An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Foireann.)

20 1958

ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1958

CUID II

Sócmhainní agus Dliteanais Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a Aistriú.

Gnóthas a aistriú.

7. —(1) Dílseoidh an chuid de ghnóthas Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt atá sa Stát i gCóras Iompair Éireann (dá ngairmtear “an Bord” san Acht seo) an lú lá de Dheireadh Fómhair 1958 (dá ngairmtear “an dáta aistrithe” san Acht seo).

(2) Bainfidh an t-aistriú a dhéantar leis an alt seo leis an talamh uile a dílsíodh san Aire nó sa Bhord amach faoi Acht 1953 maraon leis na sócmhainní uile a bhfuil teideal ag an Aire chucu faoin gcomhaontú sceidealta agus na cumhachtaí, na cearta, na ceadúnais agus na pribhléidí go léir a shealbhaítear nó a theachtaítear i ndáil leis an talamh agus na sócmhainní sin nó a ghabhann leo, ach ní fholaíonn sé talamh agus sócmhainní lena ndéileáltar faoi fho-alt (4) nó faoi alt 8.

(3) Ar na mBord dá iarraidh sin, forghníomhóidh an Bord amach na hionstraimí sin go léir, agus déanfaidh na gníomhartha sin go léir, is gá chun a chumasú don Bhord a thabhairt go n-aistreofar go héifeachtúil chun ainme an Bhoird aon sócmhainní a dhílsítear sa Bhord leis an alt seo.

(4) I gcás sócmhainní an Bhoird amach maidir le Comhchoiste Iarnród Chontae Dhún na nGall agus Cuideachta Iarnród an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn agus na cumhachtaí, na cearta, na ceadúnais agus na pribhléidí go léir a shealbhaítear nó a theachtaítear i ndáil leis na comhlachtaí sin nó a ghabhann leo, dílseoidh siad sa Bhord, a mhéid a chomhaontóidh an tAire de bhun míre 5 den chomhaontú sceidealta, amhail ó cibé dáta a gcomhaontófar amhlaidh.

Oibreacha Dhún Dealgán a dhílsiú.

8. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú cibé talamh a dhílsiú sa Chuideachta (ar talamh é a bheidh dílsithe sa Bhord amach nó dílsithe san Aire agus a bheidh á úsáid nó á áitiú ag an mBord amach le haghaidh oibreacha Dhún Dealgan nó codanna d'aon talamh den sórt sin) agus fós cibé airnéisí a úsáideadh in Oibreacha Dhún Dealgan nó a fuarthas maidir leo agus ar a gcomhaontófar idir an Bord amach agus an Chuideachta nó, mura gcomhaon tófar, a chinnfidh an tAire agus, i gceachtar cás, a luafar san ordú.

(2) Oibreoidh an t-ordú chun cibé tailte agus airnéisí a dhílsiú sa Chuideachta (ar an gCuideachta d'íoc cibé comaoin, a shonrófar san ordú má shonraítear) cibé lá a shocrófar leis an ordú i leith eastáit, cirt, teidil agus leasa uile an Bhoird amach nó an Aire, de réir mar bheidh.

Dliteanais agus conarthaí.

9. —(1) Beidh an Bord, agus scoirfidh an Bord amach de bheith, faoi réir gach dliteanais (seachas dliteanais maidir le talamh nach mbeidh dílsithe sa Bhord) a raibh an Bord amach faoina réir díreach roimh an dáta aistrithe.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le haon oblagáid reachtúil de chuid an Bhoird amach chun aon airgead a aisíoc a airleacadh i leith caiteachais ionchasaigh.

(3) Na conarthaí, na gníomhais, na bannaí, na comhaontuithe agus na hionstraimí uile agus na comhshocraíochtaí oibre uile a bheidh ann díreach roimh an dáta aistrithe agus a bhainfidh leis an mBord amach (ar shlí seachas baint le talamh nach mbeidh dílsithe sa Bhord) beidh feidhm agus éifeacht chomh hiomlán acu i gcoinne nó i bhfabhar an Bhoird agus féadfar iad a chur i bhfeidhm chomh hiomlán éifeachtúil agus dá mba é an Bord ba pháirtí iontu in ionad an Bhoird amach.

(4) Déanfar dliteanas deiridh an Bhoird i leith dliteanas agus oblagáidí an Bhoird amach a chinneadh de réir an chomhaontaithe sceidealta.

(5) Seasóidh an Bord in áit an Aire faoi mhireanna 1 go 6 agus faoi fho-mhíreanna (b) agus (c) de mhír 7 den chomhaontú sceidealta agus beidh sé freagarthach, agus scoirfidh an tAire de bheith freagarthach, in urscaoileadh na ndliteanas a ghlacann an tAire air féin faoi na forálacha sin.

(6) Seasóidh an Chuideachta in áit an Aire faoi fho-mhír (d) de mhír 7 den chomhaontú sceidealta agus beidh sé freagarthach, agus scoirfidh an tAire de bheith freagarthach, in urscaoileadh na ndliteanas a ghlacann an tAire air féin faoin bhfo-mhír sin.

(7) Faoi réir fo-alt (1) agus (2), aon imeacht (lena n-áirítear eadráin) nó cúis chaingin a bheidh ar feitheamh nó a bheidh ann díreach roimh an dáta aistrithe ag an mBord amach nó ina choinne, ní thitfidh sí ar lár ná ní scoirfear de ná ní dhéanfar dochar di ar aon slí de dhroim aon ní san Acht seo, ach féadfaidh an Bord leanúint leis an imeacht nó an chúis chaingin agus í a chur i bhfeidhm nó féadfar sin a dhéanamh i gcoinne an Bhoird amhail mar d'fhéadfadh an Bord amach sin a dhéanamh nó d'fhéadfaí sin a dhéanamh i gcoinne an Bhoird amach dá mba nár ritheadh an tAcht seo, ach ní fhéadfar dul ar aghaidh léi thairis sin ná ar aon slí eile.

Dliteanais áirithe de chuid an Bhoird a urscaoileadh.

10. —(1) An dliteanas caipitiúil a bheidh ar an mBord amach ag an Aire agus ag an Aire Tráchtála agus a ordaítear le fo-alt (2) d'alt 35 d'Acht 1953 a thaispeáint i gcuntais an Bhoird amach urscaoiltear leis seo é le héifeacht amhail ó dáta díreach roimh an dáta aistrithe.

(2) Na dliteanais a bheidh ar an mBord amach ag an Aire i leith íocaíochtaí faoi fho-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1953 nó faoi fho-alt (3) d'alt 33 den Acht sin urscaoiltear leis seo iad le héifeacht amhail ón dáta díreach roimh an dáta aistrithe.

Ceadúnais feithicle seirbhíse poiblí a aistriú.

1933, Uimh. 11 .

11. —Ar dháta an aistrithe agus dá éis, beidh an ceadúnas feithicle seirbhíse poiblí faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , a shealbhaigh an Bord amach díreach roimh an dáta sin, arna aistriú chun an Bhoird agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba é an Bord a bhí ainmnithe ann mar shealbhóir.

Fo-dlithe láithreacha.

12. —Na fo-dhlithe go léir a rinne nó a meastar a rinne an Bord amach agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta aistrithe leanfaidh siad, ar an dáta sin agus dá éis, de bheith i bhfeidhm maidir leis an ngnóthas a dhílsítear sa Bhord leis an Acht seo agus measfar iad a bheith arna ndéanamh faoi alt 22 d'Acht 1950 agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fo-dhlithe faoin alt sin.

Rialacha agus rialacháin láithreacha.

13. —Na rialacha agus an rialacháin uile a rinne an Bord amach nó sean-Chuideachta Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (Éire) agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta aistrithe, leanfaidh siad, ar an dáta sin agus dá éis, de bheith i bhfeidhm go dtí go ndéanfar iad a chúlghairm, a athrú, nó dlí a chur ina n-ionad.