An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Airgeadas.)

19 1958

AN tACHT IOMPAIR, 1958

CUID II.

Cumhachtaí agus Dualgais Ghinearálta an Bhoird.

Dualgais ghinearálta an Bhoird.

7. —(1) Is é dualgas ginearálta an Bhoird seirbhísí iompair réasúnacha, éifeachtúla, tíobhasacha a sholáthar, ag féachaint dó go cuí do shábháltacht oibriúcháin, d'fhorbairt gheilleagair an náisiúin a spreagadh agus do choinníollacha réasúnacha fostaíochta dá fhostaithe a chothabháil.

(2) Is é dualgas an Bhoird a ghnóthas a stiúradh ar chuma go dtarlóidh, a thúisce is féidir, agus ar aon chor ar dháta nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta, 1964, nach mbeidh caiteachas oibríochta an Bhoird, lena n-áirítear na muirir uile is inchurtha go cuí ar ioncam, níos mó ná ioncam an Bhoird.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a fhorchuireann ar an mBord, go díreach ná go neamhdhíreach, aon chineál dualgais nó dliteanais is inchurtha i bhfeidhm le himeachtaí os comhair aon chúirte nach mbeadh an Bord faoina réir lasmuigh de sin.

Téarmaí agus coinníollacha iompair.

8. —(1) San alt seo—

folaíonn “muirir” táillí, rátaí nó dolaidh;

ciallaíonn “seirbhís” aon cheann acu seo a leanas—

(a) paisnéirí agus a mbagáiste a iompar,

(b) marsantas a ghlacadh, a chur ar aghaidh, a iompar agus a sheachadadh,

(c) aon seirbhís nó saoráid iompair eile.

(2) Féadfaidh an Bord cibé muirir is oiriúnach leis an mBord a shocrú, a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith aon seirbhíse a sholáthróidh sé.

(3) Féadfaidh an Bord cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an mBord a chur ag gabháil le haon seirbhís a sholáthróidh sé.

(4) Aon iompar marsantais d'iarnród a dhéanfaidh an Bord agus a bheidh de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 measfar gur iompar é ar an earra sin ar théarmaí agus coinníollacha atá cóir agus réasúnach.

(5) Mura sonraí an Bord a mhalairt i scríbhinn, measfar iompar faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 a dhéanamh ar an marsantas go léir a iompróidh an Bord d'iarnród.

(6) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBord, na téarmaí agus na coinníollacha iompair atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 a athrú le hordú (cibé acu trí chur leis, cur in ionad nó scríos as), agus forléireofar tagairtí san alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) do na téarmaí agus na coinníollacha sin mar thagairtí do na téarmaí agus na coinníollacha sin arna n-athrú amhlaidh.

(7) I gcás iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (6), tabharfaidh an Bord, má cheanglaíonn an tAire air é, fógra i dtaobh an iarratais don phobal i cibé foirm agus slí a ordóidh an tAire.

(8) D'ainneoin aon riail dlí nó aon achtacháin contrártha dó sin, féadfaidh an Bord diúltú glacadh le haon trácht áirithe a thairgfear dó.

Crosairí comhréidh.

1845, c. 20.

1863, c. 92.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBord agus tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a fhoráil le hordú nach mbeidh feidhm, i gcás crosaire chomhréidh shonraithe de chuid an ghnóthais, ag forálacha ailt 47 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845, ná ailt 6 den Railways Clauses Act, 1863, a bhaineann le rialú crosairí comhréidh, ná aon achtacháin eile a chorpraíonn ceanglais dá chomhéifeacht nó cibé ceann de na forálacha sin a shonrófar san ordú.

(2) Féadfaidh an t-ordú a cheangal ar an mBord cibé bacainní, soilse, agus feistí agus fearais, uathoibreach agus eile, a chur ar fáil agus a chothabháil, agus cibé coinníollacha agus ceanglais eile a chomhlíonadh, le haghaidh cosanta, sábháltachta agus áise an phobail, is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(3) Féadfaidh an t-ordú a cheangal ar an mBord cúiteamh a thabhairt, i cibé slí a shonrófar san ordú, d'aon duine a dhéanfaidh seirbhísí don Bhord ag an gcrosaire comhréidh faoi aon chineál comhaontaithe, i gcás ina mbeifear tar éis scaoileadh le seirbhísí an duine sin faoin gcomhaontú de dhroim an ordaithe.

(4) Beidh dréacht den ordú beartaithe ag gabháil le hiarratas ón mBord chun an Aire agus is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh an dréacht.

(5) Sara ndéanfaidh sé an t-iarratas, tabharfaidh an Bord fógra i dtaobh a thogra, maraon le cóip den dréacht, don údarás bóthar iomchuí agus do Choimisinéir an Gharda Shíochána.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.