásal (f) den mhír dheiridh, le comhalta ionaid malairte.

(v) Gach comhalta ionaid den Chlub díreach roimh an gCóiriú seo a theacht i ngníomh tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta ionaid den Chlub faoin gCóiriú agus, faoi réir téarmaí an Chóirithe, leanfaidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin go dtí tosach téarmaí oifige na ndaoine a chéad-cheapfar mar chomhaltaí ionaid faoin gCóiriú.

(vi) Gach comhalta tofa den Chlub díreach roimh an gCóiriú seo a theacht i ngníomh tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta comhthofa den Chlub faoi réir téarmaí an Chóirithe. Ní dhéanfar aon chomhalta comhthofa breise a chomhthoghadh nó gur lú ná caoga líon na gcomhaltaí tofa a thiocfaidh chun bheith ina gcomhaltaí comhthofa. Ina dhiaidh sin, ní rachaidh líon na gcomhaltaí comhthofa thar caoga aon tráth.

(vii) Is é an Club, ag cruinnithe ginearálta den Chlub, a chomhthoghfaidh comhaltaí comhthofa.

(viii) Aon chomhalta comhthofa a cheapfar aon tráth ina chomhalta ionaid nó ina chomhalta ionaid malairte measfar nach comhalta comhthofa é i gcaitheamh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é ach amháin nach bhféadfar aon chomhalta comhthofa breise a chomhthoghadh ina áit i rith na tréimhse sin.

(ix) Ní fhéadfar aon duine a chomhthoghadh ina chomhalta comhthofa den Chlub—

(a) muran cabhaire comhsheasamhach do chúrsáil chon é; agus

(b) go raibh sé, i gcaitheamh na gcúig mblian go léir díreach roimhe sin, ina únaer cláraithe con folaíochta agus ina chomhalta de chlub cúrsála cleamhnaithe.

(x) Beidh duine dícháilithe chun bheith ina chomhalta comhthofa den Chlub, agus má bhíonn sé, cheana féin, ina chomhalta comhthofa scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin—

(a) má bhíonn sé faoi aon mhíchumas a cuireadh air maidir le bheith páirteach i dtionscal na gcon mar gheall ar iompar ar olc le síolrú con nó cúrsáil chon, nó mar gheall ar rialacha a shárú a rinne an Club go cuí maidir le rásaíocht chon nó coin a thréineáil ar luach saothair, nó mar gheall ar aon mhírialtacht eile a rinneadh maidir le tionscal na gcon; nó

(b) muran comhalta é de chlub cúrsála cleamhnaithe ag á bhfuil teideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club; nó

(c) muran in Éirinn atá gnáth-chónaí air.

3. Coistí cúige.

(i) Beidh coiste den Chlub i ngach cúige (dá ngairmtear Coiste Cúige sa Chóiriú seo) a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí ionaid an Chlub arna gceapadh ag clubanna cúrsála agus feidhmeannaigh rás-riain chon sa chúige.

(ii) Féadfaidh an comhalta ionaid malairte a bheith i láthair in áit aon chomhalta ionaid ag cruinniú den Choiste Cúige amhail mar bheadh ag cruinniú ginearálta den Chlub.

(iii) Féadfaidh comhaltaí comhthofa den Chlub ar a bhfuil gnáth-chónaí sa chúige a bheith i láthair ag cruinnithe den Choiste Cúige an fhad a bheidh na comhaltaí sin cáilithe chun bheith i láthair ag cruinnithe ginearálta den Chlub ach ní vótálfaidh siad ar aon cheist a éireoidh ag na cruinnithe ginearálta sin.

(iv) Gach Coiste Cúige—

(a) comhlíonfaidh sé na feidhmeanna sin a shanntar dó leis an gCóiriú seo agus fós cibé feidhmeanna a thairmligfidh an Club chuige ag cruinnithe ginearálta;

(b) roghnóidh sé na cruinnithe cúrsála poiblí sa chúige gach bliain a ndéanfar triail-rásaí a bheidh leithroinnte ag an gClub don chúige a rith lena linn;

(c) coimeádfaidh sé faoi bhreithniú ábhair a bhainfidh le síolrú, cúrsáil agus rásaíocht chon sa chúige agus beidh cumhacht aige moltaí a dhéanamh ina leith sin chun an Choiste Fheidhmiúcháin agus chun cruinnithe ginearálta den Chlub;

(d) déanfaidh sé breithniú, agus tabharfaidh sé tuarascáil, ar ábhair a tharchuirfidh an Coiste Feidhmiúcháin chuige.

4. Coiste Feidhmiúcháin an Chlub.

(i) Beidh coiste den Chlub ann (dá ngairmtear an Coiste Feidhmiúcháin sa Chóiriú seo) chun gnó agus cúrsaí an Chlub a riaradh.

(ii) Beidh Uachtaran, Rúnaí agus Císteoir Oinigh an Chlub ina gcomhaltaí ex-officio den Choiste Feidhmiúcháin.

(iii) Duine agus fiche líon iomlán comhaltaí an Choiste Fheidhmiúcháin ach féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais ina chomhaltas.

(iv) Ceapfar comhaltaí an Choiste Fheidhmiúcháin ag Coistí Cúige an Chlub as líon comhaltaí ionaid an Chlub ina gcúigí faoi seach. An líon comhaltaí a cheapfar amhlaidh as gach cúige agus a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin aon tráth (agus an comhalta a ceapadh roimhe sin a áireamh i gcás corr-fholúntais)—

(a) is líon é a bheidh do réir an chothroim chéanna, nó chomh gar agus is féidir, a bheidh idir comhlíon na gclubanna cúrsála cleamhnaithe atá i dteideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club maraon leis na feidhmeannaigh rás-riain chon i ngach cúige den sórt sin ar dháta an cheapacháin is déanaí agus comhlíon iomlán na gclubanna agus na bhfeidhmeannach den sórt sin sna cúigí go léir; agus

(b) beidh ar áireamh ann an oiread sin ar a laghad de chomhaltaí ionaid den Chlub a cheap clubanna cúrsála cleamhnaithe a bheidh comhionann leis an gcothrom idir an méid clubanna cúrsála cleamhnaithe atá i dteideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club sa chúige agus comhlíon na gclubanna den sórt sin agus na rás-rianta con cleamhnaithe sa chúige.

(v) Ceapfar comhaltaí an Choiste Fheidhmiucháin go ceann tréimhsí trí mblian (agus beidh siad inathcheaptha) ach amháin gur go ceann iarmhair aon tréimhse trí mblian áirithe a cheapfar na comhaltaí a cheapfar chun folúntas de dheasca comhaltaí d'fháil bháis, d'éirí as oifig nó do scor mar gheall ar dhícháilíocht chun bheith ina gcomhaltaí i rith na tréimhse trí mblian sin.

(vi) Beidh duine dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choiste Feidhmiúcháin, agus má bhíonn sé, cheana féin, ina chomhalta scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin, má scoireann sé de bheith ina chomhalta ionaid den Chlub.

(vii) Féadfar aon chaiteachas a chúiteamh le comhaltaí an Choiste Fheidhmiúcháin agus le comhaltaí aon fho-choiste den Choiste Feidhmiúcháin faoina rachaidh siad ó riachtanas ag freastal ar chruinnithe den chéanna.

(viii) D'ainneoin aon cheann de na míreanna roimhe seo den Airteagal seo, measfar gurb iad comhaltaí Bhuan-Choiste an Chlub díreach roimh theacht i ngníomh don Chóiriú seo comhaltaí Bhuan-Choiste an Chlub go ceann tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Chóirithe seo a theacht i ngníomh. Scoirfidh trian de na comhaltaí úd, arna gcinneadh trí chrannchur, de bheith ina gcomhaltaí den Choiste Feidhmiúcháin ag deireadh na tréimhse sin. Scoirfidh leath an dá thrian eile, arna gcinneadh trí chrannchur, de bheith ina gcomhaltaí den Choiste Feidhmiúcháin bliain dá éis sin agus an chuid eile dhá bhliain dá éis sin arís. Slánófar codán go dtí an chéad aonad eile is mó agus beidh feidhm freisin ag mír (ii) thuas.

5. Cruinnithe Ginearálta an Chlub.

(i) Déanfaidh an Club cruinniú ginearálta amháin ar a laghad ar a dtabharfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil an Chlub a chomóradh gach bliain agus comórfar é idir 30 Iúil agus 1 Meán Fómhair.

(ii) Comhghairmfidh an Coiste Feidhmiúcháin aon chruinnithe ginearálta sa bhreis den Chlub is gá. Comhghairmfidh an Coiste Feidhmiúcháin cruinniú ginearálta den Chlub a luaithe is féidir tar éis iarratas i scríbhinn a fháil faoi láimh fiche comhalta ionaid ar a laghad agus ina luafar cad chuige an cruinniú, mura measa an Coiste Feidhmiúcháin le thromlach dhá dtrian dá mbeidh i láthair agus a votálfaidh gur iarratas suaibhreosach é.

(iii) Tabharfaidh Rúnaí an Chlub do gach comhalta den Chlub, do rúnaí gach club chúrsála chleamhnaithe ag a mbeidh teideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club agus do rúnaí gach feidhmeannaigh rás-riain chon (agus cuirfidh siadsan go léir a seolta in iúl go cuí do Rúnaí an Chlub) fógra scríofa 28 lá ar a laghad i dtaobh Cruinniú Ginearálta Bliantúil an Chlub a chomóradh agus fógra scríofa 14 lá ar a laghad i dtaobh cruinnithe ginearálta eile an Chlub. Cuirfear gach fógra leis an ngnáth-phost réamhíoctha agus ní bheidh aon chruinniú neamhbhailí mar gheall ar aon fhógra a bheith gan seachadadh. Cuirfear an Clár do chruinniú ginearálta den Chlub in iúl ar an gcuma chéanna 7 lá ar a laghad roimh an gcruinniú.

(iv) Fiche duine an córam do chruinniú ginearálta den Chlub.

(v) Leanfaidh Uachtarán agus Rúnaí Oinigh an Chlub díreach roimh theacht i ngníomh don Chóiriú seo i seilbh na n-oifigí sin go dtí an Chéad Chruinniú Ginearálta Bliantúil eile den Chlub. Ag gach Cruinniú Ginearálta Bliantúil, ceapfaidh an Club duine dá gcomhaltaí ina Uachtarán ar an gClub agus duine eile dá gcomhaltaí ina Chisteoir Oinigh don Chlub agus ceapfaidh siad freisin Iniúchóir cáilithe, don bhliain ina dhiaidh sin. Beidh na daoine a cheapfar amhlaidh inathcheaptha aon bhliain dá éis sin.

(vi) I gcás an tUachtarán nó an Cisteoir Oinigh d'fháil bháis, d'éirí as oifig nó do scor de bheith ina chomhalta den Chlub in imeacht na bliana, déanfaidh an Club, ag a chéad chruinniú ginearálta eile, comhalta a cheapadh ina ionad don chuid eile den bhliain, agus gníomhóidh Cathaoirleach an Choiste Fheidhmiúcháin sa cháil fholamh nó go ndéantar an ceapadh sin.

(vii) Is é a bheidh ina Chathaoirleach ar aon chruinniú ginearálta den Chlub an tUachtarán, nó, mó bhíonn seisean as láthair, Cathaoirleach an Choiste Fheidhmiúcháin, nó, má bhíonn Cathaoir leach an Choiste Fheidhmiúcháin as láthair, Leas-Chathaoirleach an Choiste Fheidhmiúcháin, nó, má bhíonn siad triúr as láthair, comhalta a cheapfaidh an cruinniú.

(viii) Faoi réir an Chóirithe seo, rialóidh an Club, le buanorduithe nó ar shlí eile, an nós imeachta agus an gnó ag a chruinnithe ginearálta.

6. Cruinnithe na gCoistí Cúige.

(i) Comórfaidh gach Coiste Cúige cruinniú amháin ar a laghad gach bliain chaileandair agus comórfaidh sé cibé cruinnithe breise is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(ii) Gníomhóidh Rúnaí an Chlub nó, muran féidir leis an Rúnaí a bheith i láthair, gníomhóidh comhalta d'fhoireann an Chlub a údarófar ina ionad ó am go ham mar rúnaí go gach cruinniú de Choiste Cúige.

(iii) Comhghairmfear cruinnithe de na Coistí Cúige le toiliú an Choiste Fheidhmiúcháin. Tabharfaidh Rúnaí an Chlub do gach comhalta ionaid den Chlub a cheap club cúrsála cleamhnaithe agus feidhmeannach rás-riain chon sa chúige, do rúnaí gach club chúrsála agus gach feidhmeannaigh rás-riain sa chúige a cheap na comhaltaí ionaid sin agus do gach comhalta comhthofa ar a bhfuil gnáth-chónaí sa chúige, fógra 14 lá ar a laghad i scríbhinn i dtaobh cruinniú den Choiste Cúige don chúige sin a chomóradh. Cuirfear an fógra leis an ngnáth-phost réamhíoctha agus ní bheidh aon chruinniú neamhbhailí mar gheall ar aon fhógra a bheith gan seachadadh. Cuirfear an clár do chruinniú de Choiste Cúige in iúl ar an gcuma chéanna 7 lá ar a laghad roimh an gcruinniú.

(iv) Is é an córam do chruinniú de Choiste Cúige an cúigiú cuid den líon iomlán comhaltaí ionaid a bheidh i dteideal a bheith i láthair (agus aon chodán a shlánú go dtí an chéad aonad eile is mó), ach ní mór ceathrar comhaltaí den sórt sin ar a laghad.

(v) Déanfaidh gach Coiste Cúige duine dá chomhaltaí a cheapadh gach bliain chun bheith ina Chathaoirleach ar an gCoiste. Má bhíonn an Cathaoirleach as láthair ó aon chruinniú den Choiste Cúige, déanfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon a cheapadh ina Chathaoirleach ar an gcruinniú. I gcás an Cathaoirleach d'fháil bháis, d'éirí as oifig nó do scor de bheith ina chomhalta den Choiste Cúige in imeacht na bliana, déanfaidh an Coiste, ag a chéad chruinniú eile, duine dá chomhaltaí a cheapadh ina Chathaoirleach don chuid eile den bhliain.

(vi) Faoi réir an Chóirithe seo, rialóidh na Coistí Cúige, le buanorduithe nó ar shlí eile, an nós imeachta agus an gnó ag a gcruinnithe.

7. Cruinnithe den Choiste Feidhmiúcháin.

(i) Comórfaidh an Coiste Feidhmiúcháin cheithre chruinniú ar a laghad gach bliain chaileandair agus comórfaidh sé cibé cruinnithe breise is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(ii) Comhghairmfidh Rúnaí an Chlub cruinnithe den Choiste Feidhmiúcháin ar údarás an Chathaoirligh nó, má bhíonn seisean as láthair, ar údarás Leas-Chathaoirligh an Choiste. Comhghairmfidh an Rúnaí cruinniú den Choiste Feidhmiúcháin ar iarratas scríofa chuige sin a fháil a bheidh sínithe ag seisear comhaltaí ar a laghad den Choiste nó ag dhá chomhalta dhéag ar a laghad den Chlub.

(iii) Tabharfaidh Rúnaí an Chlub do gach comhalta den Choiste Feidhmiúcháin fógra scríofa 7 lá ar a laghad i dtaobh cruinniú den Choiste a chomóradh. Féadfar fógra is giorra ná sin a thabhairt, in éigeandáil speisialta, ar údarás an Chathaoirligh, nó, má bhíonn seisean as láthair, ar údarás Leas-Chathaoirligh an Choiste. Cuirfear an fógra leis an ngnáth-phost réamhíoctha agus ní bheidh aon chruinniú neamhbhailí mar gheall ar aon fhógra a bheith gan seachadadh.

(iv) Seachtar an córam do chruinniú den Choiste Feidhmiúcháin.

(v) Ceapfaidh an Coiste Feidhmiúcháin duine dá chomhaltaí ina Chathaoirleach agus duine eile dá chomhaltaí ina Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste. Má bhíonn an Cathaoirleach as láthair ó aon chruinniú den Choiste Feidhmiúcháin is é an Leas-Chathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, agus má bhíonn siad beirt as láthair déanfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon a cheapadh ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Ní bheidh Rúnaí ná Cisteoir Oinigh an Chlub cáilithe chun a cheaptha ina Chathaoirleach ná ina Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin ná chun a cheaptha ina chathaoirleach ar aon chruinniú den Choiste.

(vi) Faoi réir an Chóirithe seo, rialóidh an Coiste Feidhmiúcháin, le buan-orduithe nó ar shlí eile, an nós imeachta agus an gnó ag a chruinnithe.

8. An Fo-Choiste Airgeadais.

(i) Beidh fo-choiste den Choiste Feidhmiúcháin (dá ngairmtear an Fo-Choiste Airgeadais sa Chóiriú seo) ann a bheidh freagarthach i gcúrsaí airgeadais an Chlub agus a fho-leasa (ar a n-áirítear Powerstown Park Ltd. agus an Greyhound and Sporting Press Ltd.) a choimeád faoi bhreithniú agus i dtuarascála agus moltaí ina dtaobh sin a chur faoi bhráid an Choiste Fheidhmiúcháin.

(ii) Beidh Rúnaí agus Cisteoir Oinigh an Chlub ina gcomhaltaí ex-officio den Fho-Choiste Airgeadais.

(iii) Ceapfaidh an Coiste Feidhmiúcháin ceathrar comhaltaí eile den Choiste ina gcomhaltaí den Fho-Choiste Airgeadais agus féadfaidh sé beirt chomhaltaí eile ar a mhéid den Chlub a chomhthoghadh mar chomhaltaí den Fho-Choiste. Féadfaidh an Fo-Choiste gníomhú d'ainneoin folúntais ina chomhaltas.

(iv) Aon chomhalta den Fho-Choiste Airgeadais a cheapfar nó a chomhthoghfar faoi mhír (iii) thuas scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin aon uair a chinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin é.

(v) Féadfar aon chaiteachas a chúiteamh le comhaltaí an Fho-Choiste Airgeadais faoina rachaidh siad ag freastal ar chruinnithe den chéanna.

(vi) Comórfaidh an Fo-Choiste Airgeadais cheithre chruinniú ar a laghad gach bliain chaileandair.

9. Fo-Choistí—Ginearálta.

(i) Faoi réir Airteagail 8 thuas, féadfaidh aon cheann de Choistí sa Chlub cibé fo-choistí, agus cibé méid fo-choistí, dá chomhaltaí is cuí leis an gCoiste sin a cheapadh ó am go ham.

(ii) Féadfaidh aon Choiste den sórt sin tairmligean a dhéanamh chun fo-Choiste ar aon cheann dá fheidhmeanna, dá chumhachta agus dá dhualgais is dóigh leis is fearr nó is a caothúla a fheidhmeofaí nó a chomhlíonfaí ag fo-choiste agus féadfaidh sé nós imeachta aon fho-choiste den sórt sin a rialú.

(iii) Beidh gníomhartha aon fho-choiste faoi réir a ndaingnithe ag an gCoiste a cheap é ach amháin i gcás ina ligfidh an Coiste an riachtanas leis an daingniú sin thar ceal.

10. Vótáil.

(i) Is trí bhallóid a dhéanfar gach ceapadh nó comhthoghadh ag cruinniú den Chlub, nó ag cruinniú d'aon cheann de Choistí an Chlub, muran ceapadh nó comhthoghadh d'aon-ghuth é.

(ii) Déanfar gach ceist ag cruinniú ginearálta den Chlub (ach amháin togra chun an Cóiriú seo a athrú nó comhalta comhthofa den Chlub a chomhthoghadh) nó ag cruinniú d'aon cheann de Choistí an Chlub (ach amháin mar a fhoráltar in Airteagal 5 (ii) thuas) nó d'aon fho-choiste de cheann de na Coistí sin a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a votálfaidh ar an gceist; i gcás comhionannais vótaí beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag Cathaoirleach an chruinnithe.

(iii) Aon togra chun an Cóiriú seo a athrú nó chun comhalta comhthofa den Chlub a chomhthoghadh ní mór, lena cheadú, dhá dtrian vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an togra ag cruinniú ginearálta den Chlub.

11. Rúnaí, Foireann agus Gníomhairí.

(i) Beidh Rúnaí don Chlub ann a shealbhóidh oifig an fhad is toil leis an gCoiste Feidhmiúcháin agus ar cibé téarmaí a chinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin.

(ii) Ceapfar foireann an Chlub mar chinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin.

(iii) Féadfaidh an Coiste Feidhmiúcháin ó am go ham cibé gníomhairí, agus cibé méid gníomhairí, is gá chun gnó an Chlub a dhéanamh go cuí a cheapadh.

12. Taifid, Tuarascála agus Cuntais.

(i) Coimeádfaidh Rúnaí an Chlub—

(a) miontuairiscí ar na himeachtaí ag cruinnithe uile an Chlub, Choistí an Chlub agus aon fho-choistí do na Coistí sin;

(b) clár de chomhaltaí an Chlub; agus

(c) clár de chlubanna cúrsála cleamhnaithe (agus clubanna den sórt sin a shonrú ag á bhfuil teideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club) agus d'fheidhmeannaigh rás-riain chon.

(ii) Tabharfaidh an Rúnaí do gach Cruinniú Ginearálta Bliantúil den Chlub tuarascáil ar ghníomhachtaí an Chlub agus a fholeasanna, na gCoistí den Chlub agus aon fho-choistí de na Coistí sin in imeacht na bliana dar chríoch an 31 Márta roimhe sin.

(iii) Déanfaidh an Rúnaí agus an Cisteoir Oinigh Ráitis Ioncaim agus Chaiteachais agus Cláir Chomhardaithe, cuí-iniúchta, i leith an Chlub agus gach ceann dá fho-leasanna, leith ar leith, maraon le Ráiteas Comhdhlúite Ioncaim agus Caiteachais agus Clár Comhardaithe Comhdhlúite an Chlub agus a fho-leasanna don bhliain dar chríoch an 31 Márta roimhe sin, a chur cuí-iniúchta, faoi bhráid gach Cruinnithe Ghinearálta den Chlub. Cuirfear cóip den chéanna go dtí gach comhalta den Chlub, go dtí rúnaí gach club chúrsála chleamhnaithe ag a bhfuil teideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club agus go dtí rúnaí gach feidhmeannaigh rás-riain chon, i dteannta an fhógra i dtaobh an Chruinnithe a chomóradh.

13. Iontaobhaithe.

Déanfar maoin agus sócmhainní an Chlub agus a fho-leasanna (ar a n-áirítear Powerstown Park Ltd. agus an Greyhound and Sporting Press Ltd.) a dhílsiú in Iontaobhaithe a cheapfaidh an Club.

14. Leabhar na gCon.

(i) Cothabhálfaidh Rúnaí an Chlub, agus eisean Coimeádaí Leabhar na gCon, clár nó cláir nó sreath clár ar a dtabharfar an teideal sin agus ina mbeidh cibé sonraí iomchuí a theastóidh ó am go ham ón gClub, lena n-áirítear sonraí i dtaobh síolrú agus aithint chon folaíochta.

(ii) Foilseofar Leabhar na gCon gach bliain faoi údarás an Chlub.

15. Araíonacht.

Féadfaidh Coiste Feidhmiúcháin an Chlub gníomh araíonachta a dhéanamh, nó a údarú go ndéanfar gníomh araíonachta, ar a n-áirítear míchumais a fhorchur, maidir le bheith páirteach i síolrú, cúrsáil agus rásaíocht chon, in aghaidh daoine a dhealraíonn dóibh a bheith ciontach in iompar ar olc le síolrú con nó cúrsáil chon nó sarú a bheith déanta acu ar rialacha a rinne an Club i dtaobh rásaíocht chon nó tréineáil chon ar luach saothair.

16. Rialacha.

(i) Déanfaidh agus forfheidhmeoidh Coiste Feidhmiúcháin an Chlub rialacha a fhoilseofar agus a cheadófar ag an gClub do rialú:—

(a) bunú agus feidhmiú clubanna cúrsála áitiúla agus clubanna den sórt sin agus feidhmeannaigh rás-riain chon a chleamhnú leis an gClub;

(b) feidhmiú Coistí Cúige an Chlub;

(c) coin folaíochta a chlárú i Leabhar na gCon agus coin folaíochta a aithint agus a mharcáil;

(d) cúrsáil chon agus cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club;

(e) táillí a íoc leis an gClub agus ábhair de dhroim na dtáillí sin a bheith gan íoc; agus

(f) gníomh araíonachta ag an gCoiste Feidhmiúcháin nó ar údarás uaidh (lena n-áirítear achomhairc ón gcéanna).

(ii) Féadfaidh an Coiste Feidhmiúcháin rialacha a fhoilseofar agus a cheadófar ag an gClub agus do rialú rásaíochta con, tréineáil chon ar luach saothair agus aon ábhair eile faoi réim an Chóirithe seo a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm do réir dlí.

17. Léiriú.

Is léiriú críochnaitheach an léiriú a dhéanfaidh Coiste Feidhmiúcháin an Chlub ar aon fhoráil sa Chóiriú seo nó i rialacha faoin gCóiriú seo.